Tá gach seans ann, dar le Dónall Ó Maolfabhail, go n-éireoidh leis na fiosrúcháin atá á mbunú ag rialtais na hÉireann agus na Breataine claonpháirteachas idir Arm na Breataine agus dílseoirí sna Sé Chontae a chruthú.
Mahon, Morriarty, Barron, Morris, Flood - ní raibh riamh oiread Binsí Fiosraithe ar siúl sa tír agus níl siad ar fad thart fós. Tuigtear do *Beo! *go bhfuil sé i gceist ag an Taoiseach, ar fhilleadh na Dála, a mholadh go mbunófaí Binse Fiosraithe eile. Cé gur fiosrúchán é seo a bheidh ag fiosrú fianaise maidir le claonpháirteachas idir na Gardaí agus an IRA, is ar MI5 na Breataine atá imní agus ní ar an Gharda Síochána.
Mar chuid den phróiseas síochána, ag na cainteanna i bPáirc Weston i 2001 d’fhógair an dá rialtas go raibh siad chun iarraidh ar an mBreitheamh Peter Cory ó Cheanada cúig dhúnmharú a scrúdú le feiceáil an raibh fianaise ann go raibh claonpháirteachais ar siúl ag na fórsaí slándála. Dunmharú na ndlíodóirí Rosemary Nelson agus Pat Finucane, dunmharú an fhir óig Patrick Hamill, agus an dílseora pharaimílitigh Billy Wright, mar aon le beirt bhall den RUC, an tArd-Cheannfort Harry Breen agus an Ceannfort Bob Buchanan, na cúig chás a iarradh ar an mbreitheamh a fhiosrú.
Níos luaithe i mbliana chuir an Breitheamh Cory in iúl go raibh dóthain fianaise i ngach cás le fiosrúchán poiblí a bhunú. Ag tús an tsamhraidh d’fhógair Rialtas na Breataine go raibh siad chun fiosrúcháin a bhunú le dúnmharú Rosemary Nelson, Patrick Hamill agus Billy Wright a scrúdú. Dúradar nach bhféadfaidís fiosrúchán poiblí a mholadh maidir le dúnmharú Pat Finucane toisc go gcuirfeadh sé as do chás cúirte atá ar siúl faoi láthair. Go gairid ina dhiaidh sin d’fhógair an Taoiseach go mbunódh a rialtas siúd Binse Fiosraithe le fianaise maidir le claonpháirteachas idir an Garda Síochána agus an IRA i mbás bheirt oifigeach an RUC a scrúdú.
Ar an 20 Márta 1989, ar iarratas ó Tom King, Státrúnaí an Tuaiscirt ag an am, thaistil an tArd-Cheannfort Harry Breen agus an Ceannfort Bobbie Buchanan go Dún Dealgan le casadh ar Ard-Cheannfort na nGardaí sa bhaile sin, John Nolan. Conas breith ar bhall sinsearach den IRA a bhí ag smugláil arbhair an cheist a bhí faoi chaibidil acu. Ar an mbealach ar ais don bheirt, áfach, rinne an IRA luíochán rompu ar bhóthar Edenappa in aice Bhaile an Chláir i gContae Ard Mhacha, díreach ó thuaidh den teorainn.
Cé mar a bhí a fhios ag an IRA an bóthar a thógfaidís? - b’in an cheist a cuireadh ag an am. Baill den Gharda Síochána a sceith an t-eolas a chreid go leor san RUC. Thuig Coimisinéir an RUC John Hermon an dochar a dhéanfadh a leithéid de líomhain don chaidreamh idir an dá fhórsa agus, dá réir, shéan sé go láidir go raibh aon bhunús leis an ráfla seo.
An dara hiarracht
Is é an tArd-Cheannfort Harry Breen an ball is sinsearaí den RUC a mharaigh an IRA riamh. Ba é seo an dara hiarracht acu. I 1978 rinneadar iarracht é a fhuadach in aice áite ar a dtugtar Sturgan Brae ach fuaireadar an fear mícheart. Creidtear gur ball den IRA ar a nglaotar *The Surgeon *a d’eagraigh an luíochán seo agus go raibh duine acu siúd a bhí freagrach as buamáil na hÓmaí i 1998 páirteach san eachtra freisin.
Tuigtear do *Beo! *gur fianaise a tháinig ó fhear darb ainm Kevin Fulton a thug go príomha ar an mbreitheamh fiosrúchán a mholadh i gcás dhúnmharú Breen agus Buchanan. Is féidir a bheith cinnte dá réir go n-iarrfar ar Peter Keely, nó Kevin Fulton mar is fearr aithne air, fianaise a thabhairt ag an mbinse fiosraithe seo.
Le linn na dTrioblóidí d’fheidhmigh an tUasal Fulton, arb as an Iúr dó, mar bhrathadóir do na seirbhísí slándála. Ach, i dtuarascáil a d’ullmhaigh Brainse Coireachta agus Slándála an Gharda Síochána, a bronnadh ar an Taoiseach Bertie Ahern i 2002, deirtear gur airgead amú an £1.5 milliún a chaith Scotland Yard ar an mbrathadóir Fulton. Anuas air seo, tá Brainse Speisialta an Gharda Síochána tar éis a chur in iúl don Bhreitheamh Cory le déanaí go bhfuil eolas acu siúd a léiríonn gur eagraigh an IRA luíochán ar thrí bhóthar éagsúla an lá céanna agus, dá bharr seo, nach gá go raibh aon réamheolas ag an IRA maidir leis an mbóthar ar a bhfillfeadh an bheirt oifigeach abhaile.
Tá gluaiseacht na poblachta go mór chun tosaigh ag éileamh go mbunófaí fiosrúcháin phoiblí le haghaidh cásanna éagsúla. Beidh an-bhrú orthu, mar sin, ar a laghad an chuma a chur air go bhfuil siad ag comhoibriú leis an gceann áirithe seo. Ar son leasa pholaitiúil Shinn Féin tuigtear do Beo! go bhfuil seans maith ann go gceadóidh an IRA do chuid dóibh siúd a bhí páirteach sa luíochán eolas a chur ar fáil. Ach má bhí Garda nó Gardaí i gclaonpáirtíocht leis an IRA, agus is deacair a shamhlú nach raibh, is ag rannóg eolais an IRA a bheadh an t-eolas seo agus is féidir a bheith measartha cinnte nach mbeidh an IRA ag tabhairt aon eolas maidir lena ngréasán eolais, ar luachmhaire go mór é ná gach píosa armlóin dá bhfuil acu.
Deir na hiriseoirí Kevin Myers agus Toby Harnden go bhfuil baill den RUC agus den Gharda tar éis ainmneacha na beirte Gardaí a thug eolas don IRA a chur in iúl go príobháideach dóibh siúd. Ach is dócha go ndéanfaidh an bheirt iriseoirí pribhléid an iriseora a éileamh agus, dá réir, foinse a gcuid eolais a choimeád faoi rún. Is deacair, mar sin, a shamhlú go mbeimid pioc níos eolaí agus an fiosrúchán seo thart faoi chlaonpháirteachas idir an IRA agus an Garda Síochána, ná mar atáimid faoi láthair ach ceist eile é an claonpháirteachas idir Arm na Breataine agus dílseoirí paraimíliteacha.
Robálaí agus cladhaire
Le déanaí, in agallamh leis na meáin sa Bhreatain, dúirt ball d’fhoireann Stephens atá in Éirinn ag fiosrú claonpháirteachais sa Tuaisceart, an tArd-Cheannfort Richard Turner, gur “robálaí agus cladhaire” é Kevin Fulton agus nach bhfuil sé iontaofa. Níl aon amhras ach go ndéanfaidh dlíodóirí na nGardaí a bhfuil amhras fúthu gach iarracht clú agus, dá bhrí sin fianaise, Kevin Fulton a loit. Is féidir a bheith cinnte go mbeidh an tArd-Cheannfort Richard Turner ag barr a liosta.
Le ceithre bliana déag anois tá Fiosrúchán Stephens ag scrúdú claonpháirteachais sna Sé Chontae. Mar a tharla, an lá a d’fhógair Stát-Rúnaí an Tuaiscirt, Paul Murphy, go raibh sé ar intinn ag Rialtas na Breataine fiosrúcháin phoiblí a bhunú, d’fhógair an Coimisinéir John Stephens é féin go mbeadh sé ag éirí as a phost mar choimisinéir i gceann bliana ach go leanfadh sé air ag fiosrú líomhaintí claonpháirteachais.
Is ar an eagraíocht rúnda FRU, brainse d’Arm na Breataine ar léir gur oibrigh sé lámh ar lámh sna hochtóidí le dílseoirí paraimílteacha, atá aird fhoireann Stephens ach go háirithe dírithe. Is í an eagraíocht seo a rith an spiaire Brian Nelson sa UDA agus, dá réir, creidtear gurb í a d’ordaigh bás Pat Finucane mar aon le go leor eile.
Mar a léirigh clár “Panorama” an BBC anuraidh, tá an té a bhí i gceannas ar an FRU anois ag obair in Ambasáid na Breataine i mBeijing. Go dtí seo tá úsáid freisin á baint as dlíthe clúmhillte na Breataine agus as an Acht Oifigiúil Rúndachta le foireann Stephens a chosc ó gach a bhfuil ar eolas acu faoin bhfear seo agus gníomhartha barbartha eile an FRU a nochtadh go poiblí. Ach is beag cumhacht a bheadh ag dlíthe clúmhillte na Breataine ná ag an Acht Oifigiúil Rúndachta dá gcuirfí an t-eolas seo i mbéal an phobail trí fhianaise a thabharfaí ag binse fiosraithe i dtír eile.
In agallamh le gairid d’admhaigh an Coimisinéir John Stephens go raibh daoine áirithe sa Bhreatain fós ag iarraidh a chuid oibre a stopadh. Thagair sé do bhagairt a deineadh ar a bheatha, agus d’oifig a fhoirne i gCarraig Fhearghusa i gContae Aontroma a dódh cúpla bliain ó shin. Ná cuireadh sé iontas ar aon duine má bhaineann foireann Stephens úsáid as an mBinse Fiosraithe is déanaí in Éirinn leis an salachar go léir atá nochtaithe acu ar Arm na Breataine a thaispeáint don saol mór, agus tá go leor fós le theacht.
As an gcúig chás a scrúdaigh an Breitheamh Cory, tá fianaise an chlaonpháirteachais níos láidre i gcás dhúnmharú Pat Finucane ná mar atá sí in aon chás eile. Ach faoi láthair is é dunmharú Pat Finucane an t-aon cheann nach bhfuil fiosrúchán poiblí le bunú mar gheall air.
An bhféadfadh fiosrúcháin a bunaíodh le claonpháirteachas idir an IRA agus an Garda Síochána a scrúdú cruthú don saol mór ar deireadh thiar gur Westminster a bhí freagrach as dúnmharú an Pat Finucane?
As Baile Átha Cliath é Dónall Ó Maolfabhail. Is saoririseoir é atá ag scríobh d’fhoilseacháin éagsúla.