AR NA SAOLTA SEO/SCÉALTA ÓN ASTRÁIL
Muintir Dhúchais na hAstráile
Bearnaí Ó Doibhlin Bearnaí Ó Doibhlin Bearnaí Ó Doibhlin

trácht ag Bearnaí Ó Doibhlin anseo ar an ‘sit down money’, nó an dól, a thugtar do Mhuintir Dhúchais na hAstráile. Ní fearrde iad an t-airgead éasca céanna, dar leis.

Íomhá
Bratach úr le blas an dúchais ar na bacáin (le Himasaram)
Íomhá
Tuarascáil an Choimisiúin
Íomhá
An tAire Mal Brough ar chlé
Íomhá
Aire Ghnóthaí Teaghlaigh, Tithíochta, Pobail agus Dúchais, Jenny Macklin, Feisire

tuairim is 520,000 den mhuintir dhúchais san Astráil, de réir an Bhiúró Staidrimh náisiúnta, agus tá daonra de bheagnach 22 milliún duine ina iomlán sa tír. Léiríonn gach tuarascáil a foilsíodh riamh faoi stádas mhuintir dhúchais na hAstráile go bhfuil caighdeán maireachtála i bhfad níos measa acu ná an caighdeán atá ag muintir eile na tíre saibhre seo.

Cónaíonn formhór mhuintir dhúchais na hAstráile sna cathracha agus sna bailte, fearacht mhuintir eile na tíre, ach tá cónaí ar mhionlach nach beag acu ina ndúichí traidisiúnta. Tugtar communities ar na háiteanna seo sa chanúint ar a dtugtar ‘Béarla na mBundúchasach’, agus tá an chuid is mó acu sna ceantair is iargúlta faoin tír, go háirithe sa tuaisceart agus sa lár.

Cé go bhfuil na comhphobail seo sna limistéir ina raibh cónaí ar an muintir dhúchais le corradh is daichead míle bliain anuas, níl na daoine iontu ag maireachtáil ar modh traidisiúnta a sinsir, mar shealgairí-cnuasaitheoirí. Itheann muintir na gcomhphobal an bia céanna a itheann daoine bochta eile na tíre agus, mar gheall air sin, tá na fadhbanna céanna sláinte a eascraíonn as an drochaiste bia atá acu is a bhíonn ag daoine bochta i gcoitinne.

Tá ráta na dífhostaíochta sna comhphobail an-ard agus tá móramh na ndaoine iontu ag brath ar shocair leasa shóisialaigh, ar a dtugann siad sit down money. Measann Noel Pearson, duine de na ceannairí mhuintir dhúchais is clúití sa tír, go bhfuil an cineál aigne a bhaineann le leas sóisialach ag déanamh an-dochar dá mhuintir.

Tugann seisean passive welfare air de dheasca go measann sé nach bhfuil aon spreagadh ag a mhuintir ná ag na húdaráis dul i ngleic le fadhb na dífhostaíochta. Measann sé freisin nach mbíonn dóchas dá laghad ag a mhuintir go dtiocfaidh aon athrú ar a saol go deo. Tá an fhadhb seo níos measa sna comhphobail ina bhfuil formhór mór na ndaoine iontu ag brath ar shocair leasa shóisialaigh le glúnta anuas.

Foilsiú an Drochscéala

Foilsíonn an Productivity Commission, eagraíocht de chuid an rialtais náisiúnta, tuarascáil gach ré bliain ina mbaintear úsáid as slata tomhais éagsúla – nó social indicators - le stádas mhuintir dhúchais na tíre a mheas. (Féach http://www.reconciliation.org.au/) Eisíodh an tuarascáil is déanaí ón gCoimisiún ar na mallaibh, leis an teideal Overcoming Indigenous Disadvantage, agus léirigh sí arís a dhonacht is atá caighdeán maireachtála na muintire dúchais:

Across virtually all the indicators in this report, there are wide gaps in outcomes between Indigenous and non-Indigenous Australians. However, the report shows that the challenge is not impossible - in a few areas, the gaps are narrowing. However, many indicators show that outcomes are not improving, or are even deteriorating.

feabhas éigin le sonrú i gcúrsaí oideachais, de réir na tuarascála, ach bhíothas díomách a léamh inti go bhfuil cúrsaí níos measa i dtaca le neamhchúram agus mí-úsáid na bpáistí dúchasacha: The rate of substantiated notifications for child abuse or neglect increased for both Indigenous and non-Indigenous children between 1999-2000 and 2007-08. However, the gap widened, with the Indigenous rate increasing from 4 to 6 times the non-Indigenous rate.

Ní rabhthas ag súil leis an toradh diúltach seo mar gheall ar thionscadal radacach conspóideach a chur an rialtas náisiúnta i bhfeidhm corradh is dhá bhliain ó shin. Tugtar an Intervention ar an tionscadal, atá ar siúl i 73 comhphobal sa Northern Territory, atá dírithe ar shábháilteacht na bpáistí iontu.

Idirghabháil Tosaithe

Cuireadh tús leis an idirghabháil mar fhreagairt an rialtais náisiúnta ar an tuarascáil Little Children are Sacred, a d’fhoilsigh rialtas na Críche corradh is dhá bhliain ó shin. (Anseo: http://www.inquirysaac.nt.gov.au/) Maíodh sa tuarascáil go raibh mí-úsáid ghnéis ar leanaí forleathan i gcomhphobail na críche:

The combined effects of poor health, alcohol and drug abuse, unemployment, gambling, pornography, poor education and housing, and a general loss of identity and control have contributed to sexual abuse in many forms.

Thug an príomhaire ag an am, John Howard, ‘éigeandáil’ ar an mí-úsáid agus chuir sé tús leis an idirghabháil. Gheall Howard agus an t-aire a bhí freagrach as gnóthaí bundúchasacha, Mal Brough, go gcaomhnófaí ord poiblí sna comhphobail agus caitheadh baill an airm chuig comhphobail áirithe le cuidiú leis na póilíní áitiúla.

Cuireadh srianta ar dheoch mheisciúil sna comhphobail, rinneadh scrúdú dochtúra ar gach páiste agus ní raibh cead ag na daoine 50 faoin gcéad de na sochair leasa shóisialaigh a chaitheamh ach amháin ar bhia agus ar earraí bunriachtanais eile. Ceapadh riarthóirí limistéir agus cumhacht faoi leith acu leis an tionscadal a mhaoirsiú.

Bhí ceannairí bundúchasacha áirithe agus roinnt den phobal glan in aghaidh na hidirghabhála, mar gur mheas siad go raibh cur chuige ciníoch coimirceach i gceist léi. (http://www.theage.com.au/news/national/indigenous-benefits-scheme-branded-demeaning/2007/05/21/1179601329988.html) Thug Noel Pearson agus Galarrwuy Yunipingu, duine de na ceannairí bundúchasacha is tábhachtaí sa Chríoch Thuaidh, tacú don tionscadal, áfach. (Féách http://www.nlc.org.au/)

Nuair a tháinig Kevin Rudd i gcomharbacht ar Howard ní ba dhéanaí sa bhliain 2007, gheall seisean agus an t-aire atá freagrach as gnóthaí bundúchasacha ina rialtas, Jenny Macklin, go leanfadh an idirghabháil i bhfeidhm. Measann siad dís, de réir dealraimh, go bhfuil ag éirí léi, cé nach bhfuil ach fianaise starógach ar fáil le tacú a thabhairt dá dtuairim. Maítear i dtuairiscí áirithe sna meáin go bhfuil mná agus páistí na gcomhphobal níos sásta ná na fir iontu leis an idirghabháil.

Nuair a d’éirigh mé as obair in Canberra deich mbliana ó shin, chaith mé bliain ag obair mar chomhairleoir litearthachta leis an roinn oideachais sa Chríoch Thuaidh. Thug mé cuairteanna ar chuid de na comhphobail le mo linn ann, agus bhí deis agam a chasta is atá an dúshlán iontu a fheiceáil ar thaithí pearsanta.

Chuaigh díograis na ndaoine geala agus ceannairí na muintire dúchais logánta, atá ag obair go dian sna comhphobail, i gcion go han-mhór orm. Ba léir go raibh tnáitheadh – nó burnout - mar fhadhb mhór ina measc, ámh, de dheasca gur mhothaigh cuid acu gur cuimilt mhéire don chloch é mar ní fhaca siad aon athrú dearfach ag teacht lena linn iontu. Táthar ag súil go gcuideoidh an idirghabháil lena n-iarrachtaí agus go mbeidh feabhas sa bhreis le sonrú ar chaighdeán maireachtála mhuintir dhúchais na tíre nuair a fhoilseofar céad tuarascáil eile an Choimisiúin thuas i gceann dhá bhliain eile.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.