AR NA SAOLTA SEO
Sliogáin Dhubha
Breandán de Gallaí Breandán de Gallaí

Bhí Breandán de Gallaí ag baint taitnimh as bia follán na háite agus as an chnuasach a dhéanamh roimhré. Diúilicíní, nó na sliogáin dhubha, a bhí ag cur uisce lena cháir.

Íomhá
Diúilicíní (Jon Sullivan a tharraing)
Íomhá
Fuirseoir in uisce goirt na farraige agus fíoruisce an inbhir
Íomhá
Geabhróg ar tí tumadh

lear cainte i láthair na huaire fá dtaobh d’ábhar orgánach agus den lorg charbóin, agus ghním gach iarracht gabháil i mbun cosaint na timpeallachta, má bhím ábalta ar chor ar bith. Téim beagnach achan áit ar an rothar. Is go fíorannamh a bhím ag tiomáint. B’fhearr liom i bhfad a dhul chuig ionad garraíodóireachta atá ar chúl tí fir, cuir i gcás, nó ábhar garraí a cheannacht ó Woodies nó óna mhacasamhail. Ach amanna nuair a bhím ag na margaí feirmeoirí, bíonn sé deacair meacain bheaga salacha a cheannacht, nach bhfuil fágtha ach dealgáin uair amháin a bhainfidh tú an lábán agus craiceann díofa. Tá a fhios agat féin – bíonn ocras orm agus is deacair muck-savage cosúil liomsa a shásamh ag am dinnéara. Bím ag machnamh go minic mar sin, ar mo dhílseacht i dtaca leis an phróiseas seo, agus an bhfuil, díomaite den timpeallacht a shábháil, easpa dreasachta ann an iarracht seo a dhéanamh?

Éadáil an Ghaoith

Chuaigh mé ’na bhaile deireadh seachtaine amháin an samhradh seo agus, greannmhar go leor, níor thit mé isteach i mo ghnáthiompraíocht fhrithshóisialta –faisean atá agam nuair a phillim ar an teach s’againne – ag spadántacht thart fá’n teach ionas go bhfuil mé sé bliana déag arís le dearcadh duairc ar an saol, míchomhoibrithe, agus mé i mo chrá croí, an dóigh a bhíodh nuair a chónaigh mé sa teach fadó shin. Ach, fuair an Diabhal bás agus an uair seo, bhí fonn orm rudaí siamsúla agus pléisiúrtha a dhéanamh. Ceann de na heachtraí a ghlac mé páirt ann nó a dhul síos go Machaire Loiscthe, in aice an Bhuna Bhig, agus tar éis oilithreacht eipiciúil ar nós Froda a dhéanamh frí cheantar guaiseach síos go dtí tráigh ansin, tagann tú ar áit a bhfuil an abhainn agus an taoide ag teacht le chéile, an t-inbhear, agus neart diúilicíní, nó ‘sliogáin dhubha’ mar a bheir sinn orthu, le fáil. (http://en.wikipedia.org/wiki/Fr%C3%B3%C3%B0i)

Mé féin agus mo mháthair a rinne an turas, seanphéire reathaithe (sa dóigh is nach ngearrfaí na cosa dínn) agus bríste gairid orainn sa dóigh is go dtiocfadh linn treabhadh tríd an uisce agus na crústaigh a scríobadh de ghrinneall na farraige agus amach as íochtar carraigeacha. Bhí an lá gruama go maith – níos mó cosúil le lá geimhridh le hamharc air, ach ní raibh sé fuar, agus cinnte ní raibh caill ar theocht an uisce. Bhí sé ag bagairt fearthainne ach, bhí muid ag ’ul a éirí fliuch cibé. ‘Fhad is a bhí mé san uisce, bhuail sé mé go raibh mé millteannach sona – cineál an “in the now” sin a bhíonn muintir na fealsúnachta ag caint fá dtaobh de, agus rith sé liom go mb’fhéidir go raibh rud éigin príomhaoiseach faoi seo. An chontúirt agus cruatain bheaga mar seo, go díreach le dinnéar a chur ar an tábla, bhí an fócas go hiomlán ar seo – an rud simplí bunúsach seo – agus bhí fadhbanna beaga laethúil an domhain, a chuireann bliantaí ar dhuine go hiondúil, imithe mar gheall ar an choimhlint chun marthana seo. (http://ga.wikipedia.org/wiki/Gaoth_Dobhair)

Chun na Cathrach

Thug mé liom na sliogáin dhubha nár ith muid i nGaoth Dobhair go Baile Átha Cliath – ach bhí i bhfad barraíocht ann do bheirt agus chuir muid cuireadh ar chairde – beirt as an Fhrainc agus beirt Éireannach le cuidiú linn iad a ithe. Bhí prátaí liom fosta a bhain m’athair díreach amach as an talamh. Bhí achan rud chomh horgánach agus chomh hiomlán ag rátáil nialasach ar scála an loirg charbóin – agus b’fhéidir mar gheall ar seo bhí an fachtóir ‘feel good’ an-ard ina n-ullmhú.

Rinne muid sceallóga de na prátaí – iad bánaithe san ola go dtí go raibh siad tréshoilseach – curtha ar leataobh, agus críochnaithe in ola a bhí níos teo ná an chéad bhabhta, nuair a tháinig na haíonna isteach ar an doras.

Bhruithtúlán uisce agus dhoirt mé seo thar na sliogáin dhubha agus chuir mé ar an ghás iad go dtí gur tháinig an t-uisce ar gail arís. Bhí na sliogáin ag foscailt chéanna féin – ach dhoirt mé seo amach le réitigh a fháil de mhórchuid den uisce sáile agus an gaineamh a thagann astu. Bíonn roinnt den stoc de dhíth ort, ach bíonn barraíocht ann muna ndéanann tú seo. Ansin chuir mé an pota ar ais ar an teas, ach amháin go raibh leath buidéal fíon bán ann, agus lig mé daofa galú ansin go dtí go raibh na sliogáin uilig foscailte. Idir an dá linn bhí oinniún dearg, gairleog agus cillí ag róstadh agam in im. Chuir mé an fíon bán goirt a bhí laghdaithe ón bpota sliogáin dhubha isteach ina mullach agus chríochnaigh mé an t-anlann le huachtar. (Cuntas mar chuidiú anseo http://www.youtube.com/watch?v=W20Btaww6zc)

Maolaisnéis a bheadh ann a rá gur saghas Babette’s Feast a bhí ann seo. Agus an rud is fearr nó go raibh na Francaigh chomh tógtha leis an iarracht agus leis an orgánachás. Ach sílim féin, cé go raibh sé millteannach blasta – is é an bealach a tháinig an bia chugainn a chuir an snas ar an oíche seo. Ní raibh chor a bheith rud ar bith a tháinig amach as siopa. Níor iompraíodh aon rud na mílte míle ar longa, leoraithe nó ar eitleáin. (http://en.wikipedia.org/wiki/Babette’s_Feast)

Tá an t-am agam féin a fheiceáil go bhfuil lúcháir ins na rudaí is simplí, agus gur fiú an dílseacht, nó go bhfuil neart dreasacht san fhéinleas.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.