Tá rudaí gránna ráite ag an iar-Uachtarán Richard Nixon faoi na hÉireannaigh i dtéipeanna a cuireadh ar fáil don phobal le gairid. Tuairisc ó Tom Deignan.
Léiríonn taifeadtaí rúnda a cuireadh ar fáil don phobal le gairid gur chreid Rúnaí Stáit an Uachtaráin Richard Nixon nach raibh in imeachtaí Dhomhnach na Fola ach ábhar nach gcuirfeadh ach rud beag “aiféaltais” ar an Bhreatain.
Chreid Nixon é féin gur “tragóid uafásach” a bhí i dTuaisceart Éireann, agus go raibh claonadh ag rialtas na Breataine, “in ainneoin a ndea-thréithe go léir, cúrsaí a láimhseáil go mícheart i gcónaí in Éirinn.”
Ina dhiaidh sin, áfach, dúirt sé: “Níl a fhios agam an bhfuil siad ag láimhseáil cúrsaí go mícheart anois nó nach bhfuil. Ach is dócha nach bhfuil.”
Cháin Nixon na Gael-Mheiriceánaigh go géar chomh maith. Dúirt sé: “Le bheith fírinneach, tá na daoine seo, na hÉireannaigh, damanta olc anseo.”
Tá na seoda seo, agus tuilleadh, curtha faoi bhráid an phobail ag an scoláire uachtaránachta James Warren, atá ag scríobh amach an ábhair atá ar na téipeanna seo de chuid Nixon, a bhí rúnda tráth, ó thosaigh an tÚdarás Náisiúnta Cartlann agus Taifead á gcur ar fáil don phobal ó bhí 1996 ann. Tá breis is 2,000 uair an chloig curtha ar fáil, agus tá caint bhladhmannach agus ghránna Nixon mar gheall ar na hÉireannaigh le fáil sa charn is déanaí a cuireadh ar fáil - a bhfuil sleachta díobh foilsithe in eagrán mhí Mheán Fómhair den iris The Atlantic Monthly.
Rinneadh an taifeadadh ar an 2 Feabhra, 1972. B’am fuilteach é, ar ndóigh, i dTuaisceart Éireann, agus bhí Domhnach na Fola tar éis tarlú i nDoire cúpla lá roimhe sin. Mar a mhíníonn Warren: “Ar an 2 Feabhra, rinne slua de thart ar 25,000 duine ambasáid na Breataine i mBaile Átha Cliath a dhó go talamh. Labhair Nixon agus a Rúnaí Stáit le chéile ar an ghuthán níos déanaí an lá sin faoin chruacheist pholaitiúil a chothaigh na himeachtaí seo do na Stáit Aontaithe.”
Tar éis dóibh beannú dá chéile, fiafraíonn Nixon de Rogers, “Cad é faoi na hÉireannaigh?”
Rogers: “Bhuel, tá an tAire Gnóthaí Eachtracha ag teacht le mé a fheiceáil ar maidin.”
Nixon: “Aire Gnóthaí Eachtracha na hÉireann?”
Rogers: “Éirinn, is ea. Bhí ambasadóir na Breataine anseo san iarnóin. Ceist thábhachtach pholaitiúil a bheas ann gan mhoill anseo sa bhaile.”
Nixon: “Is ea.”
Rogers: “Tá [an Seanadóir Edward] Kennedy ag iarraidh scéal mór a dhéanamh as.”
Nixon: “Tá a fhios agam.”
An pholaitíocht chrua eitneach
Bhí an dearg-ghráin, ar ndóigh, ag Nixon ar mhuintir Kennedy ar fad. (Chaill sé an uachtaránacht i 1960 nuair a fuair JFK an ceann is fearr air le líon beag vótaí.) Ní nach hionadh, díríonn Nixon agus a chomhghleacaí a gcuid fuinnimh ar an pholaitíocht chrua eitneach, agus iad ar a ndícheall ag iarraidh teacht ar dhóigh le fanacht cairdiúil leis an Bhreatain gan olc a chur ar na Gael-Mheiriceánaigh.
“Theastaigh uaim treoir a fháil uait faoi céard ba cheart dom a rá,” a deir an Rúnaí Stáit Rogers. “Is é mo thuairim féin gur cheart domsa rud éigin a rá ag cur ár n-imní in iúl agus, á, ag tabhairt le fios go bhfuil súil againn go mbeidh cainteanna ar siúl. Tá a fhios aige gur mhaith linn go dtiocfaí ar réiteach éigin. Anois, labhair mise le Cromer [George RS Baring, Iarla Chromer, arbh é ambasadóir na Breataine sna Stáit Aontaithe é ag an am) faoi inniu agus dúirt mé nár mhian linn rud ar bith a rá mura mbeadh siadsan sásta leis. Ach sílim, ó do thaobhsa de, gur cheart duit, mar, á, tá Jim Buckley [seanadóir as Nua-Eabhrac] …”
Nixon: “Agus na hÉireannaigh ar fad …”
Rogers: “Tá Kennedy, agus an dream eile ar fad, ag déanamh scéal mór as. Agus cé go bhfuil sé ag cur aiféaltais ar an Bhreatain, sílim go …”
Éiríonn an comhrá rud beag stadach anseo, ansin tosaíonn Nixon a phlé comhrá a bhí aige ní ba luaithe le Príomh-Aire na Breataine, Edward Heath.
“Seo an méid a dúirt mé, i ndáiríre - céasadh na hÉireann agus Shasana - sin rud nach bhfuil muid ag iarraidh cur leis. Go bhfuil súil againn nach ndeir muid rud ar bith a dhéanfaidh cúrsaí níos measa duit. Ní theastaíonn uaim a bheith - ní dóigh liom gur cheart dúinn a bheith inár ngríosóirí.”
Deir an Rúnaí Stáit Rogers ansin go raibh súil ag cuid d’oifigigh shinsearacha na Breataine “nach dtacódh rialtas Nixon le taobh amháin”.
Freagraíonn Nixon é leis an tseoid seo de líne: “Ar ndóigh, tá a fhios agat gur tragóid uafásach é, mar go bhfuil an Bhreatain, in ainneoin a ndea-thréithe go léir, tugtha do chúrsaí a láimhseáil go mícheart i gcónaí in Éirinn … Agus níl a fhios agam an bhfuil siad ag láimhseáil cúrsaí go mícheart anois nó nach bhfuil. Ach is dócha nach bhfuil. Ach an pointe tábhachtach ná go bhfuil a gclú chomh holc sin go stairiúil nach féidir le cuma mhaith a bheith orthu anois, i gcás rud ar bith a dhéanann siad.”
Cuireann an Rúnaí Stáit Rogers síos ansin ar chúrsaí na hÉireann mar “aincheist uafásach,” rud a thugann deis do Nixon racht amháin eile a chur de.
“Nach ea?” a deir Nixon. “Mar, tá a fhios agat, le bheith fírinneach, tá na daoine seo, na hÉireannaigh, damanta olc anseo. Is macasamhail mhuintir Kennedy iad, amuigh ansin ag tarraingt raic an diabhail, ag pléascadh na háite, ag dó na hambasáide go talamh agus a leithéidí sin.”
Shílfeá ón mhéid a bhí le rá ag Tricky Dick gurbh iad saighdiúirí na hÉireann a bhí ag scoileadh le lucht agóide de chuid na Breataine ag an am sin.
Tá Tom Deignan ag obair mar eagarthóir agus mar cholúnaí leis an Irish Voice* i Nua-Eabhrac. Is iarléachtóir ollscoile é. Foilsíodh a leabhar is déanaí, Coming to America: Irish Americans (Barron’s), anuraidh.*