AR NA SAOLTA SEO
Easpa grinn sna Sé Chontae
Robert McMillen Robert McMillen Robert McMillen

géarghá le tuilleadh grinn sna Sé Chontae, dar le Robert McMillen, agus glúin úr lucht grinn le teacht i gcomharbacht ar an dream radacach a bhí ann sna nóchaidí.

Íomhá
Newton Emerson, eagarthóir an Portadown News
Íomhá

An Greann agus Tuaisceart Éireann - dá bhfoilseofaí an leabhar, bheadh sé ar an cheann is tanaí riamh, dar leat, is dócha.

Ní muid an cineál cine a bhfuil clú an ghrinn orainn. Cuir isteach “Northern Ireland jokes” ar Google agus ní bhfaighidh tú a dhath.

Bhí Aire Cultúir, Ealaíon agus Fóillíochta againn, Michael McGimpsey, nach dtáinig aoibh an gháire riamh air le linn dó bheith sa roinn sin.

Tá an dá pháirtí mhóra ó thuaidh, an UUP agus an SDLP, mar a bheadh cumainn do bhailitheoirí stampaí ann, tá siad chomh leamh sin.

Tá an páirtí is mó tacaíochta ó thuaidh, an DUP, faoi smacht na hEaglaise Saor-Phreispeitéirí, na Wee Frees nó Taliban Lite.

Cinnte tá neart cúiseanna le bheith ag spochadh as Sinn Féin, a fhad is atá siad ag iarraidh bogadh ó *frisson *na streachailte armtha go dtí an pholaitíocht bhunreachtúil, ó na cótaí *duffle *go dtí na cultacha Armani.

Tá an t-athrú le feiceáil ar bhallaí Bhéal Feirste. Ó “Ireland Unfree Shall Never Be at Peace” via “Victory ‘75” go dtí “A Representative Police Force - Now”.

Ach is iomaí tagairt do ghreann dubh mhuintir na Sé Chontae. “Mura mbeifeá ag gáire, bheifeá ag caoineadh” an sean-nath meirgeach. Bhí/tá an greann mar uirlis ag daoine le cuidiú leo a theacht fríd an uafás. Bíonn daoine ag feadaíl sa dorchadas. Tá eagla orthu ach déanann siad fuaim amaideach.

Ach tá sé naoi mbliana ó tharla chéad sosanna cogaidh an IRA agus na ndílseoirí (mar dhea), ach is gá dúinn a bheith ag feadaíl go fóill. Tá an foréigean ag leanstan ar aghaidh, tá bagairt an fhoréigin i gcónaí san aer ach ar scála i bhfad níos lú. An bhfuil ábhar grinn ar bith againn?

Tá, ach is ar éigean é, ainneoin eisceachtaí suntasacha.

Scigpháipéar idirlín

Ar an Irish News, an páipéar laethúil naisiúnach ó thuaidh, tá leathanach seachtainiúil ag Newton Emerson, eagarthóir an Portadown News. Is scigpháipéar idirlín é an *Portadown News *a dhéanann magadh ar an Ord Oráisteach, ar Shinn Féin, ar Tony Blair agus Jeffrey Donaldson - na *legitimate targets *uilig.

Ag pointe amháin, bhíodh 10,000 duine ag dul chuig an suíomh achan lá. Sa deireadh b’éigean do Emerson a phost a fhágáil agus slí bheatha mar scríbhneoir a thriail. Tá faobhar ar a scríobhann sé - bíonn a altanna i gcónaí greannmhar ach bíonn pointe dáiríre á dhéanamh in achan cheann acu, bíodh sé ag scríobh fá pholaitíocht, fá dhaoine aeracha ó thuaidh, fán turasóireacht sna Se Chontae nó cibé rud.

“I dtraidisiún atá chomh sean le Tuaisceart Éireann, glacfaidh David Trimble agus Jeffrey Donaldson páirt sa troid bhréagach ag Scarva,” a scríobhann Emerson. “’Bainfidh Trimble den 313ú huair, ach tiocfaidh Jeffrey ar ais ar an bhliain seo chugainn le é a dheánamh arís,’ arsa urlabhraí de chuid an UUP sular bhris sé amach a chaoineadh!”

Ach measann daoine gur laoch an aontachtachais é Emerson mar go léiríonn sé go bhfuil acmhainn grinn ag aontachtaithe, go n-aithníonn sé na lochtanna atá ar an dream a dtugann sé tacaíocht dóibh, oiread le héirí in airde Shinn Féin, agus na lochtanna atá ar phróiseas na síochána.

Tá teacht ar *The Portadown News *ag www.portadownnews.com agus is é an t-aon sampla d’aoir cheart atá ar fáil faoi láthair.

Suíomh eile atá ar an idirlíon ná elementalsoup, ach i bhfírinne níl sé greannmhar. Bhíodh The Hole in the Wall Gang an-mhaith tráth, ach tá cibé faobhar a bhí ag baint leo sin ídithe leis na blianta.

Cá bhfuil na fir/mná grinn a dtig leo gearradh fríd an bhealachtachas uilig ar a bhfuil an córas polaitíochta ó thuaidh bunaithe?

Tháinig rabharta daoine óga greannmhara chun cinn sna 90í ach cá bhfuil siad anois? Sa chianaimsir, ba iad leithéidí Frank Carson, Jimmy Cricket agus Roy Walker ambasadóirí grinn an tuaiscirt. Ansin tháinig an réabhlóid “mhalartach” agus tháinig leithéidí Patrick Kielty the Hole in the Wall Gang, Owen O’Neill agus Kevin McAleer chun cinn.

Ach d’imigh an fuinneamh a bhí sa ghlúin sin. Bhain muid sult astu a fhad is a mhair siad.

Tá cúrsaí polaitíochta chomh leamh sin faoi láthair, Groundhog Day arís agus arís eile, gur doiligh greann ar bith a shú as na himeachtaí. Bhíodh *frisson *ann nuair a bhíodh buamaí ag pléascadh; bhí muid ag déanamh gáire fán iliomad tabúnna a bhíodh greanta i sochaí an Tuaiscirt, ach le himeacht bhunús an fhoréigin, níl fágtha ach cultacha liatha na polaitíochta.

Bhí an clú ar Bhéal Feirste gur baile radacach a bhí ann. Tá an aoir de dhíth orainn níos mó sa lá atá inniu ann ná mar a bhí riamh.

Is iriseoir leis an *Irish News i mBéal Feirste é Robert McMillen. Is as an chathair sin ó dhúchas é.*

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.