Tá muintir Mheiriceá ag titim chun feola agus tá go leor tuairimí i measc an phobail faoin fhadhb agus faoin dóigh is éifeachtaí le déileáil léi, mar a mhíníonn Mary Beth Taylor.
Is díol suntais iad torthaí suirbhé a rinneadh ar na mallaibh a léiríonn go mbeidh gá ag mná na hÉireann le cíochbhearta níos mó as seo amach. Ba é 32B an tomhas ba choitianta sna hochtóidí, ach is iad 32C agus 36C na tomhais atá le fáil den chuid is mó anois i measc cuid ban na tíre. Ní hamháin go bhfuil cíocha ag éirí níos mó ach tá coimeanna ag at chomh maith - tá fir agus mná na hÉireann cloch níos troime ar an mheán anois thar mar a bhí deich mbliana ó shin.
Cé gurb é Meiriceá “an náisiún is raimhre ar domhan” go fóill, tá na coinníollacha céanna is cúis le Meiriceánaigh a bheith chomh ramhar sin ag teacht chun cinn in Éirinn sa ré seo tar éis an Tíogair Cheiltigh.
Tá níos mó Meiriceánach ná mar a bhí riamh - 55% de mhuintir na tíre, dar leis an National Institutes of Health - róthrom, agus tá 20% de na daoine sin an-mhéith ar fad. Léiríonn na huimhreacha seo go bhfuil an chuid is mó de dhaonra Mheiriceá i mbaol breise ó ghalair a bhaineann le raimhre, roinnt cineálacha ailse, cuir i gcás, galar croí, strócanna, an diaibéiteas, ardbhrú fola, galar an domlais, agus na daitheacha cnámh.
Tá dlúthbhaint ag cultúr na caoithiúlachta i Meiriceá leis na deacrachtaí maidir le cailleadh meáchain agus cothú slí mhaireachtála atá sláintiúil. Mar shampla, tá feiniméan na mbialann ar féidir tiomáint tríothu, nach bhfuil chomh coitianta sin in Éirinn go fóill, mar chuid lárnach den tírdhreach Meiriceánach.
Tá slí mhaireachtála an bhruachbhaile agus an chaoi a mbítear ag brath oiread ar an charr mar chuid de chultúr seo na caoithiúlachta chomh maith. De bharr go mbítear den tuairim agus bruachbhailte á dtógáil go mbeidh carranna ag na daoine go léir a bheas ag cur fúthu iontu, bíonn achar fada idir limistéir chónaithe agus na ceantair áitiúla gnó, rud a chiallaíonn gur gá tiomáint chuig siopaí grósaera, pictiúrlanna, tábhairní agus bialanna. Tá cultúr an chairr chomh láidir sin i mbruachbhailte Mheiriceá go bhfuil go leor ceantar ann nach bhfuil córas ar bith iompair poiblí acu, agus tá roinnt nach bhfuil cosáin le fáil iontu fiú. Ar ndóigh, cuireann an bhéim seo ar an charr teorainn leis an mhéid aclaíochta is féidir le daoine a fháil go laethúil.
Léiriú eile ar chultúr na caoithiúlachta is ea an méid béilí a bhíonn ag Meiriceánaigh i mbialanna. I suirbhé a rinne an American Institute for Cancer Research (AICR) le déanaí, dúirt beagnach leath na bhfreagróirí gur ith siad béile i mbialann nó gur ordaigh siad bia le beir leat níos mó ná dhá uair sa tseachtain. Is ábhar iontais é go ndúirt 14% den dream a ceistíodh go ndéanann siad é seo cúig huaire nó níos mó sa tseachtain. Ní hamháin go mbíonn roinnt mhaith geire agus calraí i mbeatha na gnáthbhialainne, ach tá na “super sizes” agus na “value meals”, agus na béilí eile a bhfuil ainmhéid iontu, ag cur le heipidéim na raimhre ar fud Mheiriceá fosta.
Tá treocht den chineál céanna le fáil in Éirinn ón am a tháinig méadú i líon na mbialann bia sciobtha sa tír de bharr borradh geilleagrach a bheith ann. Ní raibh ach caife amháin ag Mac Donalds in Éirinn sa bhliain 1977, le hais 57 caife anois, agus iad ar fad ag cur ar fáil béilí “supersize”. Lena chois sin, léiríonn staidéar trasteorann a rinneadh in ollscoileanna sa dá chuid den oileán go bhfuil muintir na hÉireann ag ithe béilí taobh amuigh den bhaile níos minicí ná riamh.
Tionscal na n-aistí bia
Tá oiread Meiriceánach i bhfad róthrom, ach ní hionann sin is a rá nach bhfuiltear ag déanamh iarrachta meáchan a chailleadh. Bíonn suas le 48 milliún Meiriceánach ar aiste bia gach lá, iad ag baint úsáide as breis is 30,000 aiste bia atá ar an mhargadh. Is tionscal ollmhór iad na haistí bia seo agus na táirgí a bhaineann leo sna Stáit Aontaithe agus, fiú sa bhliain 1990, bhí ioncam de os cionn $30 billiún dollar ag baint leis.
Léirigh staidéar de chuid an National Institute of Health a foilsíodh sa bhliain 1992, áfach, go gcuireann idir 95-98% den dream a chailleann meáchan agus iad ar aiste bia suas arís é laistigh de chúig bliana, agus go gcuireann 90% den dream sin níos mó meáchain suas ná mar a chaill siad.
Is roghanna níos déine fós iad na piollaí aiste bia agus obráidí íslithe meáchain dóibh siúd ar mian leo meáchan a chailleadh i Meiriceá. Cé go mbíonn oideas dochtúra de dhíth i gcás go leor de na piollaí, cuireann líon mór suíomh gréasán Meiriceánach ar chumas custaiméirí na drugaí seo a ordú agus íoc astu ar líne, agus ní gá dóibh cuairt a thabhairt ar dhochtúir ar chor ar bith. Cuireann na custaiméirí sonraí maidir le hairde agus meáchan ar fáil - ceist eile cad é chomh cruinn is a bhíonn na sonraí seo - agus nuair a “cheadaíonn” dochtúir atá bainteach leis an suíomh an t-ordú, seoltar amach na drugaí de ghnáth an lá dár gcionn.
Is cúis an-mhór imní é gur féidir drugaí mar seo a n-éiríonn daoine tugtha dóibh a dháileadh thar an idirlíon, go háirithe nuair a chuirtear san áireamh go bhfuil líon chomh mór sin Meiriceánach á dtógáil agus go bhfuil sé cruthaithe go bhfuil seachthorthaí dainséaracha ag baint leo, mar shamplaí taomanna inchinne, an galar dubhach, preabadh croí, ardú i mbrú fola, agus laige croí forlíonta.
Tá méadú tagtha le tamall anuas ar an líon Meiriceánach atá ag teacht i dtír ar mháinliacht ghastraistéigeach le meáchan a chailleadh. Tharraing Carnie Wilson (iníon le Brian Wilson ó na Beach Boys agus iarbhall den phopghrúpa cailíní Wilson Phillips) aird ar an chineál seo sceanairte nuair a craoladh a hobráid sheach-chonair ghastrach ar an idirlíon sa bhliain 1999. Chaill sí 150 punt meáchain ina dhiaidh sin.
Is sampla í Katie Bentley Mooers de ghnáth-Mheiriceánach a bhfuil sé beartaithe aici obráid a bheith aici chun meáchan a chailleadh. Is bean mheánaicmeach seacht mbliana is fiche d’aois í Katie, a phós ar na mallaibh, agus tá cónaí uirthi i mbruachbhaile de chuid Washington DC.
“Beidh seach-chonair ghastrach á fáil agam, díreach ar nós Carnie,” ar sise go magúil nuair a labhair mé léi le gairid. “Déanfar cuid de mo ghoile a dhúnadh le stáplaí agus cuirfear m’ionathair ar atreo. Laghdófar mo ghoile agus ní choinneoidh sé ach ceithre phunt bia ag an am - beidh an spás rud beag níos mó ná d’ordóg.”
Chomh maith leis an ghoile a dhéanamh níos lú, déantar cothaithigh agus calraí a ionshú níos moille agus bítear ag súil go dtarlóidh an-chailleadh meáchain dá bharr. Tá Mooers i dteideal an mháinliacht seo a bheith aici de bharr go bhfuil sí níos mó ná 100 punt róthrom agus tá súil aici 150 punt a chailleadh de bharr na hobráide seo.
“Bhínn in éadan sceanairte den chineál seo,” a deir Mooers, ar éirigh léi meáchan a chailleadh le Weight Watchers roinnt blianta ó shin, ach a chuir suas arís é tar éis tamaill. “Mheas mé go raibh an sceanairt seo ró-ionrach, ródhian, ach ag an Nollaig anuraidh d’fhreastail mé ar Weight Watchers arís, agus chuir mé suas meáchan,” a deir sí. “Chloígh mé go docht lena bplean, ach níor oibrigh sé. Tháinig fearg agus frustrachas orm.”
I ndiaidh di clár a fheiceáil ar an teilifís faoi sheach-chonair ghastrach, chuaigh sí i dteagmháil lena comhlacht árachais le fiosrú faoi chumhdach a fháil don mháinliacht. Cosnaíonn an sceanairt $30,000 agus gan an cumhdach árachais ní fhéadfadh Mooers an costas sin a ghlanadh.
Cé go bhfuil sí ag fanacht le scéala ón chomhlacht árachais go fóill, tá sí ar bís faoin obráid agus tá rún daingean aici dul faoin scian, ar ais nó ar éigean. “Tá mé ag iarraidh gan eagla a bheith orm roimhe,” a deir sí.
Ramhar agus folláin?
Bunaíodh an National Association to Advance Fat Acceptance (NAAFA) sa bhliain 1969. Is eagras neamhbhrabúsach cearta daonna é a bhfuil sé mar aidhm aige cáilíocht bheatha daoine ramhra a fheabhsú. Maíonn an NAAFA nach ionann an raimhre agus an drochshláinte. De bharr gurb iad cúinsí oidhreachtúla agus aistí bia ón am a chuaigh thart is cúis le raimhre go minic, agus de bharr go dteipeann ar 95-98% d’aistí bia thar trí bliana, tá an méid seo le rá ag an NAAFA: “Tá sé ag éirí soiléir gur fearr do dhaoine a bhfuil claonadh acu a bheith ramhar fanacht ag meáchan trom, ach seasmhach, agus díriú ar aclaíocht phearsanta in áit na tanaíochta.”
Is sampla maith í an tógálaí meáchan Oilimpeach Cheryl Haworth de dhuine atá aclaí agus ramhar. Bhain Haworth bonn cré-umha do Mheiriceá ag Cluichí Oilimpeacha na bliana 2000, nuair a bhí sí seacht mbliana déag agus 300 punt meáchain. In ainneoin a toirte, is féidir le Haworth 40 slat a rith i 5.5 soicind, na *splits *a dhéanamh agus preabadh 30 orlach dá léim ingearach. Ní bhíonn sí ag gabháil leithscéil le daoine as a bheith ramhar, rud a bhí soiléir in agallamh a rinne sí le Scholastic.com: “Cé go bhfuil mé níos troime,” a dúirt sí, “ná duine ar bith eile ar scoil, deirim liom féin, ‘Tá mé níos aclaí ná tusa ach amháin nach bhfuil an chuma sin orm.’” Ag an ócáid bhronnta le linn na gCluichí Oilimpeacha sa bhliain 2000, ghlac Haworth lena bonn cré-umha “ar son na mban eile nach bhfuil an toirt fhoirfe, uimhir 4.”
Mar a léiríonn na tuairimí go léir nach bhfuil ag teacht le chéile ar tagraíodh dóibh san alt seo, tá gaol fíorchasta ag an duine daonna le bia. Ag an leibhéal is simplí, úsáidtear bia chun maireachtáil. Úsáideann muid bia fosta le ceiliúradh a dhéanamh ar an ghaol le daoine eile. Tá an nós ann bia a roinnt le daoine eile ag tórramh nó sochraid, in ainneoin duine a rabhthas ceanúil air a bheith marbh, chun cur i gcuimhne do gach duine go bhfuil an dream atá i láthair fós beo, agus gur gá iad a chothú.
Ach macasamhail go leor eilimintí eile den bheatha, is gá smacht a choinneáil ar bhia go pointe áirithe - is féidir le heaspa bia nó an iomarca de dochar a dhéanamh. Tá sé deacair na laethanta seo dearcadh cothrom a chur chun cinn i Meiriceá maidir le bia, go háirithe agus líon ollmhór daoine i bhfad ró-ramhar nó neamhoird itheacháin ag cur as dóibh. In ainneoin áit lárnach an bhia i gcultúr Mheiriceá agus bhunriachtanais an nádúir dhaonna, áfach, tá sé riachtanach go bhféachfaí ar bhia mar chomhpháirt de shláinte mhaith seachas mar bhac ar shláinte mhaith, más mian linn dea-bhail fhisiciúil agus mhothúchánach a bhaint amach.
Is as Georgia ó dhúchas í Mary Beth Taylor. Fuair sí a gcuid oideachais in Ollscoil Georgia agus Ollscoil Oxford. Tá céim BA aici sa Bhéarla agus i Staidéar na mBan, agus tá sí ag déanamh cúrsa iarchéime sa Bhéarla sa Choláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath faoi láthair. Is de bhunadh Éireannach í.