AR NA SAOLTA SEO/Ó MHEIRICEÁ ANIAR
Ag seasamh an fhóid do Bloomberg
Tom Deignan Tom Deignan Tom Deignan

Is de shliocht Éireannach é William Cunningham, duine de na comhairleoirí is tábhachtaí atá ag Méara Nua-Eabhrac, Mike Bloomberg. Dúshlán a bheas ann dó na hÉireannaigh a spreagadh le vótáil don mhéara sa chéad toghchán eile, áfach, dar le Tom Deignan.

Íomhá
William Cunningham, Stiúrthóir Cumarsáide an Mhéara Mike Bloomberg
Íomhá
An Méara Mike Bloomberg

Ní fhéadfaí a rá go bhfuil cairdeas ródhlúth idir Méara Nua-Eabhrac Mike Bloomberg agus go leor den phobal Éireannach sa chathair. Gníomh mínáireach, dar leosan, a bhí i dtacaíocht an mhéara don chosc ar chaitheamh tobac i dtithe tábhairne agus i mbialanna, cosc a raibh go leor de na hÉireannaigh - idir úinéirí na mbeár agus chustaiméirí - ina choinne.

Lena chois sin, thosaigh go leor úinéirí tí Éireannacha atá ina gcónaí taobh amuigh de Manhattan ag casaoid nuair a léirigh Bloomberg tacaíocht do chánacha maoine mar chuid den iarracht buiséad Nua-Eabhrac a chomhardú.

Agus ag deireadh mhí Iúil, bhí áitritheoirí sa cheantar mór Éireannach, Rockaway, Queens, ag maíomh go raibh an dóigh ar ghearr na póilíní fíneáil orthu as a bheith ag ól go poiblí míchothrom. Cén fáth? Mar go raibh cead acu siúd a bhí ag freastal ar cheolchoirmeacha saora in aisce i bpáirceanna Prospect and Central le déanaí fíon a ól i rith na n-imeachtaí sin. Dhealraigh sé gurbh é an teachtaireacht gan rá a bhí i gceist ná go mbeidh Éireannaigh na mbuirgí seachtracha i dtrioblóid leis na póilíní má ólann siad beoir go poiblí, ach nach amhlaidh a bheas i gcás an dreama ar spéis leo an ceol clasaiceach.

Nuair a chuireann tú seo uilig san áireamh, b’fhéidir go gcuirfeadh sé iontas ar go leor daoine go bhfuil Éireannach a tógadh i mBrooklyn agus ar tháinig a chuid tuismitheoirí go dtí na Stáit Aontaithe as Contae an Chláir ar dhuine de na comhairleoirí is tábhachtaí atá ag an Mhéara Bloomberg.

Tá William Cunningham mar dhuine an-lárnach i rialtas áitiúil Bloomberg ón tús. I mí Iúil, bhí deis aige nach mbíonn aige ach go hannamh aird a tharraingt ar a fhréamhacha Éireannacha, gan feidhm a bheith air plé a dhéanamh ar chosc ar thobac agus ar cheisteanna conspóideacha eile. Bhí Cunningham i láthair nuair a tháinig an Jeanie Johnston chun duga ag Battery Park City ar an 3 Iúil chun óráid a thabhairt thar ceann an mhéara.

“Is iontach an rud é nuair a smaoiníonn tú go bhfuil mé ag obair i Halla na Cathrach, agus go raibh mé mar ionadaí Halla na Cathrach ag ócáid a bhí ag tabhairt ónóra don imirce Éireannach go dtí an chathair seo,” a dúirt Cunningham cúpla lá tar éis don Jeanie Johnston teacht i dtír.

Ó tharla gur minic naimhdeas idir an méara agus Éireannaigh Nua-Eabhrac, ba cheart do Cunningham sult a bhaint as ócáidí pléisiúrtha mar seo nuair a tharlaíonn siad. Maidir leis an chosc ar chaitheamh tobac, creideann Cunningham go bhféadfadh jab níos fearr a bheith déanta aige féin, mar Stiúrthóir Cumarsáide, ag cur in iúl d’áitritheoirí na cathrach gur dócha go raibh cosc ar thobac beartaithe don stát ar fad ar aon nós, fiú mura mbeadh a leithéid i gceist i Nua-Eabhrac. Bhíothas den bharúil le fada, a deir sé, go mbeadh cosc a bhain leis an stát ar fad i bhfad ní ba dhéine ná an ceann a mhol Bloomberg.

Athrú nósanna

“Ag féachaint siar, ní dóigh liom go bhfuil dóigh éasca ann le rá le daoine a gcuid nósanna a athrú,” arsa Cunningham, ar fhás a chuid tuismitheoirí aníos in dhá shráidbhaile a bhí gar dá chéile. Chuaigh máthair Cunningham go Hartford, Connecticut chun a bheith le baill eile dá teaghlach. Lean a athair í ansin tamall ina dhiaidh sin. Fuair máthair Cunningham bás, áfach, nuair nach raibh Bill ach dhá bhliain d’aois. Agus iad go fóill ag caoineadh a báis, bhog an teaghlach go dtí na Bronx ó dheas, ansin Brooklyn, áit ar thóg a Aintín Mary Bill ón uair a bhí sé seacht mbliana d’aois. D’oibir a athair do Stát Nua-Eabhrac i ngaráiste ospidéil ar Ward’s Island, mar chuntóir ag meicneoir agus tiománaí.

Chreid aintín Cunningham go láidir agus go paiseanta san oideachas. Ceann de na chéad chuimhní atá ag Bill ná col ceathrair dá chuid á thabhairt go leabharlann phoiblí Brooklyn chun a chéad chárta leabharlainne a fháil. D’fhreastail Cunningham ar St. Augustine High School, ansin Brooklyn College. Fuair sé post ag obair ar an chéad fheachtas a bhí ag Hugh Carey, a bhí ann ghobharnóir ina dhiaidh sin, agus ina dhiaidh sin arís bhí Cunningham páirteach i gclár stáit a chuir oibrithe go dtí an Kennedy School of Government i Harvard ar feadh bliana.

Cé nach raibh béim mhór ar an pholaitíocht sa bhaile agus Cunningham óg, deir sé: “Ba theaghlach Éireannach é agus bhí tuairimí ag gach duine. Ba Dhaonlathach gach duine. Ach de bharr gur Éireannaigh a bhí ionainn, bhí an claonadh ann locht a fháil go furasta, fiú ar do mhuintir féin.”

Bhí an Gobharnóir Al Smith agus an maistín de mhéara Jimmy Walker i measc a laochra. “Ba é Al Smith Dia. Ní fhéadfá drochrud a rá faoi,” a dúirt Cunningham, a fheiceann Bloomberg mar chineál eile ceannaire, a bhfuil an mianach céanna ann is a bhí i méaraí eile de chuid Nua-Eabhrac a raibh an-chion orthu, Ed Koch nó Rudy Giuliani, cuir i gcás, agus nach bhfuil eagla air cinntí diana a dhéanamh.

Ach an rachaidh sé seo i bhfeidhm ar Éireannaigh Nua-Eabhrac? Tá go leor de bhunadh Rockaway go fóill ar buile faoin dóigh ar gearradh fíneáil orthu siúd a bhí i láthair ag an chóisir chuimhneacháin do 9/11 an mhí seo caite de bharr iad a bheith ag ól go poiblí.

Ag tagairt don eachtra áirithe sin, dúirt Cunningham leis an nuachtán *The Irish Voice *go raibh cead a gcomhairle féin ag póilíní maidir le heisiúint toghairmeacha bainteach le hólachán poiblí. Dúirt sé fosta gur tugadh neamhaird ar na fíricí is tábhachtaí tar éis do na nuachtáin thablóideacha dul thar fóir leis an scéal. Thug sé le fios, mar shampla, go rabhthas tar éis ceadúnas a dhiúltú don teacht le chéile seo i Rockaway, agus gur dúradh roinnt rudaí gríosaitheacha leis na póilíní faoi chuid d’íospartaigh 9/11 agus, ar chloisteáil na nithe seo dóibh, gur shíl roinnt oifigeach go raibh an t-ól imithe ó smacht cheana féin.

Creideann Cunningham go fóill go dtacóidh Éireannaigh Nua-Eabhrac le Bloomberg sa toghchán don mhéaracht sa bhliain 2005. Arsa Cunningham: “Deir an méara i gcónaí, ‘Seo an rud atá beartaithe agam agus tá mé chun cloí leis sin.’ Is dearcadh an-Éireannach é seo. B’fhéidir go bhfuil fuil Éireannach ina chuid féitheacha.”

Tá Tom Deignan ag obair mar eagarthóir agus mar cholúnaí leis an Irish Voice* i Nua-Eabhrac. Is iarléachtóir ollscoile é. Foilsíodh a leabhar is déanaí,* Coming to America: Irish Americans* (Barron’s), níos luaithe sa bhliain.*

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.