Níorbh as an nGrassy Knoll a caitheadh an t-urchar cinniúnach i leith an Chinnéidigh a deir Brian Ó Broin. Bhuail sé féin le fear grinn atá ar an eolas ar fad faoin bhfeallmharú le linn a chuairte ar Dallas.
Iarradh orm le déanaí cúrsa Gaeilge a mhúineadh in Dallas, agus ghlacas go fonnmhar leis an iarratas. Ní rabhas ariamh i dTexas, cé go raibh an chuid is mó de stáit eile Mheiriceá siúlta agam, agus ba mhór m’fhonn a fháil amach arbh fhíor a deir daoine faoin stát.
Fiú muna bhfaca tú féin Texas ariamh, is cinnte go bhfuil eolas go leor agat faoi. D’fhoghlaim tú ar scoil gurb é an dara stát is mó i SAM (tharla Alaska níos mó ná é). D’fhoghlaim tú go bhfuil teorainn aige le Meicsiceo. D’fhoghlaim tú gurb é Texas an stát is mó ar fad a chleachtann éiric an bháis. Go bhfuil traidisiún fada buachaillí bó ann, agus, ar ndóigh, gur ann a lámhachadh an bheirt Meiriceánach ba thábhachtaí ariamh i stair na hÉireann: John F. Kennedy agus J.R. Ewing.
Leis na híomhanna seo i dtreis im’ aigne, d’fhág mé an t-eitleán in aerfort Dallas-Fort Worth ag súil le fir mhóra leathanghuailleacha ag scaoileadh urchar san aer agus ag caitheamh hataí deich ngalún. B’fhéidir cúpla capall a fheiceáil. Ach baineadh mealladh asam. Ag fanacht liom sa chríochfort bhí John McGuire, Gael-Mheiriceánach neamhphostúil, gléasta mar a d’fheicfeá Éireannach ar bith. Fuisce níor ól sé ach corruair, a dúirt sé; capall níor shuigh sé ar dhroim bheathach capaill ariamh, agus is beag a mheas ar eallach. Ceol "Country and Western"? - Ba chuma leis faoi. J.R. Ewing? - Do na turasóirí amháin a deir sé. Tá sé ag obair do chomhlacht mór ríomhaireachta. Ar an mbealach amach thug mé suntas don aerfort breá nuálach, agus do na bóithre úrnua ar fud na háite, a raibh cuma na mótarbhealach nua in Éirinn orthu.
Cén sórt Texas é seo in aon chor? Bhuel, ar ndóigh, a dúirt John liom, má bhí buachaillí bó ag teastáil uaim, d’fhéadfaimis dul go dtí Fort Worth, áit a raibh an Cattle-Raisers’ Museum (http://www.cattleraisersmuseum.org/) agus an National Cowboy Hall of Fame, ach thógfadh sé tamall ar an mbóthar, mar gheall ar bhroidtráth. (http://www.texascowboyhalloffame.com/)
Broidtráth? Chaith mé mo réamhbhreithiúnais go léir san aer faoi dheireadh, agus ghlac leis an bhfírinne nach bhfuil i nDallas ach cathair eile.
Don turasóir eachtrannach, deirtear nach bhfuil ach dhá rud i nDallas is fiú a fheiceáil: an South Fork Ranch agus áit feallmharaithe an Uachtaráin Kennedy. Agus an ranch uair an chloig tiomána ón chathair, chinn mé an chuairt sin a chur ar athló, agus an lá a chaitheamh i lár na cathrach.
Dallas mar atá
Tá breis agus milliún duine ina gcónaí i nDallas é féin, agus sé mhilliún ina gcónaí sa cheantar i gcoitinne. Ní crosbhóthar sa bhfásach é, mar sin, ná stáisiún beithíoch faoin tuath. Bhíomar ag fanacht i mbruachbhaile darb ainm Allen, agus níorbh fhada Allen in aon chor ón DART, an traein phoiblí. D’fhéadfá ticéad a cheannach ar fhíorbheagán airgid a thabharfadh cead taistil duit ar bhusanna agus ar thraenacha uilig na cathrach. Isteach liom, mar sin.
An chéad rud ba léir dom agus mé san oifig turasóireachta ná nár leor South Fork Ranch agus Kennedy chun turasóirí a mhealladh. Ba mise an t-aon duine san oifig ón am a chuaigh mé isteach go dtí an t-am a d’fhág mé fiche nóiméad ina dhiaidh.
"Éire!" a dúirt an bhean taobh thiar den chuntar nuair a bhuaileas bleid uirthi faoi dheireadh. "Nach tusa a tháinig i bhfad! Sínigh leabhar na gcuairteoirí!" Thograíos gan a rá léi gurbh as Nua-Gheansaí a d’eitlíos! "Rothaíocht sa chathair? An bhfuil tú cinnte nach bhfuil carr agat?" Is ea, lánchinnte.
Ar mo bhealach amach shínigh mé leabhar na gcuairteoirí. Ba mise an chéad duine a shínigh an lá sin, agus an chéad neamh-Mheiriceánach le coicís. Ach an rud ba mó a chuir ionadh orm faoi mhuintir na háite ná chomh múinte is a bhí siad. Tá muintir Texas díreach cosúil le muintir an deiscirt i gcoitinne sa chaoi sin. D’fhéadfadh sobal an fhir mhire a bheith le do chár, agus bheidis go fóill ag tabhairt "Sir" ort.
Mar aon leis an gcuid is mó de cheantracha lárbhaile Mheiriceá, is léir gur deineadh dochar do Dhallas ó na seascaidí amach. Cé go raibh foirgnimh oifige go leor, ba bheag eile a bhí le feiceáil i gceartlár na cathrach. De thaisme, seachas d’aon ghnó, tar éis deich nóiméad ag siúl sráideanna liom féin, tháinig mé ar radharc a mhúscail mo chuimhne, agus thuig mé go tobann go raibh mé ar shráid an fheallmharaithe. Is léir nach bhfuil Dallas róbhródúil as an gclú seo a bheith orthu, agus ba bheag comhartha poiblí a bhí le feiceáil san áit ag míniú na heachtra. Cé go bhfuil iarsmalann bheag a dhéanann cur síos air, tugtar "Músaem an Séú Urlár" air, agus sin an méid (is cosúil gur ón séú urlár sa Texas School Book Depository a scaoil Lee Harvey Oswald an t-urchar).
Ar an Tulán Féarach Sheasas ar an "Grassy Knoll" ar feadh meandair ag déanamh mo mhachnaimh. Bhí roinnt mangairí sráide ag fáinneáil timpeall, ach ba bheag a bhí le rá ná le díol acu, agus bhídis níos líonmhaire ná na turasóirí féin.
Caithfidh mé a rá nach bleachtaire mise de shaghas ar bith, ach ba léir, go fiú domsa, agus caithfidh gur léir d’éinne ó Dallas, nach bhfuil sa tuairisc a cuireadh amach i ndiaidh mharú an Uachtaráin Kennedy ach raiméis agus cumadóireacht. Go dtí go bhfeice tú le do shúile cinn féin é, ní bheidh sé soiléir sna grianghraif agus sna scannáin a ghéire is atá corr an bhealaigh ar tiomáineadh Kennedy timpeall air an nóiméad cinniúnach sin. Ní léir ach oiread chomh géar is atá an uillinn ón áit inár scaoileadh Oswald. Ná bac le naoscaire - ní fhéadfadh róbó le gathanna Laser duine i gcarr a lámhachadh ón áit sin. Bhreathnaigh mé timpeall. Ar bharr na faiche bhí balla fada le fuinneoga beaga air - cinnte an áit ab fhearr ar fad d’fheallmharfóir ar bith. In aice an Texas Schoolbook Depository tá Foirgneamh Dal-Tex. Ón fhoirgneamh sin, go háirithe urlár íseal, d’fhéadfá cúig nó deich soicind a chaitheamh ag socrú d’urchair don té ag gabháil thar bráid i gcarr.
Agus sin agat Teoiric Uí Bhroin, mar sin, le cur leis na mílte eile atá amuigh ansin. Ba "phatsy" an t-uasal Oswald.
Is le Marius Donnelly, Bleá Cliathach agus "an tábhairneoir is sonasaí i nDallas" (dar leis féin!), an tábhairne Éireannach Trinity Hall. Tar éis mo lá turasóireachta sa chathair, bhuaileas le lucht an chúrsa Ghaeilge ansin don bhéile Éireannach ba bhlasta a d’ith mé taobh amuigh d’Éirinn. Thosaigh mé ag caint le mac léinn as an gcathair agus mé amuigh ag ól gail. Rinne mé tagairt do Kennedy. Bhreathnaigh an mac léinn faoi dheis agus faoi chlé agus chlaon a chloigeann isteach chugam go ciúin agus dúirt de chogar mogar, "An Mafia. Bhí mise ag siúl amach le cailín a bhí gaolta leis an naoscaire." "By Dad," arsa mise. "Creid uaim é," ar sé, agus d’imigh leis.