Chaith Maidhc Ó Cathail a shúil ghrinn ar scéal Abdel Baset al Megrahi. Tá an-chuma ar an scéal gur cheilg agus cheapadóireacht a chuir i ngéibheann é.
Baineadh stangadh as go leor daoine ar fud an domhain chláir nuair a chonaic siad an fháilte mhór a chuir muintir na Libia roimh Abdel Baset al Megrahi, nó buamadóir Loch Earbaí, mar is fearr aithne air. Bhí an chuma ar an scéal go raibh na Moslamaigh fuarchroíocha ag ceiliúradh gníomh sceimhlitheoireachta eile. Ach an oiread le scéal ar bith sna meáin faoin Meánoirthear, áfach, ní mar a shíltear a bhítear.
Nach aisteach nár thug na tuairiscí nuachta le fios go raibh na sluaite ag ceiliúradh mar chreid siad go raibh al Megrahi neamhchiontach? (Cuimhnigh an gliondar a chuir fuascailt Seisear Birmingham agus Ceathrar Guildford as príosúin na Breataine ar mhuintir na hÉireann blianta ó shin. Fágadh ar lár sna tuairiscí chomh maith go bhfuil go leor nach Libiaigh iad, atá eolasach faoina chás, ar aon intinn leo.
Thug Robert Black, ollamh le dlí in Ollscoil Dhùn Èideann, “an absolute and utter outrage” ar chiontú Megrahi. Dúirt Hans Köchler, breathnóir na Náisiún Aontaithe le linn na trialach, gur “spectacular miscarriage of justice” a bhí ann. Agus chuir Dr. Jim Swire, a raibh a iníon i measc na 270 daoine a maraíodh ar 21 Nollaig, 1988, síos ar an gcás i gcoinne al Megrahi mar “a cock and bull story.” Ar dhroim sin uile, chuir lucht dlí al Megrahi na céadta leathanach a mhaíonn a neamhchiontacht ar shuíomh idirlín speisialta níos lú ná coicís ó shin: http://www.megrahimystory.net/
Cén t-ionadh?
Níorbh aon ionadh é mar sin gur mhol Coimisiún na hAlban um Athbhreithniú Cúiseanna Coiriúla i 2007 gur chóir achomharc eile a thabhairt do al Megrahi. Dá mbeadh an t-achomharc ann, tá gach cosúlacht ar an scéal go ligfí saor é. Ach ansin chuirfí arís na ceisteanna: cé a chuir an buama ar Eitilt Pam Am 103, agus cén fáth?
Sular cúisíodh al Megrahi agus Lamin Khalifa F’himah, nár ciontaíodh, ceapadh go forleathan gur earcaigh an Iaráin sceimhlitheoirí Palaistíneacha le díoltas a bhaint amach mar gheall ar an 290 duine a maraíodh ar Eitilt Aer Iaráin 655 nuair a shíob an USS Vincennes as an aer é “de thimpiste” ar 3 Iúil, 1988. Agus tá an teoiric sin coitianta fós i measc na ndaoine a chreideann nach raibh baint ar bith ag Libia leis an uafás os cionn Loch Earbaí.
Ach, iontas na n-iontas, níor leag gach éinne sna meáin an milleán ar sceimhlitheoirí Ioslamacha. In alt iontach sa Guardian i 1998 dar teideal “What if they are innocent?” dúirt Russell Warren Howe nach mór imscrúdú eile a chur ar bun i dtaobh “Israel’s possibly major role in mass murder and deception of its main benefactor, the US.”
Ní féidir an fhianaise go léir a scagadh anseo, ach ní miste rud spéisiúil amháin a lua. Dé réir leabhar Gordon Thomas faoin Mossad, Gideon’s Spies, tháinig gníomhaire Mossad ó Londain go Loch Earbaí an lá i ndiaidh an uafáis agus bhailigh sé mála taistil a bhí ar an eitleán leis. Tugadh ar ais é níos deanaí ach é folamh.
Máistrí na ceilge
Deirtear gur ordaigh Qaddafi buamáil Loch Earbaí le díoltas a bhaint amach ar an ionsaí a rinne SAM ar a theach cónaithe, inar maraíodh a iníon altrama dhá bhliain d’aois, dhá bhliain roimh Loch Earbaí. Ach bhí lámh ag Iosrael sa scéal sin chomh maith.
Ina leabhar, The Other Side of Deception, déanann Victor Ostrovsky, iaroifigeach Mossad, cur síos ar ‘Oibríocht Thraíoch’. Cuireadh tús leis i Feabhra 1986 nuair a d’eirigh leis an Mossad an ‘Traíoch,’ gaireas cumarsáide, a chur isteach go rúnda in árasán i Tripoli. Bhí an Traíoch in ann glacadh le teachtaireachtaí ó lucht cogadh síceolaíoch in Iosrael agus iad a chraobhscaoileadh arís go huathoibríoch ar an minicíocht chéanna a d’úsáid rialtas na Libia. De réir Ostrovsky: “Using the Trojan the Mossad tried to make it appear that a long series of terrorist orders were being transmitted to various Libyan embassies around the world.” Nuair a cheap lucht faisnéise SAM na teachtaireachtaí, mar a bheadh súil leis, chreid siad go raibh Libia ag tacú le sceimhlitheoireacht. Tuige nach gcreidfeadh, go háirithe nuair a dhearbhaigh an Mossad dóibh go raibh na teachtaireachtaí iontaofa.
Buamáil Libia
Cúpla seachtain ina dhiaidh, maraíodh beirt shaighdiúir SAM nuair a phléasc buama ag dioscó in Iarthar Bheirlín. Chreid rialtas Mheiriceá gur Libia ba chiontach leis, agus naoi lá i ndiaidh sin, d’ordaigh Ronald Reagan ionsaithe ar Tripoli agus Benghazi. Is beag duine, áfach, a cheap go raibh baint ag Iosrael leis an ionsaí ar an tír ina raibh baill d’Eagraíocht Shaoirse na Palaistíne ag fáil tearmainn ag an am.
An lá i ndiaidh thragóid Loch Earbaí, chuala lucht faisnéise SAM teachtaireacht eile ó Libia ag rá “mission accomplished.” Bhí Ostrovsky cinnte go raibh dallamullóg curtha ar na Meiriceánaigh ag an Mossad uair amháin eile, agus thug sé fianaise ar son al Megrahi ag a triail.
Níl gach Meiriceánach meallta le cleasanna na nIosraelach, áfach. Scríobh Andrew Killgore, iar-ambasadóir SAM do Chatar, sa Washington Report on Middle East Affairs: “Mossad’s specialty was dirty tricks... Its modus operandi had always been the same: pull off a dirty trick but make it appear somebody else had done it.”
Ag labhairt le tuairisceoirí le deanaí, agus é siúráilte nach féidir an fhírinne a cheilt go deo faoina chás, dúirt Abdel Baset al Megrahi: “The truth never dies.” B’fhéidir gur fíor dó. Ach ná bí ag súil go bhfaighidh tú an fhírinne faoi bhuamáil Loch Earbaí ar nuacht mhór an lae.
Nascanna ar ábhar an ailt seo:
http://lockerbiecase.blogspot.com/
http://ipo.org/lockerbieobservermission.htm
http://www.guardian.co.uk/uk/1999/apr/17/lockerbie
http://www.mediamonitors.net/curtiss2.html
http://www.wrmea.com/archives/May_2004/0405013.html