AR NA SAOLTA SEO/AN tSÚIL NIMHE LE BALOR
Amhrán Mhary Mac
Balor Balor Balor

Tá amhrán cumtha ag Balor leis an phobal a chur ar an eolas faoi na hathruithe radacacha atá á gcur i bhfeidhm ag an Uachtarán Mary Mac.

Íomhá
© Seán Ó Domhnaill
Íomhá
© Seán Ó Domhnaill

“Bhí an ceart agam, mar is iondúil,” a mhaíonn Balor an Bhéil Bhinn. Ní le teann mórtaisdíomaisanuabhair a mhaíonn sé seo, ach leis an umhlaíocht sin a eascraíonn ón fhéinmhuinín agus ón chinnteacht dhobhogtha go mbíonn an ceart aige i gcónaí. “Agus cad é an ceart seo a bhí aige?” a fhiafraíonn an léitheoir nach nós leis nó léi an t-alt seo a léamh go rialta - más ann dá leithéid. Seacht mbliana ó shin go díreach a rinne Balor tuar agus tairngreacht: go mbeadh an bua ag Mary Mac i dtoghchán na hUachtaránachta, fiú sula ndeachaigh sí isteach sa rás, sular thogh baicle Bhertie í mar iarrthóir agus sular fágadh Albert bocht ar an tseilf in aice leis an Pedigree Chum.

Ach d’fháistinigh sé rud eile ag an am fosta: go mbeadh an dara téarma aici sa Pháirc, gan dua, agus go bhfanfadh sí go dtí go mbeadh sí suite go te san Áras don dara babhta lena cuid athruithe a chur i bhfeidhm sa tír seo. Agus ní athruithe go dtí iad. Tá cuid acu róscanrúil le tuairisc a dhéanamh orthu, fiú i liarlóg mar seo. Ár soraidh céad slán leis an Mary Mac shéimh shibhialta ar shíl muid go raibh aithne againn uirthi. Seo chugainn an fíor-Mhary atá anois beag beann ar bharúil daoine nó ar thoil lucht vótála na tíre.

Diabhal bealach níos fearr le cur síos a dhéanamh ar na hathruithe seo ná cúpla véarsa a chur le chéile, rud atá déanta thíos ag Balor an Bligeard, go bhfóire Crom orainn! Amhrán beag neamhurchóideach atá ann, murab ionann agus cuid de na hathruithe atá luaite ann - agus cuid eile nach bhfuil! Crochaigí suas é a léitheoirí! (An t-amhrán atá i gceist agam - chan Crom ná Balor fiú!)

Níl duine ar bith ag déanamh faic ó athcheapadh Mary Mac.Ó chealaigh sí an bunreacht tá an tír seo ina raic.Tá an rialtas ina staic is nach againn a bheas an chraicLe mo raighdeal dúdal daighdeal dúdal déró.

Ní thuigimse an tír seo anois, is cúrsaí mar atá:Tá Tuaisceartaigh is Deisceartaigh ‘s is cuma sa frig dár gcrá,Is níl duine ar bith ag obair ach iad uilig ag déanamh flea Ó chuaigh Mary Mac isteach arís san Áras.

Tá athruithe sa tír seo nach bhfuil mise sásta leo: Gan aon duine ag troid ná ag agóid mar a dhéanadh siad fadó; Níl aon dul as de réir an dlí anois ach *Union Jacks *a dhó Ó chuaigh Mary Mac isteach arís san Áras.

Tá banríon úr sa tír seo ach ní chaitheann sí coróin, Is tá coláiste úr ag Queen’s anois ar shráideanna Ard Eoin, Is tá Finian McGrath ag bacaíl thart agus pian mhór ina thóin Ó chuaigh Mary Mac isteach arís san Áras.

Níl coinneal aici san fhuinneog ach an lampa Sacred Heart. Bíodh paidrín i do láimh agat má théann tusa thart, Ach beidh fáilte romhat má deir tú an *Hail Mary *mar is ceart, Ó chuaigh Mary Mac isteach arís san Áras.

ciceáil tóna á chleachtadh. Áirítear é mar leigheas. Déanfar tóineacha a chiceáil d’achan sórt is d’achan saghas, Ach tá an cic is mó in áirithe don Tiarna Alderdice Ó chuaigh Mary Mac isteach arís san Áras.

Ach tá droichid mhóra ó thuaidh anois, ó dheas is thoir is thiar. Tá ceann ag teacht ó Mheiriceá isteach go hInis Oírr. Is beidh Boston Massechussets fós ag Cáit Ní Dhuibhir Ó chuaigh Mary Mac isteach arís san Áras.

Tá droichead ó Bheal Feirste anois anonn go Londain thall, Is beidh Mary, mar is iondúil, go minic ag imeacht sall, Ach beidh muid fada fuar ag fanacht le Banríon Shasana ag teacht anall, Ó chuaigh Mary Mac isteach arís san Áras.

Beidh an tAifreann á chraoladh anois gach lá ar BBC Is buailfear clog an Angelus ó mhochmhaidin go meánoích’ Is caithfear baicle bodach áirithe amach as RTÉ Ó chuaigh Mary Mac isteach arís san Áras.

D’athraigh Willie McCrea a chóta ar ball ón bhuí go dtí an glas. Nó cuireadh ar a chomhairle dó go ndéanfadh sé a leas. Tá sé ag ceol le Dia i nGaeilge anois, í líofa agus fras Ó chuaigh Mary Mac isteach arís san Áras.

Ach cá bhfuil Vincent Browne - an Uinsionn falchaí sin de Brún? Tá sé thall in Alabama is a *bhanjo *ar a ghlúin. Tá sé ag ceol anois le Dana, ach ní hionann ceachtar tiún Ó chuaigh Mary Mac isteach arís san Áras.

Tá poitín dlíthiúil anois sa tír ach tá an pobal iontach fraochta Nó níl feirmeoirí ag obair ach iad uilig sa leaba caochta Is tá Enda Kenny ceapaithe mar Aire Talmhaíochta Ó chuaigh Mary Mac isteach arís san Áras.

Mar Aire nua Oideachais tá Tomás Mór Mac Eoin. Tá a fhios ag páistí uilig na tíre anois an dóigh a bhaintear móin, Is tá *Guinness draft *ar fáil i ngach aon scoil i ndiaidh am loin Ó chuaigh Mary Mac isteach arís san Áras.

Tá post úr ag Éamon Ryan - bhí sé á shantú seo go drúiseach: Díchoimisiniú na ngunnaí - sin jab atá mórchúiseach. Tá sé ag imirt cluiche gach aon lá: *roulette *den chineál Rúiseach, Ó chuaigh Mary Mac isteach arís san Áras.

Tá Páidí Ó Sé i mbun an Oireachtais, é ceapaithe lena bheo. Is i ndiaidh a dhianmhachnaimh rinne sé athrú nó dhó: Beidh Corn Uí Riada feasta ar *Sky Sports *á chraoladh beo, Ó chuaigh Mary Mac isteach arís san Áras.

Billiún euro anois a chaithfear ar an Ghaeilge gach aon bhliain, Is beidh Liam Ó Cuinneagáin á chaitheamh óna oifig úr in Spain. Beidh sé buailte suas béal dorais ann le hoifigí Shinn Féin Ó chuaigh Mary Mac isteach arís san Áras.

Tá athruithe ar an *Twelfth *anois, go háirithe in Drumcree Le comórtas mór éigeantach fá choinne bannaí buí, Ach beidh príosún saoil ag banna ar bith nach sroicheann caighdeán cuí Ó chuaigh Mary Mac isteach arís san Áras.

Agus níl focal de bhréag ann!

Léaráid: Seán Ó Domhnaill (www.cartuin.net)

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.