AR NA SAOLTA SEO
An Áilleacht agus an Ghráin le Taobh a Chéile
Tony Birtill Tony Birtill Tony Birtill

Tchí Tony Birtill agus a chomhghleacaithe siúl sléibhe an dochar a thear in amanna amuigh in iargúil na gcnoc. Fágfaidh an duine a lorg ar an sliabh ard dá áille chomh maith le taobh locha, nó fan choill. Ghlac siad cúpla grianghraf den neamart a ní an duine in áille an tsléibhe.

Íomhá
An Tobar ar Shliabh a Liag
Íomhá
An t-údar ag an leac chuimhneacháin do fhoireann an Sydney
Íomhá
Greim bia agus sos
Íomhá
Crannóg agus muileann gaoithe le taobh an chairn
Íomhá
Barrfhód gearrtha le taobh an chairn

Bhí áthas orm an samhradh seo nuair a bhí mé i gceannas buíon siúlóirí le hOideas Gael ar Sliabh a Liag, mar chonaic muid go léir go bhfuil an tobar beannaithe, atá cóngarach do mhullach an tsléibhe, deisithe arís. (http://en.wikipedia.org/wiki/Slieve_League) Mar a scríobh mé ar BEO arú anuraidh, rinneadh loitiméireacht ar an tobar i 2007, rud a chuir fearg agus déistin orm. Tá an tobar i nDíseart Aoidh Mhic Bhricne, ina bhfuil eaglais dhronlíneach agus clochán coirceogach.

Duine chomhaimsireach le Colm Cille (521-597 AD) ab ea an Easpag Aed Mac Bric agus bhí gabhal gaoil i bhfad amach acu lena chéile. Tá scéal faoi i mBetha Colaim Chille (lch. 250-252 anseo: http://www.archive.org/stream/bethacolaimchill00odonn#page/504/mode/2up) agus tá tagairtí dó i gcodanna eile den litríocht, ‘Genemain Áeda Sláne’ i Lebor na hUidre, agus den naomhsheanchas chomh maith. Luaitear a bhás sna hAnnála faoi na blianta 589 agus 595. Ceiliúrtar a lá féile ar 28 Feabhra agus bhíodh turas ar an lá sin go dtí an Díseart anuas go dtí tús an fichiú haois. Théadh na hoilithrigh thart ar na stadanna, nó na stáisiún aithreachais, agus d’óladh siad uisce as an tobar bheannaithe. Tá colún ard, caol a bhfuil cros bheag ghreanta ar a aghaidh thoir ag an tobar chomh maith.

Eoghan Ó Curraighín agus a mhac as Teileann a dheisigh an tobar beannaithe i mbliana agus chuaigh 160 de mhuintir na háite suas in éineacht leis an Athair Francie Mac an tSaoir i Mí Meithimh agus dúirt siad paidrín ansin. (http://www.beo.ie/2006-10/index.php?page=archivecontent&archiveid=375) Seasadh suas roinnt stáisiún aithreachais ag an am chéanna agus tá cuma fíorshuimiuil, stairiúil agus spioradálta ar an áit anois. Glacann na siúlóirí ó Oideas Gael suim in áiteanna mar seo i gcónaí agus tuigeann siad gur áit ar leith is ea Paróiste Gleann Cholm Cille.

Ach ansin, thug muid faoi deara loitiméiracht nua ar an Sliabh céanna. Díreach ag deireadh Cosán an Aon Fhir, cóngarach don bharr, tá graffiti péinteáilte i litreacha móra dearga: ‘Carl loves Breege.’ (Féach youtube le ‘one man pass, slieve league’.) Níl fhios agam cén sórt amadáin a scríosfadh áit álainn le teachtaireacht mar seo, ach guím drochrath ar an chleamhnas!

An Camus Binne

Tógadh leacht cuimhneacháin nua i mbliana in aice leis an chosán go Port, clachán tréigthe, álainn ar an taobh thuaidh de Ghleann Cholm Cille. I gcuimhne ar 19 de fhoireann loinge a fuair bás i 1870 nuair a briseadh an Sydney ar 16 Samhain. Long mhór 1,118 tonna a bhí inti agus bhí sí ar a bealach as Quebec i gCeanada go Greenock na hAlban le lasta adhmaid nuair a rug stoirm uirthi. Caitheadh isteach í ar an charraig ag Camus Binne, 2 cm ó dheas as Port. Tugadh Boilg Sydney ar an charraig ó shin. Ní tháinig ach beirt, James Hamilton agus Hugh Blair, slán as an tubaiste. Dhreap siad an aill ard agus chuaigh siad ó dheas go Gleann Cholm Cille, áit a bhfuair siad cuidiú agus dídean.

Bhí idir Éireannaigh, Sasanaigh agus Albanaigh ar an fhoireann, agus bhí duine amháin as an Iorua agus duine eile as Iamáice ann. Tá triúr acu curtha cóngarach don leacht cuimhneacháin nua. Cumadh amhrán faoin tubaiste darb ainm ‘Camus Binne’ agus tá an chéad phíosa ar an leacht:“Bhí Camus Binne ag seinm ceoil dóibh’Is loingis faoi sheol ag teacht ann go dlúth;Is iomaí áras is reilig ghránnaÓ sholas Árann ’un an Chladaigh Mhóir.”

Chuala mé an t-amhrán seo don chéad uair i 1985 nuair a bhí mé féin ag déanamh cúrsa Ghaeilge le hOideas Gael. Agnes Mhig Uidhir (nach maireann) a cheoil an t-amhrán Toigh Bhidí i nGleann. Rugadh agus tógadh i bPort í agus bhí stór mór amhrán aici. Buíochas le Dia, tá cuid acu ar eolas ag a mac Seán, an Camus Binne ina measc, agus bíonn sé le cloisteáil fós Toigh Bhidí.

Ní maith liom rudaí nua, saorga, in áiteanna fiáine, áille, de ghnáth, ach tá cuma shnasta ar an leacht seo, atá déanta de chloich áitiúil. Fosta, raibh leac uaighe don triúr atá curtha anseo, go dtí anois. Ach bhí a fhios ag muintir na háite go raibh siad ann agus bhí rún daingean acu leac a chur ar an áit. Rinne Seán Mag Uidhir é féin cur síos ar an scéal ar TG4 deich bliana ó sin.

Lorg Láidir an Duine

Faraor, chonaic muid rud nua, saorga, gránna i mbliana fosta, thuas ar an Mhullach Dhubh. Tá an cnoc íseal (219m) meallacach seo idir Gleann Cholm Cille agus Gleann Malainne agus tá radharc iontach uaidh, le Sliabh a Liag, Ros Eoghain, Reachlainn Uí Bhirn, Cionn Ghlinne agus, ar an lá ghlan, beidh amharc ar chnoic Chontae Mhaigh Eo agat. Itheann muid lón in aice le carn deas ar an bharr, de ghnáth. Thug muid faoi deara anuraidh go raibh crann cumarsáide, le muileann gaoithe, tógtha cúpla slat ón charn. De réir fógra a bhí crochta air, is le NWE Wireless ltd. i nDoire é (www.nwewn.com). Gránna go leor, ach níos measa i mbliana, tá bóthairín labánach tógtha chuige. Scriosann an colm míofar seo áit a bhí galánta.

Soláthraíonn an comhlacht seo banda leathan, rud atá de dhíth chun BEO a fháil amach as Gleann lena léamh i gceithre aird an domhain, ach an bhfuil aon ghá leis an tírdhreach a scriosadh chun é sin a dhéanamh? Nach féidir leo an tírdhreach a dheisiú arís tar éis togra den chineál seo?

Tá Gleann Cholm Cille ina ‘Limistéir Chaomhantais Speisialta’ (LCS) faoi chúram an tSeirbhís Páirceanna Náisiúnta agus Fiadhúlra (féach ar www.npws.ie). Tá an SPNF ina cuid den Roinn Comhshaoil, Oidhreachta agus Rialtais Áitiúil agus is cuid de chúram na Seirbhíse raon gnáthóg agus cineálacha ainmhí agus feithide in Éirinn a chaomhnú. Tá 381 LCSeanna in Éirinn agus bunaíodh iad faoin Treoir maidir le Gnáthóga ón Aontas Eorpach, 1994.

De réir Airteagal 17 den Treoir Ghnáthóg, caithfidh gach ballstát den AE tuairisc a thabhairt don Choimisiún Eorpach gach sé bliana ar stádas na ngnáthóg agus speiceas atá liostaithe acu. Mar a scríobh mé i mBEO Mí Lúnasa anuraidh, ní raibh iontas orm nuair a foilsíodh drochthuairisc sa tír seo i 2008 mar ba léir dom nach raibh an SPNF ag déanamh mórán leis an LCS a chosaint agus rinne mé cur síos ar dhrochshamplaí as an cheantar seo. Tig linn an Mullach Dubh agus graffiti ar Shliabh a Liag a áireamh anois ar an liosta sin, liosta de lorg an duine ar an timpeallacht agus is liosta é a éiríonn níos faide bliain i ndiaidh bliana.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.