AR NA SAOLTA SEO/AN tSÚIL NIMHE LE BALOR
An tSúil Nimhe
Balor Balor Balor

Bhí eagarthóir Beo Ar Éigean ar barr creatha le gairid mar gur chuir mé féin, mise Balor Béimeann, faoi Agallamh é. Cad é faoi dheontais, cad é faoi Dhia agus cad é faoi dhíomhaointeas? An raibh freagra aige, dhá fhreagra nó trí fhreagra aige? Ní raibh aige ach lúbadh, líofacht an tslímeadóra agus gan luí ar aon leaba an dara oíche!

Íomhá
Seosamh Mac Slua Muirí
Íomhá
Siobhán Ní Theilinn
Íomhá
Uaigh BEO AR ÉIGEAN réidh le gearradh

Ar chostas an-ard a d’éirigh liom é a dhéanamh, a léitheoirí dílse, agus ar mhórán dua, ach faoi dheireadh d’áitigh mé ar eagarthóir Beo Ar Éigean!, Seosamh Mac Slua Muirí, dul faoi agallamh. Mhaígh sé nár mhó ná sásta a bhí sé leis an bhunsmaoineamh, nó nach raibh sé i dtaithí ar cheisteanna a bheith curtha air le súil is go bhfreagródh sé iad; ach ghéill sé sa deireadh. Seo daoibh anois, más ea, smaointe doimhne, duairce, domhaiseacha eagarthóir na liarlóige leimhe leibidí seo:

Balor: Den chéad uair riamh tá an deis agam agallamh a chur ar eagarthóir Beo Ar Éigean!, ach fós tá mé cinnte nach gcuirfidh tú an sliocht seo ar bharr an leathanaigh bhaile. Thabharfainn an leabhar go gcuirfidh tú fós in áit na leathphingine mé, thíos ag bun an leathanaigh.

Eagarthóir: Tá an ceart ar fad agat, a Bhaloir na mBéimeann, nó is tusa atá mar chrann taca ag Beo! agus fanfaidh tú ag bun an leathanaigh mar is dual do thaca teann, bail ó Dhia ort mar laoch de chuid litríocht na hÉireann agus mar thaca ag Beo!

Balor: Cén dia é sin a bhfuil tú ag guí a bhaile orm? Tá súil agam gur Crom Dubh atá i gceist agat. Níor mhaith liom bail ó dhia ar bith eile. Ach ar scor ar bith, cá háit a bhfuair tú an Ghaeilge aisteach sin atá agat? Tá an chuma uirthi go bhfuil leath de na focail agus na leaganacha cainte cumtha agat féin.

Eagarthóir: Ní fíor sin, a Bhaloir Bhrais Bhríomhair, bail ó Dhia ort mar chioclóp saonta somheallta. Is mé an cainteoir dúchais deireanach de chainteoirí caoine ceannasacha Liatroma, bail ó Dhia orm mar ghaiscíoch gasta groí, sa chiall is cultúrtha de na focail sin, agus bail ó Dhia ar shluaite na marbh a d’imigh romham agus iad ag spalpadh Ghaeilge bhinn bhlasta Liatroma agus iad ar a ndé dheiridh agus an bás ag bagairt orthu, bail ó Dhia ar an bhás.

Balor: Inis dúinn, a eagarthóir, cad é mar a fuair tú an post seo. Tá barúil agam nár leor Gaeilge lofa (ooooops! Gabh mo leithscéal: Gaeilge líofa) Liatroma fá choinne an phoist. Tá a fhios agam go raibh trí scór go leith duine eile istigh ar an jab, ardchéimeanna sa Ghaeilge ag chuile dhuine acu, agus taithí na mblianta acu mar eagarthóirí ar nuachtáin cháiliúla náisiúnta nó ar chláracha faisnéise raidió agus teilifíse. Cad é bhí agatsa nach raibh acu sin?

Eagarthóir: Cairdeas, a Bhaloir bhlonagaigh, bhiataigh; cairdeas agus clisteacht, bail ó Dhia orthu mar thréithe fiúntacha. Is duine iontach cairdiúil mé, mar is eol duit féin, agus mar is eol do gach duine a bhíonn ag scríobh go rialta do Beo!, bail ó Dhia orthu mar scríbhneoirí dílse nach loiceann riamh orm, agus a chuireann isteach a gcuid alt in am agus is ord, agus nach n-úsáideann focail mhóra chasta ionas nach gá dom a sheiceáil i WinGléacht nó i Focal.ie. Nuair a chonaic mé post an eagarthóra fógartha in The Sunday Times agus in The Washington Post, chinn mé ar chairdeas a chothú leis na daoine a mbeadh tionchar acu ar cé a gheobhadh an post, bail ó Dhia orthu mar dhaoine maithe córa.

Balor: An iad Leamh Ó Cuinneagáin agus Siobhán Ní Theilinn atá i gceist agat, a eagarthóir?

Eagarthóir: Ní hiad ar chor ar bith, bail ó Dhia orthu mar shaothraithe cíocracha ar son na Gaeilge agus ar son Beo! Ach ní hiad siúd a bhfuil an tionchar acu, agus an chumhacht agus an t-údarás – cé go bhfuil an tÚdarás eile ag Leamh Ó Cuinneagáin ina phóca tóna, bail ó Dhia air mar phóca fairsing domhain. Ach is iad na maithe agus na móruaisle atá i gceist agamsa ná an tAire Ó Caoimhnis agus an tAire Ní Chlochráin. Cluinim daoine ag gearán agus ag casaoid agus ag soifniú faoi Aire na Gaeltachta agus ag rá nach fada eile a bheidh sé ann, ach mar a déarfadh sé féin: “Ara, is breá liom a bheith im’ aire, a fheara.” Is mór is fiú aire ar bith a labhraíonn chomh hoscailte macánta ionraic leis sin. Agus i dtaca leis an Aire Ní Chlochráin, is fiú aire a thabhairt d’aire ar bith as Tír Chonaill.

An Deontasaíocht agus Saíocht an Deontais

Balor: Maith go leor. Ach cén bhaint atá aige sin ar fad le do chairdeas agus do chlisteacht agus an post mar eagarthóir ar Beo Ar Éigean!?

Eagarthóir: Chothaigh mé cairdeas agus cumann leis an bheirt acu, bail ó Dhia orthu mar pholaiteoirí fiala fáilí. Iad siúd a chuireann an brú ar an chuid eile den chomh-aireacht chun cinneadh a dhéanamh deontas mór bliantúil a thabhairt dúinn chun Beo! a choinneáil ag gabháil agus chun do thuarastal a íoc, a Bhaloir an bhéil bhinn.

Balor: Bail ó Dhia air mar thuarastal beag baoideach suarach! Ach, inis dom anois cé mhéad de dheontas a fuair tú i mbliana, a eagarthóir.

Eagarthóir: Ó mo chreach is mo chrá a Bhaloir na gcarad, ní bhfuair muid i mbliana ach trí scór milliún Euro. Is é an lag trá geilleagair is cúis leis, is dóiche, agus níl an dara suí sa bhuaile againn ach cur suas leis, bail ó Dhia air mar mheathlú beag bíoganach. Beidh orainn gearradh siar a dhéanamh ar thuarastal na n-iriseoirí. Beidh cuid acu ag éagaoineadh, ach tá mé cinnte nach gcluinfidh mé gíog ná míog asatsa nuair a ghearrfar do phá, nó is tú an crann taca is fearr a bhí ag an iris seo riamh, bail ó Dhia ort mar dhúshraith dhlúthdhílis, a Bhaloir, a chroí.

Balor: Ach, a eagarthóir, ní fhaighim mar íocaíocht san am i láthair ach cent amháin, nó mar ‘chianóg’ in do leagan arse féin, gabh mo leithscéal, ársa, Liatromach féin - sula ‘gceartaí’ tú mé! - cianóg in aghaidh gach abairt a scríobhaim. Agus sin an méid a fhaigheann na scríbhneoirí ar fad. Ní féidir é sin a ghearradh... An féidir? Agus, dála an scéil, cad é a tharlaíonn don chuid eile den airgead a fhaigheann muid ón Rialtas? Ná habair gur tú féin a fhaigheann an fuílleach?

Eagarthóir: Bhuel, a Bhaloir, a laoch na litríochta, bhí dhá cheist agat ansin, bail ó Dhia orthu mar cheisteanna beaga seafóideacha, sifleáilte. Níl mé i dtaithí ar dhá cheist a fhreagairt in aon abairt amháin, ach ós léir do chách an meas atá agam ort mar iriseoir agus mar dhuine – más féidir duine a thabhairt ar do leithéid – freagróidh mé do chuid ceisteanna mar seo: is féidir agus ní déarfaidh. Anois, a Bhaloir, a bhaotháin bhreallánta, bhundúnaigh, sílim gur leor sin mar agallamh, má tá tú ag iarraidh a bheith ar ais ag scríobh do Beo! ar an mhí seo chugainn. Slán tamaill, nó mar a scríobhann tú féin é: Sgf!

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.