AR NA SAOLTA SEO/AN tSÚIL NIMHE LE BALOR
Báidín eile briste i dToraigh
Balor Balor Balor

Tá go leor tráchta i nuachtáin ar fud an domhain ar dhul go tóin poill na loinge Cabin Fever amach ó chósta Thoraí, ach tá a chuid teoiricí féin ag Balor mar gheall ar an eachtra.

Íomhá
© Seán Ó Domhnaill
Íomhá
Cabin Fever - sula ndeachaigh sí go tóin poill

Tá a fhios ag an saol mór go dtéann cuid rútaí Bhalor siar i bhfad isteach i gceo na staire agus síos go domhain isteach i gcréafóg Thoraí, níos doimhne ná Poll na Raithní ann agus níos doimhne fiú ná roinnt poll clúiteach eile ar an oileán ársa. Is iomaí bád agus long a bádh ar chósta creagach callánach carrach an oileáin, ón HMS Wasp sa naoú haois déag go Báidín Bídeach Báidín Beosach Báidín Bóidheach an liúdramáin sin Feildhlimidh, cibé am ar cumadh an rabhcán faoin churrach mí-ámharach a briseadh i dToraigh. Ach níor ghin briseadh ar bith acu an oiread poiblíochta domhanda agus a ghin briseadh na míosa seo caite …

Cé nó cad é a bhí taobh thiar de bhá long cháiliúil na teilifíse réadúla “Cabin Fever” amach ó chósta Thoraí, oileán dúchais Bhalor, áit a raibh dún agus mún a mhuintire ó thús ama? Sin ceist chrua na míosa seo, ceist nach furasta freagra a fháil uirthi nó ní lia cloch ar dhuirlingí Thoraí ná barúil i dtaca leis an cheist chasta chiapach chéanna. Is máchail dhoghlanta é ar cháil an oileáin go bhfuil meáin chumarsáide an domhain mhóir amhrasach faoi ghluaiseachtaí daoine áirithe de bhunadh Thoraí ar lá sin na cinniúna nuair a chuaigh an Cabin Fever go tóin poill.

An Chicago Tribune *a d’fhiafraigh ar dtús cá raibh an t-anlaith milis, mealltach, fáinne-chluaiseach, bairéadach sin Peatsaí Dan Mac Ruairí? *Pravda *na Rúise a thóg an cheist cá háit a raibh an boc eile milis, mealltach, col ceathrach, círéibeach sin ar bhreá leis a bheith ina fhorlámhaí ar an Chreag i Lár na Farraige móire suaite, Pól Mac Ruairí? *L’Osservatore Romano *a bhí ag iarraidh a fháil amach cá raibh an Pabhsae Gléigeal sin atá ina príomh-idiot *preabach, praiticiúil, pragmatach ar Phobalscoil Thoraí, an tSiúr Máire Clár na Cáiréise? Fiafraíonn an nuachtán naofa an raibh sise ar scoil an lá sin nó, mura raibh, cá háit go díreach a raibh sí agus cad é a bhí ar siúl aici ann? Ceisteanna iad sin atá á gcíoradh anois ag tuairisceoirí na cruinne, ceisteanna a bhfuil a bhfreagraí tuillte ag lucht léite nuachtáin an domhain.

Dar leis an iris *Hustler *gurb é Henry “007” Ó Dónaill an t-aon duine faoin taobh sin tíre a mbeadh sé d’acmhainn aige an long a pholladh le neart a ngéag féin, ach séanann an snámhaí clúiteach gurbh eisean a bhuail an long. Tá a fhios ag rónta na gcuanta go mbíonn sé i mbun a chleachtaithe gach lá ar na mallaibh fá choinne rás snámha ó Thoraigh na dTonn go dtí an Blascaod Mór. Maíonn sé gur fá bhúir asail d’Oileán Mhanainn a bhí seisean ag an am ar polladh an Cabin Fever. Míníonn sé go raibh sé ag snámh tuathalach timpeall na hÉireann ar a bhealach ó dheas nó go dtéann sé rite leis a bheith deisealach faoi rud ar bith riamh. An féidir é a thrust?

Tá a theoiric féin ag Balor an Bleachtaire faoi bhá na loinge, agus baineann an bharúil atá aige le himeachtaí na hoíche roimh ré. Bhí féasta ar an oileán an oíche sin. Cé gur íoc muintir Coco Productions as fleá agus cóisir in Óstán Thoraí don uile dhuine, níor aithníodh iad mar óstaigh. Meas sibh cé a fuair an t-aitheantas sin? Sea! Gan dabht! An Rí gan Choróin a d’fheidhmigh mar óstach agus mar aoi speisialta ag an am céanna, rud nach deacair dó, nó tá taithí na mblianta aige ar a leithéid. Gliomach agus Stéig Chaoldroma a bhí acu ar fad mar phríomhchúrsa, nó “Scurf and Murph” mar a thugann muintir an oileáin ar an bhéile traidisiúnta is coitianta dá gcuid.

D’fhear an Rí “Fáilte ‘un an Oileáin, a thaisce,” roimh gach a raibh i láthair, idir chuairteoirí agus bhunadh na háite. Ba nós leis riamh iarraidh ar chuairteoirí guí ar son na síochána sna Sé Chontae, ach ó tharla Adams agus Trimble lámh ar láimh ag gabháil timpeall, iarrann sé anois orthu guí ar son na síochána sa Mheánoirthear. Cé gur cinnte go nguíonn daoine go tréan bíonn sé doiligh orthu cúis na n-urnaithe a thuiscint. Tá daoine ina gcónaí i mBaile Thoir agus tá a thuilleadh acu ina gcónaí i mBaile Thiar, ach díon na deoraí a bhíonn le feiceáil thart faoin mheánoirthear. Is aisteach an ortha í. Níl dabht ar bith ach gur chuir sé captaen agus loingseoirí an bháid á gceistiú féin an raibh a fhios acu go díreach cá háit a raibh an meánoirthear. “Agus má bhí siad in amhras cá raibh an áit sin an raibh seans ar bith acu an Tuaisceart nó an Deisceart féin a aimsiú?” a fhiafraíonn Balor.

Baineann an dara leath de theoiric Bhalor le cúrsaí ólacháin ar an oíche áirithe sin. Is léir gur ól muintir an bháid rud beag níos mó ná mar ba chóir dóibh, ach tháinig siad faoi thionchar ruda a bhí ní ba láidre agus ní ba thocsanaí ná poitín Thoraí féin. Le héifeacht an ghalúin go leith Red Bull a bhí ólta ag Rí an Oileáin chuaigh sé thart ag pógadh gach a raibh i láthair, idir fhir agus mhná, é á thachtadh féin le mórchúis agus le paisean na hócáide, agus an mhuintir bhocht a d’fhulaing na póga á dtachtadh féin le samhnas. “Drochthús ar dhrochthuras,” a deir Balor, “nó is minic nár tháinig daoine chucu féin arís go ceann míosa i ndiaidh ceann de chuid póga Pheatsaí Dan. Agus ní raibh i gceist sna cásanna sin ach póg ar an phluc - chan an Full Monty mar a fuair muintir bhocht na scannánaíochta an oíche sin, de réir roinnt de na daoine a tháinig slán. Cuimhnigí, a léitheoirí dílse, gur i mBeo Ar Éigean a léigh sibh an scúp seo ar dtús!”

Léaráid: Seán Ó Domhnaill (www.seanod.net)

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.