AR NA SAOLTA SEO
Leas-phríomhoide le héirí as a phost
Tony Birtill Tony Birtill Tony Birtill

Is léiriú iad na heachtraí a tharla i Skelmersdale College le tamall anuas, dar le Tony Birtill, ar an dóigh a bhfuil bainisteoirí sna coláistí sa Bhreatain den tuairim gur féidir leo a rogha rud a dhéanamh, iarmhairt eile de chuid Thatcher agus Major.

Tá Ian Farmer, an leas-phríomhoide a bhí i lar na raice i mo choláiste anseo i Sasana, le héirí as a phost.

D’inis mé an scéal an mhí seo caite faoi mo chás dlí in aghaidh Skelmersdale College; mhaslaigh bainisteoir de chuid an choláiste na hÉireannaigh ag cruinniú ag tús mhí na Nollag seo caite agus thug Ian Farmer tacaíocht dósan agus rinne sé bagairt ormsa nuair a rinne mé gearán faoin mhéid a tharla. Fuair mé £2,750 mar chúiteamh agus leithscéal táiríseal ón choláiste ag binse breithimh fostaíochta i Learpholl ar an 6 Meitheamh, agus fuair mo cheardchumann, NATFHE, a thug tacaíocht dom, £400 mar chostaisí.

Ach níorbh shin deireadh an scéil. Thug muid preasráiteas don nuachtán áitiúil anseo agus dhírigh na meáin chumarsáide mhóra ar an chás fosta. Bhí an scéal i mbeagnach gach nuachtán náisiúnta i Sasana agus in Éirinn, chomh maith le bheith ar an BBC, agus in *Beo!, *ar ndóigh, áit ar insíodh an scéal ar dtús ar fad. Níor stad mo ghuthán ag bualadh - b’éigean dom agallamh a dhéanamh leis an “Marion Finnucane Show” ar RTÉ 1, a raibh an cás mar phríomhscéal acu, dhá agallamh le Raidió na Gaeltachta agus le roinnt mhaith nuachtán. Bhí an scéal sa “Times Educational Supplement”, fiú. B’éigean don phríomhoide labhairt leo fosta. Ba léir gur shíl na meáin chumarsáide go raibh an scéal tábhachtach agus suntasach.

Tar éis drochphoiblíochta mar sin, bhí a fhios agam go mbeadh *fall-out *sa choláiste, mar go mbeadh an Roinn Oideachais i Sasana i dteagmháil leis an phríomhoide faoin chás. Agus seo an rud a tharla: tháinig an scéala amach an mhí seo caite go raibh Ian Farmer ag glacadh le hiomarcaíocht dheonach agus go mbeadh sé ag atraenáil mar mhúinteoir riachtanas speisialta.

Ar ndóigh, ní raibh an locht ar bhainisteoir amháin ar bith sa choláiste, cé go raibh Farmer lárnach sa rí-rá. Go bunúsach, le tamall anuas ní raibh siad sásta comhoibriú leis na ceardchumainn sa choláiste, NATFHE agus UNSION, i gcúrsaí sláinte agus sábháilteachta, cé go bhfuil dualgas orthu, de réir an dlí (Health and Safety at Work Act 1974), é sin a dhéanamh. Chuir siad bac le rudaí an t-am uilig, agus nuair a chuir muid ceist orthu faoin bhuiséad le haghaidh sláinte agus sábháilteachta sa choláiste, bhí fearg ar Richard Griffiths, oifigeach airgeadais, agus tháinig sé amach le tuairimí ciníocha in aghaidh na nÉireannach. Dá bharr sin, bhí an cás dlí thuasluaite ann agus bua agam féin agus na ceardchumainn.

Níor tháinig feabhas ar bith ar chúrsaí sláinte agus sábháilteachta, áfach. Thug beirt mhúinteoirí sa Roinn Spóirt faoi deara go raibh fabhtanna baolacha san ionad spóirt sa choláiste. Thug muid liosta de na fabhtanna d’Ian Farmer ag cruinniú den choiste sláinte agus sábháilteachta ar an 18 Meitheamh (11 lá tar éis an bhua ag an bhinse breithimh fostaíochta) ach níor chuala muid rud ar bith ar ais uaidh ar feadh níos mó ná seachtain.

Mar chuid eile den fall-out, tar éis na drochphoiblíochta a bhí ann mar gheall ar an bhinse breithimh, tháinig an cigire sláinte agus sábháilteachta go dtí an coláiste ar an 1 Iúil, agus bhí cruinniú ann idir é féin, na ceardchumainn agus na bainisteoirí. Nuair a d’ardaigh sé ceist na sábháilteachta san ionad spóirt, thug múinteoir amháin liosta de na fadhbanna dó agus ba léir go raibh na bainisteoirí cráite arís. Ach bhí an locht orthu féin, mar ní raibh rud ar bith déanta acu maidir leis na fadhbanna le trí lá dhéag.

Tá dearcadh mar seo ag a lán bainisteoirí i Sasana, tar éis 18 bliana de rialtas Margaret Thatcher agus John Major (1979-1997). Rinne siad go leor dlíthe a reachtú in aghaidh na gceardchumann, dlíthe atá fós i bhfeidhm in ainneoin rialtas Tony Blair a bheith i gcumhacht, agus shíl bainisteoirí go dtiocfadh leo a rogha rud a dhéanamh i gcónaí. Tá rudaí ag athrú de réir a chéile, ach go dtí go ndéanfar leasú ar na dlíthe frith-cheardchumainn, beidh go leor deacrachtaí le sárú againne sna ceardchumainn.

Is de bhunadh Éireannach é Tony Birtill agus rugadh i Learpholl é. Tá sé ag obair sa chathair sin mar mhúinteoir agus mar shaoririseoir.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.