AR NA SAOLTA SEO
Faillí á déanamh in infrastruchtúr na hÉireann
Uinsionn Mac Dubhghaill Uinsionn Mac Dubhghaill Uinsionn Mac Dubhghaill

móroibreacha innealtóireachta pleanáilte ag an Aontas Eorpach ach níl sé i gceist ach fíorbheagán den airgead a chaitheamh in Éirinn. Tuairisc ó Uinsionn Mac Dubhghaill.

Íomhá
Romano Prodi, uachtarán Choimisiún na hEorpa
Íomhá
Karel van Miert

Tugadh an-léargas an lá cheana ar thosaíochtaí an Aontais Eorpaigh sna blianta atá amach romhainn. Agus deich dtír san oirthear ar tí a theacht isteach san aontas an bhliain seo chugainn, seoladh plean €220 billiún chun sraith móroibreacha innealtóireachta a dhéanamh ón Aigéan Atlantach go dtí sléibhte Carpathia in oirthear na hEorpa. Caithfear an t-airgead go príomha ar bhóithre agus ar iarnróid sna tíortha Baltacha, san Ungáir, sa bPolainn agus sa tSlóvéin. Tá an bóthar iarainn idir Páras, Strasbourg, Stuttgart, Vienna agus Bratislava ar an liosta; agus ceann mór eile a shíneann idir Lyon na Fraince chomh fada le teorainn na hÚcráine agus a théann tríd an Veinéis, Ljubljana na Slóvéine agus Búdaipeist na hUngáire. Caithfear airgead chomh maith ar an mbóthar iarainn idir Lisbon agus Madrid.

Ach tá tionscadail ardaidhmeannacha eile ann, ina measc plean chun droichead a thógáil trasna Chaolas Messina idir an tSicil agus deisceart na hIodáile; tollán mór costasach faoi na Pyrenées; agus feabhas ar na bóithre agus na hiarnróid a théann trasna na nAlp.

Liosta de 29 tionscadal atá ann san iomlán. Ar an liosta tá ceithre thionscadal a bhaineann leis an mBreatain agus le hÉirinn - nasc bóthair agus iarnróid idir Hull agus Learpholl; feabhsú ar an mbóthar iarainn idir Crewe agus Holyhead; an bóthar iarainn idir Felixstowe agus Nuneaton; agus an nasc bóthair agus iarnróid idir Leatharna agus Corcaigh via Béal Feirste agus Baile Átha Cliath.

Ar an drochuair, áfach, níl aon trácht a thuilleadh ar fheabhas a chur ar an mbóthar iarainn idir Baile Átha Cliath agus Gaillimh. Bhí an tionscadal seo ar liosta na dtionscadal roimhe seo, ach baineadh é den liosta deiridh a foilsíodh ag tús na míosa seo.

an obair fheabhsúcháin ar na bóithre agus ar an iarnród idir Baile Átha Cliath agus Béal Feirste ag dul ar aghaidh le blianta cheana féin, agus feabhas mór ar an nasc idir an dá chathair dá bharr. Ach tá an t-iarthar fágtha in áit na leathphingine arís eile, agus gan mórán dóchais ann go ndéanfar an infheistíocht chuí sa réigiún sin go luath chun go mbeidh deis aige na deacrachtaí iompair agus cumarsáide a bhaineann leis a shárú.

Ceist thábhachtach í seo a bhaineann go dlúth le fás agus forbairt an aontais sna blianta atá romhainn, mar a dúirt Romano Prodi, uachtarán Choimisiún na hEorpa, agus an plean iompair á sheoladh aige. Taobh le taobh leis an bplean iompair sheol sé sraith gníomhaíochtaí chun geilleagar an aontais a spreagadh. Mar shampla, cuirfear níos mó airgid ar fáil chun taighde a dhéanamh agus tionscnaimh úra a fhorbairt; agus cuirfear iasachtaí móra ar fáil ar rátaí tarraingteacha do thionscadail ar leith - tionscadail iompair ina measc. Deir Prodi go bhféadfaí suas le 400,000 post a chruthú san aontas méadaithe chuile bhliain as seo go dtí 2020, de bharr na hoibre seo ar fad.

Conspóideach

Is é an tionscadal is conspóidí ar an liosta ná plean chun feabhas a chur ar an iarnród a cheanglaíonn an Bhruiséil, Strasbourg agus Lucsamburg - na trí chathair ina bhfuil mórchuid na bhforas Eorpach lonnaithe. Mar is eol do dhuine ar bith a chaith seal ag taisteal san Eoraip, cheana féin tá an bóthar iarainn seo ar chaighdeán níos airde ná aon bhóthar iarainn in Éirinn.

Grúpa saineolaithe faoin iarchoimisinéir iompair, Karel van Miert, a chuir an liosta tosaíochtaí le chéile. D’fhág sé an nasc iarnróid idir an Bhruiséil, Strasbourg agus Lucsamburg as an áireamh, toisc gur mheas sé nár bhain gné “phanEorpach” leis. Ach chuir an Coimisiún an tionscadal sin ar an liosta ar aon nós.

Sin é é mar sin - neart airgid le caitheamh ar an infrastructúr in oirthear na hEorpa, suimeanna eile ar fáil chun córas taistil an mhaorlathais sa mBruiséil a choinneáil ar an gcaighdeán is airde, ach gan pingin a bheith ar fáil chun feabhas a chur ar an mbóthar iarainn idir Baile Átha Cliath agus Gaillimh.

Lón machnaimh atá ann dóibh siúd atá i mbun feachtais san iarthar chun an nasc iarnróid idir Sligeach agus Luimneach a oscailt in athuair. Cloisfear neart bladair faoin bhfeachtas sin ó pholaiteoirí áitiúla san iarthar idir seo agus lár na bliana seo chugainn, aimsir na dtoghchán áitiúil. Ach muna bhfuil aird á tabhairt ar an bpríomhbhealach siar go Gaillimh, cén seans atá ann go n-éistfear leis na hargóintí fiúntacha atá ag lucht West on Track?

Mar a dúirt Romano Prodi, gan an t-airgead a chaitheamh ar an infrastruchtúr ní fheicfear forás eacnamúil sna limistéir chúlráideacha atá scartha amach ón lár. Tá an plean féin le plé ag rialtais na mballstát sna míonna atá romhainn, agus gan aon chinnteacht ann go leanfar leis díreach mar atá sé anois. Tá seans amháin eile ag an Rialtas abhus in Éirinn cás an iarthair a bhrú chun cinn le linn an phlé sin, ach ní chuirfinn geall ar bith go dtarlóidh sé seo.

macalla den díospóireacht chéanna le cloisteáil ó thuaidh, áit ar fógraíodh plean le déanaí chun £1 billiún punt Sasanach a chaitheamh ar bhóithre agus ar iarnróid sa gcuid oirthearthach de Thuaisceart Éireann, ach fágadh an bóthar iarainn idir Béal Feirste agus Doire as an áireamh.

Ar ndóigh, dá mbeadh na pleananna seo á gcur le chéile i gceart, agus fonn ar dhaoine dul i ngleic leis an éagromaíocht réigiúnach i ndáiríre, bheadh caint ann ní hamháin ar an nasc iarnróid idir Sligeach agus Luimneach a athoscailt, ach ar nasc nua a thógáil idir Sligeach agus Stranraer, via Doire, Béal Feirste agus Leatharna.

Ní mé ar chóir do lucht West on Track straitéis “phanEorpach” den chineál sin a tharraingt chucu féin? Thaitneodh sé le leithéidí van Miert, pé scéal é.

*Is as Baile Átha Cliath é Uinsionn Mac Dubhghaill ach tá sé ina chónaí i gConamara anois, áit a bhfuil sé ag obair mar iriseoir físe le Nuacht TG4. Chaith sé seal freisin ag obair mar eagarthóir Gaeilge * Irish Times.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.