Is oileán beag é Cléire, atá suite amach ó chósta Chorcaí. Thug Liz Curtis cuairt air an samhradh seo.
](..\2003-08\liz_seal.asp) Cuid 1 den alt anseo
Agus mé ag spaisteoireacht liom ar bhóthar ciúin ar Chléire, chonaic mé fógra beag d’oifig an phoist. Lean mé de bhóithrín, agus thug sé mé go teach dhá stór. Bhí lilí agus deora Dé ag fás os a chomhair, agus bhí roschoill crann giúise ar a chúl. Níl mórán crann eile le feiceáil ar an oileán.
Tá cosán thart ar an teach, ansin tá fuinneog bheag agus bosca poist inti le feiceáil, agus fógra faoi na hamanna oscailte. Tá bosca gutháin an-sean in aice leis na crainn, agus an phéint ag scamhadh de. Ní raibh le cluinstin agus mise ansin ach ceol na n-éan. Chuir an áit faoi dhraíocht mé - ach seans nach bhfuil sí an-oiriúnach do mhuintir na háite!
Chuaigh mé ar ais go dtí an bóthar, ansin tháinig mé díreach ar Chosán an Aifrinn agus lean mé de. Téann sé trasna lár an oileáin, agus bhaintí úsáid as mar aicearra go dtí an séipéal. Tá sé cung mothrach anois. Casann sé suas trí fhéar domhain, raithneach, driseacha, agus aiteann. Bhí ceiliúradh ó chroí ar siúl ag cór éan an bealach ar fad.
Bhí an Cuan Deisceartach taobh thiar díom agus aillte thart air, ag titim go dtí an fharraige. Bhí Teach Solais Charraig Aonair le feiceáil ar a charraig ag bun na spéire. Ansin tháinig ceo isteach ón Aigéan Atlantach, agus clúdaíodh achan rud.
Shroich mé barr an chnoic agus bhí radharc aoibhinn farraige agus oileáin romham. Ansin, áfach, fuair an ceo seilbh orthusan freisin. Shuigh mé síos ar sheanbhalla cloiche agus d’ith mé mo chuid ceapairí. Chuaigh na fuiseoga tríd an aer de rúid agus ghlaoigh coileach.
Tháinig mé anuas ar an taobh ó thuaidh den oileán, ansin chonaic mé teach agus fógra air. “Siopa Fheirm Ghabhar Chléire” a bhí scríofa air. Bhuail mé ar an chnaipe, ach níor tháinig duine ar bith go dtí an doras.
Bhí mé ar tí imeacht, nuair a tháinig gluaisteán agus bean á thiomáint.
“Sílim go bhfuil Ed sa teach,” ar sise. “Fan bomaite.”
D’oscail sí an doras agus chuaigh sí isteach. Ansin tháinig fear amach, é measartha beag agus féasóg air. Bhí madadh mór cairdiúil leis agus úim air.
“Is mise Ed Harper agus seo mo mhadadh Casey,” a dúirt an fear. Tá Ed go hiomlán dall, ach tá tréad gabhar aige agus tugann sé aire dóibh. Díolann sé cáis agus uachtar reoite déanta as bainne gabhar, chomh maith le hispíní gabhar. Bhain mé triail as an uachtar reoite, agus bhí sé an-deas!
“Ar mhaith leat na gabhair a fheiceáil?” a d’fhiafraigh sé díom.
“Ba mhaith, cinnte,” a d’fhreagair mé.
Boladh
Chuaigh Ed agus an madadh Casey romham. Chuaigh muid thar bhothán na ngabhar agus thuig mé díreach ansin cén fáth a bhfuil míchlú ar na hainmhithe seo mar gheall ar a mboladh. Ansin shiúil muid suas ar dhroim creagach, agus bhí radharc iontach ann trasna páirceanna geala glasa agus fána leo go dtí an fharraige, iad lán de bhláthanna fiáine.
Agus muid ag siúl linn, dúirt Ed liom, “Is as Manchain Shasana ó dhúchas mé. Ba mhúinteoir ansin mé. Tá mé anseo le ceithre bliana is fiche anuas. Tá 31 gabhar agam anois - 15 minseach, 14 meannán, agus dhá phocán, a bhfuil ceann acu spochta. Is peata mór é an ceann sin.”
Ghlaoigh Ed amach, “Gabhair! Gabhair!” Ansin bhí fuaim a gcuid cloigíní le cluinstin, agus fuaim mar shraoth fosta.
Tháinig an tréad chugainn, agus ceann mór a raibh dath éadrom donn uirthi chun tosaigh.
“Seo Angelica,” arsa Ed. “Bíonn minseach ina ceannaire ar thréad gabhar i gcónaí. Is lus mór é Angelica. Tá teaghlach s’aici uilig ainmnithe as lus. Marós a bhí ar a máthair, agus Mismín, Luáiste agus Labhandar atá ar a cuid meannán.”
Bhí na gabhair galánta ar fad, agus bhí na meannáin an-ghleoite, agus iad ina seasamh ansin ar an droim. Bhí an pocaide gabhair giota beag róchairdiúil, agus é ag tabhairt soncanna dom, ag iarraidh scorán ar mo fleece a ithe.
Ar ais sa teach, d’amharc mé ar leabhar cuairteoirí Ed. Bhí sé lán de léirmheasanna dearfacha a scríobh daoine a rinne cúrsaí leis. “Saoire ar dóigh - sainiúil, sultmhar, sláintiúil, suaimhneach!” a deir ceann acu.
Más mian leatsa cúrsa a dhéanamh, is féidir teagmháil a dhéanamh le hEd ar (00353) (28) 39126, goat@iol.ie, nó amharc ar www.emara.com.
Mhol Ed dom aithne a chur ar chara dá chuid ar an oileán. “Dorothee Uí Cheallaigh an t-ainm atá uirthi,” a dúirt sé. “Is as an Ghearmáin í agus tá Gaeilge líofa aici. Tá sí ag reáchtáil cúrsa Gaeilge tríd an idirlíon.”
Thug sé uimhir ghutháin Dorothee dom, ansin rinne mé socrú bualadh isteach chuig a hoifig an lá dár gcionn. Idir an dá linn, chaith mé tamall eile ag spaisteoireacht liom agus ag caint le daoine ar na bóithre.
Bhí bean ar rothar agus cianghloiní thart ar a muineál. Stad sí agus dúirt sí liom, “Tá mé ag dul go dtí an taobh thoir den oileán, mar tá míol mór *minke *le feiceáil ansin.”
Ar sise, “Is as Contae Chill Mhantáin mé. Tá mé ag déanamh cúrsa faire éan ag Réadlann na nÉan, agus tá mé ag baint an-sult as.”
Chuir solas an tráthnóna draíocht ar an oileán. D’eitil éin mhara trasna an chuain, agus bhí daoine ag iascaireacht ó charraigeacha.
Shiúil lanúin i mo threo, agus bheannaigh siad dom. Chuaigh muid i mbun comhrá agus dúirt siad gur as Meiriceá iad. Thit siad i ngrá leis an oileán, ansin chuir siad fúthu ann roinnt blianta ó shin. Chuck agus Nell Kruger a bhí orthu. Is scríbhneoir é Chuck agus tá Nell i mbun ceardsiopa. Is féidir teach saoire álainn a fháil ar cíos uathu.
Muna bhfuil pingin rua agat, is féidir stopadh i láithreán campála a bhfuil suíomh iontach aige. Tá sé suite i bpáirc atá go hard os cionn an Chuain Dheisceartaigh, agus radharc álainn ann thar bheanna agus farraige.
Tháinig mé ar bheirt bhan óga as Sasana a bhí ag fánaíocht leo fosta.
“Nach bhfuil an áit seo go hálainn?” a dúirt siad. “Bhí sé ar intinn againn amharc ar na héin, ach rinne muid dearmad ar ár gcianghloiní.”
“Rinne mise an rud céanna,” a dúirt mé leo.
Gaeltalk
Sula bhfuair mé an bád ar ais go dtí Dún na Séad, bhuail mé isteach san ionad de chuid Údarás na Gaeltachta atá in aice leis an ché, le bualadh le Dorothee Uí Cheallaigh.
Oibríonn Dorothee in oifig bheag Gaeltalk, tionscadal nua atá ag cur ceachtanna Gaeilge ar fáil tríd an idirlíon. Is é Tomás Mac Gearailt as Corca Dhuibhne a bhunaigh Gaeltalk. Thosaigh seisean litriocht.com freisin, suíomh gréasáin an-úsáideach a dhíolann gach aon leabhar Gaeilge atá i gcló.
Bhí Dorothee ansin san oifig, i gcuideachta a beirt chomhoibrithe, Paula Ní Riagáin agus Niall Mac Oscair, a bhfuil cónaí orthu ar an oileán fosta. Scríobhann Dorothee na ceachtanna do shuíomh Gaeltalk, agus múineann Paula agus Niall ceachtanna beo ar an idirlíon.
Chuir mé ceist ar Dorothee faoina cúlra.
“Tógadh i sráidbhaile sa Ghearmáin mé,” ar sise. “Chuir mé suim sa Ghaeilge nuair a chuala mé Clannad ag canadh. Rinne mé staidéar ar Ghàidhlig na hAlban in Ollscoil Obar Dheathain ansin rinne mé staidéar ar Ghaeilge na hÉireann sna hollscoileanna i nGaillimh, i gCorcaigh agus i mBaile Átha Cliath. Phós mé fear as Corcaigh, ansin chuir muid fúinn anseo. Tá beirt chlainne againn.”
Tá daichead dalta cláraithe le Gaeltalk go dtí seo. “Táimid ag fáil aiseolas maith uathu,” arsa Dorothee. “Tá grúpa againn ón Ionad Cultúrtha Éireannach i Phoenix, Arizona, agus daoine ó Shasana, ó Cheanada, ón tSeapáin, ón Ísiltír agus ón Ghearmáin. An duine is sine atá againn, is as an Astráil é. Tá sé 84 bliain, agus tá sé an-díograiseach!”
Tá Gaeltalk le fáil ag www.gaeltalk.net. Tá costas €20 ar an chúrsa gairid, agus €50 ar an cheann níos faide. Más mian leat triail a bhaint as, is féidir ceacht a fháil saor in aisce. Leis an teagmháil bheo a dhéanamh, tá micreafón agus callairí de dhíth, ansin ar aghaidh leat.
Tá roinnt mhaith eolais faoi Oileán Chléire le fáil ag www.oilean-chleire.ie.
Is scríbhneoir agus grianghrafadóir í Liz Curtis, a bhfuil cónaí uirthi i mBéal Feirste.