Sheas Tony Birtill an fód i gcoinne an chiníochais sa choláiste ina bhfuil sé ag obair agus d’éirigh leis damáistí agus leithscéal poiblí a fháil.
Chaith mé dhá uair an chloig i gclár na mionn ag binse breithimh fostaíochta i Learpholl ar an 6 Meitheamh.
Mé féin in aghaidh Skelmersdale College agus Mr RG Griffiths a bhí i gceist sa chás agus bhí an lá liom.
D’inis mé an scéal in eagrán 21 de Beo! (Eanáir 2003) faoi na maslaí a thug Griffiths, atá ina bhainisteoir sa choláiste, do na hÉireannaigh ag cruinniú den Choiste Sláinte agus Sábháilteachta in Ormskirk and Skelmersdale College, Lancashire, agus an dóigh nach raibh an leas-phríomhoide, Ian Farmer, sásta aon trácht a dhéanamh ar na maslaí i miontuairiscí an chruinnithe.
Cé go bhfuair mé leithscéal faoi na maslaí ó Griffiths, tar éis brú ón phríomhoide, agus go raibh trácht orthu sna miontuairiscí sa deireadh, tar éis brú ó na na ceardchumainn NATFHE agus UNISON sa choláiste, níorbh é sin deireadh an scéil.
Nuair a phill mé go dtí an coláiste tar éis na Nollag fuair mé ríomhphost ó Ian Farmer ag gearán faoi na rudaí a dúirt mé ag an dara cruinniú nuair a bhí muid ag éileamh miontuairiscí fíora agus cruinne. Shéan sé go raibh tuairimí gnéaschlaonta nó ciníocha ag bainisteoirí sa choláiste agus dúirt sé liom go raibh sé ag iarraidh rudaí a réiteach liomsa “go pearsanta”.
Chonacthas domsa gur bagairt a bhí anseo; d’eisigh an NATFHE agus UNISON ráiteas faoin chás roimh an Nollaig ach sheol sé ríomhphost chugamsa amháin. Tar éis comhairle a fháil ó na ceardchumannaithe eile, thug mé neamhaird ar an leas-phríomhoide.
De réir pholasaí an choláiste, is mí-iompar mór é masla ciníoch a thabhairt do dhuine ach níor chuala muidne sna ceardchumainn go raibh aon phionós curtha ar Griffiths. Chuir muid ceist ar an phríomhoide faoin chás ag cruinniú ag deireadh mhí Eanáir ach dúirt sé linn nach raibh sé de chead aige aon phionós a chur ar Griffiths de bharr gur bhainisteoir sinsearach é. “Cuirigí gearán chuig na gobharnóirí, más maith libh,” arsa seisean.
Bhí iontas agus fearg orainn faoi seo mar go raibh a fhios againn go mbrisfí muidne as ár bpost dá mba rud é go raibh mí-iompar mór mar seo curtha inár leith.
Thug mé eolas faoin chás do nuachtlitir an NATFHE, The Lecturer, agus foilsíodh an scéal san fhoilseachán sin i mí Feabhra. Bhí na bainisteoirí le ceangal faoi seo, mar is fuath leo drochphoiblíocht agus fuair mé dhá ríomhphost bhagracha ó bheirt acu.
Mhothaigh mé neirbhíseach faoi seo, mar is féidir leo do shaol a dhéanamh iontach deacair, más mian leo. In ísle brí, chuir mé scairt ar an Commission for Racial Equality (CRE) agus chuir siad comhairle orm. D’inis siad dom go raibh sé in aghaidh an dlí leatrom a imirt ar dhuine de bharr é a bheith ag gearán faoin chiníochas. D’iarr siad orm iarratas a chur chuig an bhinse breithimh fostaíochta láithreach mar go raibh teorainn ama trí mhí ann agus bheadh sé rómhall faoin 4 Márta. D’iarr siad orm iarracht a dhéanamh idir an dá linn réiteach a fháil tríd an chóras inmheánach sa choláiste. “Thig leat d’iarratas a tharraingt siar má fhaigheann tú réiteach ar an dóigh sin,” a dúirt siad liom.
Gearán
Agus sin an rud a rinne mé. Chuir mé féin agus rúnaí UNISON gearán chuig rúnaí na ngobharnóirí ar fhoirm oifigiúil ach níor chuala muid rud ar bith ar ais faoi ar feadh i bhfad. “Chaill muid é,” a dúirt cathaoirleach na ngobharnóirí linn nuair a d’eagraigh siad éisteacht don chás sa choláiste dhá lá sula raibh an cás le bheith ag an bhinse breithimh. Chaith sé cuid mhaith den am ag gearán fá dtaobh díomsa agus an dóigh ar thug mé an scéal don Lecturer, agus dúirt sé liom go mbeadh trioblóid ann faoi sin. D’admhaigh sé go raibh cuid maslaí Griffiths mícheart, agus ghabh sé leithscéal linn fúthu; ach dúirt sé nach raibh sé sásta pionós eile a ghearradh air ach go mbeadh siad ag eagrú “sensitivity training” dó.
Am amú, a shíl muid, ag deireadh na héisteachta sin agus lean muid ar aghaidh go dtí an binse breithimh i Learpholl.
Bhí siad uilig ann - an príomhoide, an leas-phríomhoide, agus na bainisteoirí sinsearacha eile, Griffiths ina measc. Ar an taobh eile, bhí na ceardchumannaithe. Bhí triúr breithiúna ar an bhinse: Elaine Donnelly, an cathaoirleach, chomh maith le Mrs S McNulty agus Ms DF Wood. Bhí mé sásta sloinnte Éireannacha a chloisteáil agus mhionnaigh mé ar an Bhíobla Naofa sular léigh mé mo ráiteas fianaise amach i gclár na mionn. Stad m’abhcóide mé go rialta chun aird na mbreithiúna a tharraingt ar na cáipéisí fianaise agus chuir siadsan ceist orm anois is arís.
Ansin tháinig seal Miss Owen, abhcóide an choláiste, chun ceisteanna a chur orm. Rinne sí iarracht amhras a chur i mo chuid fianaise, ach theip uirthi. “I wouldn’t bother with that line of inquiry,” a dúirt an cathaoirleach léi cúpla uair, agus chuala mé gáire ó na ceardchumannaithe.
Sa deireadh, dúirt sí liom: “Well Mr Birtill, you don’t sound very Irish. I believe you were brought up in Liverpool.”
Macasamhail na mílte Éireannach eile, a dúirt mé liom féin, ach ní raibh fonn orm a bheith ag argóint faoi amaidí mar seo. Chuir mé mo lámh isteach i mo phóca agus bhain mé amach mo phas Éireannach: “Is saoránach de chuid na hÉireann mé, agus sin sin,” arsa mise, agus chaith mé an pas ar an tábla. Bhí tost fada ón abhcóide sular dhúirt sí nach raibh ceist ar bith eile aici le cur orm.
D’imigh an dá uair an chloig i ngan fhios dom i gclár na mionn agus bhí iontas orm nuair a dúirt an cathaoirleach go raibh am lóin ann. Ach dúirt sí go raibh sí ag iarraidh labhairt leis an bheirt abhcóidí roimh an sos.
Nuair a tháinig m’abhcóide féin amach as an chruinniú bhí miongháire mór ar a haghaidh. “Dúirt an cathaoirleach gur léir nach bhfuil cás ar bith acu, nach fiú éisteacht lena dtaobh siúd den scéal,” arsa sí. “Caithfidh siad damáistí a íoc leat, leithscéal a ghabháil go poiblí agus cuid de chostaisí dlí NATFHE a íoc fosta.”
Go hiontach - ní chaithfeadh mo chairde dul isteach i gclár na mionn agus bheadh an-chraic againn ag am lóin. B’éigean dúinn fanacht thart tamall fhad is a bhí siad ag scríobh a leithscéal táiríseal agus ansin bhí cúpla pionta againn le chéile sa teach tábhairne.
Bhí atmaisféar na Nollag ann nuair a phill mé go dtí an coláiste Dé Luain tar éis an cháis, ach bhí ceisteanna á gcur ag a lán múinteoirí fosta, mar shampla, cén fáth an raibh na bainisteoirí sásta tacaíocht a thabhairt do chiníochaí agus brú a chur ormsa, in ainneoin pholasaí an choláiste?
Cloisfear tuilleadh faoin scéal seo, gan amhras.
Is de bhunadh Éireannach é Tony Birtill agus rugadh i Learpholl é. Tá sé ag obair sa chathair sin mar mhúinteoir agus mar shaoririseoir.