AR NA SAOLTA SEO
Deis ag Trimble a pháirtí a atógáil
Robert McMillen Robert McMillen Robert McMillen

D’fhéadfadh toradh dearfach a bheith ar an choimhlint go léir atá ar siúl idir baill an UUP le tamall anuas, dar le Robert McMillen.

Íomhá
Ceannaire an UUP, David Trimble: mífhoighdeach
Íomhá
Jeffrey Donaldson: ar fionraí

Anagram de The Ulster Unionist party é “it openly urinates truths”. I láthair na huaire, tá dhá eite an pháirtí ag mún (go meafarach) ar a chéile agus an fhírinne lom ag achan dream acu, dar leo féin.

An mhí seo caite, cuireadh triúr ball sinsearach - Uachtarán an pháirtí Martin Smyth, an leas-Uachtarán Jeffrey Donaldson agus an feisire David Burnside - ar fionraí as ucht a n-ionsaithe leanúnacha ar pholasaithe an cheannaire David Trimble. Beidh cruinniú eile ag an choiste a ghlac an cinneadh ar an 17 Iúil a mbeidh cead ag an triúr bheith i láthair aige.

Beidh le feiceáil cad é an tionchar a bheas ag toradh an chruinnithe seo ar dhul chun cinn an UUP, ach is léir go bhfuil tús á chur anois le sraith eile coimhlintí a dhéanfas an oiread céanna dochair don dream a n-éireoidh leo is a dhéanfar don dream nach mbeidh an bua acu.

Faoi dheireadh is cosúil go bhfuil foighid caillte ag David Trimble leis na heasaontóirí ina pháirtí féin. Le rófhada, bhí sé ag iarraidh ola agus uisce an pháirtí a mheascadh agus tuigeann sé anois nach féidir a dhéanamh.

toradh dearfach a d’fhéadfadh a theacht as an choimhlint seo is déanaí: b’fhéidir go dtig le Trimble smacht a fháil ar an pháirtí agus straitéisí an UUP a mhúnlú mar is mian leis féin, gan a bheith ina phríosúnach ag an eite choimeádach.

Beidh seans ansin ag Trimble an páirtí a atógáil ar fhís s’aige féin, dar le tráchtairí. Tá íomhá dhearfach ann de Trimble a fheiceann é ag léimnigh chun tosaigh gan na slabhraí agus na laincisí a chuir dineasáir a pháirtí féin air. Is í an fhadhb ná go measann náisiúnaithe nach bhfuil fís ar bith aige. Dá mbeadh fís aige den bhealach romhainn, ní bheadh muid san fhaopach a bhfuil muid ann, a deir siad.

Comhghéilleadh stairiúil

Meabhróidh poblachtánaigh duit gur chuir an Trimbleach in éadan chóir a bheith gach gné de chur i gcrích an Chomhaontaithe, Weston Park, leasuithe i gcúrsaí póilíneachta, etc. Todhchaí an RIR an bac is déanaí. Ní de Klerk ar bith é, dar leo.

Ach deir aontachtaithe gur mian leis an Trimbleach “comhghéilleadh stairiúil” a dhéanamh le náisiúnaithe, ach poblachtánaigh deireadh a chur le polasaí na láimhe láidre. Meastar go mbeadh sé sásta glacadh le Comh-Dhearbhú an dá rialtas ach cinnteacht a bheith aige go raibh Sealadaigh an IRA réidh le dul ar an pinsean.

Le himeacht na n-easaontóirí, má bhíonn Trimble agus a pháirtí athbheirthe mar chrann taca an Chomhaontaithe), má bhíonn fuinneamh úr i measc na bpáirtithe atá ar thaobh an Chomhaontaithe, má thig freagra dearfach ó phoblachtánaigh (gníomh suntasach díchoimisiúnaithe nó gníomh críochnaithe dá leithéid), ansin beifear ábalta na toghcháin a ghairm agus an Feidhmeannas a chur ar bun arís. Sin an toradh is dearfaí.

Ach cad é a dhéanfas na Donaldsonistas? Measann daoine áirithe nach bhfuil Donaldson chomh láidir sin in éadan an Chomhaontaithe is a mhaíonn na meáin chumarsáide. D’imigh sé ó na comhchainteanna i 1998 ar an aon ábhar amháin - an díchoimisiúnú. Taobh amuigh de sin, bheadh Donaldson sásta an Comhaontú a oibriú. Bheadh an dhébhríocht sin ina fadhb agus iad ag iarraidh páirtí úr a dhíol, más sin an rún atá ag na heasaontóirí. Mar is eol dúinn uilig, ní smaoineamh rómhaith é cur le *alphabet soup *na polaitíochta aontachtaí atá againn faoi láthair. Dá gcuirfeadh siad páirtí úr ar bun, chuideodh sé leis an UUP ar bhealach mar go mbainfeadh an páirtí úr vótaí den DUP. Ní thiocfadh leat *charisma *a chur síos do Donaldson, Smyth ná Burnside agus ní dócha go rachadh cuid mhór ball eile den UUP sa seans!

Os a choinne sin, ainneoin go bhfuil cuireadh ón DUP ar a chrinilín, tá mímhuinín i measc an DUP sna triúr amigos. Amharcann siad ar Donaldson mar dhuine a raibh an seans aige Trimble a dhíshealbhú ach gur theip air.

Tá an UUP sa ghéarchéim is measa dá raibh siad ann le 30 bliain anuas. Tá próiseas na síochána ag brath ar thoradh an easaontais. Dúirt Richard Haass fán UUP an tseachtain seo caite: “I still think that there is still a unionist partner out there.”

Mura bhfuil, tá deireadh leis an Chomhaontú.

Is iriseoir leis an *Irish News i mBéal Feirste é Robert McMillen. Is as an chathair sin ó dhúchas é.*

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.