AR NA SAOLTA SEO/SCÉALTA ÓN ASTRÁIL
An Catalpa - dásacht agus dánacht
Dáithí Ó Colchúin Dáithí Ó Colchúin Dáithí Ó Colchúin

Rinneadh éalú seisear Fíníní ó Phríosún Fremantle in Iarthar na hAstráile in 1876 a chomóradh níos luaithe i mbliana. Tuairisc ó Dháithí Ó Colchúin.

Íomhá
An Catalpa
Íomhá
John Boyle O'Reilly - d'éirigh leis éalú ó Phríosún Fremantle
Íomhá
John Devoy - bhailigh sé airgead sna Stáit Aontaithe

Is beag nach bhféadfaí a rá go bhfuil tionscal nua bunaithe le blianta beaga anuas - ar an long an Catalpa. Tá leabhra foilsithe, drámaí léirithe, cláracha faisnéise le fáil ar an raidió agus ar an teilifís a bhaineann lena scéal. Tugann an eachtra léargas ar an mbaint a bhí ag cúrsaí in Éirinn, sna Stáit Aontaithe agus san Astráil lena chéile sa naoú céad déag.

In aimsir na bhFíníní sna 1860í, gearradh téarmaí fada príosúnachta ar na céadta acu siúd a bhí páirteach san eagraíocht. Iadsan ar gearradh téarma níb fhaide ná seacht mbliana orthu, díbríodh go dtí an Astráil iad. Cuireadh cuid mhaith acu sin i bPríosún Fremantle in Iarthar na hAstráile. Ina measc bhí John Boyle O’Reilly. D’éirigh leis éalú agus a bhealach a dhéanamh go dtí na Stáit Aontaithe, áit ar bhain sé clú amach mar iriseoir. Go gairid ina dhiaidh sin, ligeadh saor na Fíníní a bhí fós sa bpríosún ach amháin an dream a bhí in arm na Breataine nuair a gabhadh iad. Mar thoradh ar an scéal, ní raibh fágtha faoi ghlas ach seisear a bhí fós i bPríosún Fremantle.

Chuir siadsan litir chuig O’Reilly ("glór ón tuama” mar a thug siad air) ag impí air cabhrú leo éalú. Chuaigh seisean agus John Devoy, duine eile de cheannairí na bhFíníní sna Stáit Aontaithe, i mbun oibre. Bailíodh airgead i Meiriceá agus san Astráil. In Aibreán 1875 d’fhág an Catalpa, long míolta móra trí chrann agus 200 tonna, New Bedford i Massachusetts agus rinne a bealach trasna an Atlantaigh go dtí na hAsóir. Tar éis lastas a fhágáil ina diaidh le seoladh ar ais go New Bedford, tógadh criú nua ar bord agus sheol sí léi arís ó dheas ar thóir na míolta móra, thart timpeall na hAfraice agus soir chomh fada le Bunbury in Iarthar na hAstráile. Chaith sí tamall ansin fad is bhí plean éalaithe á chur i gcrích.

Ar an 17 Aibreán, 1876 d’éalaigh an seisear as Fremantle, a bhí ag obair taobh amuigh den phríosún an lá sin, agus chuadar ar bhád a cuireadh i dtír ón gCatalpa. Tháinig gála go tobann orthu agus thóg sé ocht n-uaire fichead orthu an Catalpa a aimsiú. Tháinig galtán de chuid na Breataine a bhí feistithe le gunnaí sa tóir orthu agus scaoileadh cúpla urchar leis an gCatalpa. Ach dhiúltaigh captaen an Chatalpa, George Anthony, géilleadh. Dúirt sé go raibh siad in uiscí idirnáisiúnta agus dá n-ionsófaí í, go mbeifí ag fógairt cogaidh ar na Stáit Aontaithe. Tráthúil go leor, tharla eachtra den saghas céanna tamall roimhe sin a chosain £3,000,000 ar rialtas na Breataine. Bhí leisce ar chaptaen an ghaltáin dá bharr seo agus ligeadh don Chatalpa imeacht. Bhain sí New Bedford amach ceithre mhí ina dhiaidh sin.

Ní cúis iontais é gur spreag eachtra chomh dásachtach leabhra, amhráin agus tuilleadh. Tá dhá amhrán ar a laghad a bhaineann leis an scéal, “Catalpa” agus “The Fenians’ Escape”. In Aibreán na bliana seo eagraíodh “Lá an Chatalpa” in iarsmalann Phríosún Fremantle den chéad uair agus tá sé beartaithe é a chur ar siúl gach bliain feasta.

Maidir leis an long í féin, tugadh ísliú céime di tar éis a cuid éachtaí ar fud an domhain. Chaith sí blianta ag tarraingt ghuail ina dhiaidh sin agus tháinig deireadh lena ré sa mBeilís. Ach níl aon bhaol go ndéanfar dearmad ar scéal an Chatalpa go ceann scaithimh.

Tá Dáithí Ó Colchúin ina chónaí i Sydney. Is as an gCeathrú Rua i gConamara ó dhúchas é.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.