Rinne Alan Desmond iniúchadh ar an muintir ar díobh Ken Saro Wiwa, Ogonaigh na Nigéire. Tá siad in áit a bhfuil saibhreas aiceanta. Ní orthusan atá an saibhreas á roinnt is cosúil.
Dé Céadaoin, tús mhí Lúnasa 1993. Tá sé ag tarraingt ar am lóin i mbaile Ka in oirdheisceart na Nigéire. Ní ar bhia atá 5000 áitritheoir an bhaile ag smaoineamh an t-am lóin seo, áfach. Tá buíonta fear armáilte ag cruinniú ar Ka agus an lámhach gunnaí ag tabhairt le fios nach de ghrá na ndaoine áitiúla atá siad ag teacht.
Is gearr go bhfuil pobal na háite ag teitheadh. Scaoiltear urchair leo. Aimsítear marcanna. Gortaítear idir óg is aosta. Faigheann roinnt daoine bás ar an toirt. Ansin tosaíonn an scrios.
Cuirtear tithe trí thine. Leagtar foirgnimh is barra ar lár. Caitear gránáid láimhe isteach sa mheánscoil. Sractar fuinneoga is doirse amach as frámaí agus cuirtear os cionn a chéile iad chun tine chnámh a dhéanamh. Scríobhtar teachtaireacht chailce ar an mbóthar ag an tslí isteach go dtí an baile a chuireann in iúl nach limistéar Ogoni é Ka a thuilleadh.
Ba le fórsaí míleata na Nigéire, ar ndóigh, a bhain na fir armáilte a ransaigh an baile agus ceacht á thabhairt acu don mhionlach eitneach Ogoni gan cur in aghaidh údaráis na Nigéire ná an comhlacht ola Shell a thagann i dtír ar an acmhainn aiceanta atá go fras sa Deilt Nigéireach i ndeisceart na Nigéire.
Na hOgoni
Is réigiún é Ogoniland a chuimsíonn tuairim is 100,000 ciliméadar cearnach in oirdheisceart na Deilte Nigéirí agus áirítear gurb ann do leathmhilliún Ogoni, pobal atá ar cheann de 250 grúpa eitneach sa Nigéir. Tá na hOgoni ag cur fúthu sa Deilt Nigéireach le breis is cúig chéad bliain. Ós rud é go raibh toirmeasc idirphósta ar feadh na gcéadta le formhór na bpobal eile, bhí féiniúlacht chultúrtha láidir acu. Ach chuir teacht na mBriotanach go hOgoniland i 1901 tús le creimeadh an chultúir atá fós ar siúl sa lá atá inniu ann.
Is ar an iascach is an talmhaíocht a bhí na hOgoni beo go traidisiúnta agus ní hionadh mar sin go dtugann siad urraim faoi leith don talamh is do na haibhneacha atá timpeall orthu.
Cé go bhfuil an Chríostaíocht faoi bhláth in Ogoniland, tá greim daingean fós ag na creidimh thraidisiúnta ar aigne na ndaoine. Ós rud é go dtugann an talamh beatha, adhraítear é mar Dhia. Ní obair thalmhaíochta amháin atá sa chur ach ócáid spioradálta sóisialta chomh maith. De réir dhlí na ndaoine, is leis an bpobal an talamh agus is ag an bpobal amháin atá an ceart é a dhíol nó a chur de láimh.
An Ola
Tá cur isteach á dhéanamh ar chleachtadh na nósanna maireachtála seo, áfach, ó dheireadh na gcaogaidí ar aghaidh nuair a tháinig an comhlacht Shell ar ola in Ogoniland den chéad uair. Bhog comhlachtaí eile isteach sa réigiún ina dhiaidh sin agus ba ghearr gur fhógair an rialtas go gcaithfí an talamh a ghéilleadh do thaiscéaladh is úscadh na hola. B’ionann an scéal, ar ndóigh, ag pobail eile sa Deilt Nigéireach.
Ba i 1978 a achtaíodh an Forógra um Úsáid Talún a thug úinéireacht is cearta talún don rialtas agus tugadh an Forógra isteach sa Bhunreacht an bhliain dár gcionn. Ní mó ná sásta leis seo a bhí pobail na Deilte, ar ndóigh. Is é a bhí ann dáiríre ná slí chun rochtain ar a dtailte dúchais a thabhairt do na comhlachtaí ola.
Seans go maolófaí ar mhíshástacht na nOgoni dá mbeadh tairbhe éigin á baint acu as gníomhaíochtaí na gcomhlachtaí ola. Gheall an rialtas dóibh gur chun a leasa a rachadh an taiscéaladh ola ach le linn na seachtóidí is na n-ochtóidí ba léir gur chun olcais a bhí an bonneagar áitiúil ag dul is nach raibh tionscadail fhorbartha á gcur i gcrích. Ba chun leasa na ngrúpaí eitneacha is mó a bhí an t-airgead ola á úsáid agus mionlaigh cosúil leis na hOgoni fágtha i mbochtaineacht.
Anuas air sin, bhí an timpeallacht á lot ag oibreacha Shell. Seachas píopaí ola is gáis a chur faoi thalamh, ritheadh trí fheirmeacha is trí bhailte iad. Tharla doirtí móra ola a thruailligh uisce óil agus limistéir iascaireachta is feirmeoireachta, rud a d’fhág go raibh ar na hOgoni bia a allmhairiú.
Is measa fós an éagóir seo atá á déanamh ar an ngrúpa eitneach seo i bhfianaise an méid airgid a thuilleann idir Shell is an Stát Nigéireach as an ola. Ag tús na mílaoise ba ón ola a tháinig 80% de theacht isteach an Stáit. Ag an am céanna, is é Ogoniland an áit is lú forbairt sa Nigéir.
MOSOP
Ní hionadh mar sin nach raibh na hOgoni sásta glacadh le coinníollacha maireachtála den saghas sin. Bunaíodh Gluaiseacht um Mharthanas an Phobail Ogoni (MOSOP) in 1990. (Féach http://www.mosop.org/) Dhréachtaigh siad Bille Cearta Ogoni a d’éiligh ceart sóisialta is eacnamaíochta mar aon le cóir ó thaobh na timpeallachta de. Rinneadh tagairt d’fhéinriail is d’fhéinchinntiúchán sa Bhille agus leag MOSOP béim air gur chóir do Shell cúiteamh a íoc díreach leis na hOgoni nó a dtalamh a fhágáil. Chomh maith leis sin chruthaigh MOSOP bratach is amhrán Ogoni chun náisiún na nOgoni a ghríosú chun a gcearta a éileamh.
Mar thoradh ar agóidí a rinne MOSOP is grúpaí eile, chuir na comhlachtaí ola leis an méid airgid a bhí á chaitheamh acu ar thionscadail a raibh sé mar aidhm acu forbairt pobail a chur chun cinn. Rinneadh é seo, áfach, gan dul i gcomhairle leis na pobail dhúchasacha. Rinneadh neamhiontas d’ionadaithe na ndaoine agus dá moltaí.
Leanadh ar aghaidh mar sin le hagóidí. Chuirfeadh na hOgoni isteach, ar leagan píopa nua, cuir i gcás. Ach d’ionsódh fórsaí slándála na Nigéire iad mar gheall ar an easumhlaíocht shibhialta seo.
Déarfadh an duine ba shaonta amuigh gur as lámh a chéile a bhí Shell is údaráis na Nigéire ag obair. Tá séanta ag an gcomhlacht go raibh siad freagrach as an mbail bharbartha bhrúidiúil a thug an t-arm do na hOgoni, ach d’admhaigh siad i lár na nóchaidí gur cheannaigh siad airm do na póilíní a rinne fearas is ionaid an chomhlachta a chosaint.
Ken Saro-Wiwa
Bhí sé d’ádh ar MOSOP an scríbhneoir is gníomhaí ar son chearta an duine, Ken Saro-Wiwa, a bheith mar uachtarán is urlabhraí na heagraíochta. D’éirigh leis aird an domhain a dhíriú ar scéal na nOgoni agus i 1994, fágaim, scríobh Comhdháil na Stát Aontaithe chuig deachtóir míleata na Nigéire, Sani Abacha, chun a n-imní mar gheall ar sháruithe ar chearta an duine in Ogoniland a chur in iúl. (http://en.wikipedia.org/wiki/Ken_Saro-Wiwa)
Níor leor clú is tionchar Saro-Wiwa, áfach, chun cás a mhuintire a fheabhsú. Sna blianta 1993 is 1994, mharaigh fórsaí míleata breis is 2000 Ogoni. Gabhadh Saro-Wiwa féin in éineacht le grúpa dá chomhthírigh i 1994 is cuireadh ina leith go raibh lámh acu i ndúnmharú ceathrar taoiseach Ogoni a bhí in iomaíocht le Saro-Wiwa maidir le ceannaireacht an phobail.
Glactar leis gur triail bhréige a bhí ann agus tógadh conspóid ar fud na cruinne mí na Samhna 1995 nuair a crochadh Saro-Wiwa agus ochtar eile, an ‘Ogoni 9’ mar a baisteadh orthu. Cuireadh an Nigéir ar fionraí as an gComhlathas agus rinne Ceanada, na Stáit Aontaithe is an tAontas Eorpach a n-ambasadóirí a tharraingt abhaile.
Ba bheag tír a chuir lánchosc ar tháirgí ola ón Nigéir, áfach, agus leanadh ar aghaidh leis na hionsaithe ar bhailte Ogoni.
Ar ndóigh, is éasca iompar an airm agus eagla an Stáit roimh Saro-Wiwa agus MOSOP a thuiscint. B’fhoinse mór airgid Shell, agus níor theastaigh ó na húdaráis go gcuirfí an foinse sin i gcontúirt. Ach thairis sin, ba ghluaiseacht fhrithbheartaíochta é MOSOP a bhí éifeachtach agus dea-eagraithe. Is cinnte gur chuir sé seo an scarúnachas i gcuimhne do rialtóirí na Nigéire, rud nach bhféadfaidís glacadh leis i dtír ina bhfuil breis is 250 grúpa eitneach.
Plus ça change, plus c’est la même chose...
Ba é dúnmharú Saro-Wiwa buaicphointe na poiblíochta idirnáisiúnta a bhí á díriú ar chás na nOgoni, ach is beag a d’athraigh an phoiblíocht sin. Cé gur tháinig uachtarán sibhialtach mar chomharba ar Sani Abacha i 1999, níor tháinig deireadh leis an drochíde atá á fulaingt ag na hOgoni.
Tá an bonneagar is bunúsaí fós in easnamh ar phobal Ogoniland. Tá cúrsaí iompair sa cheantar casta agus costasach. Cé go bhfuil airgead infheistithe ag Shell in ospidéal i ndúiche Gokana, mar shampla, níl teacht ag an ospidéal sin ach ar uisce truaillithe. Is léir, mar sin, go bhfuil an bonn á bhaint ón dul chun cinn ag léirscrios na timpeallachta.
Anuas air seo go léir, ní féidir leis na hOgoni staidéar a dhéanamh ar a dteangacha, a gcultúr ná a stair féin ina n-áit dúchais.
Is fíor fós d’fhocail a scríobhadh sa Bhille Cearta Ogoni ag tús na nóchaidí. “Tá an bás i ngach áit in Ogoni. Tá ár dteangacha ag fáil báis, tá ár gcultúr ag fáil báis. Tá ár ndaoine, ár n-ainmhithe, ár n-éisc ag fáil báis de dheasca an truaillithe agus an ganntanas bia a bhíonn mar thoradh air.”