Tá móroibreacha innealtóireachta pleanáilte ag an Aontas Eorpach ach níl sé i gceist ach fíorbheagán den airgead a chaitheamh in Éirinn. Tuairisc ó Uinsionn Mac Dubhghaill.
»»»Agus é ag tiomáint i gceantair áirithe i Nua-Eabhrac le tamall anuas, thug Tom Deignan faoi deara go raibh ainmneacha cuid de na sráideacha athraithe. Thuig sé de réir a chéile cén fáth ar tharla sé seo.
»»»Cé go bhfuil Pauline Hanson ón bpáirtí ciníoch One Nation sa phríosún anois, tá an ciníochas fós beo beathach san Astráil, dar le Dáithí Ó Colchúin.
»»»Chaith Balor seal i measc mhaithe agus mhóruaisle na Gaeilge ag Irish Fest Milwaukee an mhí seo caite.
»»»Tá go leor daoine míshuaimhneach faoi thriail Michael McKevitt, an té ar cuireadh ina leith go raibh sé ina cheannaire ar an Fhíor-IRA. Míníonn Dónall Ó Maolfabhail cad iad na cúiseanna imní atá ag daoine.
»»»Is oileán beag é Cléire, atá suite amach ó chósta Chorcaí. Thug Liz Curtis cuairt air an samhradh seo.
»»»Cailleadh an Corcaíoch Barra Ó Donnabháin, múinteoir Gaeilge, fear léinn, agus iarcholúnaí de cuid Beo!, i Nua-Eabhrac i rith an tsamhraidh. Chuaigh Barra i bhfeidhm ar go leor daoine le linn a shaoil, Mícheál de Mórdha ina measc.
»»»Tá géarghá le tuilleadh grinn sna Sé Chontae, dar le Robert McMillen, agus glúin úr lucht grinn le teacht i gcomharbacht ar an dream radacach a bhí ann sna nóchaidí.
»»»Le linn dó a bheith ag obair ar chúrsa siúil sléibhe i nDún na nGall i gcaitheamh an tsamhraidh, chas Tony Birtill le ceathrar ban as an Iodáil a bhí an-tógtha leis an Ghaeilge agus leis an cheantar.
»»»Is de shliocht Éireannach é William Cunningham, duine de na comhairleoirí is tábhachtaí atá ag Méara Nua-Eabhrac, Mike Bloomberg. Dúshlán a bheas ann dó na hÉireannaigh a spreagadh le vótáil don mhéara sa chéad toghchán eile, áfach, dar le Tom Deignan.
»»»Tá muintir Mheiriceá ag titim chun feola agus tá go leor tuairimí i measc an phobail faoin fhadhb agus faoin dóigh is éifeachtaí le déileáil léi, mar a mhíníonn Mary Beth Taylor.
»»»Rinneadh éalú seisear Fíníní ó Phríosún Fremantle in Iarthar na hAstráile in 1876 a chomóradh níos luaithe i mbliana. Tuairisc ó Dháithí Ó Colchúin.
»»»Bhí tromluí ag Balor le gairid ina bhfaca sé Éire mar a bheidh sí i Samhradh na bliana 2013.
»»»Tá drogall ar an Rialtas deireadh a chur leis an chíos talún, rud a fhágann go bhfuil an baol i gcónaí ann go ndéanfar tionóntaí áirithe a dhíshealbhú. Tuairisc ó Dhónall Ó Maolfabhail.
»»»Is oileán beag é Cléire, atá suite amach ó chósta Chorcaí. Thug Liz Curtis cuairt air an samhradh seo.
»»»Tá méadú tagtha le roinnt míonna anuas ar líon na n-ionsaithe ar Chaitlicigh sna Sé Chontae. Tá ceangal idir seo, dar le Robert McMillen, agus an UUP a bheith in ísle brí.
»»»Is léiriú iad na heachtraí a tharla i Skelmersdale College le tamall anuas, dar le Tony Birtill, ar an dóigh a bhfuil bainisteoirí sna coláistí sa Bhreatain den tuairim gur féidir leo a rogha rud a dhéanamh, iarmhairt eile de chuid ré Thatcher agus Major.
»»»Ní hiad na mílte duine a cheannaigh scaireanna in Eircom amháin atá thíos le príobháidiú an chomhlachta, dar le hUinsionn Mac Dubhghaill, ach pobal na hÉireann i gcoitinne.
»»»Tá grúpa bunaithe chun brú a chur ar na húdaráis aird faoi leith a tharraingt ar na hoibrithe tarrthála a fuair bás i Nua-Eabhrac ar an 11 Meán Fómhair, 2001 de bharr an ionsaí sceimhlitheoireachta. Mar a mhíníonn Tom Deignan, áfach, is moladh conspóideach é seo.
»»»Is mian leis an Rialtas san Astráil straitéis nua margaíochta a chur i bhfeidhm chun dul i ngleic leis an laghdú i líon na dturasóirí atá ag tabhairte cuairte ar an tír le roinnt blianta anuas. Tuairisc ó Dháithí Ó Colchúin.
»»»Tá go leor tráchta i nuachtáin ar fud an domhain ar dhul go tóin poill na loinge Cabin Fever amach ó chósta Thoraí, ach tá a chuid teoiricí féin ag Balor mar gheall ar an eachtra.
»»»Nuair a dhiúltaigh Coimisiún na hEorpa ceadúnas a thabhairt don bhád ollmhór iascaireachta The Atlantic Dawn, rinne Rialtas na hÉireann stocaireacht ar son an úinéara. Measann go leor daoine anois, áfach, go mbeidh gnáth-iascairí na tíre seo thíos leis an stocaireacht sin, mar a mhíníonn Dónall Ó Maolfabhail.
»»»D’fhreastail Liz Curtis ar chaint faoi Phapua Thiar i mBaile Átha Cliath le déanaí agus chuala sí cur síos ar an ghéarleanúint atá á himirt ag an Indinéis ar mhuintir na tíre sin.
»»»D’fhéadfadh toradh dearfach a bheith ar an choimhlint go léir atá ar siúl idir baill an UUP le tamall anuas, dar le Robert McMillen.
»»»Sheas Tony Birtill an fód i gcoinne an chiníochais sa choláiste ina bhfuil sé ag obair agus d’éirigh leis damáistí agus leithscéal poiblí a fháil.
»»»Ní hiad na cáiníocóirí san Aontas Eorpach amháin atá thíos le polasaithe talmhaíochta an Aontais, ach lucht an tríú domhain chomh maith. Tá dóchas ann, áfach, a deir Uinsionn Mac Dubhghaill, go dtiocfaidh feabhas ar chúrsaí sna blianta atá amach romhainn nuair a chuirfear i bhfeidhm an leasú ar an gComhbheartas Talmhaíochta.
»»»Ba chúis bhróid é do na hÉireannaigh i Nua-Eabhrac nuair a osclaíodh ionad cuimhneacháin an Ghorta Mhóir i Manhattan anuraidh. Taobh istigh de naoi mí, áfach, b’éigean an t-ionad a dhúnadh de bharr go raibh creimeadh ag tarlú. Cúlra an scéil ó Tom Deignan.
»»»Tá an chuma ar an scéal, a deir Dáithí Ó Colchúin, go gcuirfear tús leis an obair ar an struchtúr is airde ar domhan i New South Wales gan mhoill, scéim a chosnóidh beagnach billiún dollar.
»»»Measann Balor go mbeidh sé dian ar na Gardaí a bheas ina gcúlchoimhéadaithe sna tithe tábhairne fanacht gan aithint.
»»»Tá seirbhísí rúnda na Breataine gníomhach i bPoblacht na hÉireann le fada agus tá go leor ceisteanna le freagairt maidir leis an gcomhoibriú idir iad féin agus fórsaí slándála an stáit, dar le Dónall Ó Maolfabhail.
»»»© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil.
Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.