Ní hiad na mílte duine a cheannaigh scaireanna in Eircom amháin atá thíos le príobháidiú an chomhlachta, dar le hUinsionn Mac Dubhghaill, ach pobal na hÉireann i gcoitinne.
Tá sé íorónta go maith gur ar Lá Bastille, an 14 Iúil, a d’fhógair Eircom go raibh sé i gceist acu díbhinn €446 milliún a íoc lena scairshealbhóirí. Ar an lá stairiúil sin i 1789 réab na sans culottes isteach sa bpríosún gruama i bPáras agus tús á chur acu le Réabhlóid na Fraince. In Éirinn na linne seo, áfach, is iad na *sans culottes *atá fágtha gan snáth ina mbrístí agus na huaisle móra - Tony O’Reilly, George Soros agus a chairde - atá ag imeacht leo ina gcóistí geala leis an bpota óir ar linne é tráth den saol.
Cuimhnigh air. Níl imithe tharainn ach ocht mí dhéag ó cheannaigh grúpa Valentia agus a pháirtnéirí an comhlacht seo, ar phraghas a bhí i bhfad níos ísle ná mar a d’íoc na scórtha míle duine as nuair a cheannaigh siad scaireanna ann i 1999, agus Eircom á phríobháidiú ag an Rialtas. I mbliana, áfach, gheobhaidh Valentia agus na húinéirí eile leath a gcuid airgid ar ais, sa díbhinn sin. Agus tá gach cosúlacht ar an scéal go bhfaighidh siad an leath eile faoi cheann dhá bhliain eile. Fágann sin go mbeidh úinéireacht acu ar chuid thábhachtach d’infrastruchtúr na tíre seo ar thada, ceithre bliana i ndiaidh dóibh é a cheannach. Nach deas an píosa oibre é!
Ag an bpointe seo ní mór dom mo leas féin sa scéal seo a nochtadh. Tá mé ar na hamadáin sin a mealladh ag comhairle Mhary O’Rourke agus ródseó Alfie Kane nuair a bhí Eircom á ramhrú don mhargadh. Cheannaigh mé scaireanna ann ar nós na mílte eile. Nuair a tháinig Valentia ar an bhfód, le tairiscint nárbh fhéidir a dhiúltú, fuair mé amach go raibh iachall orm mo chuidse scaireanna a dhíol leo, ar phraghas níos lú ná mar a d’íoc mé. Bheinn lánsásta na scaireanna sin a choinneáil, agus dul sa seans leo ar an margadh, ach ní raibh an rogha sin agam. Dá mbeadh, bheinn ag breathnú anois ar ardú 30 faoin gcéad sa mbliain ar mo chuidse airgid - méadú atá i bhfad Éireann níos mó ná aon bhrabús eile atá déanta ag úinéirí na gcomhlachtaí teileachumarsáide eile san Eoraip.
Ach tá an scéal níos measa ná sin. Sách maith dom má chaill mé roinnt airgid, a deir tú, ní fiú bheith ag geonaíl faoi anois. Ach tá fáthanna eile ann le gníomhaíochtaí Eircom a scrúdú, i mbliana ach go háirithe. Nuair a cheannaigh Valentia agus a pháirtnéirí an comhlacht, thug tráchtairí áirithe rabhadh nach chun leasa na tíre é an comhlacht a bheith i seilbh na rachmasóirí móra sin. “Beidh siad ag iarraidh chuile phingin a fháisceadh amach as an gcomhlacht,” a dúirt siad. “Ní dhéanfar an infheistíocht atá de dhíth chun forbairtí riachtanacha a dhéanamh in infrastruchtúr teileachumarsáide na tíre seo.”
Thit an lug ar an lag ó shin. San áit a mbíodh muid i dtús cadhnaíochta i gcúrsaí teileachumarsáide, tá Éire anois ag bun an dréimire maidir le seirbhísí leathanbhanda a chur ar fáil, go mór mór i gceantair tuaithe. Bhí ar an Aire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta a fhógairt le gairid go gcuirfí maoiniú CLÁR de €254,709 ar fáil chun seirbhísí leathanbhanda teileagrafaíochta a leathnú go dtí ceantar na Rosann i dTír Chonaill; Cill Ala, Co Mhaigh Eo (agus an dúiche máguaird); agus Béal Átha Liag, Co Longfoirt (agus dúiche Loch Rí). Dea-scéala do phobail na gceantar sin gan amhras, ach ar chuir éinne an cheist fhollasach: dá mbeadh Eircom fós i seilbh an Stáit nach mbeadh sé níos fusa agus níos saoire treoir a thabhairt don chomhlacht na seirbhísí riachtanacha sin a chur ar fáil do chuile dhuine, ar mhaithe leis an leas coiteann?
Botúin
Léiriú is ea an scéal truamhéalach seo ar na botúin a dhéanann rialtais nuair a bhíonn siad á dtiomáint ag ídéolaíocht sheanchaite na heite deise. Ní mór “oidhreacht an teaghlaigh” a dhíol, a deir siad, chun na comhlachtaí seo a dhéanamh níos éifeachtaí. Tá fostaithe Eircom breá sásta leis an scéal - nach bhfuil siad ag déanamh brabús mór as na scaireanna a tugadh dóibh féin - ach tá muintir na hÉireann thíos go mór leis.
Ó ceannaíodh Eircom beagnach dhá bhliain ó shin tá cuid mhaith maoine, idir fhoirgnimh agus thalamh, díolta ag an gcomhlacht. Tá airgead mór déanta dá bharr, airgead a cuireadh ar leataobh chun an t-ús ar iasachtaí na n-úinéirí nua a aisíoc. Ach, mar a dúirt mé níos luaithe, tá an scéal níos measa ná sin. Ar bhreathnaigh tú ar do bhille teileafóin le deireanas? D’ardaigh an cíos líne ó €16.20 sa mí í mí Feabhra go €17.48 i mí an Mhárta, agus arís go €18.59 i mí an Mheithimh - rud is ionann le hardú 15 faoin gcéad taobh istigh de cheithre mhí. Agus má éiríonn le dúshlán cúirte atá ar bun ag an gcomhlacht in aghaidh ComReg, an rialthóir teileachumarsáide, beidh ardú de 25 faoin gcéad ar an gcíos líne, anuas ar na harduithe eile. Beidh arduithe táillí eile in ndán dúinn, agus Eircom ag baint leasa as an monaplacht - nó gar go maith dó - atá fós acu i margadh an “teileafóin talún” sa tír seo.
Tá an chuid is measa den scéal againn as an bpraiseach a rinneadh nuair a díoladh Eircom. Tá an tseirbhís ag dul in olcas, níl an infheistíocht riachtanach dá déanamh, tá na praghsanna ag dul in airde, tá cineál de mhonaplacht fós i réim ... agus tá an brabús ar fad ag eitilt thar loch amach. Faoi mar a tharla i gcás na n-iarnród sa mBreatain, tá drochthionchar Thatcher ar an bpolaitíocht fós linn. Gach duine le chéile, mar sin, cuirimis amhrán cáiliúil na Réabhlóide in oiriúint do thoscaí an lae inniu in Éirinn: “Allons enfants de la patrie, le jour de l’arnaque est arrivée...”
Is as Baile Átha Cliath é Uinsionn Mac Dubhghaill ach tá sé ina chónaí i gConamara anois, áit a bhfuil sé ag obair mar iriseoir físe le Nuacht TG4. Chaith sé seal freisin ag obair mar eagarthóir Gaeilge an Irish Times.