AR NA SAOLTA SEO
Glór na nGael
Tony Birtill Tony Birtill Tony Birtill

Níorbh aon ribín réidh é aitheantas a fháil don Ghaeilg i gcóras oideachais Shasana. Tá a fhios ag Tony Birtill gur tháinig sé, ach níl ann ach tús oibre a deir sé.

Íomhá
Glór na nGael, Conradh na Gaeilge agus Muintir na Breataine
Íomhá
Tionól Choláiste na nGael ag Cressing Temple, Essex 2001
Íomhá
Bobby Mc Donagh, Ambasadóir na hÉireann
Íomhá
Tionól anuraidh (féach colaiste-na-ngael.com)

Tá muid ag súil le dul chun cinn i dteagasc na Gaeilge sa Bhreatain tar éis cruinniú suntasach a d’eagraigh Glór na nGael i mBaile Átha Cliath i Meán Fómhair. (http://www.glornangael.ie/)

Bhí mé féin ann, ó Chonradh na Gaeilge i Learpholl, áit a bhfuil bunrang, meánrang agus naíonra againn. Bhí Conraitheoirí eile as Glaschú agus as Manchain ann fosta, chomh maith le baill den Manchester Irish Language Group, an Coventry Irish Society agus as Coláiste na nGael, atá lonnaithe in Essex agus Londain. (Féach http://www.milg.org.uk/ ; http://www.coventryirishsociety.co.uk/index.php ; www.colaiste-na-ngael.com)

clú ar Ghlór na nGael in Éirinn mar chomórtas pobail a thugann aitheantas as obair dheonach na Gaeilge a chur chun cinn. Cuireadh tús leis an ghné idirnáisiúnta den chomórtas, Global Gaeilge, sa bhliain 2005 agus fuair an Machester Irish Language Group an dara duais ann i mbliana.

"Leagann Glór na nGael tábhacht nach beag ar chomhoibriú agus ar phleanáil," a dúirt Marcas Mac Ruairí ón eagraíocht linn. Agus sin rud nach raibh againn sa Bhreatain le fada . Cé go bhfuil grúpaí ar fud na tíre ag múineadh na Gaeilge, ní bhíonn mórán teagmhála againn lena chéile. Cé go bhfuil an sprioc chéanna againn - an Ghaeilge a chur chun cinn- níl aon straitéis náisiúnta againn, sa chóras oideachais, cuir i gcás. Ba chóir go mbeadh muid ag comhoibriú le lucht Ghaeilge na hAlban agus le muintir na Breatnaise fosta, ach arís, ní tharlaíonn sin ach anois is arís. Déanann gach dream i ngach áit a rogha ruda féin, agus cé gur rud maith é a bheith neamhspleách, ní bheidh aon tionchar againn ar bonn náisiúnta muna n-oibríonn muid le chéile. Chuala mé an seanfhocal "Ní neart go chuir le chéile" níos mó ná uair amháin i rith an chruinnithe.

Obair Choláiste na nGael

Caithfidh mé a rá go bhfuil sárobair déanta ag Coláiste na nGael le roinnt blianta anuas. Bunaíodh an eagraíocht seo sa bhliain 2000 agus eagraíonn siad coláistí deireadh seachtaine sa Bhreatain agus thar lear.

Bíonn ceardlanna agus seimineáir oiliúna ann ag deireadh na seachtaine scaití agus tugann sin deis do dhaoine as áiteanna éagsúla líonrú a dhéanamh. Ach ní scáthghrúpa é.

Rinne Cáit Thompson, as Carna, Co. na Gaillimhe, sárobair fosta 20 bliana ó shin nuair a bhí sí ina rúnaí de fhochoiste na Gaeilge den British Association for Irish Studies agus í ina cónaí i gCoventry, Sasana, ach tá sí scortha le blianta.

Mar sin, le roinnt blianta, tá muid ag treabhadh ár n-iomaire féin. Agus, os rud é go bhfuil muid scaipthe ar fud na tíre, agus ag obair ar rudaí eile go minic, chomh maith le múineadh na Gaeilge, ní bhionn am nó deis againn teacht le chéile. Agus tá gluaiseacht na Gaeilge sa tír seo lag dá bhrí sin.

Bhí seisiún againn ag an chruinniú i mBaile Átha Cliath den teideal: "Plé ar chumarsáid agus ar nascanna idir grúpaí," agus is é an rud a shocraigh muid, cruinniú a eagrú sa Bhreatain chomh luath agus is féidir.

An Ghaeilg i gCóras Oideachais Shasana

Ceann de na rudaí a bheidh ar an chlár, an Ghaeilge ar an Churaclam Náisiúnta. D’inis Dónall Ó Céilleachair, ó Coláiste na nGael i Londain, go ndearna siad taighde in Ardscoil Sheffield in Essex a léirigh go mbeadh suim ag daltaí an scrúdú GCSE a dhéanamh sa Ghaeilge, dá mbeadh an rogha acu. Roghnaíodh an scoil de bharr go raibh cúlra eitneach na ndaltaí mar an gcéanna leis an meán i Sasana. 100 dalta, atá ar tí teanga a roghnú don GCSE (macasamhail an Teastais Shoiséaraigh) a ghlac páirt sa staidéar. Dúirt Dónall go mbeidh siad ag iarraidh ar na húdaráis i Sasana suirbhé níos cuimsithí a dhéanamh chun an t-éileamh atá ar an Ghaeilge go náisiúnta a mheas.

Thaispeáin Marcas Mac Ruairí leathanach dúinn ó thuairisc a thug Rialtas An Ríocht Aontaithe do Choiste na hEorpa ar an dóigh a bhfuil siad ag cur an Chairt Eorpach do Theangacha Réigiúnacha, nó Mionlaigh, i bhfeidhm (25.9.09): Article 8, paragraph 2Irish language is included in the National Curriculum in England. Irish is available as an optional GCSE subject and Irish exams are available to be taken at GCSE and A level. Irish is also available at university level in the UK."

Bhí feachtas againn ar an cheist seo i 1990 nuair a d’fhoilsigh an rialtas Coimeádach liosta de na teangacha a bheadh le fáil do dhaltaí scoile i Sasana. Ní raibh an Ghaeilge ann. Rinne muid gearán oifigiúil faoi seo agus bhí rún againn ar an chlár ag Ard Fheis Conradh na Gaeilge i 1991, a dúirt "... Mar sin, iarraimid ar an rialtas brú a chur ar Rialtas Westminster (tríd an gComhdhail Idir-Rialtasach, cuir i gcás) chun cothrom na Féinne a fháil don Ghaeilge."

San atmaisféar frith-Éireannach a bhí ann ag an am sin, níor éist Rialtas Westminster linn. Cé go raibh na scrúduithe GCSE agus Ardleibhéal le fáil tríd an Northern Ireland Exam Board, b’éigean do dhaltaí i Sasana dul go dtí ranganna oíche, tar éis scoile, chun iad a dhéanamh.

Thug Ambasáid na hÉireann i Londain tacaíocht don feachtas a bhí againn agus d’ioc siad as scéim píolótach i dtrí cinn de scoileanna i Londain le Gaeilge a theagasc. Dála an suirbhé thuasluaite in Ardscoil Shenfield, fuair siad amach go raibh éileamh mór ar an Ghaeilge.

An tAire David Blunkett

Dúirt David Blunkett, an t-Aire Oideachas nua i Rialtas Tony Blair go ndeachaigh an scéim seo i bhfeidhm air agus i 1998 d’fhógair sé go mbeadh an Ghaeilge ar an Churaclam Náisiúnta nua. (http://en.wikipedia.org/wiki/David_Blunkett)

Ach an raibh a bheart de réir a bhriathair? Nuair a chuir mé scairt ar Roinn Oideachas inniu (14.9.09) dúirt urlabhraí liom : "The Irish language is not on the English National Curriculum. We have no jurisdiction over Scotland, Wales and Northern Ireland. It is possible to take Gaelic at GCSE, but that is an option. It is certainly not part of the English National Curriculum."

Nuair a d’inis mé dó faoin ráiteas a rinne David Blunkett faoin Ghaeilge i 1998, dúirt sé liom go raibh sé ag obair ag an Roinn faoin am sin agus..."It has never been part of the English National Curriculum."

Mar sin, is féidir le daltaí scoile GCSE Gaeilge a dhéanamh tríd an CCEA i mBéal Feirste (an t-ainm atá ar an Northern Ireland Exam Board anois- www.ccea.org.uk) nó an ‘Entry Level Certificate ' a dhéanamh tríd an OCR i gCambridge (www.ocr.org.uk) ach an bhfuil eolas ag mórán daltaí faoi seo, agus an bhfuil múinteoirí ann?

Nuair a chuir mé ceist ar an JCQ (an scátheagraiocht don choisti scrúdaithe- www.jcq.org.uk) dúirt siad liom go ndearna 2,163 daltaí sna Sé Contae Gaeilge mar scrúdú GCSE i 2009, agus beirt i Sasana (buachaill amháin agus cailín amháin)

Mar a dúirt The Irish Post (14.9.1998): " The embassy points out that all its efforts have to date have gone into getting Irish recognised on the National Curriculum. Nobody has yet considered the logistics of where Irish will be taught, where qualified teachers will come from or who will pay for their tuition."

11 bliana ina dhiaidh sin, agus níl muid ach ag cur tús leis an obair seo.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.