Agus é ag tiomáint i gceantair áirithe i Nua-Eabhrac le tamall anuas, thug Tom Deignan faoi deara go raibh ainmneacha cuid de na sráideacha athraithe. Thuig sé de réir a chéile cén fáth ar tharla sé seo.
Ní féidir liom a rá go baileach cén uair a thug mé faoi deara iad. Chuaigh siad i bhfeidhm orm de réir a chéile, mar ní thabharfá faoi deara ach ceann amháin ag an am. Agus, lena chois sin, is rud cineál aisteach é le tabhairt faoi deara. Nuair a chaitheann tú do shaol ag taisteal ar na sráideacha céanna, ní bhíonn sé de nós agat de ghnáth féachaint suas ar chomharthaí sráide.
Ach le dhá bhliain anuas, tá comharthaí sráide sa bhuirg de chuid Nua-Eabhrac ar a dtugtar Staten Island tar éis éirí an-suntasach.
B’fhéidir gurb í mo bhean chéile a tharraing m’aird ar an dóigh a raibh ainm nua, Firefighter John P. Tierney Place, tugtha ar an bhloc in aice leis an cheann inar tógadh í.
Ansin, thug mé féin faoi deara go raibh ainm nua, Firefighter James A. Mascali Way, tugtha fosta ar bhloc in aice leis an áit ar rugadh agus ar tógadh mé féin, Bache Avenue. Gan amhras, is in ómós na bhfear dóiteáin a maraíodh dhá bhliain ó shin, ar an 11 Meán Fómhair, 2001, a athraíodh na hainmneacha seo. An rud a bhí aisteach domsa ná go ndeachaigh mé go Scoil Ghramadaí Our Lady Queen of Peace le fear eile a raibh cónaí air ar Bache Avenue, agus a fuair bás ar an 11 Meán Fómhair chomh maith. B’uafásach an rud é go bhfuair beirt bás a raibh fréamhacha acu ar an bhloc céanna, an fear dóiteáin Mascali, agus Shawn Bowman, oibre oifige san Ionad Trádála Domhanda. An cheist i gcás mar sin ná cé acu duine ar cheart sráid a ainmniú ina dhiaidh?
Fuair mé amach ina dhiaidh sin gur bhog Shawn Bowman ón teach inar tógadh é, gur phós sé agus gur thosaigh sé saol nua ar Staten Island, i dteach ag crosaire Morrison Avenue agus North North Burgher Avenue, crosaire atá ainmnithe as anois.
Bhí fear eile a ndeachaigh mé go dtí an scoil ghramadaí agus ansin go dtí an ardscoil ina chuideachta. Bhí na cairde céanna againn, casadh ar a chéile go minic muid, cé nach cuimhin liom riamh cuairt a thabhairt air sa bhaile. Shíl mé i gcónaí go raibh cónaí air ar an bhloc céanna a raibh go leor de mo chairde ón tréimhse sin ag cur fúthu ann. Ach thuig mé go raibh dul amú orm lá amháin agus mé amuigh ag tiomáint, nach raibh an fear dóiteáin Joseph Maffeo ina chónaí ansin in aon chor. Cad é an dóigh a raibh a fhios agam seo? Mar go raibh sráid ainmnithe as cúpla bloc ón áit ar mheas mé a raibh sé ina chónaí.
Léiriú níos fearr
B’fhéidir gur léiriú níos fearr ná aon staitisticí iad na comharthaí seo a bhfuil ceangal acu le 9/11 ar an dóigh ar chaill Staten Island i bhfad níos mó daoine ar an lá tubaisteach sin dhá bliain ó shin ná áit ar bith eile.
Tá éifeacht níos láidre ag na comharthaí seo de bharr gur buirg é Staten Island ina bhfuil tús áite ag an charr, bíodh sin ina rud maith nó ina drochrud. De bharr go mbaintear oiread úsáide as an charr, bíonn deis ag daoine i bhfad níos mó de shráideacha agus de chomharsanachtaí an cheantair a fheiceáil, rud nach mbeadh amhlaidh in áiteacha mar Brooklyn nó Queens, cuir i gcás, áit a bhfuil na teorainneacha idir comharsanachtaí níos doichte.
Is dócha go raibh tionchar níos mó ag na comharthaí nua seo ar fad de chuid 9/11 orm féin de bharr go raibh mo bhean chéile ar tí ár ndara leanbh a bheith aici. Bhí roinnt mhaith tiomána le déanamh againn ag an am seo, trasna bhuirg Staten Island ar fad, go hOspidéal Naomh Uinsionn ar an chladach ó thuaidh, ónár n-áit chónaithe ar an chladach ó dheas.
Agus tú ag tiomáint chun an ospidéil dhá uair, trí huaire, ansin ceithre huaire, agus gáir bhréige i gceist gach am, tá sé deacair gan aird a thabhairt ar na sráideacha. Cúis eile gur tarraingíodh ár n-aird ar na comharthaí, is dócha, ná go raibh muid ag tiomáint go minic faoi choim na hoíche, nuair a bhí an trácht níb éadroime ná mar is gnách, agus na sráideacha i bhfad ní ba chiúine.
Gach trí nó ceithre bhloc, dhealraigh sé, bhí sráid eile ainmnithe as íospartach de chuid ionsaithe 9/11.
Gach seans go mbeadh taithí den chineál céanna agat dá mba rud é gur thiomáin tú trí shráideacha áitiúla Brooklyn nó Queens nó na Bronx. Ní dócha go mbeadh i Manhattan, áfach. Léiriú é seo ar an éifeacht láidir a bhí ag ionsaithe 9/11 ar na háiteacha sin ar a dtugtar na “buirgí seachtracha”. Tar éis an tsaoil, seo an áit a bhfuil go leor de na státseirbhísigh faoi éide ina gcónaí, gan trácht ar na fostaithe oifige sin ar fad nach saothraíonn milliún dollar sa bhliain, ná baol air. Ba anseo a chaith an dream seo den lucht oibre agus den mheánaicme a fuair bás a saol, ag déanamh an turais fhada go croílár Manhattan gach lá. Agus, ag deireadh an lae, théadh siad abhaile go Staten Island, nó Throggs Neck, Bronx, nó Bay Ridge, Brooklyn, nó Woodside, Queens. Tá sé níos saoire a bheith beo sna háiteacha sin ná i Manhattan. B’in iad na háiteacha a raibh tuismitheoirí na n-oibrithe seo ina gcónaí go minic. Chomh minic céanna, go dtí na háiteacha seo a bhog a seantuismitheoirí, tar éis a bheith ag cur fúthu in árasáin chrua Manhattan. Nó tar éis teacht chun na tíre mar imirceoirí.
Roimh 9/11, ainmníodh na sráideacha, mar chomhartha ómóis, as oifigigh uaisle phoiblí nach raibh ónoir ní ba mhó tuillte acu, is oth liom a rá. Ar dtús, nuair a chonaic mé go raibh sráideacha á n-ainmniú as íospartaigh de chuid 9/11, rith sé liom go raibh onóir níb fhearr tuillte acu. Cinnte, bhí a dteaghlaigh sásta faoi seo, ach bhí mé féin den tuairim nach raibh i gceist ach tincéireacht bhardasach. B’fhéidir gur dána an mhaise dom é seo a rá, ach b’fhéidir gur slí fhurasta a bhí ann do pholaiteoirí áirithe a chinntiú go mbeadh a n-ainm agus a n-aghaidh le feiceáil sna nuachtáin.
B’fhéidir nach bhfuil an ceart agam. Is cinnte nár thuig mé i gceart ar dtús chomh cumhachtach is atá na comharthaí sráide seo. Bloc i ndiaidh bloic, cuireann siad i gcuimhne duit an méid daoine a chaill a mbeatha, an méid daoine a fágadh ina ndiaidh, na fréamhacha stoite as an talamh. Níl sé sin níos soiléire áit ar bith, bloc i ndiaidh bloic, ná ar Staten Island, Nua-Eabhrac.
Tá Tom Deignan ag obair mar eagarthóir agus mar cholúnaí leis an Irish Voice* i Nua-Eabhrac. Is iarléachtóir ollscoile é. Foilsíodh a leabhar is déanaí,* Coming to America: Irish Americans* (Barron’s), níos luaithe sa bhliain.*