AR NA SAOLTA SEO
Í Cholm Cille
Donncha Ó hÉallaithe Donncha Ó hÉallaithe Donncha Ó hÉallaithe

Fuair Donncha Ó hÉallaithe an deis tamaillín gearr a chaitheamh ar Oileán Í an mhí seo caite, an t-oileán ar chósta thiar na hAlban, inar a bhunaigh Colm Cille a mhainistir beagnach 1,500 bliain ó shin. Chuaigh an áit i bhfeidhm go mór air.

Íomhá
Cuan Cholaim Chille (Dr. Torsten Henning a tharraing)
Íomhá
Betha Cholaim Cille sa lámhscríbhinn A 19, f. 3r. Brian Mac Niallghuis, floruit 1607, Gleann Cholm Cille an scríobhaí.
Íomhá
Crois Naomh Mhartain
Íomhá
Í Cholaim Chille (Dr. Torsten Henning a tharraing)

Chuala mé an oss" title="corncrake">traonach don chéad uair i mbliana ar Í Cholm Cille, an t-oileán beag ar chósta thiar na hAlban ar a dtugtar ‘Iona’ de ghnáth. Ó read">léigh mé scéal faoi dheoraíocht Cholm Cille agus mé ar an mbunscoil i gCluain Meala fadó, bhí sé ina rún daingean agam riamh ó shin cuairt a thabhairt ar an oileán beag Albanach, inar bhunaigh Colm Cille a mhainistir sa bhliain 563, tar éis dó slán a fhágáil le Éirinn. Tá trácht air faoin mbliain sin in Annála Inis Fáithleann: Colum Cille i n-ailithre. Prima nox eius i n-Albain in Pentecostén. (http://www.ucc.ie/celt/published/G100004/index.html)Fuair mé an deis gabháil isteach ar an oileán i mbliana.

Ar bhád seoil a bhíos ag taisteal le ceathrar compánach, ag dul ó oileán go hoileán ar imeallbhoird Atlantach na hAlban, nuair a chuamar ar ancaire amach ó Oileán Í. Oileán beag atá ann, thart ar an achar céanna le hInis Meáin nó Inis Oírr i gCuan na Gaillimhe. Tá sé thart ar mhíle amháin i bhfarraige amach ó Eilean Muile nó Mull, mar a thugtar air i mBéarla. Tá mé ag déanamh amach go bhfuil sé thart ar thri scór míle ó thuaidh de chósta Aontroma.

Cé gur oileán sceirdiúil é, gan aon chrann arbh fhiú crann a thabhairt air le feiceáil ann, tá talamh maith féarach ann agus tá neart garrantaí curtha le glasraí de gach cineál ar an taobh foscúil den oileán. Tá garraí breá curtha ag an mbunscoil, ina bhfuil gach cineál glasra ag fás. Agus muid ag siúl thart ar an oileán, moch ar maidin, bhí suaimhneas iontach san aer. Tá buanchónaí ar thart ar 125 duine ar an oileán ach tagann go leor ar cuairt ann leis an suaimhneas agus leis an spioradáltacht a bhlaiseadh. Fágann bád farantóireachta Fionnphort ar Oileán Muile gach 30 nóiméad le cuairteoirí a thabhairt isteach ar Oileán Í, ach amháin ar an Domhnach. Ní chosnaíonn an turas fillte ach €5.

Oilithreacht Cholm

De réir na staire, bronnadh an t-oileán ar Cholm Cille nuair a bheartaigh sé dul ar deoraíocht tar éis cath fuilteach Chúil Dreimhne (sa bhliain 561), ar bhraith sé féin ciontach as, i mbealach nach dtuigim, ach tugadh breith air:

Mona beith briathra MolaisiGun crois os Áth Iomlaise, Nochon fhuicfindse re mo lindSaethgalar a nÉirind. (Betha Colaim Chille, DIAS)

Ba é a chol ochtair, Conall a bhí ina rí ar Dhál Riata ag an am agus ceannas dá réir aige ar thailte in Albain agus in Aontroim ar an dá thaobh de Shruth na Maoile.

Nuair a leagas mo chos ar Oileán Í, bhraitheas macalla ár sinsir timpeall orm. Ceaptar gur ann a scríobhadh Leabhar Cheanannais agus gur thug na manaigh leo é ar ais go Ceanannas Mór agus iad ag teitheadh roimh na Lochlannaigh. Ní hamháin sin ach táid ann a chreideann gurb iad na manaigh as Éirinn a chuir tús le scríobh an tSacsbhéarla, ag úsáid an taithí a bhí acu cheana féin ar an nGaeilge a scríobh. Tugtar an chreidiúint do Cholm Cille agus don 12 manach a bhunaigh an mainistir ar Í in éindí leis, as leathnú na Críostaíochta i measc na gCruithean agus tugtar ómós dá réir ar fud na hAlban do ‘Cholumba’, an bunainm Laidine a thugtar in Albain ar Cholm Cille sin againne.

Níl aon iarsma ar an oileán den chéad mhainistir a bunaíodh ach is cinnte go bhfuil rian na nGael ar na logainmneacha atá i nglan Ghaeilge ar léarscáil oifigiúil an oileáin: Baile Mór, Stac Liath, Tráigh Mhór, Carraig an Daimh, Rubha na Carraig –géire, Eilean na hAon Chaorach agus Carn Cúl ri Éirinn. Tá corrcheann díobh sin luaite sa naomhsheanchas.

An Nasc Scaoilte

Seasann Crois Mhartain, atá gearrtha amach as cloch sa stíl Éireannach, mar a bheadh nasc leis na manaigh a thréig an oileáin i lár an naoú aois, de dheasca ionsaí na Lochlannach ar an oileán. Tógadh mainistir as an nua thart ar an bhliain 1200, ar shuíomh na mainistreach a tréigeadh. Tá caoi bhreá curtha air, agus usáidtear é le haghaidh na seirbhísí eaglasta a reachtáiltear ann go laethúil. Freastalaítear sa mhainistir ar chuairteoirí ar mian leo seachtain shuaimhneach a chaitheamh ann i mbun urnaí agus machnaimh.

Oileán protastúntach is ea Í Cholm Cille ón uair a scar formhór na gCríostaithe in Albain leis an Róimh agus ní hiontas ar bith go gcuirtear béim ar an mBíobla ar an oileán. Taobh istigh de dhoras na heaglaise ar Oileán Í, tá cóipeanna den Bíobla curtha ar fáil in go leor leor teangacha don té ar mhian leis an Bíobla a léamh ina theanga dhúchais. Chomhairíos 30 teanga éagsúil ar an seastán: Hindis, Bengailis, Arabais, Sínis, Eabhrais, Kiswahili ina measc. Bhí sé le fáil i Chichewa, teanga nár chuala mé trácht uirthi riamh. Bhí sé le fáil i mBreatnais agus ar ndóigh i nGaidhlig na hAlban agus sa Chornais fiú amháin, teanga atá caillte le dhá chéad bhliain ar a laghad,. Ach ní raibh aon chóip den Bhíobla ar fáil i nGaeilge na hÉireann, ar chúis éicint, th’éis a raibh de cheangail idir Oileán Í agus oileán na hÉireann. Nach bhfuil sé thar am an scéal sin a chur ina cheart?

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.