Tá scéal ag Bearnaí Ó Doibhlin ar na mílte saighdiúirí as an Astráil a throid is a thit ar ghort an bhaile lena dtír a chosaint breis is trí scór bliain ó shin. Cosán dearg, a bhféadfaí an dá chiall a roinnt leis an aidiacht sin, a bhí i gCosán Kokoda.
»»»Beidh athrú ó bhonn ar riarachán na Gaeilge is na Gaeltachta nuair a chuirfear moltaí An Bord Snip i bhfeidhm agus nuair a fhoilseofar Straitéis Fiche Bliain an Rialtais i leith na Gaeilge, dar le Breandán Delap.
»»»Níorbh aon ribín réidh é aitheantas a fháil don Ghaeilg i gcóras oideachais Shasana. Tá a fhios ag Tony Birtill gur tháinig sé, ach níl ann ach tús oibre a deir sé.
»»»Bréagshanas a imríodh ar shloinne a mhuintire féin i measc rudaí eile a tharraing aird Chiaráin Mhic Aonghusa, nó Ciarán Mac Géibheannaigh ó cheart, agus é ag grinniú daonáireamh a rinneadh nach mór céad bliain ó shin.
»»»Chaith Maidhc Ó Cathail a shúil ghrinn ar scéal Abdel Baset al Megrahi. Tá an-chuma ar an scéal gur cheilg agus cheapadóireacht a chuir i ngéibheann é.
»»»Níl fanta beo den phobal Afra-Pharaguach i gCambacuá ach cúpla míle duine a thuairiscíonn Alan Desmond agus níl an saol le maíomh orthu. Is dream daoine iad a chuaigh faoi chuing an anró go minic le bunáite 200 bliain anuas.
»»»Bhí Breandán de Gallaí ag baint taitnimh as bia follán na háite agus as an chnuasach a dhéanamh roimhré. Diúilicíní, nó na sliogáin dhubha, a bhí ag cur uisce lena cháir.
»»»Caitheann Donncha Ó hÉallaithe a shúil ar an ngéarchéim gheilleagair ina bhfuil an tír, a tharla le barr sainte daoine, dar leis. Is é a mheas go dtiocfaidh athrú chun feabhais ar an leagan amach polaitíochta in Éirinn dá bharr.
»»»Bhí Balor siúlach fá Loch Michigan le linn Féile na nGael i Milwaukee. Ní beag an líon leipreacán a bhí ann roimhe. Deir sé gur fiú go mór gabháil ar ais ann siocair an comhluadar spraoiúil i nGaeltacht na féile sin.
»»»Tá trácht ag Bearnaí Ó Doibhlin anseo ar an ‘sit down money’, nó an dól, a thugtar do Mhuintir Dhúchais na hAstráile. Ní fearrde iad an t-airgead éasca céanna, dar leis.
»»»Rinne Alan Desmond iniúchadh ar an muintir ar díobh Ken Saro Wiwa, Ogonaigh na Nigéire. Tá siad in áit a bhfuil saibhreas aiceanta. Ní orthusan atá an saibhreas á roinnt is cosúil.
»»»Má tá doghrainn go leor agus éirí amach ag eascairt as drochlámh agus saint na mbancanna abhus in Éirinn, níl na Stáit Aontaithe róshocair do lucht polaitíochta ach oiread. Bí ag faire amach a deir Brian Ó Broin, don reicstí agus do ruaille buaille mar gheall ar ghnóthaí sláinte sna Stáit an fómhar seo.
»»»Tchí Tony Birtill agus a chomhghleacaithe siúl sléibhe an dochar a níthear in amanna amuigh in iargúil na gcnoc. Fágfaidh an duine a lorg ar an sliabh ard dá áille chomh maith le taobh locha, nó fan choill. Ghlac siad cúpla grianghraf den neamart a ní an duine in áille an tsléibhe.
»»»Tá Ciarán Mac Aonghusa den tuairim go bhfuil an saol ag athrú agus tá polaitíocht an stáit tar éis athrú sa dóigh nach saor, glan beann, aon stát feasta, SAM san áireamh, ar an suaitheadh ilnáisiúnta a bhain siar as gach cúinne den domhan le bliain anuas.
»»»Bás nó biseach a thabharfas an vacsaín ar ulpóg na muc duit? Tá do phosóid gléasta romhat má théann tú i muinín an vacsaín nár tástáladh i gceart, dar le Maidhc Ó Cathail. Molann sé a bheith ar d’fhaichill nó is posóid é nár féachadh i gceart go fóill an dáileog a dhíolfar leat. Is féidir gur biseach ar chuntas infheistíochta duine cliste éigin is mó a thiocfas as.
»»»Ceapann Donncha Ó hÉallaithe go mbeadh saol sóisialta na hÉireann níos boichte, ná mar atá, murach gur bunaíodh an Cumann Lúthchleas Gael i nDúrlas Éile 125 bliain ó shin agus nach mbeadh san iomáint ach cuimhní na seanbháireoirí.
»»»‘Ní fhéadfadh an rí, ná an méid capall is fear atá faoi, an pobal a chur ar ais arís mar a bhí’. Ní Humptaí Dumptaí , ach ballaí Bhéal Feirste is ábhar machnaimh do Robert McMillen anseo.
»»»Caitheann Breandán Delap a shúil ar na ciallachais atá i dTuarascáil An Bord Snip Nua don Ghaeltacht agus do lucht labhartha na Gaeilge.
»»»Ní hionann is talamh na hÉireann, is doiligh turlaigh an Gheimhridh a líonadh le báisteach i lár na hAstráile. Ríomhfaidh Bearnaí Ó Doibhlin an scéal dúinne nár leag súil ar ‘cheann de na heachtraí is iontaí ar dhromchla an domhain’.
»»»Bhí eagarthóir Beo Ar Éigean ar barr creatha le gairid mar gur chuir mé féin, mise Balor Béimeann, faoi Agallamh é. Cad é faoi dheontais, cad é faoi Dhia agus cad é faoi dhíomhaointeas? An raibh freagra aige, dhá fhreagra nó trí fhreagra aige? Ní raibh aige ach lúbadh, líofacht an tslímeadóra agus gan luí ar aon leaba an dara oíche!
»»»Níorbh as an nGrassy Knoll a caitheadh an t-urchar cinniúnach i leith an Chinnéidigh a deir Brian Ó Broin. Bhuail sé féin le fear grinn atá ar an eolas ar fad faoin bhfeallmharú le linn a chuairte ar Dallas.
»»»Ní leithne an t-aer ná an timpíste a deir an seanrá. Is fánach mar a tharlaíonn sa teach féin nó faoin sliabh ard, ach is faide a bheas tú ag fanacht le tarrtháil más amuigh ar an sliabh a thiteann sé amach. Thit cara le Tony Birtill ar a’ Mhònadh Ruadh in Albain ar na mallaibh, titim a ghortaigh go dona é agus a thug a bhás.
»»»Is mór an gar an leabhar agus an siopa leabhair mar a gcéanna a deir Ciarán Mac Aonghusa linn ina alt ómóis seo don léitheoireacht. Ní léitheoireacht go léamh leabhair, nó ní hionann an focal cló agus an focal scáileáin. Ní sásamh go mothú an chlúdaigh ná ní barr feabhais go boladh an pháir.
»»»Fuair Donncha Ó hÉallaithe an deis tamaillín gearr a chaitheamh ar Oileán Í an mhí seo caite, an t-oileán ar chósta thiar na hAlban, inar a bhunaigh Colm Cille a mhainistir beagnach 1,500 bliain ó shin. Chuaigh an áit i bhfeidhm go mór air.
»»»Idir chontúirt an chogaidh eithnigh agus chonarthaí d’airm ollscriosúla, tá riar a dhóthain á chíoradh ag Maidhc Ó Cathail san alt seo ar bhagairt na Cóiré Thuaidh (22,665,345 duine, 2009) ar Iarthar Domhain.
»»»Géillfimid, in éadan ár dtola, do thuairim an duine eile sin a dúirt, “tá sé go maith le haghaidh grianghraif a sheachadadh gan stró”, nó “caithfidh tú amharc isteach ann”. Facebook, Bebo, Myspace. Ghéill Breandán de Gallaí agus dhírigh a aghaidh ar an Aghaidhleabhar i ndeireadh báire.
»»»Ní thig an bhréag a ligean chun tosaigh ar an fhírinne in aon scéal amháin nó is ag ceilt na córach ar chách a bheas tú. Dar le Robert McMillen, níor scaoileadh amach fírinne scéal dúnmharú Aidan Mc Anespie go sea. Tá sé thar ré a dhéanamh.
»»»Caithfear aird a thabhairt ar dhream ar leith agus ar na ceisteanna atá dúisithe acu, deir Breandán Delap. Tá sé in am ag saol na Gaeilge dul i ngleic leis na ceisteanna atá curtha faoi chaiteachas an stáit ar chúrsaí Gaeilge dar leis.
»»»Ní hiad muintir Róma na Sé Chontae amháin a mhothaigh buille doirn agus ainspíd le scaitheamh. Míníonn Bearnaí Ó Doibhlin dúinn go bhfuil a gcuid doghrainne féin ar muintir na hIndia san Astráil le tamall anuas.
»»»© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil.
Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.