AR NA SAOLTA SEO
Tionóntaí áirithe fós faoi chuing na dtiarnaí talún
Dónall Ó Maolfabhail Dónall Ó Maolfabhail Dónall Ó Maolfabhail

drogall ar an Rialtas deireadh a chur leis an chíos talún, rud a fhágann go bhfuil an baol i gcónaí ann go ndéanfar tionóntaí áirithe a dhíshealbhú. Tuairisc ó Dhónall Ó Maolfabhail.

Íomhá
Íomhá
Níl cíos talún ard á íoc ag an Rialtas ar fhoirgnimh stáit faoi láthair ach d'fhéadfadh athrú a theacht ar an scéal amach anseo

Samhlaigh é! Tá tú i do chónaí i do theach le 30 bliain. Is leat féin go hiomlán é. Ansin lá amháin faigheann tú litir aturnae ag rá leat go bhfuil léas na talún ar a bhfuil an teach tógtha ídithe agus go gcaithfidh tú €54,000, mar aon le costaisí dlíodóra €127 san uair, a íoc más mian leat fanacht i do theach. Sin go díreach a tharla do theaghlach amháin i mBaile Átha Cliath le gairid.

Má chreidimid na leabhair staire, chinntigh feachtas Michael Davitt agus Chumann na Talún in 1879, agus na hachtanna a lean é, gur aistríodh úinéireacht thalamh na hÉireann ón tiarna talún go dtí an tionónta. Ach más fíor sin, cén fáth go bhfuil dualgas dleathúil ar 250,000 tionónta sa stát seo, sin an ceathrú cuid de thionóntaí an stáit, cíos talún a íoc sa lá atá inniu ann? Muna ndéantar reachtaíocht an stáit seo maidir le húinéireacht talún a leasú go tapaidh ní hamháin go bhfuil fadhbanna móra i ndán do go leor tionóntaí eile sa stát, ach tá gach seans ann go mbeidh ar an stát suim ollmhór airgid a íoc amach as an státchiste freisin.

Go minic, cé gur le duine a theach ní leis an talamh ar a bhfuil an teach tógtha. De réir reachtaíochta a tugadh isteach nuair a bhí an t-oileán seo mar choilíneacht de chuid na Breataine, is féidir le tiarna talún léas a thógáil ar an talamh ar leis agus cíos talún a ghearradh ar bhonn bliantúil ar aon duine atá ina chónaí ar an phaiste céanna talún, gan aon seirbhís a thabhairt mar chúiteamh. I go leor cásanna bíonn an léas talún in ainm chomhlacht dlíodóra agus bíonn sé an-deacair a oibriú amach cé go díreach atá ag fáil an airgid. Creidtear gur fiú thart ar €10 milliún cíos talún sa stát seo in aghaidh na bliana agus go dtéann 50% den airgead a bhailítear amach as an tír, an chuid is mó chuig an Bhreatain.

Comhlachtaí móra tógála dúchasacha, leithéid McInerneys agus McGowans, a bhailíonn an chuid eile den chíos talún sa stát seo. Mar bharr ar an donas tá cuid de na comhlachtaí Éireannacha ag díol na léasanna atá acu le daoine lasmuigh den stát. I 1992 dhíol an comhlacht tógála McInerneys, faoin ainm Henry Hunt (comhlacht a bunaíodh go speisialta le plé le léasanna talún McInerneys) na léasanna talún a bhí acu, sin 3,290 léas, le fear gnó Sasanach darbh ainm Ellard Lipson, ar luach £32,000, thart ar £10 an léas.

comhlachtaí príobháideacha amháin atá taobh thiar den drochobair seo. Sna hochtóidí rinne an comhlacht Irish Life, a bhí ina chomhlacht stáit ag an am, 9,000 léas talún a dhíol le Philip Frederick, comhlacht ó Londain a úsáideann an t-ainm Dublin Land Securities.

Reachtaíocht nua

I Meitheamh 1973 thosaigh Aontacht Chumann Riartha na nÁitritheoirí (ACRA) feachtas ag iarraidh ar an Rialtas an dlí a athrú agus idir an dá linn ag impí ar dhaoine diúltú aon chíos talún a íoc. De thairbhe an fheachtais seo, i 1978 thug Rialtas Fhianna Fáil reachtaíocht nua isteach. Chuir an reachtaíocht seo cosc ar aon tiarna talún léas nua a shíniú. Ach maidir le haon léas a síníodh roimh 1978, tá cead ag tiarna talún cíos talún a bhailiú. Chuir an reachtaíocht cosc freisin ar thiarna talún tionónta a raibh léas talún reatha aige a chaitheamh amach as a theach. Ach tá fós cead aige tionónta a dhiúltaíonn an cíos talún a íoc agus a bhfuil a léas ídithe a chaitheamh amach.

An bhliain chéanna tugadh reachtaíocht isteach a cheadaigh don tionónta a léas féin a cheannach sular ídigh sé. Fágann seo go bhfuil trí rogha faoi láthair ag an tionónta nach bhfuil a léas ídithe aige. Is féidir leis an cíos talún a íoc, an léas a cheannach amach é féin nó seans a ghlacadh agus gan an cíos a íoc agus, má bheirtear air, a chás a thabhairt chun na cúirte.

Leis an léas a cheannach caithfidh an tionónta suim airgid a íoc leis an tiarna talún. Ní mór an t-ús a ghnóthaítear tríd an tsuim seo a infheistiú sa Scéim Iasachtaí Náisiúnta agus é a bheith ar cóimhéid leis an chíos talún a bhí á íoc roimhe sin. Sin le rá, más é 10% ráta úis na hIasachta Náisiúnta agus is é €25 an cíos bliantúil, beidh ar an tionónta €250 a thabhairt don tiarna talún leis an léas a cheannach. Mar sin, cé go stopann an tionónta ag íoc an chíosa talún, leanann an tiarna talún ag fáil a luach. Ar an ábhar seo tá ACRA glan i gcoinne na scéime seo ó thosach.

De réir Chathaoirleach an fhochoiste in ACRA atá ag plé le cíos talún, Tony O’Toole, rinne thart ar 20% de thionóntaí a léas féin a cheannach. Maidir leis an 80% eile dhiúltaigh cuid mhór acu an cíos a íoc agus bhí 20,000 acu os comhair cúirte dá bharr. Astu sin daoradh téarma príosúntachta ar 176 tionónta ach ar deireadh níor chaith ach cúigear seal sa phríosún. De réir chinneadh sna cúirteanna, áfach, má théann tréimhse sé bliana nó níos mó thart agus gan aon duine teacht ag lorg cíos talún, ní gá an tsuim iomlán a íoc.

Toisc cuid mhór léasanna sa stát seo a bheith fíorshean, ar an iomlán ní mór an tsuim airgid atá ar thionóntaí sa stát seo a íoc mar chíos talún. Ach chomh luath agus a ídíonn an léas talún scéal eile ar fad a bhíonn ann. Faoi láthair, de réir dlí, nuair a ídíonn an léas caithfidh an tionónta an léas a athnuachansaorsheilbh a ghlacadh ar a thalamh féin. Muna ndéanann sé sin is féidir leis an té ar leis an talamh ar a bhfuil an teach tógtha seilbh a ghlacadh ar an teach.

Má dhéanann an tionónta an léas a athnuachan, leanfaidh sé ag íoc cíos bliantúil. Ach cíos i bhfad níos airde a bheas i gceist an babhta seo. Is ionann an cíos nua agus an t-ochtú cuid den airgead a gheobhfaí dá gcuirfí an teach ar cíos ag an am. Glactar leis freisin go ndéanfar athbhreithniú air seo gach cúig bliana, ag cur san áireamh an ráta náisiúnta boilscithe. Ar an lámh eile, más mian leis an tionónta saorsheilbh a ghlacadh ar a theach caithfidh sé an t-ochtú cuid de luach phraghas an tí ar an mhargadh a thabhairt don tiarna talún. Creideann an tUasal O’Toole go n-ídeoidh thart ar 5% go 10% de léasanna sa stát seo laistigh de dheich mbliana.

Foirgnimh stáit

Formhór na léas talún, baineann siad le tithe príobháideacha. Ach de réir freagra a tugadh ar cheist Dála tá an stát ag íoc €145,000 gach bliain ar chíos talún ar 367 foirgneamh éagsúil, leithéidí Ardoifig an Phoist, tithe an Oireachtais, Beairicí Chnoc an Arbhair, agus mar sin de. Tá an tsuim seo ann féin measartha beag. Ach nuair a ídeoidh an léas talún a bhaineann leis na foirgnimh seo, beidh ar an stát an t-ochtú cuid de luach díolta na bhfoirgneamh a íoc, más mian leo saorsheilbh a ghlacadh orthu. Ní fios cén luach a bheadh ar an 367 foirgneamh seo de chuid an stáit dá gcuirfí iad ar an mhargadh le díol ach is féidir a bheith measartha cinnte go ndéanfadh sé poll réasúnta sa státchiste. Ní gá go dtarlódh sé seo má dhéantar an reachtaíocht a leasú.

Thar na blianta tá sé ráite ag Rialtais éagsúla nach gceadódh Bunreacht na hÉireann dóibh - atá ann tar éis an tsaoil le saoránaigh an stáit seo a chosaint - deireadh a chur le cíos talún. Bheidís, dúradar, ag sárú chearta sealúchais an duine, atá leagtha síos sa Bhunreacht. Faoi láthair tá Coiste Uile-Pháirtí an Oireachtais ar an mBunreacht ag ullmhú tuarascála maidir le cearta sealúchais. An mhí seo caite reáchtáil an Coiste éisteachtaí poiblí ar an cheist. Mar aon le grúpaí éagsúla ar nós ACRA, léirigh Sinn Féin agus Páirtí an Lucht Oibre ina n-aighneachtaí go bhfuilid go mór i bhfábhar deireadh a chur le cíos talún.

Dár ndóigh, ní fios go cinnte go fóill cá seasann páirithe an Rialtais. Creidim féin áfach, ar deireadh thiar, breis agus céad bliain i ndiaidh do Michael Davitt Cogadh na Talún a throid, go ndéanfaidh an Rialtas seo cinneadh a fhágfaidh cíos talún ina sheanscéal agus meirg air.

As Baile Átha Cliath é Dónall Ó Maolfabhail. Is saoririseoir é atá ag scríobh d’fhoilseacháin éagsúla.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.