AR NA SAOLTA SEO/SCÉALTA ÓN ASTRÁIL
Lagar na turasóireachta
Dáithí Ó Colchúin Dáithí Ó Colchúin Dáithí Ó Colchúin

Is mian leis an Rialtas san Astráil straitéis nua margaíochta a chur i bhfeidhm chun dul i ngleic leis an laghdú i líon na dturasóirí atá ag tabhairte cuairte ar an tír le roinnt blianta anuas. Tuairisc ó Dháithí Ó Colchúin.

Íomhá
Páirc Náisiúnta Otway
Íomhá
The Grampians, Stát Victoria

Go dtí le gairid, bhí tionscal na turasóireachta ag treabhadh leis go tréan san Astráil, agus méadú rialta ag teacht ar an líon daoine a bhí ag triall ar an tír as tíortha eile. Ach de réir na bhfigiúirí is deireanaí, beidh laghdú ar an uimhir sin arís i mbliana don tríú bliain as a chéile. Níor tharla a leithéid riamh cheana agus tá an Rialtas agus eagraíochtaí turasóireachta ag iarraidh an scéal a leigheas.

Ar ndóigh, tá cúiseanna leis an laghdú - ionsaithe sceimhlitheoireachta mar a tharla i Nua-Eabhrac agus Washington i 2001, i mBali anuraidh agus ar an Iaráic i mbliana; cúlú geilleagrach i gcuid mhaith de thíortha an domhain; deacrachtaí ag aerlínte; agus SARS, a raibh tionchar mór aige san Áis agus go hindíreach san Astráil.

In ainneoin na ndeacrachtaí, tháinig 4.841 milliún turasóir go dtí an Astráil anuraidh, laghdú ón 4.931 milliún a tháinig in 2000, an líon ab airde go dtí seo. Is léir gur chuidigh na Cluichí Oilimpeacha sa mbliain sin. Sa bpáipéar glas atá foilsithe ag an Rialtas le gairid, moltar stráitéis nua margaíochta a chur i bhfeidhm agus téama nua a chothú a bhainfeadh le gach gné den turasóireacht. Má ghlactar leis an stráitéis seo, beidh maolú ar an mbéim a bhí ar ghnéithe áithrid den turasóireacht - an cangarú, an cóála, an Sydney Opera House agus mar sin de. Beidh béim ar mhargaí nideoige - éiceathurasóireacht, bia is fíon, agus turasóireacht bunaithe ar stair agus ar chultúr na ndúchasach.

feachtais nua mhargaíochta seolta i gcuid mhaith de phríomh-mhargaí na tíre le cúpla mí anuas agus tá muinín ag an Rialtas go mbeidh feabhas beag ar an scéal an bhliain seo chugainn agus go ndúblófar an líon cuairteoirí idir seo agus 2012.

Is deacair a shamhlú anois ach go dtí na seascaidí ní raibh ach 50,000 in aghaidh na bliana ag teacht go dtí an Astráil. Ceann de na rudaí a d’athraigh an scéal ná an Boeing 747 ó thús na seachtóidí. Cé nach bhfuil ach 1% de thurasóireacht dhomhanda ag an Astráil agus gur líon beag é le hais na Fraince (76 milliún) nó na Spáinne (50 milliún), tá sé fíorthábhachtach ina dhiaidh sin féin. Tá 500,000 duine fostaithe dá bharr agus saothraíonn sé $17 billiún (€9.4 billiún) in aghaidh na bliana thar lear.

Cé go bhfuil deacracht mhór amháin ag an Astráil, is é sin go bhfuil sí chomh fada sin ó na príomh-mhargaí (ach amháin an Nua-Shéalainn), tá buntáistí aici freisin - seasmhacht pholaitiúil, aeráid mhaith, éagsúlacht nádúir i gcomparáid le háiteacha eile - a mheallann na sluaite.

Ní féidir a rá fós cén toradh a bheas ar an stráitéis nua margaíochta, ach b’fhéidir nach mbeidh sé mórán achair go mbeidh tionscal na turasóireachta ar a sheanléim arís.

Tá Dáithí Ó Colchúin ina chónaí i Sydney. Is as an gCeathrú Rua i gConamara ó dhúchas é.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.