AR NA SAOLTA SEO
Plean Teanga eile le Dingeadh faoin Deannach?
Breandán Delap Breandán Delap Breandán Delap

Caitheann Breandán Delap a shúil ar na ciallachais atá i dTuarascáil An Bord Snip Nua don Ghaeltacht agus do lucht labhartha na Gaeilge.

Íomhá
Coiste an Choimisiúin, 50 bl. ó shin
Íomhá
Ar Díol! Leabhar Cheanannais
Íomhá
Ar Díol! Seanmhainistir Chluain Mhic Nóis
Íomhá
Drochthuar do dheontais na bhfoghlaimeoirí, b'fhéidir

Seo mar a bhí beartaithe:

2009 Annus mirabilis na Gaeilge: Foilsíonn an Rialtas a straitéis 20 bliain don teanga agus a phlean tarrthála don Ghaeltacht. Plean oibre cuimsitheach é a leagan síos cur chuige do chur chun cinn na Gaeilge sa scór bliain atá le teacht mar aon le beartais lena chinntiú go mairfidh an Ghaeilge mar theanga bheo pobail sa Ghaeltacht. Cuireann na heagrais Ghaeilge fearadh na fáilte roimhe agus iad ag maíomh go bhfuil sé ar cheann de na gníomhartha is tábhachtaí do thodhchaí na teanga ó bunaíodh an Stát. Is é seo buaicphointe an Aire Uí Chuív ina thréimhse 12 bliana ag stiúradh Roinn na Gaeltachta agus maítear go caithréimeach go bhfuil sé mar aidhm ag an straitéis go mbeadh 250,000 duine ag labhairt na Gaeilge go laethúil faoi cheann 20 bliain agus go mbeidh líon na gcainteoirí laethúla Gaeilge 350% níos airde ná mar atá faoi láthair. Bainfear an sprioc seo amach trí rogha leathan de bheartais stuama, comhtháite.

Ach seo atá molta:

2009 Annus horribilis na Gaeilge: Deireadh le Roinn rialtais faoi leith do chúrsaí Gaeltachta agus gearradh 196 ball dá fhoireann; Údarás na Gaeltachta le briseadh ina ghiotaí agus a chúraimí le scaipeadh soir siar; deireadh le ceann de na tionscail is dúchasaí agus is rathúla sa Ghaeltacht, is é sin, na Coláistí Samhraidh; gan aon ionadaíocht faoi leith ag an Ghaeltacht nó ag an Ghaeilge ag bord an Rialtais; deireadh le Scéim Labhairt na Gaeilge agus leis an Scéim Tithíochta Gaeltachta; deireadh leis an eagraíocht a bhí ag dul i ngleic le riachtanais Ghaelscoileanna agus scoileanna Gaeltachta.

Is faoin Rialtas atá sé cinneadh a ghlacadh cé acu den dá radharc seo a fheicimid. Óir níl spriocanna uaillmhianacha an Rialtais i leith na straitéise teanga ag teacht ná i dtiúin a bheag ná a mhór le tuairim An Bord Snip Nua nár cheart go mbeadh an Ghaeilge ró-ard in ord na bpriarachtaí feasta.

Maíonn údair na tuarascála nach bhfuil tionscnaimh éagsúla teanga ar an chloch is mó ar an phaidrín faoi láthair, nó "a relatively lower priority in terms of the existing pressures on the public finances” mar a deirtear ann. D’aon scríob amháin, tá molta ag an abairt seo na blianta de chleachtais fhadbhunaithe Gaeltachta mar aon le struchtúr riaradh na Gaeilge a chaitheamh i dtraipisí. Ní raibh a thuilleadh siar ná aniar ar údair an tuarascála sular bheachtaigh siad an sceanairt a bhí ar intinn acu. Teicníc teasc is atá molta ag an Uasal McCarthy agus a chomhleacaithe i leith na teanga.

Ní léir go hiomlán fós an tionchar a bheadh ag feidhmiú mholtaí na tuarascála ar shaol na craoltóireachta Gaeilge, ceann de na gnéithe is mó costas maidir le tacaíocht an stáit don teanga, lasmuigh den chóras oideachais. D’ainneoin tuairiscí áirithe, níl ciorrú molta ar an tacaíocht do TG4. Is amhlaidh go laghdófaí a n-íocaíocht díreach ón Státchiste ach d’ardófaí dá réir an teacht isteach ón cheadúnas teilifíse. RTÉ a bheadh thíos leis seo agus níl aon chinnteacht ann nach dtitfeadh a sciar féin de chiorrú den chineál sin ar RTÉ Raidió na Gaeltachta agus ar Nuacht TG4 atá maoinithe as ioncam an cheadúnais.

Imeacht an Aire

Ach is liosta le háireamh iad na réimsí Gaeilge agus Gaeltachta atá molta don tua. Is cinnte go bhfuil an moladh deireadh iomlán a chur leis an Roinn ar a raibh príomhfhreagracht don teanga, agus díbirt an Aire ó bhord an Rialtais ina chomhartha soiléir ar threo na smaointeoireachta agus ar thosaíochtaí údair na tuarascála i leith na Gaeilge. Is cosúil gur beag scéim Gaeltachta arbh fhiú a choinneáil agus go hindíreach tá cibé aitheantas a bhí ag an Ghaeltacht mar cheantar sonrach le stádas ar leith, le cur ar ceal nach mór, d’aon ráib amháin.

Bímís buíoch nach bhfuil Leabhar CeanannaisDealg na Teamhrach curtha ar ceant ag údair na tuarascála seo mar is beag luach atá curtha acu ar chúrsaí cultúrtha, agus an teanga ach go háirithe. Beidh ar na heagrais Ghaeilge a n-áit a ghlacadh sa scuaine de bhrúghrúpaí a bheas ag tarraingt ar thithe an rialtais i rith an tsamhraidh le stocaireacht a dhéanamh le nach dtitfidh an tua ar a mbile áirithe siúd. Ach coscann cruatan féile agus is baolach gur beag cluas éisteachta a thabharfar dóibh.

Níl aon amhras ach go gcaithfidh lucht na Gaeilge a sciar féin d’ualach na gciorruithe a iompar. Níl aon éalú ón chruachás ina bhfuil an tír faraor. Beidh orthu a bheith straitéiseach agus réadúil faoin mhéid atáthar ag iarrraidh a chosaint ó mholtaí Thuarascáil McCarthy. B’fhéidir go bhfuil sé níos tábhachtaí a chinntiú anois, cuir i gcás, go mbeadh cúram na Gaeltachta agus na Gaeilge mar chuid d’Aireacht eile - An Roinn Oideachais, Eolaíochta agus Gaeltachta b’fhéidir, cé go bhfuil go leor ann a chreideann gur buille tubaisteach eile a bheadh ann cúrsaí na teanga a chur faoi scáth Roinne a meastar nár léirigh ach doicheall don teanga le blianta fada. Chinnteofaí glór na teanga ag bord na Comhaireachta ar a laghad. Is mó an seans atá ar sin ná a bheith ag iarraidh a chinntiú nach bhfaighfí réidh leis an Aireacht in aon chor. Óir is beag seans ag an tráth seo go dtabharfaidh Roinn na Gaeltachta na cosa léi mar roinn iomlán rialtais ón scláradh a tharlós de thoradh na tuarascála. Tá cuid den fhreasúra go fiú ag tacú leis an mholadh, agus é ráite ag Éamon Gilmore, gur cheart go mbeadh cúram na Gaeltachta faoi ascaill Roinn an Taoisigh feasta.

Athruithe i mBonneagar an Údaráis?

Is léir fosta go bhfuil glacadh i bprionsabal ag an phobal leis an mholadh gur cheart go mbeadh na heagrais fhiontraíochta agus fhostaíochta éagsúla ag feidhmiú faoin díon céanna. Chiallódh sé seo go n-aistreofaí cúram chruthú fostaíochta Údarás na Gaeltachta go móreagraíocht amháin a bheas faoi scáth Enterprise Ireland. Bhéarfadh sé seo an deis don Aire Ó Cuív, más ann dó fós mar Aire, na hathruithe a bhí á lua aige do bhonneagar an Údaráis a chur i gcrích. Tá leide tugtha aige le dornán míonna anuas gur mhaith leis go mbeidís ag feidhmiú ar bhonn náisiúnta mar Údarás na Gaeilge feasta agus go nglacfaidís go leor d’obair Fhoras na Gaeilge orthu féin sa dóigh is nach mbeadh feidhm ag an Fhoras ach ar imeachtaí trasteorainn. Dá dtarlódh sin, ar ndóigh, ní thiocfadh leanstan ag toghadh seachtar déag ball as bord de scór don Údarás fé mar atá faoi láthair, ó tharla nach mbeadh sa ghné Gaeltachta ach sciar beag de chúram na heagraíochta feasta. Agus ar ndóigh bheadh foinse airgeadais le haimsiú as áit éigin do bhunú Údarás na Gaeilge!

Tubaiste don teanga a bheas i go leor dá bhfuil molta i dTuarascáil An Bord Snip Nua dá gcuirfí i bhfeidhm é. Is beag deor a shilfear sa Roinn Oideachais, fágaim, má chuirtear deireadh leis an Chomhairle um Oideachais Gaeltachta agus Gaelscolaíochta (COGG) mar atá molta – teist mhaith ar a gcuid éachtaí oibre mar dhream a shnámh go minic in aghaidh na Roinne céanna. Shaothraigh foireann bheag, fhuinniúil na heagraíochta seo go tréan is go dúthrachtach, le barr feabhais a chur ar oideachas Gaeltachta agus Gaeilge agus is mór an chaill don teanga a bheas ina n-imeacht.

An Deontas Galltachta

Ba mheasa i bhfad, áfach, an tionchar a bheadh ag an mholadh go gcuirfí deireadh le Scéim na bhFoghlaimeoirí Gaeilge, is é sin an scéim ina n-íoctar mná tí Gaeltachta as scoláirí a choinneáil i rith an tsamhraidh. Cuirtear an scéim seo i láthair de ghnáth mar scéim a thugainn ‘deontais’ do dhaoine sa Ghaeltacht; a mhalairt ar fad a dhéanann sé. Is do thuismitheoirí lasmuigh den Ghaeltacht an deontas i bhfírinne mar gurb iadsan agus a bpáistí a fhaigheann an bhuntáiste airgeadais as cuid den chostas a bheadh ar a dtréimhse sa Ghaeltacht a bheith á íoc ag an stát. Níl á fháil ag na mná tí ach íocaíocht chothrom ar obair chrua.

Ní thig a shéanadh go dtitfeadh an tóin as an tionscal seo d’uireasa na scéime, tionscal a raibh buntáiste dúbailte leis - teacht isteach maith a thabhairt do na glúnta de theaghlaigh Ghaeltachta mar aon le tuiscint a thabhairt do dhaltaí na Galltachta ar an Ghaeilge i ngnáthláthair a labhartha. Ní chreidim gur thuig údair na tuarascála gurb í seo an scéim a bheadh á scrios acu nuair a mhol siad deireadh a chur le Scéim na bhFoghlaimeoirí Gaeilge. Ar an bhonn sin, creidim gur féidir a thuar le cinnteacht éigin go mbeidh an moladh seo ar an chéad cheann a dhiúltóidh an Rialtas dó a luaithe a thosófar an scagadh ar a bhfuil molta i réimse na teanga.

Ní féidir gach ciorrú atá molta a chosaint ar an dóigh chéanna, áfach. Ba bheag athrú a tháinig ar Scéim Labhairt na Gaeilge (nó Scéim na Deich bPuntaí mar a thugtaí air tráth) ón chéad lá. Scéim í seo ina dtugtar €260 in aghaidh an teaghlaigh Ghaeltachta, ach líofacht Ghaeilge na clainne a chruthú do chigire scoile. Is fada Aire na Gaeltachta, Éamon Ó Cuív, ag maíomh go raibh sé leis an scéim seo a leasú ó bhonn. D’fhógair sé athbhreithniú ach ní dhearna sé beart de réir briathar, rud a fhágann go bhfuil blas na déirce ar an scéim anois. Nó is beag bá atá ag pobal na hÉireann do shíneadh láimhe de chineál ar bith agus sinn in umar na haimiléise.

Gach Gort le Cartadh nó le Carthú!

Is ionann an cás do na scéimeanna tithíochta Gaeltachta. Déanadh leasú thar na blianta ar a mhacasamhail de chuidiú a bhíodh ar fáil ó Ranna Rialtais eile maidir le tithe a thógáil nó a chóiriú agus níor cheart go gcuirfeadh sé iontas orainn anois má ghlactar cinneadh deireadh a chur leis go huile is go hiomlán. Aon scéim nár leasaíodh nó nár choinnigh i dtiúin leis an saol, is deacair í a chosaint san aeráid reatha. Nuair nach ndearna lucht ceannais na scéimeanna sin a gcuid leasuithe féin as a stuaim féin in imeacht na mblianta fada, d’fhágadar an gort ag an Uasal McCarty agus a chairde.

Lena chois sin, bíodh sé fíor nó bréagach, bhí an scéal amuigh le fada go bhfuil i bhfad barraíocht eagraíochtaí Gaeilge ann. Tá sé ráite i mbrollach Thuarascáil An Bord Snip Nua nár tháinig na forais trasteorainn faoina scáth, rud a d’fhág gur tháinig Foras na Gaeilge agus, dá réir sin, go leor de na heagrais dheonacha slán ó chorrán géar an speallaire. Tá sé ráite sa tuarascáil, áfach, gur tuigeadh do na húdair go raibh próiseas eile ar siúl ag Feidhmeannacht Thuaisceart Éireann agus a gcomhghleacaithe abhus, faoi scáth na Comhairle Aireachta Thuaidh-Theas, le dul i ngleic le caiteachas na n-eagraíochtaí trasteorainn. Tharlódh nach bhfuil i moltaí thuarascáil McCarthy, mar sin, maidir le ciorraithe ar an Ghaeilge ach imleabhar a haon agus go mbeidh orainn fanacht tamall eile go bhfeicfear fíorchuma Annus horribilis 2009 ina hiomláine.

  • Is Clár-Eagarthóir le Nuacht RTÉ/ TG4 é Breandán Delap. Tá cónaí air sa Spidéal, Co na Gaillimhe.
MAIDIR LEIS AN ÚDAR

Is Clár-Eagarthóir le Nuacht RTÉ-TG4 é Breandán Delap. Tá sé ina chónaí sa Spidéal, Co na Gaillimhe.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.