Géillfimid, in éadan ár dtola, do thuairim an duine eile sin a dúirt, “tá sé go maith le haghaidh grianghraif a sheachadadh gan stró”, nó “caithfidh tú amharc isteach ann”. Facebook, Bebo, Myspace. Ghéill Breandán de Gallaí agus dhírigh a aghaidh ar an Aghaidhleabhar i ndeireadh báire.
Thart fá bliain go leith ó shin chuir mé deireadh leis an bpiocadh agus an tromaíocht a bhí dírithe orm agus shínigh mé suas le Facebook (nó féach ‘Aghaidhleabhar’ ag muintir Chorcaí). Bhí cuid mhaith de mo chuid cairde ar Bhebo, Myspace agus ar a leithéid le tamall, agus bhí brú dochreidthe orm próifíl a chur suas ar cheann acu. Bhítí ag rá nach raibh a dhath cosúil leis, ag maíomh go dtiocfaí scríobh ag daoine ionas gur ghnáthshuíomh ríomhphoist a bhí ann agus go dtiocfaí pictiúirí a chur suas sa dóigh is go raibh siad le feiceáil ag cách. An buaicphointe mór eile a deirtí nó go dtiocfaí próifílí daoine eile a fheiceáil, ábhar s’acu a léamh agus a gcuid pictiúirí a fheiceáil.
Chuir seo uilig iontas an domhain orm féin. Ar an gcéad dul síos, nach b’é ag seoladh teachtaireachtaí ag daoine fríd an idirlíon an rud céanna le bheith ag seoladh ríomhphostanna acu?!, ach amháin má bhaineann tú úsáid as Hotmail nó Gmail, tá eolas do bhealaigh agat thart ar an láithreán, tá achan ainm agus seoladh atá de dhíth ort agat ansin breá sásta agus áisiúil, agus ní chaithfidh tú cúpla mí a chaitheamh ar strae agus caillte ar láithreán eile. Mar sin caidé an ‘big deal’ fá dtaobh de leathanach eile a bheith ag feidhmiú agat nuair atá na boscaí sin ticeáilte cheana féin?
Caithimse cuid mhór iarracht agus fuinneamh i ndaoine a sheachaint, agus nuair a deirtear liom go dtig leat a bheith ar gach eolas te bruite fá dtaobh de chuid gníomhaíochtaí agus gluaiseachtaí achan duine a bhfuil tú mór leis, cha dtig liom a shamhlú cúis ar bith le d’intinn a bheith truaillithe ag stuif mar seo nuair nach bhfuil mórán smachta agat ar do chuid gluaiseachtaí agus gníomhaíochtaí féin. Níl mé ábalta ciall ar bith a bhaint as ca’ tuige a mbeadh ’nduine ag iarraidh súil a choinneáil ar na rudaí seo.
Léadh sinn fá achan ghné de leadrán saoil a chéile?!
Tá na rudaí beaga útamálach atá ag dul ar aghaidh agam féin leadránach go leor, gan a bheith dubh dóite ag léamh fá shonraí gan mhaith laethúil ‘cairde’, agus dáiríre, glaonn daoine cairde ar an iomarca daoine – i bhfad, bhfad barraíocht, nuair gur ‘daoine aitheantais’ atá iontu i ndáiríre, agus tá ‘daoine aitheantais’ ina théarma láidir nuair a dhéanann tú machnamh ar an leibhéal cairdis nó muintearais nó caidrimh nó idirghníomhú atá ag an phéire atá i gceist. Cén dóigh in ainm Dé an dtiocfadh leat trí chéad cara a bheith agat nuair a deirtear gur chóir a bheith ábalta an líon cairde atá agat a chuntas ar láimh amháin?
I dtaca le pictiúirí de – seo an rud is mó a chuir iontas orm. Ní fhaighim mo chuid pictiúirí féin priontáilte, agus le bheith fírinneach níl ceamara gur fiú labhairt fá dtaobh de agam. Má bhíonn ócáid iontach ann – bainis i Ríocht na Téalainne nó rud inteacht andúchasach/coimhthíoch mar sin, ceannaím ceann de na cineálacha ceamara “aon uaire” sin. Agus is é an toradh a bhíonn ag sin nó go ndéantar cúis magaidh domh – mé ansin go sona ag tarraingt liom ar phictiúirí – agus freastalaí na bainise i racht sciotíola gach uair a chloiseann siad an dineasár seo de cheamara obscura ag scríobadaigh agus mé ag bogadh an scannáin go dtí an chéad chlaonchló eile. Ansin fanann na pictiúirí mar chlaonchló ar feadh na mblianta.
Dá dtabharfadh cara carn grianghraf domh le hamharc orthu, is é an rud a bheadh ag dul fríd mo chloigeann nó “ ... scaoil anois mé – cuir urchar idir mo dhá shúil, tarraing an truicear – déan gasta é agus cuir deireadh leis an bore-fest a bhfuil mé á chéasadh leis anseo.”Ach bheireann seo ar ais mé chuig an Facebook agus an pointe gur mhaolaigh mé agus rinne mé ball domh féin den rud, agus tá mé ag ’ul do anois le bliain go leith. Nuair a shíníonn duine suas ar dtús, cuardaíonn an láithreán Gréasáin daoine ó do leabhar seoltaí (gmail mar shampla) atá ar Facebook cheana féin agus cuireann siad teachtaireacht acu sin ag tabhairt cuireadh daofu a bheith ina gcairde leat. Seo a rud a tharla domhsa. Ní hamháin go raibh na daoine a bhí mé ag feiceáil go laethúil ag cur brú orm dul leis, bhí mé ag fáil cuirí ó ghach chearn den chruinne chomh maith. Tháinig cúpla ceann isteach ó dhaoine nach bhfaca mé le fada, ar chaill mé teagmháil leo, agus a raibh mé ag iarraidh teagmháil rialta a bheith agam leofa arís. Le seo, bhris mé síos agus chuir mé suas leathanach de mo chuid féin.
Bore-Fest Strainséirí
Anois tá trí chéad cara agam; céad fiche ’s cúig ‘iarratas’ cairdis; agus trí déag moladh cairdis! Tá mé flat-out ag léamh fá ghluaiseachtaí agus fá ghníomhaíochtaí dhaoine, ag cur teachtaireachtaí neamhfhoirmiúla agus ... fan leis ... ag amharc ar ghrianghraif daoine ... nach féidir cur síos a dhéanamh orthu ach amháin leis an téarma ... strainséirí.
Tá Facebook iontach maith le do chuid gnó neamhfhoirmeálta a dhéanamh, agus is uirlis iontach é le tacaíocht a fháil nó a ghiniúint; scéal a fháil amach; eolas a chruinniú, srl., srl. Má bhíonn ríomhphost measartha dáiríre le seoladh agam, bainim úsáid as na gnáthláithreáin ghréasáin – Hotmail, Gmail, Yahoo. Má tá scéal le spréadh – Facebook an boc.Fothoradh iontach suimiúil. Nach muid atá mídhílis? Prionsabal daingean in aghaidh rud éigin bomaite amháin, i do thaidhleoir fána choinne an chéad bhomaite eile!
Mar sin féin, níl mé ábalta éirí cleachta leis na dearcaí dearfacha seo a thagann trasna ionas go bhfuil siad prozac-bhreoslaithe. Status update a thugann siad orthu. Ní chloisim glór an duine iontu nuair atá mé a léamh. “Tá X ag brionglóidí fá rudaí áille ... ” Níl sé i nádúr an Éireannaigh labhairt mar seo fá dtaobh de féin, ach tá céad agat ar Facebook!
Níl neart againn air – is cuma cé chomh cinnte atá tú fá ‘bheith in aghaidh rud éigin – téann sé i bhfeidhm ort i ngan fhios duit cibé, agus cé nach bhfuil barúil agam cad é ’rud an twittereáil seo, beidh mé ag ’ul do roimhe ’bhfad chomh maith!