Is mór an gar an leabhar agus an siopa leabhair mar a gcéanna a deir Ciarán Mac Aonghusa linn ina alt ómóis seo don léitheoireacht. Ní léitheoireacht go léamh leabhair, nó ní hionann an focal cló agus an focal scáileáin. Ní sásamh go mothú an chlúdaigh ná ní barr feabhais go boladh an pháir.
Amach ó leabharthaí scoile, is cuimhin liom an chéad leabhar a léigh mé: ‘How it Works: The Rocket’. Nó chun a bheith cruinn, an chéad leabhar ar amharc mé ann.
Leabhar beag faisnéise do pháistí ab ea é. Bhí mé thart ar sé bliana d’aois nuair a fuair mé an leabhairín úd toigh mo mháthar mhór. Sílim gur le huncail liom é, uncail a bhí ceithre bliana déag nó mar sin san am. Is cinnte go raibh an leabhar sin rópháistiúil aigesean faoin am sin, ach bhí an leabhar thart fan teach agus tháinig mé air. B’iontach liom é - bhí grianghraif de chodanna an roicéid ann, agus léaráidí ag cur in iúl an chaoi a gcuirtear na gáis le chéile chun an diúracán a thiomáint. Bhí clúdach crua ar an leabhar, é beagáinín smolchaite, agus cló mór ar gach leathanach. Is cuimhin liom go raibh fuarbholadh uaidh agus go raibh na dathanna á thréigean.
Níl a fhios agam ar chuir mé dúil sna leabhair de thairbhe an leabhar beag sin a fheiceáil, ach is cinnte gur imir sé tionchar mór orm. Ar aon chaoi, bainim aoibhneas as an léitheoireacht ó shin i leith. Is dóigh liom go bhfuil dúil sna leabhair go smior ionam agus go mbraithim féin go bhfuil leabharthaí mar chuid lárnach de mo shaol. Ní fhéadfainn an saol a shamhlú gan iad. Buíochas mór do Dhia, níl aon chuma ar an scéal go gcuirfidh an teicneolaíocht nua deireadh leis an leabhar, faoi mar a chuirfidh sé deireadh leis an nuachtán. Ach mar sin féin, tá an leabhar agus a bhaineann leis - an fhoilsitheoireacht, an mhargaíocht, agus an léitheoireacht féin - ag athrú.
An t-ábhar a bhíodh ar fáil i leabharthaí amháin fadó, is féidir é a fháil ar fhiche bealach leictreonach anois. Tá gach eolas a bhaineann leis an roicéad ar fáil ar wikipedia ar ndóigh! Ach tá cuid mhaith den tseanlitríocht ar an líon freisin, ón Aeinéid le Virgil go filíocht Fhearghail Óig Mhic an Bhaird. Agus anois tá ríomhleabhair ann, .i. leabhair i bhfoirm chomhaid leictreonacha ar féidir iad a léamh ar ghléasanna úra ar nós an "Kindle". Thig leat an leabhar a íosluchtú den idirlíon faoi mar a dhéantar le ceol.
Nílim in aghaidh na teicneolaíochta. Bainim an-úsáid as foinsí idirlín, idir bhlaganna agus shuíomhanna nuachta, agus sílim gur deacair linn a rá cén toradh a bheas ar an chaoi a bhfuil an t-idirlíon ag athrú scaipeadh an eolais ar fud an domhain. Ach is í mo bharúil féin, nach dtig le ríomhleabhar áit an ghnáthleabhair a ghlacadh go sásúil.
Teagmháil an Duine leis an Leabhar
Is rud fisiciúil é leabhar. An té ar spéis leis leabhair, tuigfidh sé go gcuireann tréithe inláimhsithe an leabhair go mór leis an taitneamh a bhaintear as. Nuair a fhaighim leabhar nua, leagaim mo mhéara air agus mothaím é, féacháil an bhfuil sé mín nó garbh, an bhfuil sé tánaí nó ramhar. Osclaím é go fánach anseo is ansiúd ag breathnú ar na leathanaigh is mé ag goideadh réamhfhéachána ar altanna. Scrúdaím an cineál cló atá ann agus an cur chuige atá ar na haltanna. Cuirim faoi mo shrón é lena bholadh a fháil. An bhfuil sé úr nó fuar nó tirim?
An bhfuil boladh na gceimiceán le mothú uaidh nó an bhfuil lorg an adhmaid le mothú uaidh go fóill? Osclaím arís ansin é agus féachaim an clár. Cé mhéad caibidil atá ann? An bhfuil siad gearr nó fada? Léim an réamhrá. Fiú amháin má bhím ag súil lena léamh, fágfaidh mé de leataobh é má bhíonn leabhar eile idir lámha agam.
De bharr gur rud fisiciúil é, tá saol ag an leabhar, agus bíonn stair dá réir ag leabhar. Is annamh a scríobhaim féin ar leabhar ach nuair a fhaighim leabhar áthláimhe cuireann sé ag meabhrú mé má fheicim rud éigin scríofa air, ainm duine nó seoladh, nó nóta beag b’fhéidir. Bhí mé ag cur eagair ar mo stór leabhar cúpla mí ó shin agus tháinig mé ar leabhar réalteolaíochta a bhí agam nuair a bhí mé i mo dhéagóir. Chuir mé an-spéis sna réalta nuair a bhí mé óg. Thosaigh mé ag iompú na nduilleog ann go dtáinig mé ar roinnt nótaí a rinne mé oíche éigin agus mé ag amharc ar na réalta le mo ghloiní páirce. Is cosúil gur éirigh liom gealach de chuid Iúpatair a fheiceáil don chéad uair agus bhí mé iontach sásta leis. Tháinig na cuimhní cinn chugam ina rabharta: múinteoir a spreag i dtreo na réalteolaíochta mé, oícheanta fuara geimhridh ar chúl an tí leis na déshúiligh, turas ar an réadlann in Ard Mhacha, an corrú a bhíodh faoi mo chroí nuair a thagadh fear an phoist le leabhar úr.
An Siopa Leabhair
Ní hionann a bheith ag spléachadh ar Amazon.com agus a bheith ag iniúchadh na seilfeanna i siopa maith leabhair. Nuair nach bhfuil ach leabhair timpeall ort, téann draíocht an fhocail scríofa i bhfeidhm ort. Bíonn a fhios agat i gcúl do chinn go bhfuil an scríbhneoireacht i measc na rudaí is tábhachtaí agus is intliúla a chum an cine daonna. Ar bhealach, seoladh an tsibhialtacht chugainn ar abhainn dhúigh. Mothóidh tú sa tsiopa leabhair go bhfuil eolas ag an duine air féin agus ar an tsaol agus gur féidir linn dul chun cinn, fiú amháin más go mall féin a dhéantar an turas.
Ach tá faitíos orm go bhfuil an leabhar agus an siopa leabhair, mar a bhfuil aithne againn orthu, i mbaol. Tá an siopa leabhair imithe as aithne cheana féin. Tugaim faoi deara gur druideadh roinnt mhaith de na siopaí leabhair is fearr dá raibh againn, mar shampla, siopa Mhic Cionnaith i nGaillimh agus Greens i mBaile Átha Cliath. Is fíor go ndíolann siad seo tríd an idirlíon fós, ach mar a luaigh mé thuas, ní hionann é sin agus an fíórshiopa. Eisceacht is ea siopa Charlie Byrne i nGaillimh anois agus roinnt bheag eile timpeall na tíre. Tá na siopaí móra ag athrú freisin. Le blianta beaga anuas, tá cultúr an iomráiteachais ag cur isteach go mór ar na siopaí leabhair seo. De réir a chéile laghdaíodh ar an spás a thugtar d’aon rud as an ghnáth, cuir i gcás, seanleabhair nó leabhair chlaisaiceacha nó leabhair i nGaeilge. Ina n-áit, ní fheictear ach beathaisnéisí daoine cáiliúla agus leabhair chócaireachta le daoine cáiliúla agus irisí ar an stíl mhaireachtála.
An toradh atá ar sin ná go mbíonn sé deacair tada spéisúil a fháil gan dul i muinín an idirlín. Ní fios cén chuma a bheidh ar an leabhar nó ar an tsiopa leabhair i gceann fiche bliain ach tá glúin ag fás aníos faoi láthair ar nádúrtha leo an teicneolaíocht leictreonach. Is féidir go dtabharfaidh siadsan tosaíocht don ríomhleabhar thar an ghnáthleabhar. Is beag an difríocht a bheas idir siopa leabhair agus siopa nuachtáin feasta. Nuacht ná leabhair ní bheidh ag ceachtar acu: ní bheidh á ndíol acu ach irisí agus milseáin.
Scríofar úrscéalta, beathaisnéisí agus stair san am atá amach romhainn – ach ní bheidh leabhair ar bith le fáil. Beidh na bailiúcháin eolais seo á scaipeadh mar chomhaid leictreonacha. Ní bheidh cruth ná tadhall ná boladh i gceist, agus caillfear, dar liom féin, nasc éigin, ar deacair cur síos air, idir an t-ealaíontóir agus an léitheoir.
Mar a tharlaíonn sé, níl an leabhairín sin faoi na roicéid i mo sheilbh agam fós, ach feicim ón idirlíon gur foilsíodh é sa bhliain 1967 ag Ladybird, agus m’anam, nach bhfuil roinnt cóipeanna le fáil fós ar ebay.com.