AR NA SAOLTA SEO/SEAL LE LIZ
Géarleanúint na hIndinéise i bPapua Thiar
Liz Curtis Liz Curtis Liz Curtis

D’fhreastail Liz Curtis ar chaint faoi Phapua Thiar i mBaile Átha Cliath le déanaí agus chuala sí cur síos ar an ghéarleanúint atá á himirt ag an Indinéis ar mhuintir na tíre sin.

Íomhá
George Monbiot ag éisteacht le Carmel Budiardjo ag an siompóisiam faoi Phapua Thiar i mBaile Átha Cliath
Grianghraf: Liz Curtis
Íomhá
John Rumbiak ó Phapua Thiar ag caint ag an siompóisiam i mBaile Átha Cliathar na mallaibh
Grianghraf: Liz Curtis
Íomhá
Íomhá
Íomhá

“Is scéal é atá uafásach amach is amach, faoi chéasadh, olldúnmharú agus gabháil talún,” a dúirt an t-údar agus gníomhaíoch comhshaoil George Monbiot i mBaile Átha Cliath le gairid.

Bhí sé ag labhairt ag siompóisiam i rith na féile comhshaoil “Convergence” faoi chás Phapua Thiar agus an feachtas smachtaithe atá ar bun ag Rialtas na hIndinéise ansin.

“Is ceist í a bhfuil faillí an-mhór á déanamh inti,” arsa George Monbiot. “Tá iarracht réamhbheartaithe ar siúl ag an Indinéis le muintir Phapua Thiar a ghlanadh ó dhromchla an domhain, agus glúin nua a shíolrú a bhfuil craiceann geal acu agus gruaig dhíreach orthu. Tá infheidhmiú na n-acmhainní nádúrtha ag dul ar aghaidh go han-ghasta, agus tá greim an airm ar an tír tar éis éirí níos daingne.”

Tháinig thart fá 250 duine go dtí an siompóisiam le héisteacht le Monbiot agus le beirt ghníomhaíoch mór le rá eile, John Rumbiak as Papua Thiar agus Carmel Budiardjo, a bhunaigh TAPOL, eagraíocht cearta daonna san Indinéis.

Ba é West Papua Action, grúpa beag daoine atá ag iarraidh aird Rialtas na hÉireann agus an domhain a tharraingt ar an cheist phráinneach seo, a d’eagraigh an t-imeacht. Thug eagraíochtaí móra mar Amnesty International agus Trócaire tacaíocht don siompóisiam.

Is é Papua Thiar an chuid thiar den oileán ollmhór An Nua-Ghuine, atá suite in aice le cósta thuaidh na hAstráile. Tugtar Papua Nua-Ghuine ar an taobh thoir den oileán.

Tá cónaí ar phobail bhundúchasacha fud fad na Nua-Ghuine, pobail atá ag maireachtáil ar a ndóigh thraidisiúnta féin leis na mílte bliain. Tá na céadta treibh ann, agus a dteangacha agus gcultúir féin acu. Fásann siad a lán saghsanna glasraí, agus tógann siad muca.

Cosúil le neart áiteanna eile sa domhan, cuireadh tús le fadhbanna móra na tíre nuair a ghlac tíortha impiriúla de chuid na hEorpa seilbh ar an Nua-Ghuine sa 19ú haois. Roinn na hOllannaigh, na Gearmánaigh agus na Sasanaigh an t-oileán eatarthu ag an am.

Fuair na Gearmánaigh agus na Sasanaigh an taobh thoir, Papua Nua-Ghuine, agus rinne siad dhá chuid as. Sna 1950í, tháinig Papua Nua-Ghuine faoi smacht na Astráile, ansin bhain sé amach ceart rialtais dó féin i 1975.

Fuair na hOllannaigh Papua Thiar (nó Irian Jaya), an áit a bhfuil an ghéarchéim anois. Bhí na hOllannaigh i mbun na Indinéise fosta, atá níos faide siar ó Phapua Thiar.

Thug an Ísiltír aitheantas do neamhspleáchas na hIndinéise i 1949, ansin i 1952 d’aithin siad ceart phobal Papua Thiar iad féin a rialú, de réir Chairt na Náisiún Aontaithe. Tosaíodh ag déanamh na tíre réidh don fhéinrialtas ag an am sin.

Ach d’éiligh an Indinéis Papua Thiar, ansin bhí an cheist ina cnámh spairne agus cuireadh faoi bhráid na Náisiún Aontaithe í. Fuair an Indinéis smacht ar an tír i 1963, ansin cuireadh cuma na dlíthiúlachta ar an socrú sin i 1969. Sa bhliain sin, bhí reifreann ann ar thug an Indinéis “Acht na Saor-rogha” air. Seo é croí beo fhadhb an lae inniu.

Bhí thart fá mhilliún duine ina chónaí i bPapua Thiar ag an am, ach ní raibh ceart ach ag 1,022 duine tofa vótáil sa reifreann sin. Bhí atmaisféar bagrach ann, agus vótáil siad ar son lánpháirtíochta leis an Indinéis.

Chuir Ionadaí Speisialta na Náisiún Aontaithe in iúl nach raibh sé sásta leis an reifreann, ach ní dhearnadh rud ar bith faoi.

Scríobh an t-iriseoir Hugh Lunn: “Chonaic mé an t-imeacht sin, chonaic mé fimínteacht lucht polaitíochta an domhain, mhothaigh mé dobrón mairbhleach pobail agus cine eile ag glacadh seilbhe orthu.”

Ródhaonra

Is oileánrach an-mhór í an Indinéis. Tá níos mó na 17,000 oileán sa tír, a shíneann trasna 5,200 ciliméadar den Aigéan Indiach. Is é Jakarta an phríomhchathair agus tá sé suite ar oileán Iáva. Tá níos mó na 220 milliún duine san Indinéis, agus ródhaonra ann.

Tá an-chumhacht ag arm na hIndinéise, cé go bhfuil córas daonlathach in ainm is a bheith ann anois. Deirtear go bhfaigheann na saighdiúirí roinnt mhaith dá gcuid airgid ón chaimiléireacht.

Déanann an eagraíocht West Papua Action comparáid idir feachtas na hIndinéise i bPapua Thiar agus feachtas na ndaoine geala i Meiriceá Thuaidh in éadan na mbundúchasach ansin. Tá marthanas mhuintir Phapua Thiar i mbaol anois.

Ba mhaith le Rialtas na hIndinéise greim a fháil ar thíortha éagsúla le talamh agus acmhainní a fháil. Ach seasann daoine an fód. Tá cogadh saoirse ag dul ar aghaidh ó 1976 in Aceh, áit ar an rinn is faide siar d’oileán Sumatra. Bhí an-streachailt agus fulaingt i dTíomór Thoir fosta, go dtí gur bhain an tír neamhspleáchas amach i 1999.

Tá dúil ag an Indinéis agus ag na comhlachtaí ilnáisiúnta i dtalamh agus acmhainní an-saibhre Phapua Thiar. Seolann Rialtas na hIndinéise a lán imirceach ann ó Iáva agus áiteanna eile, agus glacann siad seo seilbh ar thalamh na mbundúchasach.

Tá comhlachtaí ilnáisiúnta foraoiseachta ag gearradh crann adhmaid chrua san fhoraois bháistí. Tá an comhlacht ollmhór Freeport/Rio Tinto ag tochailt óir agus copair - tá an fiontar is mó den tsórt sin sa domhan acu i bPapua Thiar. Tá plean ag BP gás a bhaint amach as faoin fharraige.

Ó na seascaidí, tá muintir Phapua Thiar ag déanamh iarrachta an fód a sheasamh in aghaidh an choilínithe seo. Tá agóidí síochánta déanta acu, le cois méid áirithe den streachailt armtha.

Ach troideann siad de ghnáth le gathanna, boghanna is saigheada, agus tuanna. Mar sin, níl seans ar bith acu in éadan arm na hIndinéise, a bhfuil achan saghas airm nua-aimseartha acu, a fhaigheann siad ó na Stáit Aontaithe agus ón Bhreatain, agus roinnt tíortha eile.

Meastar go bhfuil arm na hIndinéise i ndiaidh ar a laghad 100,000 duine a mharú i bPapua Thiar ó bhí 1963 ann.. I mí na Samhna 2001, thacht siad Theys Eluay, cathaoirleach eagraíochta síochánta darb ainm Presidium Dewan Papua, a bhfuil an-tacaíocht aici i measc mhuintir Phapua Thiar.

Tá eagraíochtaí móra le rá mar Amnesty International agus Human Rights Watch ag iarraidh aird a tharraingt ar shárú cearta daonna i bPapua Thiar, ina measc coinneáil dhírialta, éigniú, céasadh, bualadh príosúnach faoi choimeád agus marú seachbhreithiúnach.

Agus é i mBaile Átha Cliath, bhuail John Rumbiak le Tom Kitt, an tAire Stáit sa Roinn Gnóthaí Eachtracha. Bhí ar John Rumbiak féin teitheadh ó Phapua Thiar agus é faoi bhagairt an bháis, mar gur nocht sé ainghníomhartha de chuid arm na hIndinéise.

Dúirt sé leis an Aire: “Caithfidh an pobal idirnáisiúnta cur in aghaidh fhlaitheas na hIndinéise, nó díothófar mhuintir Phapua Thiar ina dtír féin taobh istigh de chúig bliana is fiche.”

Tá tuilleadh eolais le fáil ó West Papua Action, 134 Bóthar Bhaile Phib, Baile Átha Cliath 7.

Guthán: (00) (353) (0)1 882 7563; wpaction@iol.ie; http://westpapuaaction.buz.org.

Is scríbhneoir agus grianghrafadóir í Liz Curtis, a bhfuil cónaí uirthi i mBéal Feirste.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.