AR NA SAOLTA SEO
An doineann i ndán d’iascairí na hÉireann
Dónall Ó Maolfabhail Dónall Ó Maolfabhail Dónall Ó Maolfabhail

Nuair a dhiúltaigh Coimisiún na hEorpa ceadúnas a thabhairt don bhád ollmhór iascaireachta The Atlantic Dawn, rinne Rialtas na hÉireann stocaireacht ar son an úinéara. Measann go leor daoine anois, áfach, go mbeidh gnáth-iascairí na tíre seo thíos leis an stocaireacht sin, mar a mhíníonn Dónall Ó Maolfabhail.

Íomhá
Bád Kevin McHugh, Atlantic Dawn
Íomhá
Íomhá
Íomhá
Íomhá
Íomhá
Íomhá

An 15 Iúil 2003 lá na cinniúna do thionscal iascaireachta na hÉireann. Ag tús na bliana seo d’aontaigh ballstáit an Aontais Eorpaigh ar dhréachtphlean do Chomhbheartas Iascaireachta na hEorpa (CIE) nua. Ar an 15 Iúil cuirfidh ionadaithe de chuid na tíre seo cás iascairí na hÉireann os comhair Choimisiún na hEorpa. Go gairid ina dhiaidh sin leagfaidh an Coimisiún síos rialacha an CIE nua. Tuigtear do Beo!, áfach, nach mbeidh siad fabhrach d’iascairí na hÉireann. Cheana féin tá cuid den mhilleán maidir leis seo á chur ar an Rialtas as an stocaireacht a rinne siad don bhád Atlantic Dawn agus cuid eile ar chleachtais áirithe atá ag iascairí santacha de chuid na tíre seo.

Cé go ndeirtear sa Bhéarla, “A rising tide lifts all boats” níl aon fhianaise ann gur thug an Tíogar Ceilteach spreagadh ar bith do thionscal iascaireachta na hÉireann. A mhalairt ar fad a tharla. De thairbhe an Tíogair Cheiltigh, mhéadaigh go háirithe ar chostas ola agus d’éirigh sé níos deacra ag úinéirí foireann a earcú. Ar dhroim an Tíogair Cheiltigh tháinig cultúr an airgid chun cinn, a chuir béim ar leith ar an ábharachas. De réir tuarascála de chuid an Choimisiúin, i 1996/97 bhí iascairí na hÉireann ag tuilleamh thart ar £13,890 sa bhliain, sin go mór faoi bhun mheánphá tionscail na linne, £17,000. Sa chomhthéacs seo is éasca a thuiscint cén fáth nach raibh daoine óga ag roghnú ghairm an iascaire mar shlí bheatha.

Le blianta anois tá Bord Iascaigh Mhara ag eagrú feachtas earcaíochta san Eoraip agus i gCeanada, ag iarraidh daoine a mhealladh le theacht go hÉirinn le hoibriú sa tionscal. I Lúnasa 2000, bhí thart ar 1,500 bád iascaireachta cláraithe sa stát seo, i gcomparáid le thart ar 1,800 faoi láthair. Mar sin féin deir An Roinn Cumarsáide, Mara agus Acmhainní Nádúrtha go bhfuil níos mó agus níos mó daoine ag tréigean an tionscail. I gcás cuid mhaith den 300 bád breise seo, is daoine iad a dhíol an bád mór a bhí acu de bharr deacrachtaí eacnamaíocha agus a cheannaigh bád níos lú, a deir an Roinn.

Cé gur le hÉirinn an ceathrú cuid nó mar sin d’fharraigí na hEorpa, níl ach thart ar 4% de chuóta iascaireachta na hEorpa ag an stát seo. Níl aon dabht ach gur loic taidhleoirí na hÉireann ar iascairí na tíre seo an lá a ghlac siad leis an socrú áirithe seo. Ó ghlac Éirinn ballraíocht sa Chomhphobal Eorpach táthar ag cur brú ar an stát farraigí na tíre a roinnt le tíortha eile. Go dtí seo chuir iascairí na tíre ina choinne seo ar an bhonn gur cuid speisialta de sheanthraidisiún na hÉireann é an tionscal iascaireachta. Slí thraidisiúnta maireachtála do phobal chósta na hÉireann ab ea iascaireacht, seachas slí le héirí saibhir, a dúradh.

Fiú go dtí an lá atá inniu ann, báid faoi bhun 15 méadar 80% de chabhlach iascaireachta an stáit seo. Chaithfí, dúradh, báid mhonarchan ó thíortha eile a choimeád amach as uiscí na hÉireann. Ní hamháin go raibh siad ag cur an stoic éisc i mbaol, ach bhíodar ag cur slí mhaireachtála traidisiúnta i mbaol freisin. Ach anois is ag an stát seo atá an bád iascaireachta is mó ar domhan.

An Atlantic Dawn

Tá an Atlantic Dawn beagnach dhá uair chomh mór le Páirc an Chrócaigh. Tá ar chumas an bháid breith ar thart ar 300 tonna éisc in aghaidh an lae agus thart ar 7,000 tonna a choimeád reoite. Is i bhfarraigí chósta iarthar na hAfraice, amach ó chósta Mauritania is mó, a oibríonn an Atlantic Dawn. Ní haon ionadh mar sin go bhfuil iascairí tíortha ar nós Senegal agus Mauritania ag gearán go bhfuil an Atlantic Dawn ag cur a slí bheatha traidisiúnta féin i mbaol. 20,000 duine nó mar sin atá fostaithe sa tionscal iascaireachta i Senegal. Creideann Cathaoirleach Chumann na nIascairí, Frank Doyle, go bhfuil pé seasamh morálta ar leith a bhí ag iascairí na tíre seo caillte anois dá bharr. Creideann sé leis go ndearna an stocaireacht a rinne an rialtas le ceadúnas a fháil don Atlantic Dawn cás iascairí an stáit seo i bhfad níos laige.

Thar na blianta is minic iascairí na hÉireann ag gearán nach raibh an Coimisiún sásta seasamh i gcoinne stát a sháraigh na rialacha. De réir fiosrúcháin a rinne clár RTÉ “Prime Time”, tógadh an Atlantic Dawn ainneoin comhairle ón Roinn gan a leithéid a dhéanamh go dtí go mbeadh ceadúnas faighte. Ag an am bhí cabhlach iascaireachta na hÉireann níos mó cheana féin ná mar a bhí ceadaithe dó a bheith.

An taobh istigh den bhád Atlantic Dawn

Cúpla mí sular sheol an Atlantic Dawn isteach go Cuan Bhaile Átha Cliath, bhí an Coimisiún fós ag diúltú ceadúnas a thabhairt don bhád. Sna seachtainí a lean rinne an tAire, An Taoiseach agus fiú an Coimisinéir David Byrne achainí ar an Choimisiún ceadúnas a thabhairt don bhád ach fós dhiúltaigh an Coimisiún é sin a dhéanamh. Ar deireadh d’ordaigh an tAire Mara Frank Fahey go ndéanfaí an bád a chlárú mar "merchant vessel" agus bhronn cúig cheadúnas shealadacha air, cinneadh a sháraigh rialacha an Choimisúin. I Lúnasa 2000, sheol an bád isteach go cuan Bhaile Átha Cliath.

Ní mó ná sásta a bhí an Coimisiún agus bhagair siad an dlí a chur ar an stát. Ar deireadh thiar thángthas ar shocrú: dá mbainfeadh úinéir an Atlantic Dawn, Kevin McHugh, bád eile ar leis, An Veronica, ó chabhlach na hÉireann, cheadófaí dó an Atlantic Dawn a chlárú. Tá Veronica anois cláraithe i bPanama.

Dochar

Ní hamháin nár chabhraigh an stocaireacht speisialta ar leith seo ar son úinéir báid amháin le misneach iascairí eile Éireannacha, ach creideann an tUasal Doyle go ndearna stocaireacht an Rialtais dochar freisin do pé dea-thoil a bhí sa Choimisiún i leith iascairí na hÉireann. Faoi láthair tá teorainn leis an méid bád eachtrannach a cheadaítear isteach sa limistéar 50 míle amach ó chósta na hÉireann ar a nglaotar Bosca na hÉireann. Cheana féin tá an chuma ar an scéal go bhfuil sé i gceist deireadh a chur leis seo agus, ina áit, a leagan síos go bhfuil *"sensitive zones” *amach ó chósta an deiscirt agus an iarthair, ach sin uile. Dealraíonn sé freisin go bhfuil cinneadh beartaithe a mbeidh caillteanas mór airgid do thionscal iascaireachta an stáit seo mar thoradh air.

Is é 85,000 tonna an teorainn faoi láthair ag tionscal iascaireachta na hÉireann. De thairbhe socrú a rinneadh i 1990, caithfidh aon iascaire atá ag lorg ceadúnais le haghaidh bád nua tonnáiste agus each-chumhacht inneall an bháid nua a bheith aige roimh ré. Is féidir leis iad a cheannach nó bád eile dá chuid le tonnáiste agus each-chumhacht den mhéid céanna a dhíchlárú. Is é an toradh atá air seo ná go bhfuil margadh i dtonnáiste agus go n-aithnítear anois an tonnáiste mar acmhainn. Ach mar chuid den CIE nua, tá sé ar intinn ag an Choimisiún díluacháil a dhéanamh ar aon tonnáiste nach raibh cláraithe ar an chéad lá d’Eanáir 2003.

Creideann an tUasal Doyle go bhfuil ar a laghad 25% den 85,000 míle tonnáiste atá ceadaithe don tír seo gan chlárú. Saint, dar leis, is cúis cuid mhór leis seo - daoine ag iarraidh airgead a choimeád sa bhanc don lá fliuch. I measc iad siúd a chaillfeadh go trom bheadh úinéir an Atlantic Dawn. Ar chúis éigin nach bhfuil míniú cruinn air ceadaíodh don Uasal McHugh an tonnáiste ón Veronica a choimeád mar acmhainn nuair a dhíchláraigh sé an bád sin. Ach toisc nach raibh an tonnáiste sin cláraithe ar an 1 Eanáir 2003 creidtear go gcaillfidh an tUasal McHugh an 5,000 tonnáiste a bhí ar an Veronica, a ndeirtear gur fiú thart ar €50 milliún é.

I bhfad sula raibh aon trácht ar an Atlantic Dawn bhí báid iascaireachta ollmhóra ag iascach fharraigí an domhain. Mar sin ní féidir an tUasal McHugh a lochtú as a fhiontar féin. Cé go ndearna an Atlantic Dawn brabús roimh cháin de €7.33 milliún in 2001, de bharr nach bhfostaíonn sé ach thart ar 100 duine níl ach timpeall 1% díobh siúd a oibríonn i dtionscal iascaireachta na hÉireann ag brath air.

Sin fíric nár chóir don Rialtas a dhearmad.

As Baile Átha Cliath é Dónall Ó Maolfabhail. Is saoririseoir é atá ag scríobh do Magill, i measc foilseachán eile.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.