AR NA SAOLTA SEO/SEAL LE LIZ
Turas go Cléire (Cuid 1)
Liz Curtis Liz Curtis Liz Curtis

Is oileán beag é Cléire, atá suite amach ó chósta Chorcaí. Thug Liz Curtis cuairt air an samhradh seo.

Íomhá
Íomhá
Íomhá
Íomhá
Fógra don Algiers Inn, teach tábhairne i nDún na Séad
Grianghraf: Liz Curtis
Íomhá
An Naomh Ciarán ag Dún na Séad
Grianghraf: Liz Curtis
Íomhá
Páiste ar an bhád farantóireachta go Cléire
Grianghraf: Liz Curtis
Íomhá
Tá radhairc dheasa ann ach tá na deiseanna siúlóide teoranta
Grianghraf: Liz Curtis

Is é Cléire - nó Cape Clear Island sa Bhéarla - an pointe is faide ó dheas in Éirinn. Shiúil mé thart ar an oileán ar feadh lá go leith le gairid. Mhothaigh mé ansin go raibh aithne curtha agam ar leathchuid de mhuintir an oileáin. Ní raibh, ar ndóigh - ach níl cónaí ach ar thart fá 120 duine ansin, agus casadh roinnt mhaith acu orm! Stad mé thar oíche i nDún na Séad ar mo bhealach go Cléire. Is port beag é seo ar chósta Chontae Chorcaí as a dtéann an bád farantóireachta. Stop mé i mbrú an-deas darb ainm Rolf’s Hostel, atá ar bharr an chnoic, os cionn an phoirt. Tá radharc iontach as an bhrú trasna na farraige agus ar an oileán, nó is dócha go bhfuil, mar bhí ceo ann agus ní fhaca mé ach sundaí scáthacha mílítheacha. Tá daoine as an Ghearmáin i mbun an bhrú sin agus jab an-mhaith déanta acu. Tá na seomraí geal glan, tá gairdíní galánta ann agus tá dhá asal i bpáirc. Tá bialann den scoth ann fosta. Bhuail mé le cúpla duine suimiúil ansin, grúpa tumadóirí ina measc. As Sasana a tháinig siad, agus iad ag tumadh chuig long bhriste cúpla míle i bhfarraige. Fir mhóra mheánaoista a bhí iontu agus iad cairdiúil cainteach. D’inis duine acu scéal dom faoi chara dá chuid a bhí ag troid le gliomach faoin uisce. Is créatúr ionsaitheach é an gliomach, a dúirt sé, agus bhain an créatúr líomóg as a thóin. “Bhí muid uilig ag gáire agus ag gáire faoin fhear bhocht,” a dúirt sé. Tháinig tinneas ar dhuine de na tumadóirí a bhí sa bhrú. Síleadh gur taom croí a bhí ann agus tugadh chuig an otharlann é. Chuaigh mé go dtí an bád farantóireachta, An Naomh Ciarán, an mhaidin dár gcionn. Tá an Captaen Conchúr Ó Drisceoil i mbun an bháid. Tá An Naomh Ciarán beag go maith agus bhí deoch go leor - idir mhianraí agus vodca - á leagan isteach ar an bhád le craein. Bhí an deic plódaithe le turasóirí tnúthánacha agus grúpa mór teaghlaigh as Sasana ina measc. Bhí duine den teaghlach ag céiliúradh trí scór bliain ar an saol. Bhí grúpa mór Meiriceánach ann fosta agus iad ag céilúradh lá breithe chomh maith. Bhí siad ag caitheamh caipíní buí agus na focail “Mid-Life Ramblers” bróidnithe orthu. Bhí roinnt páistí leo agus iad an-tógtha leis an eachtra seo. Ghlac an turas thart fá 45 bomaite agus bhí an fharraige ciúin caoin. Chuaigh muid thar Inis Earcáin, atá lom íseal agus cúpla teach agus roinnt caorach uirthi. Scoith muid trí oileán bheaga chothroma ansin a luíonn ina líne san fharraige agus Oileán Lao an t-ainm atá ar gach ceann acu. Téann an bád isteach i gcuan beag ar Chléire agus beanna glasa thart air. Is é seo croí shaol an oileáin.

Naomh Ciarán

iarsmaí shéipéal Naomh Ciarán ann, naomh a saolaíodh anseo sa cheathrú haois. Deirtear go raibh sé ag obair mar mhisinéir in Éirinn, i gCorn na Breataine, in Albain agus sa Bhriotáin tríocha bliain sular tháinig Naomh Pádraig go hÉirinn. Tá tobar naofa dá chuid in aice leis an ché agus tá gallán ann a bhfuil crois snoite air. Bíonn comóradh ann anseo gach bliain ar an 5 Márta. Léiríonn ainm an oileáin, Cléire, a nasc ársa le creideamh. Tá An Siopa Beag in aice leis an ché fosta, inar féidir cupán tae agus ceapaire a fháil, chomh maith le hearraí bunúsacha grósaera. Tá ceardsiopaí ann, siopa beag potaireachta agus teach tábhairne ina measc. Is Gaeltacht é Cléire, mar sin tá mioneastát tionsclaíoch de chuid Údarás na Gaeltachta ann agus tá bothán de chuid Ráidió na Gaeltachta ann fosta. Tá teach bán leis féin ag ceann na cé. Is é seo Réadlann Éan de chuid Birdwatch Ireland. Tá an-chlú ar Chléire mar áit inar féidir a lán saghsanna éan a fheiceáil agus is féidir eolas a fháil sa Réadlann, nó cúrsaí a dhéanamh leis an mhaor cónaithe, a bhfuil ainm an-fhóirsteanach air, Steve Wing. Tá lóistín féinfhreastail istigh sa Réadlann fosta. Nuair a shroich mé an t-oileán, chuaigh mé go díreach ar thóir mo lóistín, teach darb ainm “Ard na Gaoithe” agus Eileen Leonard ina bean tí. Bhí siúlóid bhreá fiche bomaite i gceist - suas cnoc agus síos go dtí an cuan eile, áit a bhfuil brú de chuid An Óige agus lánúin chairdiúil darb ainm Richard agus Janet ina bhun. Ansin suas cnoc beag eile go dtí teach galánta Eileen, a bhfuil plandaí agus crainn thart air. Is cainteoir dúchais as Ciarraí í Eileen, a phós fear as Cléire. Thug sí cupán tae agus bonnóg bhreá úr dom agus d’imigh sí léi ansin agus í faoi dheifir, mar oibríonn sí sa Siopa Beag fosta. Chuaigh mé amach ag siúl agus an t-oileán an-suaimhneach sa tráthnóna. Bhí an t-aer cumhra, na héin ag canadh, sruthán ag sioscadh agus na fálta dlúth le bláthanna. D’aithin mé an lus míonla, méiríní púca, deora Dé, magairlíní beaga corcra agus an fhéithleog. Tá cuma gharbh ar an talamh, ach bhí ba ramhra donna ar féarach anseo is ansiúd agus laonna leo. Bhí an bóthar cúng agus thagadh seanghluaisteán ag glagaireacht leis in amanna. Bhí orm fanacht ansin ar an mhóinín bhán. Macasamhail roinnt oileán eile, níl Cléire an-fhóirsteanach do shiúlóirí. Níl sé ach trí mhíle ar fhad faoi mhíle amháin ar leithead agus ní féidir imeacht den bhóthar mar go bhfuil an talamh príobháideach agus go bhfuil béithígh ann. Tá fógraí le feiceáil thart fán áit, “Fainic ar an tarbh!” agus ní bolscaireacht fholamh í sin, mar chonaic mé féin tarbh mór matánach ina luí ar a sháimhín só agus a háram thart air. Bhuel, is mór an trua nach bhfuil tuilleadh spáis fágtha agam. Mar sin, inseoidh mé duit faoi na daoine deasa suimiúla eile ar bhuail mé leo ar Chléire sa chéad eagrán eile. Is féidir tuilleadh eolais a fháil faoi Chléire ar www.oilean-chleire.ie

Is scríbhneoir agus grianghrafadóir í Liz Curtis, a bhfuil cónaí uirthi i mBéal Feirste.

](..\2003-09\liz_seal.asp)

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.