Tá seirbhísí rúnda na Breataine gníomhach i bPoblacht na hÉireann le fada agus tá go leor ceisteanna le freagairt maidir leis an gcomhoibriú idir iad féin agus fórsaí slándála an stáit, dar le Dónall Ó Maolfabhail.
“MI6’s main success was in establishing agents inside the Garda, the Irish Army and the Government departments.” Richard Deacon, iarbhall de MI6. An mhí seo caite d’eisigh an Taoiseach ráiteas ina ndúirt sé go raibh an Rialtas míshuaimhneach faoin méid a nochtadh maidir le Stakeknife *agus go mbeadh sé ag ardú an scéala leis an Phríomh-Aire Blair. Ach má tá leath na fírinne fiú ina bhfuil á rá le blianta anuas ag iarbhaill de sheirbhísí rúnda na Breataine, leithéidí Deacon, Wallace, Holroyd, Pincher agus Shayler, faoi insíothlú sheirbhísí rúnda na Breataine sa stát seo, tá i bhfad níos mó ag an rialtas agus ag saoránaigh na tíre seo le bheith buartha faoi ná eachtraí *Stakeknife, cuma iad a bheith fíor nó bréagach.
I 1932 tháinig Rialtas Fhianna Fáil faoi cheannasaíocht De Valera i gcumhacht. De réir páipéar oifigiúil atá le fáil in oifig na dtaifead poiblí i Kew sa Bhreatain, is ag an bpointe seo a d’iarr Rialtas na Breataine ar MI6 eagraíocht a bhunú sa stát seo. Go ginearálta, feidhmíonn MI5 sa Bhreatain, ag iarraidh breith ar spiairí, agus bíonn MI6 i mbun spiaireachta thar lear. Bhí sé beag nuair a thosaigh sé, ach gach bliain a mhair an Dara Cogadh Domhanda mhéadaigh an eagraíocht MI6 sa stát seo.
Deirtear i gcáipéisí oifigiúla gur socraíodh deireadh a chur leis an chuid is mó den eagraíocht seo ar an 31 Márta 1945. Ina áit d’iarrfaí go gcuirfeadh an “UK Representative Office in Dublin” ar fáil “commentaries on personalities and events in Eire which would add to the value of the Dominions Press Summary”. Ach ocht mí níos déanaí socraíodh ag cruinniú gur ghá do MI6 a n-eagraíocht sa stát seo a atógáil.
Léiríonn na páipéir oifigiúla seo go raibh comhoibriú suntasach idir an Roinn Cosanta anseo agus MI6 le linn an Dara Cogaidh Domhanda, ach go raibh eagla ar Rialtas na Breataine go dteipfeadh air seo dá mbeadh easaontas sa todhchaí idir an dá thír. “Briefly summarised this examination indicated a probable early resuscitation by De Valera of the partition issue, possibly with the USA,” a deir na cáipéisí.
Níl aon cháipéisí oifigiúla ar fáil go fóill le pictiúr cruinn a thabhairt dúinn ar cad a tharla sna blianta ina dhiaidh sin. Ach tá go leor eolais tar éis teacht chun cinn a léiríonn gur lean MI6 air ag feidhmiú sa stát seo. Lean siad ar aghaidh ar dhá chúis. Le linn an Chogaidh Fhuair bhí eagla ar Rialtas na Breataine go mbainfeadh na Rúisigh leas as an stát seo ina gcoinne agus, dár ndóigh, ar feadh tamaill fhada bhí feachtas láidir ón IRA le stopadh, feachtas a bhí á rith ón stát seo cuid mhaith. I 1970 d’ainmnigh nuachtán Shinn Féin Oifigiúil, The United Irishman, triúr oibrithe ó Ambasáid na Breataine i mBaile Átha Cliath, Mr A. J. Johnstone, Colonel Simpson agus Mr.Vandermee, mar bhaill de MI6. Léachtóir i gcúrsaí faisnéise sa Bhreatain é Col. Simpson anois agus tá a ról sna seirbhísí rúnda admhaithe aige in agallaimh sna meáin chumarsáide ó shin.
Airgead
Tá daoine éagsúla tar éis teacht chun tosaigh thar na blianta ag rá gur tairgíodh airgead dóibh ar an gcoinníoll go n-oibreoidís do MI6, Tony agus Margaret Hyde as Baile Átha Cliath mar shampla. I lár na n-ochtóidí bhronn comhlacht saoire saor in aisce go dtí an Spáinn orthu, ach nuair a shroich siad an áit deir siad gur thairg beirt ó MI6 £10,000 dóibh ar an gcoinníoll go n-oibreoidís mar bhrathadóirí. Tuairiscíodh san *Evening Herald *le gairid gur admhaigh an fear gnó Patrick Gallagher gur iarr MI6 air eolas a chur ar fáil faoin iar-Thaoiseach Cathal Ó hEochaidh. Ach is iad an Garda Síochána an t-aon eagraíocht stáit go bhfuil cruthúnas cinnte againn gur éirigh le MI6 insíothlú a dhéanamh uirthi.
Ar an 19 Nollaig 1972, lasmuigh d’Óstán an Bhurlington i mBaile Átha Cliath, gabhadh an Sairsint Patrick Crinnion, mar aon le Douglas Smithe (nó Michael Teviot nó John Wyman, mar ab fhearr aithne air). Bhí an Sairsint Crinnion i gceannas ag an am ar C3, an brainse de na Gardaí a phléann le treascairtí. Cé gur cuireadh triail ar an bheirt scaoileadh saor iad agus d’imigh siad beirt go dtí an Bhreatain. Is é Wyman an t-aon ball de sheirbhísí rúnda na Breataine a gabhadh riamh sa stát seo; ní sin le rá gur stop na seirbhísí céanna dá ndrochobair ina dhiaidh sin.
Ar an 20 Eanáir 1987 dúirt an Garda John McCoy ó Chontae Mhuineacháin in agallamh leis an iriseoir Brendan O’Brien gur oibrigh sé faoin ainm* The Badger *do sheirbhísí rúnda na Breataine. I measc na ndaoine a dúirt sé ar thug sé eolas fúthu bhí Seamus Grew, a deirtear a bhí ina bhall den INLA. I Nollaig na bliana 1982 mharaigh ball ó Rannóg Rúnda an RUC, E4A, an tUasal Grew i gContae Ard Mhacha. D’admhaigh sé freisin, deich seachtaine i ndiaidh bhuamáil uafásach Bhaile Átha Cliath agus Mhuineacháin i 1974, gur iarr sé ar an Cheannfort Patrick Trears casadh le saineolaí buamaí ó Arm na Breataine, Major Maynard.
Saineolaí buamaí in Arm na hÉireann ab ea an Ceannfort Trears ag an am. Ag an chruinniú, a tharla ina theach i mBaile Átha Cliath, deir an Ceannfort Trears gur deineadh iarracht cur ina luí air oibriú do sheirbhísí rúnda na Breataine agus gur dhiúltaigh sé. Ach ar an 19 Iúil 1999, mar fhreagra ar cheist ón fheisire Kevin McNamara i Westminster, dhearbhaigh an Ministry Of Defence gur tharla a leithéid de chruinniú i dteach an Cheannfoirt Trears.
Go gairid i ndiaidh dó an t-agallamh a thabhairt shéan The Badger gur oibrigh sé riamh do sheirbhísí rúnda na Breataine. Ach thart ar an am céanna tháinig sé chun solais go raibh ainm, seoladh agus uimhir ghutháin an Uasail McCoy le fáil i leabhar nótaí an Chaptaein Fred Holroyd, duine de na daoine i seirbhísí rúnda na Breataine a dúirt an tUasal McCoy go mbíodh sé i dteagmháil leis go rialta.
De réir an Uasail Holroyd, “the badger furnished us with information on movement of whereabouts of countless Republicans in the South, profiles on IRSP terrorist plans and he arranged clearance for cross border operations.” Creideann Holroyd nach bhféadfadh an Badger feidhmiú i ngan fhios do na daoine os a chionn. Deir Holroyd freisin gur cuimhin leis an t-iar Choimisinéir Ned Garvey ag tabhairt 150 grianghraf de phoblachtánaigh dó agus, ag an am céanna, ag tabhairt comhairle dó faoi cé leis ar chóir nó nár chóir dó labhairt sa Gharda Síochána.
Is cóir a rá, áfach, go raibh an tUasal Holroyd tar éis titim amach leis na daoine os a chionn féin agus go raibh sé tar éis tamall a chaitheamh in ospidéal míleata meabhairghalair i Netley. Díol spéise mar sin féin go ndeir an tUasal Deacon go raibh Garda sinsearach, a bhí san fhórsa go dtí ar a laghad 1981, i measc na brathadóirí ba thábhachtaí ag MI6 in Éirinn. Cé go ndearna na Gardaí trí fhiosrúchán maidir le líomhaintí Holroyd agus *The Badger *níor foilsíodh aon cheann acu.
Ceisteanna le freagairt
Ábhar mór-imní é más fíor gur éirigh le MI6 insíothlú a dhéanamh ar an eagraíocht atá freagrach as saoránaigh an stáit seo a chosaint. Beagnach tríocha bliain níos déanaí tuigtear do *Beo! *go gcreideann an Breitheamh Barron, atá ag fiosrú bhuamáil Bhaile Átha Cliath agus Mhuineacháin i 1974, go bhfuil ceisteanna le freagairt ag na Gardaí maidir leis an bhfiosrú, nó easpa fiosraithe, a rinne siad siúd ar an eachtra uafásach. Ceisteanna ar nós cén fáth gur fhan na Gardaí uair a chloig i ndiaidh phléascadh na mbuamaí sular dhún siad bóthar ar bith agus cén fáth gur cuireadh fianaise thábhachtach maidir leis an bhuamáil chéanna ar ais thar teorainn sula raibh seans ag rannóg dlí-eolaíochta na nGardaí féin í a scrúdú.
Cheana féin tá sé cruthaithe gur miotas cuid mhór dar foilsíodh maidir le Stakeknife. Níl aon amhras ach oiread nach bhfuil an eachtra uilig tar éis cabhrú leis an phróiseas síochána. I 1981 dúirt Frank Snepp gur minic, nuair a bhí sé ag obair sa CIA, gur úsáid siad iriseoirí ar bhaill de MI6 iad le scéalta a chur isteach sna nuachtáin. Agus ag trácht ar ról MI6 sa stát seo bhí sé le rá ag Kenneth Lindsay, iarbhall eile de chuid seirbhísí rúnda na Breataine, “the news media in particular has been infiltrated at all levels … by either British or American Intelligence.” Ag tagairt do dhuine amháin acu deir sé faoi “a special agent, a prime mover in what will ultimately be seen as the most ambitious and effective covert operation to disestablish the Fianna Fáil Party and the present Fianna Fáil government”.
Ag caint le Beo!, dúirt Tim Pat Coogan go bhfuair sé cuireadh ó Ambasadóir na Breataine dul go Londain le léargas a thabhairt ar an dearcadh poblachtánach nuair a bhí sé ina eagarthóir ar Scéala Éireann. Fad a bhí sé ann deir sé gur iarradh air labhairt le roinnt daoine ón MoD. Níl aon amhras air ach gur iarracht a bhí anseo tathant air obair do MI6. Dhiúltaigh sé glan, a deir sé.
Ó Thriail na nArm ar aghaidh, stop a chur le fás aon ghluaiseachta polaitiúla poblachtánaí ba bhonn, dar liom, go príomha le polasaí slándála an stáit seo. D’fhág seo iad siúd ar mhian leo gluaiseacht shíochánta pholaitiúil phoblachtánach a chur chun cinn gan seasamh. Cé acu arbh é insíothlú an MI6 ba chúis leis nó nárbh ea, ní fios. Ach bheadh an-iontas orm muna raibh lámh éigin acu ann óir is dóibh siúd is mó a chuaigh sé chun sochair. Is fusa feachtas sceimhlitheoireachta a chloí ná feachtas láidir polaitiúil.
Go dtí an lá atá inniu ann níl aon rannóg sna Gardaí ná in Arm na hÉireann a bhfuil sé de fhreagracht uirthi súil a choimeád ar obair sheirbhísí rúnda na Breataine sa stát seo.
As Baile Átha Cliath é Dónall Ó Maolfabhail. Is saoririseoir é atá ag d’fhoilseacháin éagsúla.