AR NA SAOLTA SEO
Conradh Liospóin i gComhthéacs
Ciarán Mac Aonghusa Ciarán Mac Aonghusa Ciarán Mac Aonghusa

Tá Ciarán Mac Aonghusa den tuairim go bhfuil an saol ag athrú agus tá polaitíocht an stáit tar éis athrú sa dóigh nach saor, glan beann, aon stát feasta, SAM san áireamh, ar an suaitheadh ilnáisiúnta a bhain siar as gach cúinne den domhan le bliain anuas.

Íomhá
Tathaint go barr bata anuraidh (le Jnestorius)
Íomhá
Idir dhá cheann na meá, ar son na cúise

Trí mhí tar éis do mhuintir na hÉireann diúltú do Chonradh Liospóin anuraidh, chlis ar Lehman Brothers, an banc mór infheistíochta a bhí ar cheann de na bainc is mó dá chineál sna stáit Aontaithe. Níor tharla sé sin ach bliain ó shin, ach is féidir a rá gur tháinig athrú ní ba mhó ar chúrsaí polaitíochta agus eacnamaíochta an domhain ó shin ná mar a tháinig orthu le deich mbliana roimhe sin.

Ba léir dúinn le linn an bhorradh faoi gheilleagar na tíre seo go raibh cúrsaí á stiúradh i dtreo na tubaiste. Ligeadh do réimse na foirgníochta imeacht as smacht agus cuireadh an córas cánach ar bonn dosheasmhach. Má ba léir, áfach, go raibh an bád ag luí rud beag ar leataobh, ní raibh a fhios go raibh sí ag tógáil uisce. Tuigimid anois go bhfuil sí pollta go dona.

I measc na dtíortha saibhre is cosúil gur in Éirinn a bheidh an meathlú is mó agus is faide sa gheilleagar. Tá tréimhse an-chrua romhainn mar thír. Cheana féin tá NAMA agus cáinaisnéis dhian le réiteach idir seo agus an Nollaig. (http://en.wikipedia.org/wiki/NationalAssetManagement_Agency) Tá scamall gruama os cionn na tíre. Ar bhealach tá reifreann Eorpach ar an chloch is lú ar phaidrín mhuintir na hÉireann. Ach anois agus sinn i gceartlár an ghála, ní foláir ár n-aird a dhíriú ar gach cinneadh mór.

Ní mór dúinn Conradh Liospóin agus an caidreamh atá ag Éirinn leis an Eoraip a mheas go cuimsitheach agus i gcomhthéacs na polaitíochta domhanda. Díreoidh na dreamanna atá in aghaidh an Chonartha ar mhioncheisteanna gan comhthéacs a chur leo. (http://www.libertas.eu/ie) Díreoidh siad ar na barántais a tugadh don tír seo maidir le ceist na neodrachta, ceist an ghinmhillte agus ceist na cánach (Beidh an ceart acu nuair a déarfaidh siad gur beag athrú a chuir na barántais ar an scéal. Is beag. Bhí na ceisteanna seo slán daingean ón tús.) Is cóir tabhairt faoi deara gur chuir na dreamanna seo in aghaidh an tionscnaimh Eorpaigh ón chéad lá – leithéidí Sinn Féin ((http://www.no2lisbon.ie/en/no-2-lisbon-treaty)), PANA (http://www.pana.ie/download/GalwayNo2Lisbon.pdf), agus Cóir (http://www.coircampaign.org/).

An Tionscnamh Eorpach

Mar sin ní mór dúinn smaoineamh ar an scéal mór: cad a chiallaíonn an tionscnamh Eorpach? (http://www.fiannafail.ie/) Cén fáth a bhfuil sé tábhachtach go mbeadh ár dtír féin lánpháirteach ann? (http://www.labour.ie/lisbonreformtreaty/) Cén chaoi a bhfuil an domhan ag athrú? (http://www.finegael.ie/uploads/docs/FG%20Lisbon%20Guide.pdf)

Le fiche bliain anuas (ó leagadh Balla Bheirlín), tháinig luas millteanach faoi phróiseas an domhandaithe. Tháinig cumhachtaí móra na hÁise chun cinn agus dhlúthaigh na naisc thrasteorann eacnamaíochta go mór. Cuireadh go mór le méid agus le cumhacht na gcorparáidí idirnáisiúnta freisin. Bhí sé de thoradh ar na próisis seo ná gur thosaigh cuid de cheannas an stáit ag sleamhnú uaidh. Agus ní raibh aon dul as agus, nó, aon bhealach ag an stát smacht a choinneáil ar an phróiseas.

Leis an Aontas Eorpach, áfach, tá cumhacht éigin ag an stát ar roinnt an cheannais. Tá an bealach seo neamhfhoirfe, cuir i gcás, bíonn níos mó cumhacht ag na stáit mhóra. Ach bíonn guth thar a méid ag na stáit bheaga fosta. Ar dhóigh amháin is féidir amharc ar an AE mar ghléas chun ord éigin a chur ar phróiseas luaineach anordúil.

Deir daoine atá in aghaidh an Chonartha go bhfágfaidh sé go mbeidh níos mó cumhachta ag na tíortha móra. I ndáiríre, is beag athrú a dhéanfaidh Liospóin. Ardófar líon na vótaí a bheidh ag na tíortha móra sa Chomhairle Eorpach ach ní dhéanfaidh sé difríocht mhór mar go gcaithfidh siad “tromlach dúbailte” a fháil sa chóras nua – “55%, ar a laghad, de na ballstáit, agus é a bheith ionadaíoch de 65%, ar a laghad, de dhaonra an Aontais.” Tá an choinníoll seo ar líon na mballstát go mór i bhfabhar na dtíortha beaga.

Ach tá insint thábhachtach eile air seo. Go hiondúil, ní chaitear na vótaí seo de bharr go ndéantar fíoriarracht na cinnidh a dhéanamh d’aon ghuth. De réir figiúirí a d’fhoilsigh Brigid Laffan anuraidh, níor caitheadh vóta i 75% de chásanna gurbh fhéidir vóta a chaitheamh idir 1994-2004. As na cásanna ar caitheadh vóta, níor chuir Éire vóta i gcoinne ach i seacht gcás. Seo thar thréimhse de dheich mbliana. Agus is cóir cuimhneamh go ndeir oifigigh na tíre seo a oibríonn sa Bhruiséil go bhfuil an caipiteal polaitiúil agus an taidhleoireacht chumasach i bhfad níos tábhachtaí na meáchan na vótaí.

Cumhacht na dTíortha Móra

Is fíor go bhfuil na tíortha móra níos cumhachtaí i bhforais an Aontais, ach ní mór an t-iontas go bhfuil. Murach an tAontas Eorpach, bheadh cumhacht na dtíortha seo – an Ghearmáin, an Fhrainc, an Ríocht Aontaitheá imirt orainn ar chaoi ar bith. Ach ní bheadh aon ghuth againn sna socraithe a dhéanfaidís.

Cé go bhfuil an Conradh casta agus deacair a léamh, cuireann sé síos go cruinn don chéad uair ar fheidhmiú an Aontais agus ar na hinniúlachtaí a bheidh aige. Déanann sé leasú suntasach ar ghníomhú eachtrannach an aontais – trí Uachtarán lán aimseartha a cheapadh don Chomhairle agus Ard-Ionadaí a cheapadh do Ghnóthaí Eachtracha.

Ghlac sé deich mbliana an socrú mór a fháil idir na seacht stát is fiche agus is iomaí chomhghéilleadh gránna atá ann. Baineann an comhghéilleadh is deireanaí leis na barántais a tugadh don tír seo. Níl áilleacht ag baint leis an chonradh agus ba bhreá le gach tír píosaí a athrú, ach tá a bhunbhrí simplí go leor: cuirfidh sé feabhas suntasach ar fheidhmiú an Aontais agus is ar leas na tíre seo atá sé dá bharr sin.

Sa lá inniu, ní foláir na ceisteanna móra a shocrú ar bhun domhanda. Cuir i gcás, ceisteanna ar an sceimhlitheoireacht, ar an fhuinneamh, ar ghalair, ar an aeráid, ar an imirce, agus ar ndóigh ceisteanna geilleagair. Tá ré eile na gcumhachtaí móra buailte linn agus socróidh na cumhachtaí sin na ceisteanna móra eatarthu féin. Beidh an tSín, an India, agus na Stát Aontaithe i measc na gcumhachtaí seo. Ní bheidh an tAontas Eorpach ina measc mura n-éiríonn leis na ballstáit cur ar chumas an Aontais gníomhú go héifeachtach ar leibhéal idirnáisiúnta.

Léirigh an ghéarchéim gheilleagrach dhomhanda cé chomh dlúth is atá na naisc airgeadais idir tíortha an domhain. Tá na tíortha ar fad spleách ar a chéile faoi láthair. Ní féidir le haon tír, fiú amháin na Stáit Aontaithe, a bheith go hiomlán neamhspleách. I gcás tíortha beaga, níl sa neamhspleáchas ach brionglóidí.

Thit an tóin as an chóras idirnáisiúnta airgeadais agus bhuail suaitheadh uafásach na geilleagair mhóra dhomhanda. Scaip an galar eacnamaíoch ina loscadh sléibhe ar fud an domhain mhóir. Níor tháinig an tír seo slán, faraor géar. Cén chaoi a dtiocfadh nó tá Éire ar cheann de na tíortha is mó atá ceangailte leis (agus ag brath ar) an ghréasán idirnáisiúnta gheilleagair.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.