Cailleadh an Corcaíoch Barra Ó Donnabháin, múinteoir Gaeilge, fear léinn, agus iarcholúnaí de cuid Beo!, i Nua-Eabhrac i rith an tsamhraidh. Chuaigh Barra i bhfeidhm ar go leor daoine le linn a shaoil, Mícheál de Mórdha ina measc.
Dhá bhliain déag nó mar sin a bhí aithne agamsa ar Bharra Ó Donnabháin (Seán Ó Donnabháin a tugadh air an lá a baisteadh é ach thug gach éinne Barra air) agus, ar nós mórán nach mé, do shaibhrigh an aithne sin mo shaol go mór. Mar cara thar chairde ab ea Barra agus Gael thar Ghaeil.
Is é an ceoltóir agus an scríbhneoir Maidhc Dainín Ó Sé a chuir Barra in aithne dhomsa ar dtús, lá a thug Maidhc ar cuairt é go Raidió na Gaeltachta, m’ionad oibrese ag an am, i dtús na nóchaidí den gcéad seo caite. Nuair a chuas féin agus Maidhc Dainín sall go Meiriceá i 1991 chun a leabhar *Citeal na Stoirme *a sheoladh thall, ba é Barra an chéad duine a chuir fáilte romhainn tar éis dúinn tuirlingt den eitleán i JFK. D’fhanamar i dTigh na nDonnabhánach i New Hyde Park ar Long Island ar feadh cúpla lá agus chuir Barra, a bhean ghrámhar Delia agus a mbeirt chlainne, Breandán agus Máire, cóir iontach orainn.
Is amhlaidh a bhí beagán d’imshníomh ormsa nuair a dúirt Maidhc go mbeimís ag fanacht in éineacht leis na Donnabhánaigh, mar ní raibh ach beagán aithne agamsa orthu ag an am. Níor ghá dhom aon imshníomh faoin spéir a bheith orm, mar ní rabhas ach deich nóimintí sa tigh nuair a bhraitheas ar mo sháimhín só. Ba é seo dála na gcéadta a d’fhan sa tigh seo. B’fhuirist aithint gur tigh faoi leith ab ea é - saghas “baile as baile” do mhórán Éireannach agus Meiriceánach a bhíodh ar cuairt i Nua-Eabhrac, nó ag muintir na cathrach sin féin ar uairibh.
Chualamar go raibh leithéidí Nollaig Uí Ghadhra agus Liam Uí Chuinneagáin ann romhainn, agus ní fada a bhíomar sa tigh nuair a bhuail fear uasal eolgaiseach eile isteach chugainn, is é sin Pádraig Ó Tuairisc ó Chois Fharraige, a bhí i Nua-Eabhrac ag an am ach atá tagtha abhaile anois chun aire a thabhairt do Dhún Aongusa. Agus, go deimhin, táim féin agus Pádraig ag obair don tSeirbhís Oidhreachta anois, cé gur doíchíde ná beadh aon aithne againn ar a chéile murach ár n-aithne ar Bharra.
Thosnaíomar ag cur agus ag cúiteamh agus ag cur focal trí chéile, agus cibé eolas a bhí againne ar ár dteanga dhúchais, ba léir go raibh Barra maide ar mhaide linn ó thaobh cur amach ar fhocail, ar ghramadach agus ar choraí crua na Gaeilge. Nuair a bhíomar traochta den gcaibidil ar fad faoin nGaeilge, do thóg Barra bosca ceoil mór groí amach agus thug sé cúpla port dúinn ar a shuaimhneas …
Ard-oíche cuideachtan agus níorbh í a haon í i dtigh seo na nDonnabhánach, ar chosúla ar uairibh é le stáisiún traenach ná tigh muintire, mar go mbíodh an oiread sin daoine ag tarraingt ar an dtigh. Nó b’fhéidir gur cheart dom institiúid Uí Dhonnabháin a thabhairt ar an dtigh céanna.
Is é Barra a rinne na socruithe ar fad do sheoladh an leabhair, a bhí ar bun i dtigh tábhairne éigin Gaelach i lár Manhattan. Bhí slua mór i láthair, agus cuid mhaith de lucht foghlama na Gaeilge ina measc, iad ar fad faoi chomaoin ag an nDonnabhánach, a bhí tar éis iad a chur i dtreo na Gaeilge. Ní fada a thóg sé orm a thuiscint go raibh Barra Ó Donnabháin i mbun is i mbarr an tsaoil Ghaelaigh i Nua-Eabhrac.
An-fhear comhluadair
Do thaitin sé liom ón gcéad lá a chonac é. Fear lách, gealgháireach, fáilteach, cainteach. An-fhear comhluadair agus cuideachtan. Fear leabhar agus paidhceálaí focal. Duine a raibh an-mheas aige ar a cheantar dúchais féin, Léim Uí Dhonnabháin, agus ar mhuintir na háite sin.
Ní i gcónaí a bhí sé ar bhóthar a leasa, mar raid sé an chairt go maith le linn a óige mar a dhéanfadh bromach teaspaigh, ach ó bhronn Dia céile iontach air, Delia, agus, ar ndóigh a bheirt mhuirir, bhíodar sin ina gcnámh droma agus ina *raison d’être *aige. Iad sin agus a ghrá don nGaeilge. Ba é *guru *lucht na Gaeilge é ar dhá thaobh an Atlantaigh.
Bhí dearcadh an-náisiúnach aige agus ba mhinic a bhíodh ball éadaigh á chaitheamh aige agus an dath buí air. Mhínigh Barra dhom go raibh cosc ar Ghaeil, tráth a bhí na Gaill i gceannas sa tír, aon bhall éadaigh buí a chaitheamh agus, dá bhrí sin, gur chúis mhórála dó féin an dath buí a bheith air go minic. Scrígh sé alt mar gheall air sin. Ní haon ionadh gur thug cuid dá chairde “Barra Buí” air!
Thug sé na blianta i mbun a cholúin “Macallaí” san Irish Echo, ceann de na páipéir mhóra Ghael-Mheiriceánacha, agus bhí slua mór léitheoirí ag an gcolún céanna. Nuair ab éigean dó éirí as an gcolún de dheasca breoiteachta, do chuaigh mórán léitheoirí i dteagmháil leis an nuachtán féachaint cathain a bheadh sé ar ais.
Fuair Barra amach go raibh ailse air timpeall na Nollag 2001. Throid sé an galar go misniúil cróga, agus cé go raibh lámh in uachtar á fháil ag an mbreoiteacht air de réir a chéile, níor chaill sé riamh an fhéith grinn a bhí ann. Is dóigh liom nár thuig sé cé chomh breoite agus a bhí sé. Tháinig mórán daoine ar a thuairisc ag tabhairt misnigh dó agus, nuair a chonac féin den uair dheiridh é i ndeireadh na bliana anuraidh, cheapas go mbeadh sé tamall eile againn ar an saol seo. Bhí sé i gceist aige freastal ar Oireachtas na bliana seo i dTrá Lí agus cuireadh aige ó Mhaidhc Dainín leabhar eile dá chuid a sheoladh. Bhain scéal a bháis preab millteach asainn go léir a raibh cion agus meas againn air.
Theastaigh uaidh go gcuirfí in Éirinn é sa chré mhuinteardha i gceantar Léim Uí Dhonnabháin in Iardheisceart Chorcaí, in éineacht lena athair agus a mháthair is na cosmhuintire ar fad a raibh an oiread sin scéalta aige mar gheall orthu. Tugadh an corp anall agus tugadh sochraid mhór bhreá dó, agus síneadh a chnámha sa reilig álainn sin atá tamaillín lasmuigh de Chuan Dor.
Beannacht Dé leat, a Bharra, agus tán tú anois san áit ina bhfuil an chuid is fearr den nGaeilge.
Is as Dún Chaoin é Mícheál de Mórdha, áit a bhfuil sé ag obair leis an tSeirbhís Oidhreachta.