Tá Dónall Ó Maolfabhail dóchasach nach leanfar ar aghaidh leis an bplean chun mótarbhalach a thógáil gar do Chnoc na Teamhrach i gContae na Mí de bhrí go bhfuil fothoghchán Dála le bheith sa chontae an bhliain seo chugainn.
Níos déanaí an mhí seo fógróidh an Rialtas cé acu an bhfuil mótarbhealach úr le tógáil idir Cnoc na Scríne agus Cnoc na Teamhrach i gContae na Mí nó nach bhfuil. Tuigtear do *Beo!, *áfach, go bhfuil an Rialtas go mór faoi bhrú ó chúlbhinseoirí atá ag iarraidh go gcuirfidh an rialtas cosc ar an Údarás um Bhóithre Náisiúnta, nó an NRA, bóthar a thógáil aon áit gar do Chnoc na Teamhrach. Ach ní léir go bhfuil aon leasuithe i ndán don chóras lochtach a chothaigh an fhadhb seo sa chéad dul síos.
*"I feel the hand of history on my shoulder,” *a dúirt Príomh-Aire na Breataine, ag síniú Chomhaontú Aoine an Chéasta dó. Is eagal liom go rabhamar ag faire ar mhórócáid stairiúil eile an mhí seo caite nuair a rinne Taoiseach de chuid na tíre seo díluacháil iomlán ar Chnoc na Teamhrach, ceanncheathrú thaoisigh uile Éireann ar feadh na mílte bliain agus láithreán seandálaíochta a bhfuil clú idirnáisiúnta air sa lá inniu. Chomh fada agus a bhaineann sé leis an Taoiseach, is cosúil an fhaid agus nach dtéann an bóthar nua M3 trí chroílár Chnoc na Teamhrach féin, nach bhfuil aon chúis imní ann. Dár ndóigh, ní raibh sé riamh ar intinn ag an NRA bóthar a ghearradh trí Chnoc na Teamhrach féin.
Ceantar idirnáisiúnta spioradálta ab ea Teamhair a mheall daoine ó chéin is ó chóngar ar feadh na mílte bliain. Sa séú haois, ba é Teamhair croílár Ríocht Brega, a shín ón Seanchaisleán go dtí an Life agus, ar feadh i bhfad ina dhiaidh sin, dar ndóigh, is ann a lonnaigh rí na hÉireann. Ach má bhíonn a bhealach ag an NRA, tógfar dhá mhótarbhealach trí lár Chontae na Mí: an M2, a rachaidh idir Baile Átha Cliath agus Baile Shláine, agus an M3 a rachaidh idir Cluain Aodha agus Ceanannas Mór. Is é plean an NRA an dara bóthar seo a ghearradh tríd an talamh idir Cnoc na Scríne agus Cnoc na Teamhrach is mó atá ina ábhar conspóide.
Chomh fada agus a bhaineann sé le go leor daoine, ní leor geallúint an NRA nach rachaidh an mótarbhealach nua gar do Chnoc na Teamhrach. Mar a dúirt an t-iar Thaoiseach John Bruton anuraidh, níl i dTeamhair ach *"the centre of a sacred space of interlinked monuments stretching over a comparatively large area.” *Sin le rá, tá luach na Teamhrach ceangailte leis an cheantar ina bhfuil sé suite agus, trí mhótarbhealach mór a thógáil tríd an cheantar, d’athrófaí seo.
Anuas air sin, tá súil ag an NRA timpeallán ollmhór, a bheadh lasta ag líon mór soilse, a lonnú i mBaile Bhundel. Rud amháin é tine Phádraig a lasadh ar Chnoc na Teamhrach uair sa bhliain ach ceist eile ar fad é tionscadal mórshoilseach a lasfadh an ceantar uilig ar bhonn buan. Níl aon amhras ar go leor de mhuintir na háite ach go n-athródh seo atmaisféar an cheantair go hiomlán.
Os a choinne sin, deir an NRA go bhfuil gá le bóthar nua idir an Uaimh agus Baile Átha Cliath le freastal ar an fhás atá tagtha ar dhaonra an cheantair sin. Ach tá an tuairim ann freisin nach bhfuil dóthain úsáide a bhaint as an M1, a théann ó Bhaile Átha Cliath go Béal Feirste, agus gurbh fhearr an Uaimh a cheangal leis an M1, seachas bóthar úrnua a thógáil go Baile Átha Cliath.
141 láithreán
Thar aon rud eile, is é an baol go ndéanfar dochar do láithreáin seandálaíochta eile sa cheantar is mó atá ag cur imní ar dhaoine, láithreáin, b’fhéidir, nach eol dúinn faoi láthair, fiú, iad bheith ann. Cheana féin tá seandálaithe tar éis 141 láithreán seandálaíochta a aimsiú ar an mbóthar seo. De réir Joe Fenwick ó Roinn Seandálaíochta Ollscoil na Gaillimhe, sin thart ar láithreán amháin gach 370 méadar. Chosnódh sé breis is €30 milliún leis na láithreáin seo uilig a scrúdú. Ní hamháin sin, ach dá mbeartófaí a leithéid a dhéanamh, bheadh moill mhór ar thógáil an bhóthair nua.
Is ar an ábhar sin gur chuir an NRA agus Comhairle Contae na Mí achainí faoin leasú ar Acht na Seadchomharthaí Náisiúnta faoi bhráid an Aire Comhshaoil nua-cheaptha, Dick Roche, ar an 20 Samhain 2004. Tugann an leasú ar an Acht seo cead séadchomhartha náisiúnta a scrios más féidir a chruthú gur chun leas an phobail i gcoitinne a leithéid a dhéanamh. Tugadh isteach é seo le nach gcuirfeadh iarsmaí Chaisleán Charraig Mhaoinis tuilleadh moille ar thógáil mótarbhealach an M50. Tuigtear do *Beo! *go bhfuil an tAire faoi láthair ag plé cheist Chnoc na Teamhrach lena roinn féin agus le foireann Ard-Mhúsaem na hÉireann, agus go bhfógróidh sé a chinneadh roimh dheireadh na míosa. Ach má ghlacann sé le hachainí an NRA, fágfaidh sin go dtosófar láithreach ar na láithreáin seandálaíochta a aimsíodh go dtí seo a scrúdú agus is é seo, thar aon rud eile, atá ag cur imní ar dhaoine, agus cúis mhaith acu.
Tionscal ann féin na laethanta seo é cuid mhór den obair seandálaíochta a dhéantar sa Stát seo. Ar nós an tionscail físe, tá líon beag comhlachtaí ag maireachtáil ar choimisiúin a fhaigheann siad ó eagraíochtaí éagsúla. Mar a tharlaíonn sé, airgead ón NRA a chothaíonn formhór na gcomhlachtaí seo. Mar sin, nuair a fhógraítear go bhfuil tástálacha seandálaíochta le déanamh sula dtógfar bóthar, ar an iomlán is é an NRA féin atá á gcoimisiúnú. Tuigeann na seandálaithe céanna nach chun leas na seandálaithe an iomarca moille a chur ar a bhfostóirí. Is ar an ábhar seo go bhfuil malairt tuairimí le cloisint ó sheandálaithe éagsúla maidir leis an dochar a dhéanfadh nó nach ndéanfadh sé an mótarbhealach nua seo a thógáil gar do Chnoc na Teamhrach.
An t-earrach seo chugainn, reáchtálfar fothoghchán Dála i gContae na Mí don suíochán a d’fhág John Bruton nuair a ghlac sé leis an bpost mar ambasadóir an Aontais Eorpaigh i Stáit Aontaithe Mheiriceá. Rachaidh sé deacair go leor ar Fhianna Fáil an tríú suíochán a bhuachan i gContae na Mí agus, cé go bhfuil pobal an chontae ríoga scoilte ar cheist an M3, tuigtear do *Beo! *go bhfuil imní ar Fhianna Fáil go gcaillfidh siad vótaí má ligeann siad don NRA dul ar aghaidh. Mar sin, ainneoin ráiteas an Taoisigh sa Dáil an mhí seo caite, tá gach seans ann sa deireadh thiar nach dtabharfar cead aon mhótarbhealach a thógáil fá scread asail do Chnoc na Teamhrach.
Ach fiú má chuirtear stop an babhta seo leis na hinnill tochailte talamh spioradálta Teamhrach a réabadh, is féidir a bheith measartha cinnte, muna n-athraítear an córas tástála seandálaíochta, nach fada uainn an lá go scriosfar i gceart ceann de mhór-shéadchomharthaí seandálaíochta na hÉireann.
*As Baile Átha Cliath é Dónall Ó Maolfabhail. Is saoririseoir é atá ag scríobh d’fhoilseacháin éagsúla. *