AR NA SAOLTA SEO/Ó MHEIRICEÁ ANIAR
Córas traenach Nua-Eabhrac 100 bliain i mbliana
Tom Deignan Tom Deignan Tom Deignan

Léiríonn leabhar nua faoi thraenacha faoi thalamh Nua-Eabhrac an dlúthbhaint atá ag na hÉireannaigh le fada leis an chóras, atá céad bliain d’aois i mbliana. Chas Tom Deignan le húdar an leabhair.

Íomhá
Íomhá
Íomhá

Tá na traenacha faoi thalamh ina gcuid lárnach de shaol páiste ar bith a d’éirigh aníos i mBrooklyn le fada anois, cé acu ar thaitin sin leis nó nár thaitin, agus tá dúil á cur ag Brian J. Cudahy iontu leis na blianta fada, dúil an-mhór go deo.

“Thosaigh an tsuim seo iontu agus mé sa naíonra,” a dúirt Cudahy le gairid, agus rinne sé cur síos ansin ar an lúbra de chomharsanachtaí agus de cheangail faoi thalamh i mBrooklyn a mbíodh air dul tríothu agus é ar a bhealach chuig teach a sheanmháthar na laethanta a bhíodh sí ag tabhairt aire dó.

I mbliana, rinneadh céadú breathlá córas faoi thalamh Nua-Eabhrac a cheiliúradh. Dála rannóg póilíní agus cliarlathas Caitliceach na cathrach, tá dlúthcheangal le fada ag an chóras faoi thalamh leis na hÉireannaigh. Cé a d’fhéadfadh dearmad a dhéanamh ar cheannaire colgach an Transport Workers Union of America (TWU), Mike Quill, inimirceach Éireannach a raibh tuin láidir ar a chuid caintea chuir stop iomlán leis an chóras faoi thalamh sna 1960í, rud a chuir fearg as cuimse ar an Mhéara John Lindsay agus ar oifigigh shinsearacha eile.

Ar feadh na mblianta, bhí an TWU faoi smacht na nÉireannach. Ach, mar a deir Cudahy ina leabhar nua, *A Century of Subways: Celebrating 100 Years of New York’s Underground Railroad *(Fordham University Press), b’Iodálaigh iad formhór na n-oibrithe ar an chéad tionscadal mór faoi thalamh, i 1904.

Is turas fíorshuimiúil trí stair chóras faoi thalamh Nua-Eabhrac é leabhar Cudahy. Tosaíonn an scéal ar an Chéadaoin, 27 Deireadh Fómhair, 1904, an lá a rinne na chéad charranna faoi thalamh a mbealach go torannach ó stop amháin i Manhattan go stop eile. Tugann Cudahy an chéad chóras faoi thalamh ar domhan ar cheann Nua-Eabhrac, cé go n-admhaíonn sé go raibh córais a bhí mórán mar an gcéanna ag cathracha i dtíortha eile i dtrátha an ama chéanna. An rud nach féidir a shéanadh ná gur i Nua-Eabhrac a cuireadh tús den chéad uair le córas iompair ar scála ollmhór. Mar a deirtear i leabhar Cudahy fosta, lean cathracha eile sampla Nua-Eabhrac ina dhiaidh sin.

Go deimhin, agus an scéal á insint aige, cuireann Cudahy cor bealaigh air féin agus déanann sé cur síos ar na córais faoi thalamh i mBostún agus i Londain. Cé go dtosaíonn scéal chóras faoi thalamh Nua-Eabhrac go hoifigiúil i 1904, cuireann Cudahy cúlra casta an tionscadail faoinár mbráid trí dhíriú ar scéal fir amháin: August Belmont. Is féidir, ar bhealach, féachaint ar Belmont mar athair chóras faoi thalamh Nua-Eabhrac. Tá an teideal “August Belmont and His Subway”, fiú, tugtha ag Cudahy ar chéad chaibidil a leabhair. Agus an scéal á insint, faigheann muid amach go raibh ról lárnach, a tharraing amhras uaireanta, ag Boss Tweed agus an *Machine *Daonlathach Éireannach i Nua-Eabhrac i gcur i dtoll a chéile na bpleananna cathrach as ar eascair an córas a chuaigh i mbun seirbhíse i 1904.

Cúlra Éireannach

Mar sin, tá na traenacha faoi thalamh thart le céad bliain anois agus is féidir le Cudahy, 68, a rá go bródúil go bhfuil sé tar éis a bheith tógtha leis an chóras, agus ag déanamh staidéir air, le sciar maith de na blianta atá sé ag feidhmiú. Bhí an paisean seo don iarnród faoi thalamh i gcúl a intinne i gcónaí ag Cudahy, ar tháinig tuismitheoirí a athar as Luimneach agus tuismitheoirí a mháthar as Tiobraid Árann. B’fhear dóiteáin é a athair sa chathair ach, ag pointe amháin ina shaol, chuala Cudahy gairm eile agus chuaigh sé isteach i gcliarscoil, Cathedral Prep i mBrooklyn.

Ba thríd an institiúid sin a d’éirigh le Cudahy - a bhfuil saoránacht Éireannach chomh maith le saoránacht Mheiriceánach aige - freastal ar an choláiste chomh maith. Ach nuair a bhí cinneadh le déanamh aige faoi phost, thug Cudahy droim láimhe leis an tsagartóireacht agus d’éirigh leis post a bhaint amach ag múineadh na fealsúnachta i gColáiste Bhostúin. Ach lean an grá a bhí ag Cudahy do Nua-Eabhrac agus don chóras faoi thalamh agus i 1975 fuair sé glao teileafóin agus tairiscint a thabharfadh deis dó éirí níos sáite i gcúrsaí iompair. Thapaigh sé an deis sin, fiú agus gan í sa cheantar is ansa leis, Brooklyn.

Bhí post tagtha chun cinn sa Massachusetts Bay Transportation Authority i mBostún.

“Bhí mé chun sos sabóideach dhá bhliain a thógáil,” arsa Cudahy. Ina dhiaidh sin, bhí sé beartaithe aige dul ar ais ag teagasc. Ina áit sin, thosaigh sé ag obair do chóras iompair Bhostúin, ansin bhog sé go Chicago, agus ina dhiaidh sin bhain sé post amach leis an rialtas feidearálach i Washington. Tá Cudahy ina chónaí i Virginia anois.

Thar na blianta, tá sé tar éis cuid de na leabhair is tábhachtaí dá bhfuil ann a scríobh faoi na córais oll-iompair uirbeacha, ina measc Under the Sidewalks of New York, an staidéar deifnídeach, b’fhéidir, ar stair chóras Nua-Eabhrac.

Ag tagairt d’Éirinn, deir Cudahy: “Is minic a bhí mé ansin. Is amhlaidh go bhfuil siopa de chuid mhuintir Cudahy i Luimneach go fóill. Nó, ar a laghad, bhí sé ansin go fóill an uair dheireanach a chuaigh mise ann.”

Bhuel, ar a laghad is féidir le Cudahy a bheith cinnte nach mbeidh córas faoi thalamh Nua-Eabhrac ag dul áit ar bith gan mhoill.

Tá Tom Deignan ag obair mar eagarthóir agus mar cholúnaí leis an Irish Voice i Nua-Eabhrac. Is iarléachtóir ollscoile é. Foilsíodh a leabhar is déanaí, *Coming to America: Irish Americans *(Barron’s), anuraidh.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.