Chaith Balor seal i measc mhaithe agus mhóruaisle na Gaeilge ag Irish Fest Milwaukee an mhí seo caite.
Má thug sibh fá deara go raibh crut i bhfad níos fearr ar Beo Ar Éigean an mhí seo a chuaigh thart, bhí cúis mhaith leis sin, nó is mé féin a rinne an eagarthóireacht ar an liarlóg. Táim iontach buíoch de na mílte léitheoir a scríobh isteach ag déanamh comhghairdis liom mar eagarthóir sealadach as siocair caighdeán na truflaise a bheith i bhfad níos airde ann ná mar a bhíonn de ghnáth.
“Agus cad é a bhain don ghnátheagarthóir, Éamonn Ó Doornail?” a deir sibh. Bhuel, scaoilfidh mé rún libh. Tharla timpiste don chréatúr, ach beidh áthas oraibh a chloisteáil go bhfuil sé ag bisiú leis san ospidéal. Chuir a chuid dlíodóirí mé fá gheasa droma draíochta gan insint daoibh an rud a tharla dó. Bhí siad chomh corraithe agus chomh dáiríre sin is gur thiontaigh siad ar an Bhéarla leis an bhagairt a threisiú. Is é a dúirt siad liom: ‘Do not repeat this to a living soul.’ Mar sin, ní dhéanfaidh mé é a repeatáil. Ní déarfaidh mé é ach an t-aon uair amháin. Ar scor ar bith, níl a fhios agam an dtiocfadh liom ‘living souls’ *a thabhairt ar lucht léite *Beo Ar Éigean.
Seo an scéal. Bhris Éamonn bocht Ó Doornail a chos. Is é a tharla gur thit a sparán as a phóca anuas ar a spág. Mé féin a chonaic é agus ní raibh sé deas mar sheó. Bhí an sparán chomh trom le bró agus báltóg Éamoinn chomh mór le leathdhoras. Bhí cuid crúb Éamoinn dá shíorfháil i dtrioblóid i gcás ar bith, agus an sparán… B’éigean do dhuine inteacht aire a thabhairt dó, agus ós rud é gur mé féin a bhí ar an láthair, agus ós rud é gur mé féin a bheadh ag feidhmiú mar eagarthóir sealadach… mé féin a thug aire dó. ‘Fhad is a bhí an t-eagarthóir aimléiseach ag screadach agus ag pocléim thart ar chos bhacóide thug mé an-aire don sparán. Le fada an lá bhí mé ag impí ar Ó Doornail mé a chur mar thuairsceoir chuig an Irish Fest i Milwaukee agus dhiúltaigh sé glan dom gach bliain. Ní dhiúltódh sé dom i mbliana! Ní raibh ann ach mionpheaca! Níor bhain mé amach as a sparán ach an méid a thabharfadh mé chuig cathair cháiliúil sin na beorach cois Loch Michigan, áit a dtéann maithe agus móruaisle shaol na Gaeilge gach samhradh.
Bhí teas millteanach ann. B’éigean dom m’éadach cnis fada a bhaint a luaithe agus a leag mé cos ar thalamh Mheiriceá. Choinnigh mé orm mo bhríste fada fionnaidh, mo chóta mór, mo hata agus mo chuid wellies, ar eagla na hEaglaise. Ní raibh an scáth céanna ar go leor den mhuintir a chuaigh anonn liom. Dá bhfeicfeá na forránaigh! Bhí cuid mhór acu gléasta i mionsciortaí agus cíochbhearta dathannacha… agus bhí na mná chomh téisiúil céanna.
Isteach liom go Páirc na Féile cois locha. Bhí mé bodhraithe ag an ghleo agus mé fós scór bloc ón suíomh. Ceol Gaelach mo thóin! Bhí Tommy Makem ag fiosrú in ard a chinn “*Will You Go Lassie Go?” *Dá mbeadh pioc céille ag an ghirseach chéanna bheadh sí ar shiúl uaidh blianta fada ó shin. Bhí fógra mór os cionn gheata Pháirc na Féile: “Céad Míle Fáilte” a d’fhógair sé. “Nach deas sin?” arsa mise liom féin, “Tá Gaeilge ag muintir Mheiriceá fiú!” An chéad bhoc a casadh orm d’fhiafraigh mé de cárbh as é. “I’m a visitor here from Conamara!” ar seisean.
“Cén chaoi a bhfuil tú?” arsa mise leis, agus mé ag iarraidh é a chur ar a chompord ina chanúint féin.
“Huh?” ar seisean.
“Nach bhfuil aon Ghaeilge agat?” arsa mise leis.
“I only have the cúpla focal,” ar seisean, “And that’s both of them!”
Shiúil mé liom ar aghaidh fríd na sluaite, mé ag déanamh iontais de na daoine a bhí gléasta mar leipreacháin agus de na seamróga a bhí ag fás amach as cloigne gach aon darna duine. Go tobann chuala mé scairt ó dhuine de na leipreacháin:
“A Bhaloir, a chara,” ar seisean liom. “Fáilte romhat go Meiriceá!”
“Cá as tusa?” a d’fhiafraigh mé de.
“As Siceagó,” a dúirt sé liom.
“Cén uair a d’fhág tú tír na hÉireann?” a d’fhiafraigh mé.
“Rugadh agus tógadh i Siceagó mé,” a mhínigh sé dom i nGaeilge bhlasta bhinn. “Ní raibh mé riamh in Éirinn, ach is Gael mé. Tá mé aon naoú cuid Ungárach, dhá naoú cuid Mohawkach, trí naoú cuid Gearmánach agus trí naoú cuid Éireannach.”
“Agus cá bhfuair tú do chuid Gaeilge?” a d’fhiafraigh mé de agus dícreideamh orm.
“Ó d’altanna féin ar Beo Ar Éigean, dar ndóigh!” a mhínigh sé.
“Dar ndóigh!” arsa mise, agus as go brách liom go bródúil, ag machnamh dom i rith an ama ar Éireannaigh le Béarla agus ar Phoncánaigh le Gaeilge.
Ghluais mé liom thar an Paddy O’Bingo, an Mother Machree Burger Joint, an Rosie O’Grady Pizza Parlour, agus an Bold Fenian Men Pretzel Outlet. Bhí bannaí ceoil agus grúpaí rince ar gach taobh díom ag batráil mo chuid cluas; bhí mé bodhraithe ag bodhráin, ag boscaí, ag banjos; mé ag iarraidh an chluas bhodhar a thabhairt do Joe McDonagh ó Fhoraois na Gaeilge a bhí ag rith thart ó stáitse go stáitse ag óráidíocht ar áilleacht an cheoil agus ar shaibhreas an chultúir agus ar an tábhacht a bhain le cuireadh a thabhairt dó ar ais chuig Irish Fest 2004. Bhí mé ciaptha ag Éamon Ó Caoimhnis, Aire na Galltachta, a bhí ag dul thart ar chairrín gailf, stoc fógartha i láimh amháin aige agus bata draighin sa láimh eile, é ag croitheadh an bhata os a chionn agus ag cleachtadh a óráide os ard. Bhí a chosmhuintir ag rith ina dhiaidh, ag impí ar an slua éisteacht leis: “Is Aire é! Tugaigí aire! Arrah! a fheara, tugaigí aire don Aire!”
Níor thuig mé cad chuige go dtiocfadh duine ar bith chuig áit mar seo. Bhí mé réidh le mo bhealach a bhrú amach fríd an ocht milliún duine a bhí dingthe isteach i bPáirc na Féile nuair a chonaic mé fógra mór os mo chomhair amach: An Ghaeltacht. Anonn liom. Chnag mé ar an gheata. Osclaíodh poll beag agus fiafraíodh díom an raibh a fhios agam an pasfhocal. “Amharc orm, a húir!” arsa mise. Nuair a chonacthas mo leathshúil i lár chlár m’éadain cuireadh fáilte romham. Isteach liom. Suaimhneas faoi dheireadh. Thuig mé láithreach an chúis go dtagann muintir na Gaeilge ar ais bliain i ndiaidh a chéile chuig Irish Fest Milwaukee.
Sa nead beag suáilcis seo, i bhfad ón daoscarshlua, i bhfad ó na hairí agus ó na príomhfheidhmeannaigh, i bhfad ón “Wild Rover” agus ó “Brennan on the Moor”, bhí blaiseadh beag de na flaithis le fáil: na fíorGhaeil fhíorGhaelacha ina suí thart ag ceol agus ag ól agus ag bladar astu go fíorGhaelach, na fíorGhaeil Mheiriceánacha faoi dhraíocht acu agus ag freastal orthu le deochanna saor in aisce. Bhí Meaití Jó Shéamais agus buidéal in achan lámh aige ag mímeáil leis agus an CD ag dul go tréan taobh thiar de. Bhí Joe Ó Dónaill agus Ray Mac Mánais sínte siar ag crú na gréine agus ag sú shú na heorna agus dar leo gur ag cumadh lúibín a bhí siad. Cad é faoi Bhalor? Níorbh fhada go raibh Balor sínte in aice leo - scaifte Meiriceánach fíorGhaelacha ag brú deochanna orm, ag stánadh orm agus laochadhradh ina súile, iad cinnte gur ag cumadh m’ailt do *Beo Ar Éigean *na míosa seo chugainn a bhí mé. Agus bhí.
Léaráid: Seán Ó Domhnaill (www.seanod.net)