Measann Balor go mbeidh sé dian ar na Gardaí a bheas ina gcúlchoimhéadaithe sna tithe tábhairne fanacht gan aithint.
Scúp ar bith ag Balor an mhí seo. Moladh ar bith ná fiú toistiún sa bhreis a thuill sé ón eagarthóir Ó Doornail as na scúpanna breátha a bhí aige le cúpla mí anuas. Dá thairbhe sin níor chuir sé aon stró air féin i rith na Bealtaine agus a thóin mhór mhaorga á coinneáil teolaí te aige cois na tine ina phluais. Bhí gá leis sin, a dúirt sé. Dar leis gur tháinig mearbhall ar na seandéithe agus go raibh na míonna san ord contráilte acu i mbliana. Bhí Bealtaine againn le linn an Mhárta agus Feabhra againn in áit na Bealtaine. Ag Crom atá a fhios cad é a bheas againn an mhí seo. Thig libh a bheith cinnte de rud amháin, áfach: ní bheidh scúp ar bith agaibh ó Bhalor na Súile Nimhe agus na Tóna Móire Maorga Teolaí Te.
“An rud a iarradh orm a dhéanamh, sin a dhéanfas mé,” a deir Balor, “mo shúil nimhe a chaitheamh ar imeachtaí na tíre agus an domhain i rith na míosa. Siúr ní gá dom ach amharc ar Questions and Answers, nó *Suggestions From Chancers *mar is fearr aithne air, oíche Luain ar bith ar eagla gur chaill mé óráid phlámásach shuimiúil ar bith i rith na seachtaine. Thiocfadh liom spléachadh a thabhairt ar *Foinse *anois is arís fosta, ar eagla gur chaill mé rud ar bith nach bhfuil suimiúil. Dá dtiocfadh an crú ar an tairne, agus mura mbeadh a dhath ar bith eile agam le cur síos a dhéanamh air, thiocfadh liom amharc ar *Lá *lá ar bith den tseachtain agus bheadh an scéala gáifeach eisiach is úire agam faoi Mheánscoil Feirste.
“Ach ní cóir dom bheith ag magadh faoin lucht doghrainneach. Gheall mé dom féin go mbeinn sonasach, suáilceach, súgach an mhí seo agus nach dtabharfainn fúthu sin a mbeadh sé doiligh orthu iad féin a chosaint. Boc amháin atá breá ábalta é féin a chosaint, agus atá in inmhe tabhairt faoi dhaoine eile fosta, is ea mo sheanchara, Éamon Ó Druncaí. Thug seisean faoin Uachtarán Íosa Mhic Ghiolla Mháire agus faoin mhéid a bhí le rá aici i Virginia Mheiriceá mar gheall ar dhrochnósanna pótaireachta mhuintir na hÉireann. Ba dhóbair dom mo thóin a róstadh nuair a thit mé isteach sa tine le teann gáire agus mé ag éisteacht lena raibh le rá ag Ó Druncaí. Níl duine sa tír níos cáilithe ná é féin le bheith ag caint ar chúrsaí meisce. (Nó ar chuala mé ar na mallaibh gur dícháilithe atá sé anois???).
“Duine amháin a bhí ag éisteacht go géar leis an Uachtarán is ea an tAire Aindlí agus Ceirte, Micheál Ó Diúil, agus tá beart déanta aige de réir bhriathar Íosa. Tá na tithe tábhairne le druid gach Déardaoin feasta ar a leath i ndiaidh a haon déag. Céim chun tosaigh a thugann Mac Diúil air seo, cé go mbeidh muid ag dul siar uair an chloig go ham druidte nach raibh muid sásta leis cúpla bliain ó shin. Cad chuige gur roghnaíodh oíche Déardaoin? Chuir mé an cheist ar Leamh Ó Cuinneagáin, fear mór gaoise agus scolardach aitheanta. Bhí seisean den bharúil gur bhain an freagra le maidineacha Aoine. Dar leis go mbíonn sé leis féin sa tábhairne go dtí meánlae gach Aoine agus nach dtagann na pótairí eile isteach fá choinne an deoch bhisigh go dtí go mbuailtear clog an aingil; gur thíos leis go mór a bhíonn na tábhairneoirí maidineacha Aoine. Deir sé go bhfuil a fhios ag madaí an bhaile cé chomh mór is a thagann na polaiteoirí faoi anáil na dtábhairneoirí … Níorbh fhiú dom ceist a chur faoin anáil sin.
“Beidh brathadóirí ag meascadh le gnáth-óltóirí feasta fosta le cinntiú nach dtabharfar deoch do dhiúgairí a mbeidh a ndóthain ólta acu cheana. Níltear cinnte go fóill cad é go díreach is brí leis an fhocal ‘dóthain’, nó ní focal coitianta é i bhfuighle mhuintir na hÉireann. Gardaí i mbréagriocht gnáthreachta (má thuigeann sibh mé) a bheas sna brathadóirí seo. Ní fios fós an mbeidh cead óil ag na cúlchoimhéadaithe seo, nó má bhíonn, ní fios fós cén cineál ná cá mhéad. Ceist mhór: an dtig brath ar bhrathadóir? Ní mhairfidh siad i bhfad gan aithint i dtábhairní na hÉireann gan crúsca ina nglaic acu agus gan iad bheith ag bladar go húdarasách fríd a gcuid tóineacha ar cheisteanna móra ár linne.
“Ní miste do dhaoine atá faoi bhun bliain is fiche d’aois teastas breithe nó cárta aitheantais a iompar thart leo feasta mar chruthú ar a n-aois. Má iarrtar orthu an cruthú aoise a thaispeáint ní gá dóibh ach a mhaíomh nach bhfuil a leithéid acu mar nach bhfuil siad faoi bhun bliain is fiche! Iad siúd nach bhfuil ocht mbliana déag slánaithe acu ní miste dóibh bheith glanta amach as an tábhairne faoina hocht a chlog feasta. Deir urlabhraí na Roinne Aindlí agus Ceirte nach bhfuiltear cinnte fós istigh i dTithe an Rialtais an a hocht a chlog san oíche nó ar maidin atá i gceist.
Ghlac mo sheanchara, Micí Ó Máirtín, an tAire Easláinte, scíth bheag óna dhialann le cur le moltaí Mhic Dhiúil agus le moladh dá chuid féin a chur ar aghaidh. Dar leis go bhfuil na seomraí éigeandála sna hospidéil ina gcuibhreann ag na druncairí, go mbíonn na crampaeirí ag titim thart agus ag cur isteach ar na fíor-othair bhochta. Tá sé de rún aige táille bhreise a ghearradh ar dhaoine a dhéanann a leithéid as seo amach. Mhaígh sé nach mbíonn cuid de na meisceoirí seo in ann srian a choinneáil ar imeachtaí inmheánacha a gcorp agus nach deas an boladh a bhíonn sna seomraí éigeandála dá bharr sin. Thacaigh an Taoiseach lena chomhghleacaí rialtais agus dúirt sé go gcuireann sé féin go tréan leis an bholadh sin. (Nóta Soiléirithe ón Eagarthóir: I ndiaidh d’ár gcuid dlíodóirí amharc go cúramach ar athscríbhinn an ráitis udaí tá muid sásta anois gurbh é a dúirt an Taoiseach go gcuireann sé go tréan leis an MHOLADH sin!)