Ba chúis bhróid é do na hÉireannaigh i Nua-Eabhrac nuair a osclaíodh ionad cuimhneacháin an Ghorta Mhóir i Manhattan anuraidh. Taobh istigh de naoi mí, áfach, b’éigean an t-ionad a dhúnadh de bharr go raibh creimeadh ag tarlú. Cúlra an scéil ó Tom Deignan.
Soilseadh an ghrian! Sin an rud atá á rá ag Tim Carey agus ag go leor daoine eile i Nua-Eabhrac ar de shliocht Éireannach iad, agus ní go díreach toisc gur mhaith leo laethanta leisciúla samhraidh a fheiceáil tar éis aimsir chomh léanmhar sin a bheith ann i rith an gheimhridh.
Chuir Carey, ar uachtarán é ar an Battery Park City Authority (BPCA) in iúl an mhí seo caite gurbh iad na míonna fada de shneachta, de fhlichshneachta agus d’aimsir cholgach i Nua-Eabhrac ba chúis le dúnadh ionad cuimhneacháin mócháiliúil Ghorta Mór na hÉireann i gceartlár Manhattan. Chuir an drochaimsir isteach fosta ar na hiarrachtaí a rinneadh an t-ionad cuimhneacháin a dheisiú.
B’ócáid mhór a bhí i gceist nuair a d’oscail an t-ionad cuimhneacháin, a chosain $5 mhilliún, an samhradh seo caite. Bhí go leor de ghnáthmhuintir na cathrach agus de lucht na meán an-tógtha leis an ionad seo, ar athchruthú é ar fheirm i Maigh Eo a tréigeadh le linn an ghorta. Is féidir le cuairteoirí fiú amháin dul isteach i macasamhail de thigín dhá sheomra. Ach in ainneoin gur teach ón naoú haois déag gona fheisteas go léir atá i gceist, is taispeántas stairiúil de chuid an 21ú haois amach is amach é.
Agus tú ag siúl timpeall an taispeántais, d’fhéadfá sleachta a léamh as leabhair staire, nó ó dhíospóireachtaí polaitiúla a tharla roimh aimsir an Ghorta, ar bhallaí an struchtúir. Bhí amhráin le cloisteáil faoin imirce, mar aon leis na scéalta is nua faoi ghortaí an lae inniu, a bhuí sin le córas fuaime an ionaid cuimhneacháin.
Bhí an tUachtarán Máire Mhic Ghiolla Íosa i láthair ag oscailt an ionaid, chomh maith le slua mór d’oifigigh Nua-Eabhrac. Nuair a bhí sé ar oscailt, ba thearmann iontach, glas é i measc na bhfoirgneamh asfailt agus coincréite. Chuir a ghaire is a bhí sé do Ground Zero lena chumhacht fosta.
Bhí sé deacair glacadh le dúnadh an ionaid, go háirithe tar éis moladh chomh hard sin a bheith faighte aige agus oiread turasóirí - Éireannaigh, Meiriceánaigh agus daoine as gach cearn den domhan - cuairt a thabhairt air.
Deir Carey anois go bhfuil oibrithe ábalta tabhairt faoi laethanta iomlána d’obair dheisiúcháin gan fórsaí an nádúir a bheith ag cur bac orthu. “Tá sé tar éis a bheith ina chuidiú mór,” a deir sé, ag tagairt don aimsir le tamall anuas. “Ní féidir leat coincréit a scairdeadh sa bháisteach.”
Deir Carey, má théann gach rud de réir an phlean atá leagtha síos, go bhféadfadh údaráis Battery Park City “athoscailt céim ar chéim” a bheith acu go luath, b’fhéidir ó 19 Meitheamh ar aghaidh. Is éard a chiallaíonn sé sin ná go ligfear an pobal ar ais isteach i gcuid den ionad leathacra - atá suite ag Vesey Street agus North End Avenue, siúl gearr ó Ground Zero - ach go leanfaidh obair dheisiúcháin ar aghaidh i bpáirteanna eile de. Deir Carey go bhfuil sé róluath le rá cén chuid den ionad cuimhneacháin a osclóidh ar dtús.
Pábháil an chosáin críochnaithe
Bhí Carey in Albany ag deireadh na míosa seo caite agus dúirt sé go mbeadh níos mó sonraí ar eolas aige nuair a d’fhillfeadh sé ar Nua-Eabhrac agus nuair a bheadh sé ábalta siúl tríd an ionad leis an hinnealtóirí agus le hoifigigh eile de chuid an BPCA. “Is féidir liom a dheimhniú go bhfuil pábháil an chosáin críochnaithe againn,” a dúirt Carey, ag tagairt don chosán ón tsráid a théann suas 30 troigh go barr an ionaid cuimhneacháin, a fhéachann amach ar abhainn an Hudson. Deir Carey go bhfuarthas “mífhaisnéis” ón chonraitheoir a thóg cosán an ionaid cuimhneacháin maidir le buaine an ábhair a úsáideadh. Tharla creimeadh in áiteacha áirithe agus d’éirigh sé sleamhain áiteacha eile.
Dúnadh an t-ionad cuimhneacháin i mí an Aibreáin chun an cosán agus codanna eile de a bhí “dainséarach” do thurasóirí a dheisiú, a dúirt oifigigh de chuid an BPCA. Bhí ceisteanna á gcur le fada faoi dhearadh an ionaid. Tuairiscíodh an samhradh seo caite gur ardaigh Dennis Smith, an t-iarfhear dóiteáin i Nua-Eabhrac agus an údar leabhar mór-ráchairte, ceisteanna tromchúiseacha sábháilteachta, ina measc cinn a luaigh an BPCA i ndiaidh dhúnadh an ionaid.
Bhí fadhbanna draenála i gceist chomh maith. Ceann de na rudaí is tarraingtí faoin ionad ná na cineálacha éagsúla plandaí as Éirinn atá ann; ach is gá uisce a chur ar na plandaí seo, gan amhras, agus ansin draenáil a dhéanamh go rialta.
Le linn na hoibre deisiúcháin atá ar siúl faoi láthair, beidh ar oifigigh Battery Park go leor den obair chloiche atá timpeall an ionaid a athnuachan. Luaigh Dennis Smith ceist an chosáin agus na hoibre cloiche nuair a osclaíodh an t-ionad. Fuair an nuachtán *The Irish Voice *cóip de mheabhrán a scaip Smith ar oifigigh de chuid Battery Park mí Iúil seo caite, ach deir Carey nach cuimhin leis an meabhrán sin a fheiceáil.
Tá sé tábhachtach do Carey go mbeadh an obair dheisiúcháin ar an ionad cuimhneacháin críochnaithe faoi lár na míosa seo mar go bhfuil imeachtaí éagsúla in ainm is a bheith ar siúl ann nuair a bhainfidh an macasamhail de long gorta, an Jeanie Johnston, Nua-Eabhrac amach i mí Iúil.
An mhí seo caite, gheall Carey go mbeadh an obair déanta in am. Cosnóidh an obair dheisiúcháin $250,000 ar fad agus is iad an BPCA, a reáchtálann an t-ionad cuimhneacháin, a íocfaidh aisti.
Tá Tom Deignan ag obair mar eagarthóir agus mar cholúnaí leis an *Irish Voice i Nua-Eabhrac. Is iarléachtóir ollscoile é. Tá a leabhar nua, Coming to America: Irish Americans (Barron’s), díreach foilsithe.*