Tiocfaidh dlí nua i bhfeidhm sa Ghearmáin ag tús na bliana seo chugainn a chuirfidh go mór le cruatan na ndaoine dífhostaithe, dar le Christoph Wendler, seachas cabhrú leo.
“Is maith mar a réitíonn an caipitleachas agus an sóisialachas le chéile”. B’in an mana a bhíodh ag muintir na Gearmáine suas go dtí na hochtóidí. Go deimhin, bhí an córas sa nGearmáin réasúnta maith ag teacht i dtír ar bhuntáistí an chaipitleachais agus an tsóisialachais araon. Sa lá atá inniu ann, áfach, níl fágtha againn ach míbhuntáistí an dá chóras. Ar thaobh amháin, tá an stát sa mullach ar na daoine ag iarraidh cánacha agus táillí arda ar a shaoránaigh. Ar an taobh eile, níl aon chosaint acu ar fhórsaí an mhargaidh shaoir a thuilleadh.
Is sampla de seo an dlí ar a dtugtar Hartz IV, a thiocfas i bhfeidhm ar an 1 Eanáir 2005. De réir leagan amach an Rialtais, tá an dlí nua in ainm is a bheith ag dul i ngleic le fadhb na dífhostaíochta atá ina mórfhadhb sa nGearmáin le blianta anuas. Ach tá gach cosúlacht ar an scéal nach ag troid in aghaidh na dífhostaíochta atá an Rialtas i ndáiríre ach in éadan na ndaoine dífhostaithe. Ar dhaoine atá dífhostaithe go fadtéarmach is mó a dhíríonn an dlí nua.
Nuair a thiocfaidh Hartz IV i bhfeidhm, ní bhfaighidh iad siúd nach n-éiríonn leo post a bhaint amach taobh istigh de bhliain liúntais ón stát níos mó. Caithfidh siad a bhfuil d’airgead acu féin agus ag a gcéile a chaitheamh ar fad i dtosach sula mbeidh siad i dteideal liúntais. Sin le rá go gcaithfidh tú do theach nó d’árachas saoil a dhíol más gá agus ansin, nuair bheas tú beo bocht, gheobhaidh tú déirce ón stát. An rud a chuir déistin ar mhuintir na Gearmáine ná go gcuirfear airgead taisce na bpáistí san áireamh freisin!
Tabharfaidh cigirí cuairt gan choinne ar na daoine féachaint an bhfuil aon rud luachmhar ina seilbh nár luaigh siad cheana. Tá an dlí nua chomh casta sin, agus tá oiread forialacha agus eisceachtaí ag baint leis, go gcosnóidh sé na milliúin euro ar an gcáiníocóir é a chur i bhfeidhm. Chomh maith leis sin, dar le saineolaithe go bhfuil codanna de Hartz IV míbhunreachtúil amach is amach.
Saint na gcomhlachtaí móra
An fhadhb is mó a bheas ann agus an dlí seo i bhfeidhm ná nach bhfuil obair le fáil -nó á chur ar fáil ba chóir dom a rá - sa nGearmáin. Cé go bhfuil brabús réasúnta maith á dhéanamh ag comhlachtaí móra na Gearmáine, níl siad toilteanach an rachmas a roinnt leis an bpobal. Saoradh na corparáidí ar cháin cúpla bliain ó shin ionas go gcruthóidís postanna nua leis an airgead breise. Ní dhearna siad faic na ngrást, áfach. Ina leaba sin, thug siad bata is bóthar do na mílte duine le linn do na bainisteoirí a bpócaí féin a líonadh.
Go hiorónta, bíonn na bainisteoirí céanna de shíor ag gearán faoi chostas na hoibre (tuarastail, árachas sláinte, srl) a bheith i bhfad ró-ard sa nGearmáin agus iad ag bagairt go n-aistreoidh siad go Poblacht na Seice nó áit ar bith eile a mbeidh an obair níos saoire - rud atá á dhéanamh acu go fonnmhar le blianta beaga anuas.
Níl aon tír eile san Eoraip ina scriostar an oiread sin postanna in aghaidh na bliana is a scriostar sa nGearmáin. Shroich an drochfhorbairt seo a buaicphointe an bhliain seo caite nuair a cailleadh os cionn 500,000 post. Ní beag sin.
Is rí-chiniciúil an chaoi a gcaitheann an Rialtas le daoine dífhostaithe, ag cur in iúl dúinn gur leisceoirí iad uilig go léir ar chóir pionós de shaghas eicínt a ghearradh orthu. Má chuirtear san áireamh nach féidir obair a fháil i gceantracha áirithe sa nGearmáin - in oirthear na tíre mar shampla - is léir go bhfuil impleachtaí tromchúiseacha ag baint leis an dlí nua. Níl i ndán do na mílte duine ach díshealbhú indíreach agus bochtanas - smaoiním go háirithe orthu siúd atá “róshean” (os cionn 50 bliain d’aois) le go bhfostódh éinne iad. Beidh orthu a gcuid airgid taisce a chaitheamh sula rachaidh siad ar pinsean suarach nach gceannóidh ticéad don phictiúrlann dóibh fiú.
Lena chois sin, tá coincheap na hoibre éigeantaí a athbheochan ag Hartz IV. De réir Hartz IV, caithfear glacadh le hobair ar bith ar phá ar bith. Thug a lán comhlachtaí le fios go mbeidís lánsásta daoine a fhostú ar euro nó dhó san uair. Cleas bradach é sin mar ní hamháin go ndéanfar sclábhaithe de dhaoine dífhostaithe ach cuirfear an-bhrú ar oibrithe rialta a bhfuil an gnáthráta pá acu cur suas le huaireanta oibre níos faide agus pá níos ísle.
Ós rud é gurb iad muintir oirthear na tíre is mó a bheas thíos le Hartz IV, is iad is mó atá ag cur ina choinne faoi láthair. Eagraítear mórshiúlta i Magdeburg agus Leipzig gach Luan. “Mórshiúlta an Luain” a baisteadh orthu, an t-ainm céanna is a bhí ar na mórshiúlta cáiliúla a chuir deireadh le hErich Honecker.
Mar fhreagairt ar “fhearg an phobail” dúirt an Seansailéir Gerhard Schröder gur “mhítuiscintí” ba chúis leis na hagóidí, sin le rá nach dtuigeann an pobal an dlí nua i gceart. Ach tuigeann na daoine go maith é agus tá siad ag cur a míshástachta in iúl go glórach. An bhfuil fonn éirí amach ar na Gearmánaigh sa deireadh thiar thall? Is maith an scéalaí an aimsir.
Rugadh agus tógadh Christoph Wendler i München, áit a bhfuil sé fós ina chónaí. Rinne sé staidéar ar an teangeolaíocht (Gearmáinis agus Béarla) agus ar chultúr agus stair Mheiriceá in Ollscoil München. Bhain sé céim MA amach i mí Feabhra 2001. Thosaigh sé a fhoghlaim na Gaeilge i mí na Samhna 1999.