Ní thig an bhréag a ligean chun tosaigh ar an fhírinne in aon scéal amháin nó is ag ceilt na córach ar chách a bheas tú. Dar le Robert McMillen, níor scaoileadh amach fírinne scéal dúnmharú Aidan Mc Anespie go sea. Tá sé thar ré a dhéanamh.
Le linn na 1970í, bhíodh ionaid seiceála míleata mar bhalla cosanta thart ar lár Bhéal Feirste agus ar bhailte eile ó thuaidh. Ní nach ionadh. Bhí feachtas fuilteach na mbuamaí cairr faoi lán seoil a fhad is bhí Sealadaigh an IRA ag díriú ar "spriocanna eacnamaíochta" mar dhea - pubanna, siopaí, bancanna, etc. Uair amháin agus saighdiúir do mo chuartú, chuir sé a lámh ar áit phríobháideach de mo chorp, aoibh an gháire air. Fuair mé smitín ó paratrooper uair eile agus mé i mo dhéagóir cionn is go raibh pas Éireannach agam. Fanann an dá eachtra go glinn i mo chuimhne. Is eachtraí beaga bídeacha iad seo taobh leis an ollfhoiréigean a bhí ag dul ar aghaidh ag an am, ach léiríonn siad an chodarsnacht idir dearcadh na nAontachtach ar Arm na Breataine agus dearcadh na Náisiúnach.
Garda cosanta an stáit agus luachanna Protastúnacha a bhí sna saighdiúirí a bhí anseo, dar leis an mhuintir Aontachtach. (Ag am amháin, mí Iúil 1972, bhí 30,300 ball d’Arm na Breataine ó thuaidh - 21,800 i reisimintí Breataineacha agus 8,500 ball den UDR agus 6,000 ball den RUC. B’ionann sin agus ball de na fórsaí slándála do gach 40 sibhialtach). Ábhar faoisimh a bhí i ngach duine acu don status quo. Níorbh amhlaidh é do dhaoine eile. Níorbh amhlaidh é do thuismitheoirí Aidan Mc Anespie. Maraíodh an t-imreoir peil Gaelach agus é ar a bhealach chuig cluiche ar an 21ú Feabhra 1988, gar don ionad seiceála in Áth na Cloiche i gContae Thír Eoghain.
An Bhréag in Áit na Fírinne
Deir an saighdiúir a mharaigh é, Jonathan Holden, gur de thaisme a scaoil sé an t-urchar a scinn den talamh sular mharaigh sé Mc Anespie. Bhí a lámha fliuch agus shleamhnaigh sé ar an truicear. Chinn an RUC gur thaisme a bhí ann, ach tháinig an PSNI féin, i dtuarascáil a d’fhoilsigh an Historical Enquiries Team dá gcuid i mí Dheireadh Fómhair anuraidh, ar a mhalairt de thuairim. Deir sé nárbh fhéidir a leithéid tarlú de thaisme. Bheadh naoi bpunta d’fhórsa de dhíth leis an urchar a scaoileadh agus nach dtarlódh sé sin de thaisme.
"... the likelihood of a British Army’s version of events is so remote that it should be disregarded," a dúirt siad.
Sa timpeallacht sin ina raibh coimhlintí rialta idir aos óg ceanndána na tuaithe agus aos óg ceanndána Arm na Breataine, maíodh gur bhagair saighdiúirí go mion is go minic ar Aidan Mc Anespie go marófaí é. Dúirt saighdiúir amháin go neamhbhalbh le hathair Aidan é. Stoptaí é féin agus baill eile den chlann ar bhonn rialta agus leanadh den chleachtas sin ar feadh na mblianta. Clann Mhic an Easpaig, polaiteoirí náisiúnaíocha, an CLG, an pobal logánta, tá a fhios acu go léir gur dúnmharaíodh Aidan agus tá tacaíocht acu anois ón tSeirbhís Phóilíneachta féin. Ba mhór an faoiseamh a bheadh ag teaghlach an fhir mhairbh dá bhfoilseofaí, chomh maith le sin, an tuairisc a rinne Leas-Choimisinear an Gharda Síochána ag an am, Eugene Crowley, ar bhás Mc Anespie, ach tá An Garda Síochána ag diúltú sin a dhéanamh "le finnéithe a chosaint."
An tAincheart in Áit na Córach
Ainneoin gach fianaise, áfach, níl Aontachtaithe sásta aghaidh a thabhairt ar an fhírinne. Nuair a rinne an Rúnaí Stáit, Shaun Woodward, leithscéal le muintir Mc Anespie, ba ghairid go raibh Nigel Dodds ar an scáileán teilifíse le rá, go ginearálta, nár cheart leithscéal a dhéanamh as iompar na bhfórsaí slándála.
A mhalairt ar fad, a dúirt sé, nó ba cheart moladh agus ómós a thabhairt do "our brave men and women in uniform" a throid in éadan na sceimhlitheoireachta. Ar an drochuair, ní raibh gach duine in éide saighdiúra chomh cróga sin. Cuireadh urchar amháin trí chliabhrach Aidan Mc Anespie agus é ag siúl chuig siopa roimh chluiche peile. Is éagóir ar chách neamhaird a dhéanamh ar aon éagóir amháin.