AR NA SAOLTA SEO/AN tSÚIL NIMHE LE BALOR
Tromluí Bhalor
Balor Balor Balor

Bhí tromluí ag Balor le gairid ina bhfaca sé Éire mar a bheidh sí i Samhradh na bliana 2013.

Íomhá
© Seán Ó Domhnaill

(Rabhadh: Tá an t-alt seo fóirsteanach dóibh siúd os cionn ocht mbliana déag d’aois agus dóibh siúd amháin!)

Bhí brionglóid ag Balor - tromluí iontach trom a tháinig chuige agus é ar a leathluí ina phluais cháidheach, a chuid srann (agus eile) ag baint creathadh as an sliabh os a chionn agus as putóga na cruinne faoina leath-thóin. Bhí a leathshúil druidte go teann le faitíos roimh an fhís fhíochmhar a nochtaíodh dó: Éire mar a bheas i gcionn deich mbliana! Éire i samhradh na bliana 2013! Bhí sé scanrúil, scéiniúil, scáfar mar aisling. Baineadh siar as Balor, mar ba léir nuair a tháinig sé chuige féin, nó thosaigh sé ag caint ar chúrsaí Fatima agus an Apocolypse. Mhaígh sé nach raibh an darna suí sa bhuaile aige ach peann a chur le pár agus rabhadh a thabhairt do mhuintir na hÉireann faoina bhfuil i ndán dóibh mura mbíonn breith acu ar a n-aiféala. Seo an t-alt mar a scríobhfar é i samhradh na bliana 2013:

Bhí Balor ar shiúl ar fud na bhfud an mhí seo a chuaigh thart, ag glacadh suaimhnis cibé ar bith áit a raibh sé le fáil agus é ar a chuid laethanta saoire (ar a chuid alcoholidays, mar a deireadh lucht an Bhéarla san am fadó nuair ba leor cúpla céad euro le cúpla pionta a cheannach). Murab ionann agus tuairicseoirí eile a ghlacann a scíste ar an Chósta del Lager Lout nó ar an Playa del Fíon Saor, bíonn Balor i gcónaí sásta fanacht i dtír na bPraghsanna Arda - ar son na cúise, an dtuigeann sibh. Is breá leis an phótaire leathshúileach, mórbholgach, leathantónach, ollbhéalach a chuid Guinnéas Guinness, agus níl áit ar bith eile ar chlár an domhain a mbíonn blas chomh milis air, an dtuigeann sibh. Bíonn blas ar an bheagán, go háirid ar an bheagán a bhíonn le fáil ar thuarastal seachtaine ar na saolta deireanacha seo.

Ar scor ar bith, as go brách le Balor fá choinne seal a chaitheamh ag súil-nimheáil thart ar imeachtaí an tsamhraidh ar fhód glas na hÉireann. Cá háit eile a dtosódh sé ach i Sráid na Cathrach - chan sráideanna na cathrach móire atá tréigthe go hiomlán ag na hÉireannaigh, a gcuid tithe agus a gcuid árasán díolta i bhfad ó shin le muintir Oileán Mhanainn - ach an baile beag baoideach sin i gContae an Chláir, áit a gcruinníodh na scaiftí móra le sult agus pléisiúr a bhaint as Weak Wille *Willie Week *i dtús mhí Iúil gach aon bhliain. Seo mar a chuir Balor an Bundallán síos ar an fhéile chlúiteach: “Arís i mbliana tháinig daoine chun na féile seo ina mílte, iad ag stánadh lena mbéal ar leathadh ar na físeáin den saol mar a bhí - daoine ag seinm ceoil, ag damhsa agus ag ól. Bhí an t-ádh dearg ormsa i mbliana nó chonaic mé radharc neamhchoitianta, radharc nach bhfacthas le roinnt blianta sa cheantar seo: fíor-fhidléir ina steillbheatha agus é ag fidleáil! Tá a fhios ag an saol mór gur i Meiriceá agus ar mhór-roinn na hEorpa a bhíonn na cruitirí ag cruiteáil agus na fliúiteadóirí ag fliúiteáil. Is ansin amháin a bhíonn seans acu an costas a sheasamh ar rud nach dtig leo seinm ina éagmais - an pionta.”

Chuig Aerfort na Sionainne a chuaigh sé ansin le páirt a ghlacadh sa spórt úr is mó ráchairt ar chlár imeachtaí samhraidh na hÉireann: “Aimsigh an Turasóir Meiriceánach”. Seo a mhaíonn Fear na Súile Nimhe: “Dar le mo sheanchara, Daithí Atinburó, go bhfuil an Turasóir Meiriceánach anois áirithe go hoifigiúil i measc na ndúl is teirce in Éirinn, chóir a bheith chomh gann leis an siopadóir bocht agus an ceardchumannaí sásta. Bhí an-spórt agam agus bhí mé cinnte gur éirigh liom turasóir a aimsiú, é ag tuirlingt ó eitleán Nua-Eabhrac i lár na hoíche, é ag dul rite leis siúl faoi ualach na ndollar a bhí sna pócaí aige. Ar an drochuair bhí dul amú orm. Dlíodóir Éireannach a bhí ann ag teacht abhaile óna laethanta saoire sna Stáit Aontaithe, agus ní raibh sna pócaí aige ach an cúpla milliún dollar nach raibh sé ábalta a chaitheamh thall, agus a bhí sé a thabhairt abhaile leis le cúpla baile beag eile a cheannach i gContae na hIarmhí.”

As go brách leis an scódaí súgach ansin, suas fá chósta thiar na hÉireann, fríd na tuillte agus na stoirmeacha, fríd an anfa agus an doineann ar dlúthchuid iad de shamhradh gruama na hÉireann. Níor fhan sé thar cúpla uair an chloig i nGaillimh nó níl an Ghearmáinis go hiomlán ar a thoil aige - rud atá de dhíth go géar anois sa burgh sin. Taobh amuigh de na bialanna agus na tábhairní ar fad tá fógraí móra trí-theangacha crochta anois: “Keine Dogs, le bhur dtoil! *Keine Paddies *le bhur dtoil!” Magadh beag searbh atá ann nó níl *Paddy *ar bith anois faoin cheantar sin a mbeadh sé d’acmhainn aige aon rud a cheannach sna háiteanna céanna; agus níl madadh ar bith i gConnachta nach bhfuil ite.

Ó thuaidh ansin leis an tuairisceoir tarcaisneach ar a chamchuairt shamhrúil agus é ag tabhairt aghaidhe ar Thír Chonaill. Agus é ag dul fríd Chontae Mhaigh Eo chonaic sé an fál sreang deilgneach a thimpeallaíonn Cruach Phádraig anois agus an geata mór a bhfuil an fógra crochta air: “Táille Isteach: Oilithrigh €250, Eile €300. Cosa fuilteacha le taispeáint i gcruthú ar stadas oilithrigh!” Oilithreacht de shórt eile a bhí i gceist ag Balor: bhí sé ar a bhealach chuig Gleann Cholm Cille, áit a mbíodh na cúrsaí samhraidh dá rith ag Oideas Gael san am fadó:

“Agus mé ag teacht amach as an Charraig bhí mé ábalta é a fheiceáil os mo chomhair amach,” a mhaíonn Balor an Fathach Formadach. Bhí an ghrian an glioscarnach ar an díon mór gloine a shíneann anois ó Chionn Glinne go Málainn Mhóir, thar an chuan agus thar an bhaile agus thar an ghleann uilig. Agus mé i mo sheasamh ag amharc síos ar Ionad Úr Oidhreachta Ghleann Cholm Cille (tógtha le deontais mhóra ó Roinn na Gaeltachta agus ón Údarás) bhí mé ábalta na daoine áille ina gcuid *bikinis *agus gan a gcuid *bikinis *a fheiceáil ina mílte thíos: daoine as gach tír ar domhan, seachas Éire, ag crú na gréine saorga, á dtumadh féin sna tobáin feamainne, ag dul ó *jacuzzi *go linn snámha, ag teacht amach as na *Casinos *ar an Chaiseal agus isteach sna bialanna ardnósacha fán Chlachán.

Agus cad é faoin oidhreacht? Cad é faoin Ghaeilge? Ar a mbealach isteach san Ionad Úr a fhaigheann na cuairteoirí an t-aon bhlaisín de atá ar fáil san áit: Leamh Ó Cuinneagáin ag rá “Go raibh maith agat” i nGaeilge bhlasta bhinn agus é ina sheasamh ag an gheata lena bhuicéad ina láimh ag bailiú €20,000 in aghaidh an lae ó gach aon duine acu.”

Ní beag sin leis an samhradh a mhilleadh oraibh. Dia go deo leis an saol mar a bhí!

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.