AR NA SAOLTA SEO/Ó MHEIRICEÁ ANIAR
Ní daonlathas ceart é Meiriceá a thuilleadh
Mary Beth Taylor Mary Beth Taylor Mary Beth Taylor

Agus í ag éirí aníos sna Stáit Aontaithe, chreid Mary Beth Taylor gur daonlathas ceart a bhí sa tír, ach níl sí den tuairim sin a thuilleadh.

Íomhá
Páistí ag vótáil i "dtoghchán" scoile i Cincinnati
Íomhá
Íomhá
Rúnaí Stáit Ohio, Ken Blackwell
Íomhá
John Pappageorge, ball Poblachtánach de Theach na nIonadaithe

Fanann go leor de na ceachtanna a fhoghlaimíonn duine ina óige ina intinn go buan. Le cois na ndea-nósanna a múineadh dom féin agus don chuid is mó de na páistí Meiriceánacha eile a raibh aithne agam orthu - ag rá go raibh brón ort, ag scríobh nótaí buíochais, ag féachaint an dá threo roimh dhul trasna na sráide, ag athrú do chuid fo-éadaí gach lá, agus ag sruthlú an leithris *gach *uair a d’úsáid tú é - cothaíodh an tírghrá ionainn chomh maith.

D’fhoghlaim muid gur pribhléid a bhí ann a bheith i do Mheiriceánach, de bhrí go raibh “saoirse” againn, go raibh “deiseanna” againn nach raibh le fáil oiread ag daoine as náisiúin eile. Rinneadh ceangal idir an nóiseán cineál doiléir seo den tsaoirse agus an nóiseán doiléir eile gur daonlathas a bhí i Meiriceá, ina raibh próiseas cothrom toghcháin. Ní hamháin go raibh saoirse chainte againn (murab ionann agus na Sóivéadaigh bhochta, na créatúir), ach dá dteastódh uainn athruithe a chur i gcrích, bhí an tsaoirse againn vóta a chaitheamh agus na hathruithe sin a dhéanamh. Mura gcaitheann tú vóta, níor chóir duit a bheith ag gearán, a dúradh linn.

Rinneadh treisiú ar ár gcreideamh sa chóras toghchánach ar scoil; cé nach mbeadh cead againn a bheith páirteach sa chóras sin go mbeadh muid ocht mbliana déag, thosaigh muid ag dul i dtaithí air trí bheith rannpháirteach i “dtoghcháin” scoile gach ceithre bliana. Cé nach raibh ann ach cleachtadh don fhíor-rud, bhí na rialacha céanna ag baint leis na toghcháin scoile. Tá na ballóid rúnda. Ní bhaineann sé le duine ar bith eile cé dó a dtugann tú do vóta. Níl cead agat vótáil ach uair amháin. Ná bain mí-úsáid as ballód duine ar bith eile.

Chreid mé féin agus go leor eile go bhféadfaí a bheith ag súil go gcuirfí na rialacha dochta seo i bhfeidhm i gcónaí, go dtí go bhfaca muid iompar náireach agus mí-éifeachtach na n-údarás le linn thoghchán uachtaránachta na bliana 2000. Agus anois, agus muid ag tarraingt suas ar thoghchán 2004, tuigeann muid nach bhfuil botúin an ama a chuaigh thart ceartaithe, agus ní cúis iontais iad an chaimiléireacht, an insint bréag, an t-imeaglú, agus an mhí-úsáid atáthar a bhaint as cuid ballód daoine eile.

An tseachtain seo caite, go díreach, in Florida, chuaigh 60,000 ballód neamhláithreach ar iarraidh i gcontae ar Daonlathaigh iad formhór na vótóirí, agus níltear ag tabhairt deise ach do chuid de na daoine sin vóta a chaitheamh arís. Go dtí seo, níl oifigigh thoghcháin - na daoine atá fostaithe go lánaimseartha chun aire a thabhairt do nithe tábhachtacha mar bhallóid neamhláithreacha - sásta freagracht ar bith a ghlacadh as an mhéid a tharla.

“Seo rud éigin nach bhfuil smacht ar bith againn air,” a dúirt an Leas-Riarthóir Toghcháin Gisela Salas an tseachtain seo caite. “Níl tuairim dá laghad againn céard atá ag tarlú.”

An páipéar mícheart

Níl cúrsaí mórán níos fearr sa Mheániarthar. In Ohio, tá iarracht ar siúl ag an Pháirtí Poblachtánach 35,000 vótóir nua - ar Daonlathaigh agus daoine ó mhionlaigh eitneacha a bhformhór - a scrios ó na rollaí. An chúis a thugann siad gur gá é seo a dhéanamh ná go bhfuil an baol ann nach bhfuil an páipéarachas ar fad a bhain leis an chlárú 100% foirfe. Rinne Rúnaí Stáit Ohio, Ken Blackwell, iarracht, mar shampla, diúltú do na scórtha míle clárú nua de bhrí, dar leis, nach raibh siad priontáilte ar pháipéar trom go leor.

Cé gur chuir rialú a thug breitheamh de chuid na Cúirte Dúiche i Cincinnati deireadh le cuid iarrachtaí na bPoblachtánach agóid a dhéanamh in aghaidh cháilítheacht na vótóirí nua, dúirt Mark Weaver, dlíodóir de chuid an Pháirtí Phoblachtánaigh in Ohio, nach gcuirfeadh an rialú seo cosc ar chuid pleananna an pháirtí 3,600 dá lucht monatóireachta a chur sna hionaid vótaíochta, go háirithe i gceantair uirbeacha a thugann tacaíocht láidir do na Daonlathaigh. Tugann an dóigh a bhfuil lucht monatóireachta vótala agus “challengers”, mar a thugtar orthu, á gcur sna hionaid vótaíochta teicníc a úsáideadh roimhe seo chun iarracht a dhéanamh vótóirí dubha a chur faoi chois sa Deep South, tugann sé léargas dúinn ar an tslí a raibh an saol i Meiriceá roimh thréimhse na gCeart Sibhialta, cé gur seo an bhliain 2004.

tuairiscí ag teacht ó pháirteanna eile den tír chomh maith faoi chineálacha éagsúla cleasaíochta atá ar bun. I Nevada agus in Oregon, tharraing na póilíní na céadta foirm chláraithe vótála a bhain le Daonlathaigh as boscaí bruscair agus táthar ag cur i leith fostaithe de chuid Voter Outreach of America, comhlacht comhairleoireachta de chuid na bPoblachtánach a ligeann air féin gur eagraíocht cearta vótála neamhpháirtíneach é, gur iadsan a chaith sa bhruscar iad.

I stát te agus smúitiúil Louisiana, áit a mbíonn sé ag stealladh báistí an chuid is mó den bhliain, tugadh amach eitleoirí i gcomharsanachtaí dubha ar a dúradh le vótóirí go dtiocfadh leo a vóta a chaitheamh an lá dár gcionn dá mbeadh sé fliuch lá an toghcháin féin. I Maryland, cuireadh eitleoirí in airde a thug an dáta mícheart don toghchán.

Níl cur chuige chomh caolchúiseach céanna ag Poblachtánaigh i gceantair eile. I Detroit, dúirt John Pappageorge, ball Poblachtánach de Theach na nIonadaithe: “Mura ndéanann muid an vóta i Detroit a chur faoi chois, beidh am crua againn sa toghchán.” Is daoine dubha iad 83% de dhaonra Detroit.

Tá na Daonlathaigh ag cur i leith na bPoblachtánach go bhfuil imeaglú á dhéanamh acu ar vótóirí agus go bhfuil siad ag déanamh iarrachta an ceart vótála a bhaint de dhaoine eile, agus tá na Poblachtánaigh ag cur i leith na nDaonlathach go bhfuil go leor de na hiarratais chláraithe vótóirí lochtach nó calaoiseach.

Agus an córas ina chíor thuathail sula ndéantar vóta ar bith a chomhaireamh, tá sé ag éirí níos soiléire gur miotas eile de chuid na luath-óige an smaoineamh gur daonlathas den scoth é Meiriceá.

Is as Georgia ó dhúchas í Mary Beth Taylor. Fuair sí a gcuid oideachais in Ollscoil Georgia agus Ollscoil Oxford. Tá céim BA aici sa Bhéarla agus i Staidéar na mBan, agus tá sí díreach tar éis iarchéim a bhaint amach sa Bhéarla sa Choláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath. Is de bhunadh Éireannach í.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.