Tá grúpa bunaithe chun brú a chur ar na húdaráis aird faoi leith a tharraingt ar na hoibrithe tarrthála a fuair bás i Nua-Eabhrac ar an 11 Meán Fómhair, 2001 de bharr an ionsaí sceimhlitheoireachta. Mar a mhíníonn Tom Deignan, áfach, is moladh conspóideach é seo.
Is tasc gruama go maith é. Mar sin féin, bhí John Finucane ábalta a chur in iúl gur tharla roinnt rudaí dearfacha le linn mhí an Mheithimh. “Tá mé sásta. Tá muid go léir sásta,” a dúirt an leifteanant, atá anois amuigh ar pinsean, ón Fire Department of New York (FDNY) in agallamh le déanaí.
Bhí Finucane, arbh as Contae an Chláir a athair agus as Sligeach a mháthair, ag labhairt i bhfreagairt ar an mhéid a dúirt Méara Nua-Eabhrac, Mike Bloomberg, agus Gobharnóir New Jersey, Jim McGreevey. Thug an bheirt acu siúd le fios gur mheas siad gur cheart aitheantas a thabhairt do chuid iarrachtaí na bhfear dóiteáin, na bpóilíní agus na n-oibrithe eile tarrthála ar leacht ar bith a thógfaí ag Ground Zero i Manhattan i gcuimhne ar an 11 Meán Fómhair.
Is ceist í seo a chuireann tocht ar chroí daoine, a théann sa bheo acu. Ar thaobh amháin tá na gaolta atá go fóill ag caoineadh na n-oibrithe oifige agus na sibhialtach eile a fuair bás nach gcreideann gur cheart dream amháin a choinneáil i gcuimhne ar shlí dhifriúil.
Ach tá Finucane agus baill eile de ghrúpa ar a dtugtar Advocates for a 9-11 Fallen Heroes Memorial (www.911fallenheroes.org) den tuairim go gcaithfear cuimhneamh ar na hoibrithe tarrthála a bhrostaigh isteach sna túir agus iad trí thine, agus daoine eile ag teitheadh lena n-anam astu. Tagann tocht goil ar Finucane nuair a chuimhníonn sé ar ghrianghraf de chara dá chuid, an Leifteanant Ray Murphy, ag siúl isteach sa smionagar agus sa toit, tar éis don chéad túr titim.
Bhí a fhios ag na hoibrithe go léir, a deir Finucane, “go damanta maith go raibh siad ag dul isteach i suíomh uafásach. Bhí cuid acu ag fágáil slán ag a chéile sna forsheomraí.” Mar gheall air seo, deir Finucane agus iad siúd atá ag tacú leis ina ráiteas misin gur mhaith leo na nithe seo a leanas a fheiceáil: “ainmneacha, mar aon le rang, uimhir shuaitheantais and aonad, liostáilte de réir na haibítre agus de réir roinne. Agus go mbeadh foclaíocht le fáil ar an leacht a thabharfadh aitheantas dá n-íobairt.”
Tógáil meanman a bhí ann dóibh siúd atá ar aon intinn le Finucane go raibh an chuma ar an scéal go raibh an Méara Bloomberg ag tacú leo. Ag labhairt dó ag seirbhís a eagraíodh don fhear dóiteáin Micheal Cammarata, a maraíodh ar an 9/11, níor iarr Bloomberg go dtógfaí leacht cuimhneacháin faoi leith, mar a rinne an Coimisinéir Nicholas Scoppetta ón FDNY agus roinnt daoine eile. Ach dúirt sé gur cheart go mbeadh siad siúd a thabharfadh cuairt ar an leacht a thógfaí “ábalta ainmneacha na n-oibrithe tarrthála a léamh, go mbeadh a fhios acu cad é a rinne siad, go bhfaigheadh siad tuiscint ar a laochas, go spreagfadh a n-íobairt iad, agus go ndéanfaí iad a áireamh mar eiseamláirí don chéad ghlúin eile a bheas ár gcosaint go léir.”
Dhealraigh sé go raibh Gobharnóir New Jersey, Jim McGreevey, ag cur tacaíochta den chineál céanna ar fáil. Ciallaíonn sé seo go mbeidh aird gach duine a bhfuil suim aige sa cheist seo ar Ghobharnóir Nua-Eabhrac, George Pataki, a gcreidtear an chumhacht a bheith aige an cinneadh deireanach a dhéanamh i gcás ceisteanna conspóideacha ar bith ag baint leis an leacht cuimhneacháin. “Tá stop amháin eile fágtha ar an turas traenach seo,” a dúirt Finucane.
Moltaí ó 14,000 duine
Ba cheart a rá ag an phointe seo go mbeidh sé tamall eile sula ndéanfar cinneadh i dtaobh dhearadh an leachta cuimhneacháin a thógfar san áit a raibh an dá thúr suite. Tuairiscítear go dtiocfaidh moltaí ó bheagnach 14,000 duine. Tá painéal ar a bhfuil trí dhuine dhéag, a roghnaigh an Lower Manhattan Development Corporation, in ainm is an buaiteoir a roghnú i mí Dheireadh Fómhair. Tá treoirlínte scaoilte - ach a bhféadfadh conspóid a bheith ag baint leo - tugtha don phainéal. Tá sé ráite leo gur chóir dóibh dearadh a roghnú a dhéanfaidh “an chailliúint beatha a onórú go cothrom agus iarrachtaí gach duine, gan tús áite a thabhairt do dhream ar bith.” Shílfeá go gcuirfeadh an méid sin cosc orthu aird faoi leith a tharraingt ar na hoibrithe tarrthála. Ach, deirtear leis an phainéal chomh maith “aitheantas a thabhairt dóibh siúd a chabhraigh leis an tarrtháil, athghabháil agus leigheas daoine”.
Is mian le Finucane agus le daoine eile béim a chur ar an mhéid seo: níl siad ag iarraidh go gcuirfí in iúl go bhfuil beatha na n-oibrithe tarrthála níos speisialta ná beatha daoine eile. Os a choinne sin, tá siad go dubh i gcoinne na tuairime nach raibh cuid ball an FDNY, an New York Police Department agus an Port Authority Police Department ach “ag déanamh a gcuid oibre.”
Mar chomhréiteach, táthar ag moladh go dtógfaí leacht cuimhneacháin faoi leith do “na laochra in éide” i mBattery Park, atá in aice láimhe. Ach níl Advocates for a 9-11 Fallen Heroes Memorial sásta tacú leis an smaoineamh seo. “Ní sin an áit ar tharla sé,” a deir Finucane, nach measann ach oiread gur leor “FDNY” nó “NYPD” a scríobh in aice le hainmneacha na laochra a cailleadh ar an liosta (in oird aibítre) díobh siúd a maraíodh ar 9/11. Agus é ag smaoineamh orthu siúd a bheas ag féachaint siar ar an stair i gceann céad bliain, deir Finucane nach léiríonn a leithéid an dóigh a ndeachaigh na hoibrithe tarrthála seo isteach sna túir agus iad trí thine le beatha daoine a shábháil.
Agus bunadh Nua-Eabhrac ag fanacht leis an Ghobharnóir Pataki a bhreith a thabhairt ar an cheist, tá Finucane agus a lucht tacaíochta i mbun feachtais ag Ground Zero, iad gléasta in éide fir dhóiteáin agus ag tabhairt amach eolais a thacaíonn lena gcúis. “Níl muid chun éirí as seo,” a deir Finucane.
Tá Tom Deignan ag obair mar eagarthóir agus mar cholúnaí leis an *Irish Voice i Nua-Eabhrac. Is iarléachtóir ollscoile é. Foilsíodh a leabhar is déanaí, *Coming to America: Irish Americans (Barron’s), roinnt míonna ó shin.