AR NA SAOLTA SEO
Deis deireadh a chur leis na sléibhte ime agus na lochanna bainne
Uinsionn Mac Dubhghaill Uinsionn Mac Dubhghaill Uinsionn Mac Dubhghaill

Ní hiad na cáiníocóirí san Aontas Eorpach amháin atá thíos le polasaithe talmhaíochta an Aontais, ach lucht an tríú domhain chomh maith. Tá dóchas ann, áfach, a deir Uinsionn Mac Dubhghaill, go dtiocfaidh feabhas ar chúrsaí sna blianta atá amach romhainn nuair a chuirfear i bhfeidhm an leasú ar an gComhbheartas Talmhaíochta.

Íomhá
Ned O'Keefe, Fianna Fáil: ag tabhairt amach go glórach
Íomhá
Ba ar fheirm in aice leis an Bhruiséil, Meitheamh 2003
Íomhá
Coimisinéir Talmhaíochta an Aontais Eorpaigh, Franz Fischler (ar chlé) ag caint le Joseph Proell, Aire Talmhaíochta na hOstaire, le linn cainteanna ar an gComhbheartas Talmhaíochta an mhí seo caite

Níorbh aon iontas é, ar bhealach, go mbeadh na príomheagraíochtaí feirmeoireachta míshásta leis an leasú ar an gComhbheartas Talmhaíochta. Caillfear postanna de thoradh laghdú na bpraghsanna, in earnáil na déiríochta ach go háirithe. Dúnfar margaí na mbeithíoch i mbailte beaga, go mór mór in iarthar na tíre. Titfidh líon iomlán na mbeithíoch agus líon na bhfeirmeoirí, agus, lena chois sin, maolófar ar chumhacht na n-eagraíochtaí feirmeoireachta féin.

Ach tá cúiseanna maithe ann le rá gur tháinig na feirmeoirí go maith as an socrú nua. Tar éis an tsaoil, leanfar ar aghaidh ag íoc thart ar €49 billiún sa mbliain le feirmeoirí an Aontais Eorpaigh faoin bpolasaí nua. Is ionann sin is leath de bhuiséad iomlán an Aontais. Beidh ciorruithe anseo is ansiúd, ach rachaidh an chuid is mó den airgead a ghearrfar ar ais chuig an bhfeirmeoireacht bealach amháin nó bealach eile - trí scéimeanna comhshaoil, cuir i gcás, nó scéimeanna forbartha tuaithe. Sa bhfadtéarma, seans go mbeidh feirmeoirí beaga an iarthair níos fearr as le scéimeanna tacaíochta den chineál sin, ná an córas atá anois ann - córas a thugann an buntáiste is mó do na feirmeoirí móra.

Nuair a rinne na hairí talmhaíochta an socrú nua, ag deireadh na míosa seo caite, bhí an Teachta Dála de chuid Fhianna Fáil (agus iaraire sóisearach talmhaíochta) Ned O’Keeffe le cloisteáil ag tabhairt amach go glórach faoi ar an raidió. Agus leathshúil aige ar na feirmeoirí ina dháilcheantar Muimhneach féin, bhí seisean i bhfad níos cáintí mar gheall ar an socrú nua ná mar a bhí na hurlabhraithe talmhaíochta Mary Upton ó Pháirtí an Lucht Oibre agus Martin Ferris de chuid Shinn Féin. (Trumpa na n-eagraíochtaí feirmeoireachta a bhí in urlabhraí Fhine Gael, Billy Timmins.) Go deimhin, ghlac Martin Ferris comhghairdeachas leis an Aire Talmhaíochta Joe Walsh as an méid a bhí bainte amach aige!

Léiriú amháin ar an áibhéil is an áiféis a bhaineann leis an bplé ar chúrsaí talmhaíochta in Éirinn is ea an méid sin. Beidh titim áirithe sna deontais a gheobhaidh feirmeoirí na hÉireann, ach tríd is tríd tá údar maith acu bheith sásta leis an bpolasaí a tháinig amach ar deireadh. Bhíodh ciorruithe i bhfad níos mó á lorg ag an gCoimisinéir Talmhaíochta Franz Fischler in earnáil na déiríochta, mar shampla, ach chuir airí talmhaíochta na hÉireann agus na Fraince go tréan i gcoinne na gciorruithe sin.

Rótháirgeacht

D’fhéadfadh an scéal a bheith i bhfad níos measa - nó níos fearr, ag brath ar do dhearcadh féin. Chuir an Coimisiún figiúirí nua ar fáil le gairid a léiríonn cuid de na contrárthachtaí a bhaineann le polasaithe talmhaíochta an Aontais Eorpaigh. Anuraidh, cuir i gcás, bhí rótháirgeacht de 103 milliún punt ime ag feirmeoirí na hÉireann. Cuireadh an rótháirgeacht sin leis an gcarn mór ime atá i stórais an Aontais cheana féin - an “sliabh ime” mar a thugtar go coitianta air - agus íocadh na feirmeoirí go fial as. Thart ar €1.90 a íocann daoine ar phunt ime san ollmhargadh. I bhfocail eile, chuir feirmeoirí im arbh fhiú beagnach €200 milliún é ar fáil anuraidh nach raibh éinne á lorg. Cuireadh isteach san idirghabháil é chun an praghas a fhaigheann feirmeoirí a chosaint.

Bhí rótháirgeacht de 50,000 tonna púdair bainne ag feirmeoirí na hÉireann anuraidh. Is ionann sin agus bainne arbh fhiú €50 milliún é, bunaithe ar phraghas an phúdair bainne ar na margaí idirnáisiúnta. Ach seo rud aisteach: chun an rótháirgeacht seo ar fad a dhéanamh, a bhfuil luach €250 milliún leis, agus rótháirgeacht áirithe in earnálacha eile, íocadh deontais táirgeachta arbh fhiú €1.5 billiún iad leis na feirmeoirí sa tír seo.

Agus ní hiad cáiníocóirí an Aontais amháin atá thíos leis an socrú sin. Le blianta fada tá eagraíochtaí ar nós Comhlámh ag gearán go bhfuil an tAontas Eorpach ag dumpáil bia ar mhargaí na dtíortha neamhfhorbartha ar phraghsanna atá thar a bheith íseal, díreach chun fáil réidh leis na sléibhte ime agus mairteola, na lochanna bainne agus na lochanna fíona.

Cuireann an dumpáil sin na margaí áitiúla as a riocht ar fad, agus bíonn na feirmeoirí sna tíortha sin thíos go mór leis. Níos measa fós, bíonn deacrachtaí acu a gcuid bia féin a dhíol ar mhargaí na hEorpa. Dá dhonacht é an tAontas Eorpach, áfach, tá an scéal níos measa sna Stáit Aontaithe. Bíonn fonn ar na Meiriceánaigh go minic bheith ag seanmóintíocht faoi na buntáistí a bhaineann leis an tsaorthrádáil idirnáisiúnta, ach sa mbaile chuir siad go mór leis na deontais éagsúla a chuirtear ar fáil do na feirmeoirí thall le blianta beaga anuas. Beidh sraith nua cainteanna ag tosú faoi choimirce na hEagraíochta Domhanda Trádála sa bhfómhar, agus beidh an cheist seo ina cnámh spairne idir an tAontas agus na Stáit Aontaithe ann.

Sa Nua-Shéalainn, áit ar cuireadh deireadh leis na deontais ollmhóra feirmeoireachta tamall de bhlianta ó shin, cuireadh fáilte mhór roimh an leasú Eorpach. “An scéal is fearr san earnáil seo le 50 bliain anuas,” a thug aire trádála na Nua-Shéalanne, Jim Sutton, ar an socrú.

Tiocfaidh an leasú nua ar an gComhbheartas Talmhaíochta i bhfeidhm sa mbliain 2005. Tig le ballstát ar bith moill a chur ar ghnéithe áirithe den chur i bhfeidhm go dtí 2007. Ina dhiaidh sin, táthar ag súil go dtiocfaidh deireadh de réir a chéile leis na sléibhte ime agus leis na lochanna bainne.

Is as Baile Átha Cliath é Uinsionn Mac Dubhghaill ach tá sé ina chónaí i gConamara anois, áit a bhfuil sé ag obair mar iriseoir físe le Nuacht TG4. Chaith sé seal freisin ag obair mar eagarthóir Gaeilge an Irish Times.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.