Léiríonn leabhar nua faoi thraenacha faoi thalamh Nua-Eabhrac an dlúthbhaint atá ag na hÉireannaigh le fada leis an chóras, atá céad bliain d’aois i mbliana. Chas Tom Deignan le húdar an leabhair.
»»»Tá líon na mbuaf cána méadaithe go mór san Astráil ó bhí na tríochaidí ann agus anois tá iarrachtaí ar bun le dul i ngleic leis an bhfadhb, mar a mhíníonn Dáithí Ó Colchúin.
»»»Sa tuairisc eisiach seo, insíonn Balor dúirt faoin dílárú atá i ndán do na heagraíochtaí Gaeilge.
»»»Tá Dónall Ó Maolfabhail dóchasach nach leanfar ar aghaidh leis an bplean chun mótarbhalach a thógáil gar do Chnoc na Teamhrach i gContae na Mí de bhrí go bhfuil fothoghchán Dála le bheith sa chontae an bhliain seo chugainn.
»»»Thug Liz Curtis cuairt ar thrí áit éagsúla le linn Lá Oscailte Oidhreacht na hEorpa i mí Mheán Fómhair i mbliana.
»»»Tá Robert McMillen dóchasach go n-éireoidh le Sinn Féin agus leis an DUP teacht ar shocrú stairiúil sna Sé Chontae go luath.
»»»Tá seasamh i bhfad níos láidre á thógáil ag na polaiteoirí áitiúla i Learpholl i gcoinne an tobac ná mar atá ag Rialtas Westmister, dar le Tony Birtill.
»»»Tá fadhb na raimhreachta i measc páistí ag éirí níos measa, fiú i gceantair mar Chontae Liatroma. Tuairisc ó Uinsionn Mac Dubhghaill.
»»»Creideann an t-údar George Marlin gurb iad na Caitlicigh Ghael-Mheiriceánacha a shocróidh cé a bhainfidh toghchán na huachtaránachta sa tír an mhí seo. Tuairisc ó Tom Deignan.
»»»Agus í ag éirí aníos sna Stáit Aontaithe, chreid Mary Beth Taylor gur daonlathas ceart a bhí sa tír, ach níl sí den tuairim sin a thuilleadh.
»»»Cé gur léirigh dhá phobalmheas roimh an olltoghchán san Astráil nach raibh mórán muiníne ag an bpobal as an bPríomhaire John Howard, d’éirigh lena pháirtí an bua a fháil sa toghchán sin mar sin féin. D’éirigh le Howard, dar le Dáithí Ó Colchúin, de bharr gur chuir sé imní ar an bpobal, go háirithe orthu siúd a bhfuil morgáistí acu.
»»»Tá fáil ag níos lú daoine in Éirinn ar an leathanbhanda ná mar atá i bhformhór na dtíortha san Eoraip agus is ar Eircom is mó a chuireann Caoimhe Ní Laighin an milleán go bhfuil cúrsaí amhlaidh.
»»»Tá Liz Curtis an-tógtha le Loch Cuan i gContae an Dúin, áit a mbíonn sí go minic.
»»»Cén fáth, a fhiafraíonn Robert McMillen, nach bhfuil páirtí sóisialach tagtha chun cinn sna Sé Chontae, limistéar a bhfuil oiread bochtaineachta ann.
»»»Tá cónaí ar Tony Birtill i Walton i Learpholl, an ceantar arbh as Ken Bigley, an giall a mharaigh grúpa Moslamach san Iaráic an mhí seo caite. Féachann sé ar dhearcadh mhuintir na háite ar an chogadh san Iaráic agus an dóigh a ndeachaigh bás Bigley i bhfeidhm orthu.
»»»Ní chreideann muintir Thuama i gContae na Gaillimhe an Taoiseach Bertie Ahern níos mó de bhrí nár chomhlíon sé gealltanas a thug sé dóibh ocht mbliana ó shin, mar a mhíníonn Uinsionn Mac Dubhghaill.
»»»Labhair Tom Deignan le scoláire as Béal Feirste ó dhúchas a bhfuil taighde suimiúil ar bun aige i measc na nGael-Mheiriceánach i Nua-Eabhrac.
»»»Tá dhá eachtra thábhachtacha i stair na hAstráile a raibh baint lárnach ag Éireannaigh leo á gcomóradh i mbliana. Tuairisc ó Dháithí Ó Colchúin.
»»»Tá amhrán cumtha ag Balor leis an phobal a chur ar an eolas faoi na hathruithe radacacha atá á gcur i bhfeidhm ag an Uachtarán Mary Mac.
»»»Cailleadh an deis, dar le Dónall Ó Maolfabhail, díospóireacht a chothú mar gheall ar roinnt ceisteanna móra nuair a shocraigh páirtithe an fhreasúra nach gcuirfidís iarrthóirí chun cinn don uachtaránacht.
»»»Tugann Liz Curtis aghaidh ar Loch Cuan nuair a bhíonn am le spáráil aici.
»»»Tá go leor bacanna le sárú i gcainteanna an Tuaiscirt go fóill ach tá Robert McMillen dóchasach go dtiocfar ar réiteach mar sin féin.
»»»Tá comóradh á dhéanamh i Learpholl an mhí seo ar shaol Phiarais Bhéaslaí, an réabhlóidí agus file a rugadh sa chathair in 1881. Féachann Tony Birtill siar ar shaol an fhir seo a raibh baint mhór aige le bunú Shaorstát Éireann.
»»»Féachann Uinsionn Mac Dubhghaill ar thionscnamh iompair a bhfuil ag éirí thar barr leis i gceantair iargúlta tuaithe ach nach féidir a bheith cinnte go leanfar leis sa todhchaí.
»»»Tá an-tionchar ag an Eite Dheas Chráifeach ar an pholaitíocht sna Stáit Aontaithe anois, go háirithe i gcomparáid le deich mbliana ó shin. Féachann Mary Beth Taylor ar fhás an ghrúpa seo agus ar na himpleachtaí atá aige don tír.
»»»Tá rudaí gránna ráite ag an iar-Uachtarán Richard Nixon faoi na hÉireannaigh i dtéipeanna a cuireadh ar fáil don phobal le gairid. Tuairisc ó Tom Deignan.
»»»Is traidisiún seanbhunaithe é san Astráil leabhair neamhfhicsin a fhoilsiú nach bhfuil fírinneach amach is amach, mar a mhíníonn Dáithí Ó Colchúin.
»»»D’éirigh le Balor éacht a dhéanamh i gcomórtas a raibh sé páirteach ann le gairid.
»»»Tiocfaidh dlí nua i bhfeidhm sa Ghearmáin ag tús na bliana seo chugainn a chuirfidh go mór le cruatan na ndaoine dífhostaithe, dar le Christoph Wendler, seachas cabhrú leo.
»»»Tá gach seans ann, dar le Dónall Ó Maolfabhail, go n-éireoidh leis na fiosrúcháin atá á mbunú ag rialtais na hÉireann agus na Breataine claonpháirteachas idir Arm na Breataine agus dílseoirí sna Sé Chontae a chruthú.
»»»© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil.
Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.