Tá comóradh á dhéanamh i Learpholl an mhí seo ar shaol Phiarais Bhéaslaí, an réabhlóidí agus file a rugadh sa chathair in 1881. Féachann Tony Birtill siar ar shaol an fhir seo a raibh baint mhór aige le bunú Shaorstát Éireann.
Tá dhá ócáid beartaithe ag Conradh na Gaeilge mar chuid d’Fhéile Learphoill i mí Dheireadh Fómhair i mbliana.
Beidh an tOllamh Pádraig Ó Siadhail ó Ollscoil Mhuire Naofa, Alba Nua, Ceanada, ag nochtadh leacht cuimhneacháin sa tsráid inar rugadh an file Gaelach agus réabhlóidí Piaras Béaslaí i 1881. Tá Pádraig ag scríobh bheathaisnéis Phiarais Bhéaslaí faoi láthair agus, mar chuid eile den fhéile, beidh sé ag tabhairt léachta i Leabharlann na Cathrach anseo fá dtaobh de Bhéaslaí ar an 4 Deireadh Fómhair. Is dáta speisialta é seo do Ghaeil Learphoill, mar ar an 4 Deireadh Fómhair 1904 thug Pádraig Mac Piarais léacht do Chraobh Learphoill den Chonradh sa leabharlann chéanna.
Bhí Pádraig Mac Piaras ina eagarthóir ar *An Claidheamh Soluis *ó Mhárta 1903 agus ba ghnách leis dul ar thurais go Gaeltachtaí agus craobhacha i gcéin is i gcóngar. In eagrán 1, Deireadh Fómhair 1904, sa cholún “Sasana - Liverpool Coisde Ceanntair”, tá an píosa seo: “The Coisde are also arranging a series of lectures by well-known Leaguers on Gaelic topics during the Winter Session. The first will be delivered by Mr PH Pearse, BA, BL, Editor of An Claidheamh Soluis, on the evening of October 4, when a large attendance is expected”.
I measc an lucht éisteachta i 1904 bhí Piaras Béaslaí é féin. Ba de bhunadh Éireannach é, dála na mílte eile i gceantar Learphoill, an áit ar fhás sé suas. Percy Beazley an t-ainm a baisteadh air. Bhí sé ag foghlaim na Gaeilge faoin bhliain 1896, an bhliain inar bunaíodh Craobh Learphoill. Bhí sé gníomhach san eagraíocht sin, tá sé luaite san eagrán den *Claidheamh Soluis *thuasluaite as an léacht a thug sé i Halla Naomh Winefride, Bootle, ar “Some Neglected Irishmen” (daoine mar Mhícheál Ó Cléirigh, Eoghan Ruadh, Céitinn, MacFirbis, Engus Ó Dalaigh agus Ó Cairealláin).
Cé nach raibh sé ach 23 bliana d’aois i 1904, bhí Béaslaí ina uachtarán ar Choiste Ceantair Learphoill, áit a raibh cúig chraobh ar fad: i Learpholl, Kirkdale, Old Swan, Bootle agus Rock Ferry. Foilsíodh a chéad dán i nGaeilge i 1903.
Tar éis a chuid oideachais a fháil i scoil Íosánach i Learpholl, fuair Béaslaí post mar iriseoir gairmiúil agus bhí sé ina eagarthóir ar an *Catholic Times *ar feadh tamaill. Bhog sé go Baile Átha Cliath in earrach na bliana 1905 chun a bheith páirteach sa ghluaiseacht pholaitiúil agus chultúrtha in Éirinn. Ghluais sé go gasta ó Chraobh an Chéitinnigh go Coiste Gnó an Chonartha go Bráithreachas na Poblachta (IRB).
Bhí sé ar dhuine den dream a bhunaigh Óglaigh na hÉireann i mí na Samhna 1913. (Sa bhliain chéanna bhí Learphollach eile, Jim Larkin, ina cheannaire sa fhrithdhúnadh i mBaile Átha Cliath (cf Beo!, eagrán 4, Lúnasa 2001).
Leascheannasaí
Bhí Béaslaí ina leascheannasaí ar Chéad Chathlán na nÓglach i mBaile Átha Cliath, áit ar throid sé i gceantar Shráid an Rí Thuaidh. Cuireadh a cheannfort, Éamonn Ó Dálaigh, chun báis i bPríosún Chill Mhaighneann in éineacht leis na ceannairí eile agus ghearr an Chúirt Mhíleata pianseirbhís trí bliana ar Bhéaslaí féin.
I bPríosún Portland Shasana a bhí sé ar dtús, áit ar chum sé dánta mar “Bealtaine 1916”. Ní raibh cead ag na príosúnaigh pholaitiúla peann ná páipéar a bheith ina seilbh acu i gcaitheamh na seacht mí a chaith sé san institiúid sin sular aistríodh iad go Príosún Lewes. Mar sin, ar scláta le “peann” scláta a scríobhadh bunleaganacha na ndánta agus cuireadh de ghlanmheabhair iad.
Foilsíodh an saothar seo sa bhliain 1920 faoin teideal Bealtaine 1916 agus Dánta Eile. Tá an méid seo le rá ag Pádraig Ó Siadhail faoin bhailiúchán:
“Más follas ó theideal an leabhráin seo gur ag díriú ar an saol i ndiaidh an Ghéillte - ar shaoltaithí an chime, go háirithe - atá an file, is léir freisin brí shiombalach a bheith ag roinnt leis an teideal céanna. Cuireadh an tÉirí Amach faoi chois, ach ní marbh nó múchta atá an spiorad a ghin é. Mórtasach atá Béaslaí as a bheith rannpháirteach ann, as a raibh déanta aige féin is ag a chomhÓglaigh. Má amharcann sé siar ar a tharla, ar a chairde atá ar shlí na fírinne - ar Sheán Mac Diarmada go speisialta - agus ar a chomhrádaithe nach eol dó iad a bheith beo nó marbh - Conchubhar Ó Coileáin, Diarmuid Ó hEigeartaigh agus Gearóid Ó Súilleabháin - ní hannamh é ag smaoineamh ar an todhchaí nuair a chuirfear clabhsúr ar an obair ar chuir lucht Sheachtain na Cásca tús léi.”
Seo mar a thosaíonn an dán “Bealtaine 1916":
I Sasana i gcéin ó Éirinn bhúidh Do chaitheas-sa tréimhse i ngéibhinn dlúth Ag Gallphoic ghránna sáite i ndaorbhroid De dheascaibh mo ghrá do Chlár geal Éibhir Mar bhí mo dhúil ó thús mo shaoil I saoirse, i gclú ‘s i sóchas Gael.
“Ó thaobh na filíochta de,” arsa Ó Siadhail, “duine traidisiúnta coimeádach a bhí ann ar mhór leis na seanmhúnlaí dúchasacha gona meadarachtaí gonta. Ach ar a shon gur orthu siúd a bhunaigh Cumann na hÉigse ag Dáil na hÉigse i gcaitheamh Fheis na Mumhan i gCorcaigh i mí Meán Fómhair 1907 a bhí Piaras Béaslaí - cumann lomlán le Muimhnigh ar thábhachtach leo na munlaí clasaiceacha a bhí ann - d’athraigh tuairimí Bhéaslaí faoin fhilíocht de réir a chéile gur léir dó faoi na caogaidí nár ghá cloí leis na seanmhúnlaí.”
Nuair a foilsíodh “Bealtaine 1916” bhí Béaslaí ina eagarthóir ar An tÓglach, iris rúnda na nÓglach, ina Theachta Dála agus ina bhall d’Fhoireann Cheanncheathrú na nÓglach.
Bhí sé ina stiúrthóir poiblíochta ar an IRA roimh an sos cogaidh i mí Iúil 1921. Cara mór de chuid Michael Collins a bhí ann, agus thug Béaslaí tacaíocht don Chonradh le Sasana i 1922. I rith an Chogaidh Chathartha bhí sé ina ghinearál in Arm an tSaorstáit agus ina cheannaire cinsireachta ar na meáin chumarsáide - é féin a thug “the irregulars” ar na poblachtánaigh.
D’éirigh sé as an Dáil i 1923 agus as an Arm i 1924 chun a bheith ina scríbhneoir lánaimseartha. Scríobh sé beathaisnéis Mhichíl Uí Choileáin, Michael Collins and the Making of the New Ireland, a foilsíodh i 1926, mar aon le roinnt drámaí agus úrscéal amháin i nGaeilge, agus fuair sé bás i 1965.
Is cuí agus is cóir mar sin go mbeadh leacht cuimhneacháin dó san áit inar rugadh é agus Learpholl mar Chathair Chultúrtha na hEorpa in 2008.
Dála Jim Larkin, áfach, ní raibh Béaslaí sásta a admháil gurbh as Learpholl é, agus beidh an tOllamh Ó Siadhail ag labhairt faoi sin ina léacht ar an 4 Deireadh Fómhair.
Beidh an phlaic ar bhalla an Strawberry Tavern ar Breckfield Road South, mar níl an teach inar rugadh Béaslaí ann níos mó. Chuala mé Gaeilge gach lá ar an bhóthar seo ó bhí mé aon bhliain déag d’aois mar go raibh mé ar scoil ansin leis na Bráithre Críostaí (sa Cardinal Godfrey Technical School) agus ba ghnách leo Gaeilge a labhairt le chéile. Faraor, ní raibh an Ghaeilge ar an siollabas i Sasana, ach bhí mé ag iarraidh í a fhoghlaim i gcónaí.
Is de bhunadh Éireannach é Tony Birtill agus rugadh i Learpholl é. Tá sé ag obair sa chathair sin mar mhúinteoir agus mar shaoririseoir.